Language of document :

Achomharc arna tabhairt an 28 Márta 2022 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra) an 19 Eanáir 2022 i gCás T-610/19, Deutsche Telekom AG v an Coimisiún Eorpach

(Cás C-221/22 P)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe sna himeachtaí

Achomharcóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: D. Calleja Crespo, B. Martenczuk, N. Khan, P. Rossi, L. Wildpanner, i gcáil Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí: Deutsche Telekom AG

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Eanáir 2022 i gCás T-610/19 a chur ar ceal, a mhéid is go gcinneann an Chúirt Ghinearálta i bhfabhar chaingean Deutschen Telekom AG;

breithiúnas a thabhairt í féin maidir leis na saincheisteanna gan réiteach; nó

mar mhalairt air sin, a mhéid nach bhfuil cinneadh fós ann ina leith, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta, le haghaidh cinneadh nua;

a ordú do Deutschen Telekom AG na costais go léir sna himeachtaí seo agus sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Go bunúsach, baineann an t-achomharc seo, a bhfuil, dar leis an gCoimisiún Eorpach, tábhacht sáraitheach leis maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm Airteagal 266 CFAE, leis an oibleagáid atá ar an gCoimisiún ús mainneachtana ar fhíneáil faoi dhlí na hiomaíochta i gcás ina ndéantar í sin a aisíoc. Tar éis don Choimisiún cinneadh a dhéanamh, d’íoc Deutsche Telekom AG fíneáil faoi Airteagal 102 CFAE, ar bhonn sealadach, i leith mí-úsáid a cheannasachta, ach laghdaigh Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an fhíneáil sin ina dhiaidh sin 1 . Déanann an Coimisiún agóid i gcoinne na hoibleagáide a d’fhorchuir an Chúirt Ghinearálta air sa bhreithiúnas faoi achomharc ús mainneachtana a íoc i leith an chuid den fhíneáil le haisíoc, ar ús é atá ina phionós de réir bhrí an chásdlí in Printeos 2 .

Lena chéad saincheist dlí, maíonn an Coimisiún go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid i ndlí agus í ag cinneadh, i gcás inar laghdaigh cúirt an fhíneáil arna forchur faoi dhlí na hiomaíochta, go bhfuil oibleagáid absalóideach agus neamhchoinníollach ar an gCoimisiún, faoi Airteagal 266 CFAE, ús mainneachtana, mar phionós, a íoc le héifeacht ón dáta a íocadh an fhíneáil go sealadach.

Go háirithe, maíonn an Coimisiún mar a leanas:

Rinne an Chúirt Ghinearálta earráid nuair a chinn sí gur sháraigh an Coimisiún Airteagal 266 CFAE nuair nár íoc sé ús mainneachtana sa tsuim arna hiarraidh ag Deutsche Telekom AG (an chéad chuid den chéad saincheist dlí).

Tá an breithiúnas faoi achomharc contrártha leis an gcásdlí de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bhí ann roimh an mbreithiúnas in an Coimisiún v Printeos (an dara cuid den chéad saincheist dlí).

Ina theannta sin, rialaítear le reachtaíocht thánaisteach an Aontais an t-ús iníoctha agus breithiúnais á gcur chun feidhme agus ba chóir don Chúirt Ghinearálta an reachtaíocht thánaisteach sin a chur i bhfeidhm nó a dhearbhú go bhfuil sí neamhbhailí (an tríú cuid den chéad saincheist dlí).

Ní chomhlíontar na coinníollacha maidir le caingean le haghaidh dámáistí faoi Airteagal 340 CFAE agus, mar thoradh air sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid i ndlí nuair a bhronn sí ús mainneachtana mar chúiteamh (an ceathrú cuid den chéad saincheist dlí).

Níl mar thoradh ar an éifeacht chúlghabhálach atá ag breithiúnais go mbeadh ús mainneachtana le híoc ón dáta a d’íoc an gnóthas lena mbaineann, ar bhonn sealadach, an fhíneáil (an cúigiú cuid den chéad saincheist dlí).

Tá íocaíocht úis mainneachtana de réir bhrí an bhreithiúnais faoi achomhairc contrártha leis an éifeacht athchomhairleach atá ag fíneálacha (an séú cuid den chéad saincheist dlí).

Lena dara saincheist dlí, maíonn an Coimisiún, i gcás go ndiúltaítear dá chéad saincheist dlí, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid i ndlí nuair a chinn sí gurb é an ráta úis a bhí le híoc ag an gCoimisiún, de réir analaí le hAirteagal 83(2)(b) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1268/2012 1 , ráta athmhaoinithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh móide trí phointe céatadáin go leith.

____________

1 Breithiúnas an 13 Nollaig 2018, Deutsche Telekom v an Coimisiún (T‑827/14, EU:T:2018:930).

1 Breithiúnas an 20 Eanáir 2021, an Coimisiún v Printeos (C-301/19 P, EU:C:2021:39).

1 Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha i dtaca le cur chun feidhme Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme do bhuiséad ginearálta an Aontais (IO 2012 L 362, lch. 1).