Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil) a taisceadh an 8 Lúnasa 2023 – Trenitalia SpA v Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato

(Cás C-510/23, Trenitalia)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Trenitalia SpA

Cosantóir: Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 11 de Threoir 2005/29/CE1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005, arna léamh i bhfianaise na bprionsabal um chosaint tomhaltóirí agus éifeachtacht na gníomhaíochta riaracháin, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht a eascraíonn as cur i bhfeidhm Airteagal 14 de Dhlí Uimh. 689 an 24 Samhain 1981- mar a léirítear sa chásdlí is déanaí è - lena gceanglaítear ar an Autorità Garante della Concorrenza e del Mercato (Údarás Iomaíochta na hIodáile) an nós imeachta imscrúdaithe a thionscnamh chun cleachtas tráchtála éagórach (éagothroma) a bhrath laistigh de theorainn ama nócha lá, ag tosú ón nóiméad a bhfuil an tÚdarás ar an eolas faoi ghnéithe riachtanacha an tsáraithe, ós rud é go bhféadfadh na gnéithe sin a bheith ídithe sa chéad tuarascáil ar an gcion?

____________

1     Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle agus Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma)(IO 2005 L 149, lch. 22).