Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel București (an Rómáin) a taisceadh an 8 Lúnasa – Network One Distribution SRL v Agenția Națională de Administrare Fiscală – Direcția Generală Regională a Finanțelor Publice București, Agenția Națională de Administrare Fiscală – Direcția Generală de Administrare a Marilor Contribuabili, Autoritatea Vamală Română – Direcția Regională Vamală București Ministerul Finanțelor – Direcția Generală de Soluționare a Contestațiilor

(Cás C-506/23, Network One Distribution)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel București

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir/Achomharcóir: Network One Distribution SRL

Cosantóirí/freagróirí: Agenţia Naţională de Administrare Fiscală - Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Bucureşti, Agenţia Naţională de Administrare Fiscală - Direcţia Generală de Administrare a Marilor Contribuabili, Autoritatea Vamală Română – Direcţia Regională Vamală Bucureşti, Ministerul Finanţelor – Direcţia Generală de Soluţionare a Contestaţiilor

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear dlí an Aontais agus, go háirithe, Airteagal 114 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais1 a léiriú mar chosc ar chleachtas riaracháin lena bhforchuirtear, in imthosca amhail iad siúd sna príomhimeachtaí, méid na dleachta frithdhumpála ar cháiníocóir, sa bhreis ar na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 114 den Rialachán, íocaíocht thréimhsiúil phionóis mar a fhoráiltear ar leithligh sa dlí náisiúnta (Codul de procedură fiscal (Cód an Nós Imeachta Cánach, an Rómáin))?

    

____________

1 IO 2013 L 269, lch. 1.