Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil), an 9 Feabhra 2022 – Papier Mettler Italia S.r.l. v Ministero della Transizione Ecologica (ar a dtugtaí Ministero dell’Ambiente e della Tutela del Territorio e del Mare roimhe seo), Ministero dello Sviluppo Economico

(Cás C-86/22)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Papier Mettler Italia S.r.l.

Cosantóirí: Ministero della Transizione Ecologica (ar a dtugtaí Ministero dell’Ambiente e della Tutela del Territorio e del Mare roimhe seo), Ministero dello Sviluppo Economico

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcuirtear cosc le hAirteagal 114(5) agus (6) de CFAE mar aon le hAirteagal 16(1) de Threoir 94/62/CE, 1 chomh maith le hAirteagal 8 de Threoir 98/34 /CE,2 ar chur i bhfeidhm forála den dlí náisiúnta amhail an ceann dá bhforáiltear ag an bhforaithne idir-aireachta atá faoi chonspóid, lena dtoirmisctear margaíocht málaí siopadóireachta plaisteacha aon úsáide as ábhair neamh-bhithmhillte, ach lena gcomhlíontar na ceanglais eile a leagtar síos i dTreoir 94/62/CE, i gcás nár thug an Ballstát fógra i leith na forála náisiúnta sin, ina bhfuil rialacha teicniúla níos déine ná mar atá i reachtaíocht an Aontais, don Choimisiún Eorpach roimh ré, ach tar éis an ghlactha amháin agus roimh fhoilsiú an bhirt?

An gá Airteagail 1, 2, 9(1), agus 18 de Threoir 94/62/CE, arna forlíonadh le hAirteagail 1, 2 agus 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir, a léirmhíniú go gcuirtear cosc ar rialacha náisiúnta a ghlacadh lena dtoirmisctear margaíocht a dhéanamh ar mhálaí siopadóireachta plaisteacha aon úsáide as ábhair neamh-bhithmhillte, ach lena gcomhlíontar na ceanglais eile a leagtar síos i dTreoir 94/62/CE, nó an féidir bonn cirt a thabhairt do rialacha breise teicniúla a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta bunaithe i gcás gurb é an cuspóir cosaint an chomhshaoil ​​a áirithiú ar leibhéal níos airde, á gcur san áireamh más gá, na fadhbanna sonracha a bhaineann le bailiú dramhaíola sa Bhallstát agus an gá atá leis an Stát féin chun na hoibleagáidí Comhphobail a bheartaítear sa réimse gaolmhar sin a chur chun feidhme?

An gá Airteagail 1, 2, 9(1), agus 18 de Threoir 94/62/AE, arna forlíonadh le hAirteagail 1, 2 agus 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir, a léirmhíniú mar fhoráil shoiléir agus bheacht chun cosc a chur le haon bhacainní ar mhargaíocht málaí lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Treoir agus atá mar thoradh dífheidhmiú riachtanach na reachtaíochta náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith éagsúil i ngach orgán den Bhallstát lena n-áirítear na húdaráis phoiblí?

Ar deireadh, dá nglacfaí reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear cosc ​​ar mhargaíocht málaí siopadóireachta plaisteacha aon úsáide as ábhair neamh-bhithmhillte, ach lena gcomhlíontar na ceanglais eile a leagtar síos i dTreoir 94/62/AE, i gcás nach bhfuil údar maith leis an reachtaíocht náisiúnta sin maidir leis an gcuspóir cosaint an chomhshaoil ar leibhéal níos airde a áirithiú, mar gheall ar na fadhbanna sonracha a bhaineann le bailiú dramhaíola sa Bhallstát agus an gá atá ag an Stát féin chun na hoibleagáidí Comhphobail a bheartaítear sa réimse gaolmhar sin a chur chun feidhme, an mbeadh an glacadh sin ina shárú tromchúiseach follasach ar Airteagal 18 de Threoir 94/62/AE?

____________

1     Treoir 94/62/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 1994 maidir le pacáistiú agus dramhaíl ó phacáistiú (IO 1994 L 365, lch. 10).

1     Threoir 98/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta maidir le soláthar faisnéise i réimse caighdeán agus rialachán teicniúil (IO 1998 L 204, lch. 37.).