Language of document :

Caingean arna tabhairt an 22 Márta 2022 – an Coimisiún Eorpach v Ard-Diúcacht Lucsamburg

(Cás C-214/22)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: E. Manhaeve, A. Azéma, I. Zaloguin, Gníomhairí)

Cosantóir: Ard-Diúcacht Lucsamburg

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

A rialú gur mhainnigh Lucsamburg a oibleagáidí faoi Airteagal 12 de Threoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach1 a chomhlíonadh de bharr nár glacadh, faoin 4 Deireadh Fómhair 2016 ar a dhéanaí, na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun Airteagal 8(7) agus (9) agus Airteagal 10(2) den Treoir sin a chomhlíonadh nó, in aon chás, de bharr nár cuireadh bearta den sort sin in iúl don Choimisiún;

I gcomhréir le forálacha Airteagal 260(3) CFAE, lena bhforchuirtear ar Lucsamburg íocaíocht phionósach 7,096,50 euro in aghaidh an lae in aghaidh gach lae moille ó dháta fógartha an bhreithiúnais sna himeachtaí reatha as mainneachtain na beart lena dtrasuítear Airteagal 8(7) agus (9) agus Airteagal 10(2) de Threoir 2014/42 a chur in iúl;

A ordú do Lucsamburg na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Déanann Treoir 2014/42/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le hionstraimeachtaí na coireachta agus fáltais ón gcoireacht a reo agus a choigistiú san Aontas Eorpach é níos éasca do Bhallstáit na gnóthachain arna ndéanamh ag coirpigh de bharr na coireachta eagraithe tromchúisí a aisghabháil. Bhí ar na Ballstáit an Treoir a thrasuí faoin 4 Deireadh Fómhair 2016. Thionscain an Coimisiún imeachtaí um shárú i gcoinne Lucsamburg i mí na Samhna 2016 agus d’eisigh an Coimisiún tuairim réasúnaithe chucu i mí an Mhárta 2019. Mar sin féin, go dtí seo, níl Lucsamburg tar éis thrasuí na Treorach ina dlí náisiúnta a chur in iúl don Choimisiún.

____________

1 IO 2014 L 127, lch. 39.