Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 29 Meán Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof – an Ghearmáin) – Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände - Verbraucherzentrale Bundesverband e.V. v TC Medical Air Ambulance Agency GmbH
(Cás = "n" "Case" IF = "o" "Joined Cases" C-633/20) 1
(Tarchur chun réamhrialú — Ceart bunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar — Margadh aonair árachais — Treoir 2002/92/CE — Coincheap “idirghabhálaí árachais” — Gníomhaíocht “idirghabháil árachais” — Treoir (AE) 2016/97 — Gníomhaíocht “dáileadh árachais” — Raon feidhme na dTreoracha sin — Ballraíocht de ghrúpárachas — Cearta a shannadh faoin gconradh árachais — Sochair árachais i gcás tinnis nó timpiste thar lear — Íocaíocht déanta ag an mball ar an gcumhdach árachais a fhaightear — Cosaint do thomhaltóirí — Cóir chomhionann idir idirghabhálaithe árachais)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände - Verbraucherzentrale Bundesverband e.V.
Cosantóir: TC Medical Air Ambulance Agency GmbH
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 2(3) agus (5) de Threoir 2002/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Nollaig 2002 maidir le hidirghabháil árachais, arna leasú le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014, chomh maith le hAirteagal 2(1)(1), (3), agus (8) di, de Threoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 20 Eanáir 2016, maidir le dáileadh árachais, arna leasú le Treoir (AE) 2018/411 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 14 Márta 2018,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
cumhdaítear leis an gcoincheap “idirghabhálaí árachais”, agus leis an gcoincheap “dáileoir táirgí árachais”, mar sin, de réir bhrí na bhforálacha sin, duine dlítheanach arb é atá i gceist lena chuid gníomhaíochtaí ná tairiscint a dhéanamh dá chustaiméirí chun ballraíocht a ghlacadh, ar bhonn saorálach, i gcomaoin táille a fhaigheann sé uathu, i bpolasaí grúpárachais atá glactha aige roimh ré, ar ballraíocht í lena dtugtar an ceart dóibh chun sochair árachais, go háirithe i gcás tinnis nó timpiste thar lear.
____________
1 IO C 62 an 22.02.2021