Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil) a taisceadh an 12 Nollaig 2023 – Europa Way Srl v Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni agus páirtithe eile

(Cás C-765/23, Europa Way)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Europa Way Srl

Cosantóirí: Autorità per le Garanzie nelle Comunicazioni, Presidenza del Consiglio dei ministri, Ministero dell’Economia e delle Finanze

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gá dlí an Aontais agus, go háirithe, Airteagal 6 agus an dara cuid d’Airteagal 19(1), CAE, a léiriú i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 4(1)(1) de Threoir 2002/21/CE1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialála i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Creat-treoir) agus Airteagal 31 de Threoir (AE) 2018/1972,2 a léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht atá faoi cheist i ndlí na hIodáile (Airteagal 1(1037) de Legge n. 205/2017 (Dhlí Uimh. 205/2017), lena gcuirtear teorainn, i gcás atá ábhartha don Chomhphobal, le héifeachtaí caingne le haghaidh neamhniú, lena gcoisctear aischur nó forghníomhú i bhfoirm shonrach, agus lena ndéantar cosaint eatramhach a theorannú go beart sealadach a íoc, rud a bhaineann an bonn de chosaint bhreithiúnach éifeachtach?

An gá dlí an Aontais agus, go háirithe, Airteagail 3(3) agus (3a) agus Airteagail 8 agus 9 de Threoir 2002/21/CE (Creat-treoir), arna leasú le Treoir 2009/140/CE1 , agus Airteagail 5, 6, 8, 9 agus 45 de Threoir (AE) 2018/1972, a léiriú mar chosc ar chóras amhail an córas a tugadh isteach i bPoblacht na hIodáile le hAirteagal 1(1031a) de Legge di Bilancio 2018 (Dlí Buiséid 2018), mar a tugadh isteach le hAirteagal 1(1105) de Legge di Bilancio 2019 (Dlí Buiséid 2019), lena gceiltear a fheidhmeanna rialála ar an údarás riaracháin neamhspleách nó, in aon chás, lena gcuirtear teorainn shuntasach leis trí leithdháileadh acmhainneachta breise atá le haistriú a bhunú trí bhíthin nós imeachta dochraideach le dámhachtain na tairisceana eacnamaíche is airde agus le rannpháirtíocht an tsealbhóra reatha?

An gá dlí an Aontais agus, go háirithe Airteagal 8 agus Airteagal 9 de Threoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialála i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Creat-treoir), Airteagail 3, 5, 7 agus 14 de Threoir 2002/20/CE1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2020 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le hÚdarú), Airteagail 2 agus 4 de Threoir 2002/77/CE2 ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2002 maidir le hiomaíocht sna margaí le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, aithrisí 11 agus 20 de Chinneadh AE 2017/899 agus prionsabail na cothroime, an neamh-idirdhealaithe, cosaint na hiomaíochta agus ionchais dhlisteanacha a léiriú mar chosc ar chóras amhail an córas a tugadh isteach leis an reachtaíocht náisiúnta ábhartha (Airteagail 1(1030), (1031), (1031a), (1031b), (1032) de Legge n. 205/2017 (Dlí Uimh. 205/2017), agus le cinntí A.G.Com Uimh. 39/19/CONS, Uimh. 128/19/CONS agus Uimh. 564/2020/CONS agus na forálacha gaolmhara lena ndeonaítear cearta úsáide do sheirbhísí teilifíse digití, nach bhfuil tiontú coibhéiseach ann chun críocha ‘cearta úsáide maidir le minicíochtaí’ a thiontú ina ‘cearta úsáide don acmhainneacht tarchurtha’ ach lena forchoimeádtear cuid den acmhainn i leith nós imeachta dochraideach, lena bhforchuirtear costais bhreise ar an oibreoir chun a áirithiú go gcaomhnófar na sainchumais a fuarthas go dlisteanach le himeacht ama?

An gcuirtear cosc le dlí an Aontais, agus go háirithe Airteagal 8 agus Airteagal 9 de Threoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le comhchreat rialála i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Creat-treoir), Airteagail 3, 5, 7 agus 14 de Threoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2020 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le hÚdarú), Airteagail 2 agus 4 de Threoir 2002/77/CE ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2002 maidir le hiomaíocht sna margaí le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, le haithrisí 11 agus 20 de Chinneadh AE 2017/899, le prionsabail na cothroime, an neamh-idirdhealaithe, cosaint na hiomaíochta agus ionchais dhlisteanacha, chomh maith le prionsabail na comhréireachta agus na hoiriúnachta, ar [córas] amhail an córas a tugadh isteach leis an reachtaíocht náisiúnta ábhartha (Airteagal 1(1030), (1031), (1031a), (1031b) agus (1032) de Dhlí Uimh. 205/2017), agus le cinntí ó Chúirt Riaracháin Réigiúnach na hIodáile Uimh. 39/19/CONS, Uimh. 128/19/CONS, Uimh. 564/2020/CONS agus na forálacha gaolmhara lena ndeonaítear cearta úsáide le haghaidh craoltóireacht teilifíse digití, nach ghlactar bearta struchtúracha leo chun staid an neamhionannais a bunaíodh roimhe seo a leigheas i bhfianaise na neamhrialtachtaí a bunaíodh roimhe sin leis an gcásdlí náisiúnta agus fornáisiúnta, agus nach dhéantar idirdhealú idir seasamh an oibreora a bhfuil minicíocht faighte aige tar éis nós imeachta iomaíoch lena ngabhann an ceart é a choinneáil nó an bhfuil na bearta neamhstruchtúracha a bhfuil tuairisc orthu thuas arna nglacadh ag an údarás earnála iomchuí agus comhréireach?

____________

1     IO 2002 L 108, lch. 33.

1     Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (athmhúnlú) (IO 2018 L 321, lch. 36).

1     Treoir 2009/140/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 lena leasaítear Treoir 2002/21/CE maidir le comhchreat rialála i gcomhair líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, Treoir 2002/19/CE maidir le rochtain ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara agus maidir le hidirnasc a bheith eatarthu agus Treoir 2002/20/CE maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (IO 2009 L 337, lch. 37).

1     IO 2002 L 108, lch. 21.

1     IO 2002 L 249, lch. 21.