Language of document : ECLI:EU:T:2022:358

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE GINEARÁLTA (an Séú Dlísheomra Méadaithe)

15 Meitheamh 2022 (*)

(Iomaíocht – Mí-úsáid ceannasachta – An margadh d’fhoirne sliseanna LTE – Cinneadh go raibh sárú ann ar Airteagal 102 CFAE agus ar Airteagal 54 de Chomhaontú LEE – Íocaíochtaí eisiachais – Cearta na cosanta – Airteagal 19 agus Airteagal 27(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 – Éifeachtaí foriaimh)

I gCás T‑235/18,

Qualcomm Inc. bunaithe in San Diego, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá, dá ndéanann M. Pinto de Lemos Fermiano Rato, M. Davilla agus M. English, Dlíodóirí, ionadaíocht

iarratasóir,

v

An Coimisiún Eorpach, dá ndéanann N. Khan, A. Dawes agus C. Urraca Caviedes, ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,

cosantóir,

tugann AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Séú Dlísheomra Méadaithe),

comhdhéanta de A. Marcoulli (Rapóirtéir), Uachtarán, S. Frimodt Nielsen, J. Schwarcz, C. Iliopoulos agus R. Norkus, Breithiúna,

Cláraitheoir: C. Kristensen, Ceann Aonaid,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

i ndiaidh na héisteachta an 4, 5 agus 6 Bealtaine 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Lena gcaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, Qualcomm Inc., go gcuirfear ar neamhní Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún C(2018) 240 final an 24 Eanáir 2018 a bhain le himeachtaí faoi Airteagal 102 [CFAE] agus faoi Airteagal 54 de [Chomhaontú LEE] (Cás AT.40220 — Qualcomm (Íocaíochtaí eisiachais)), lenar chinn an Coimisiún Eorpach gur bhain Qualcomm mí-úsáid as a cheannasacht ón 25 Feabhra 2011 go dtí an 16 Meán Fómhair 2016 (‘an tréimhse lena mbaineann’) agus lenar ghearr sé fíneáil EUR 997 439 000 air (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’).

I.      Cúlra na díospóide

A.      An t-iarratasóir

2        Is cuideachta Mheiriceánach é an t-iarratasóir a bunaíodh sa bhliain 1985 agus a oibríonn i réimse na dteicneolaíochtaí ceallacha agus gan sreang. Forbraíonn agus soláthraíonn sé foirne sliseanna agus bogearraí a úsáidtear i gcumarsáid ghutha agus sonraí. Díoltar foirne sliseanna an iarratasóra agus tá a bhogearraí córais ceadúnaithe do ghnóthais lena n-úsáid ar ghutháin phóca, ar tháibléid, ar ríomhairí glúine, ar mhodúil sonraí agus ar ghléasanna leictreonacha tomhaltóra eile. Soláthraíonn an t-iarratasóir, inter alia, foirne sliseanna bunbhanda (‘foirne sliseanna’).

3        Le foirne sliseanna ligtear do ghutháin chliste agus táibléid nascadh le líonraí ceallacha agus úsáidtear iad le haghaidh seirbhísí gutha agus tarchur sonraí araon. Tá trí chomhpháirt i bhfoireann slise eadhon próiseálaí bunbhanda, ciorcad iomlánaithe radaimhinicíochta agus ciorcad iomlánaithe um bainistiú cumhachta, a bhíonn i sliseanna ar leith de ghnáth nó, ní chomh minic sin, sa tslis chéanna. Chomh maith leis an bpróiseálaí bunbhanda, tá próiseálaí feidhme ag teastáil ó roinnt gléasanna, ar féidir iad a chomhtháthú sa tslis chéanna leis an bpróiseálaí bunbhanda nó a phacáistiú i slis ar leith. Mar sin d’fhéadfadh foireann sliseanna a bheith ina foireann sliseanna ‘chomhtháite’ nó ‘neamhspleách’ (ar a dtugtar foireann sliseanna ‘caol’ freisin), ag brath ar cibé an gcomhtháthaítear próiseálaí feidhme ann nó nach gcomhtháthaítear. Féadfaidh foirne sliseanna a bheith comhoiriúnach le caighdeán cumarsáide ceallaí amháin nó níos mó, mar shampla caighdeáin GSM (Córas Domhanda do Chumarsáid Mhóibíleach), UMTS (Córas Uilíoch um Theileachumarsáid Mhóibíleach) nó LTE (Éabhlóid Fhadtéarmach). Díoltar iad le monaróirí buntrealaimh (‘OEManna’), amhail Apple Inc. (Apple), HTC Corporation (HTC), Huawei Technologies Co. Ltd (Huawei), LG Corp. (LG), Samsung Group (Samsung) agus ZTE Corporation (ZTE), a ionchorpraíonn iad ina gcuid gléasanna.

4        Baineann an cás reatha, go háirithe, le soláthar an iarratasóra do Apple d’fhoirne sliseanna atá comhoiriúnach leis an gcaighdeán LTE mar aon leis na caighdeáin UMTS agus GSM (‘foirne sliseanna LTE’) le linn na tréimhse ó 2011 go 2016.

B.      An nós imeachta riaracháin

1.      An nós imeachta a bhaineann leis an iarratasóir

5        I mí Lúnasa 2014, chuir an Coimisiún Eorpach tús le himscrúdú ar shocruithe chun foirne sliseanna an iarratasóra a cheannach agus a úsáid.

6        Idir an 13 Deireadh Fómhair 2014 agus an 14 Eanáir 2015, de bhun Airteagal 18(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta atá leagtha síos in Airteagail [101 agus 102 CFAE] (IO 2003 L 1, lch. 1), sheol an Coimisiún iarrataí ar fhaisnéis chuig an iarratasóir.

7        An 16 Iúil 2015, thionscain an Coimisiún imeachtaí i gcoinne an iarratasóra d’fhonn cinneadh a ghlacadh faoi Chaibidil III de Rialachán Uimh. 1/2003.

8        An 8 Nollaig 2015, sheol an Coimisiún ráiteas agóidí chuig an iarratasóir, a d’fhreagair é an 27 Meitheamh 2016. An 27 Iúil 2016, chuir an t-iarratasóir leis an bhfreagra sin.

9        Idir an 22 Samhain 2016 agus an 5 Bealtaine 2017, sheol an Coimisiún iarrataí breise ar fhaisnéis chuig an iarratasóir.

10      An 10 Feabhra 2017, sheol an Coimisiún litir fíoras chuig an iarratasóir, a d’fhreagair é an 13 Márta 2017.

11      An 29 Bealtaine 2017, rinne an t-iarratasóir aighneachtaí leantacha ar fhianaise a bhí sa chomhad tar éis an ráitis agóidí.

12      Le linn an nós imeachta riaracháin, bhuail an t-iarratasóir le seirbhísí an Choimisiúin roinnt uaireanta. Ar roinnt de na hócáidí sin, bhí foireann an phríomheacnamaí i láthair.

13      An 24 Eanáir 2018, ghlac an Coimisiún an cinneadh faoi chonspóid.

2.      Na gnóthais eile agus páirtithe leasmhara

14      Sular chuir an Coimisiún tús leis an imscrúdú dá dtagraítear i mír 5 thuas, bhí cruinniú aige le faisnéiseoir tríú páirtí a d’iarr anaithnideacht (‘an faisnéiseoir tríú páirtí’), agus an cruinniú sin eagraithe ar iarraidh an fhaisnéiseora tríú páirtí.

15      Idir an 12 Lúnasa 2014 agus an 23 Iúil 2015, sheol an Coimisiún iarrataí ar fhaisnéis chuig roinnt custaiméirí agus iomaitheoirí de chuid an iarratasóra.

16      Sular seoladh an ráiteas agóidí chuig an iarratasóir, thionóil an Coimisiún cruinnithe agus glaonna comhdhála le tríú páirtithe.

17      Ghlac an Coimisiún le Apple agus Nvidia mar thríú páirtithe leasmhara de bhun Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 maidir le seoladh imeachtaí ag an gCoimisiún de bhun Airteagail [101 agus 102 CFAE] (IO 2004 L 123, lch. 18). Is custaiméir de chuid an iarratasóra é Apple agus is ceannaitheoir é d’fhoirne sliseanna, lena n-áirítear foirne sliseanna LTE. Is iomaitheoir de chuid an iarratasóra é Nvidia agus soláthraíonn sé cineálacha áirithe foirne sliseanna.

18      An 15 Márta 2016, sheol an Coimisiún leagan neamhrúnda den ráiteas agóidí chuig Apple. An 2 Bealtaine 2016, chuir Apple a bharúlacha in iúl maidir leis an ráiteas agóidí.

19      An 31 Márta 2016, sheol an Coimisiún leagan neamhrúnda den ráiteas agóidí chuig Nvidia. An 31 Bealtaine 2016 chuir Nvidia a bharúlacha in iúl maidir leis an ráiteas agóidí.

20      An 19 Deireadh Fómhair 2016, sheol an Coimisiún leagan neamhrúnda de fhreagra an iarratasóra ar an ráiteas agóidí chuig Apple. An 21 Samhain 2016, chuir Apple a bharúlacha in iúl maidir leis an bhfreagra ar an ráiteas agóidí.

21      Idir an 22 Samhain 2016 agus an 5 Bealtaine 2017, sheol an Coimisiún iarrataí ar fhaisnéis chuig Apple agus chuig roinnt iomaitheoirí de chuid an iarratasóra.

3.      Rochtain ar an gcomhad

22      An 21 Nollaig 2015, tar éis fógra a thabhairt faoin ráiteas agóidí, thug an Coimisiún rochtain (ar CD-ROM) don iarratasóir ar an gcáschomhad. Tar éis iarrataí ón iarratasóir, chuir an Coimisiún ar aghaidh chuige leaganacha neamhrúnda de dhoiciméid áirithe eile nár sheol an Coimisiún chuige go fóill, chomh maith le leaganacha neamhrúnda de dhoiciméid áirithe nach raibh chomh folaithe a bhí seolta ag an gCoimisiún chuige cheana féin.

23      An 23 agus an 24 Bealtaine 2016, shocraigh an tOifigeach Éisteachta go mbeadh rochtain ag comhairleoirí seachtracha an iarratasóra ar an gcéad seomra sonraí i ndáil le doiciméid áirithe. An 1 Meitheamh 2016, shocraigh an tOifigeach Éisteachta go mbeadh rochtain ag comhairleoirí seachtracha an iarratasóra ar dhara seomra sonraí i ndáil le doiciméid áirithe eile. An 28 agus an 30 Meitheamh 2016, tugadh rochtain do chomhairleoirí seachtracha an iarratasóra ar thríú seomra sonraí chun cur ar a gcumas aighneachtaí substainteacha rúnda a dhéanamh ar na doiciméid a cuireadh ar fáil sa chéad agus sa dara seomra sonraí.

24      An 13 Feabhra 2017, tar éis fógra a thabhairt faoin litir fíoras, dheonaigh an Coimisiún rochtain bhreise don iarratasóir ar an gcáschomhad (ar CD-ROM) maidir leis na doiciméid a fuarthas tar éis don fhógra a bheith tugtha faoin ráiteas agóidí. An 17 Feabhra 2017, shocraigh an tOifigeach Éisteachta go mbeadh rochtain ag comhairleoirí seachtracha an iarratasóra ar cheathrú seomra sonraí i ndáil le cuid de na doiciméid sin.

25      An 25 Eanáir 2018, tar éis don chinneadh atá faoi chonspóid bheith glactha, d’iarr an t-iarratasóir ar an gCoimisiún liosta na gcruinnithe agus na n-agallamh a reáchtáladh le tríú páirtithe maidir le hábhar an imscrúdaithe a chur ar fáil dó. An 2 Márta 2018, d’fhreagair an Coimisiún gur reáchtáladh cruinnithe áirithe agus glaonna comhdhála le tríú páirtithe agus chuir sé nótaí na gcruinnithe sin ar fáil dó.

C.      An cinneadh atá faoi chonspóid

26      Tá 14 chuid sa chinneadh atá faoi chonspóid: réamhrá (Cuid 1); na gnóthais lena mbaineann (Cuid 2); nós imeachta (Cuid 3); gearáin an iarratasóra faoi neamhrialtachtaí nós imeachta (Cuid 4); na caighdeáin (Cuid 5); teicneolaíocht agus táirgí a chumhdaítear (Cuid 6); gníomhaíochtaí an iarratasóra i ndáil le foirne sliseanna (Cuid 7); comhaontuithe an iarratasóra le Apple (Cuid 8); sainiú an mhargaidh (Cuid 9); ceannasacht (Cuid 10); mí-úsáid ceannasachta (Cuid 11); dlínse (Cuid 12); éifeacht ar thrádáil idir Ballstáit (Cuid 13); agus leigheasanna agus fíneálacha (Cuid 14).

1.      Na comhaontuithe idir an t-iarratasóir agus Apple

27      I gCuid 8 den chinneadh atá faoi chonspóid, shonraigh an Coimisiún, an 25 Feabhra 2011, go raibh comhaontú tugtha i gcrích ag an iarratasóir le Apple (‘an comhaontú idirthréimhseach’) maidir le foirne sliseanna a sheachadadh agus gur leasaíodh an comhaontú sin an 28 Feabhra 2013 trí chomhaontú a thabhairt i gcrích ina dhiaidh sin (‘an chéad leasú ar an gcomhaontú idirthréimhseach’) a tháinig i bhfeidhm le héifeacht chúlghabhálach an 1 Eanáir 2013 (‘na comhaontuithe lena mbaineann’ le chéile).

28      Chuir an Coimisiún in iúl gur foráladh sna comhaontuithe lena mbaineann go ndéanfadh an t-iarratasóir íocaíochtaí dreasachta le Apple ar an gcoinníoll go bhfaighidh Apple a chuid foirne sliseanna LTE go léir ón iarratasóir (‘na híocaíochtaí lena mbaineann’). Chuige sin, chuir an Coimisiún in iúl go soiléir, chun críocha an chinnidh atá faoi chonspóid, go n-áirítear le foirne sliseanna LTE foirne sliseanna atá comhoiriúnach le caighdeán LTE agus le caighdeáin GSM agus UMTS.

29      Dúirt an Coimisiún go raibh foirne sliseanna LTE faighte ag Apple go heisiach ón iarratasóir idir 2011 agus 2015, agus gur íoc an t-iarratasóir idir 2 agus 3 bhilliún dollar na Stát Aontaithe (USD) le Apple.

30      Dúirt an Coimisiún freisin, cé go raibh na comhaontuithe lena mbaineann le dul in éag an 31 Nollaig 2016, chun críocha an chinnidh atá faoi chonspóid, tháinig na comhaontuithe lena mbaineann chun críche tar éis don scaoileadh ag Apple de ghléasanna iPhone 7 an 16 Meán Fómhair 2016 ina n-úsáidtear foirne sliseanna LTE de chuid Intel.

2.      Sainiú an mhargaidh

31      I gCuid 9 den chinneadh atá faoi chonspóid, chinn an Coimisiún gurb é an margadh ábhartha ná an margadh oscailte d’fhoirne sliseanna LTE agus go raibh raon feidhme domhanda ag an margadh sin (‘an margadh ábhartha’). Go háirithe, shonraigh an Coimisiún gur áiríodh sa mhargadh ábhartha foirne sliseanna LTE neamhspleácha agus foirne sliseanna LTE comhtháite ach nár áiríodh táirgeadh faoi chuing de na foirne sliseanna sin. I dtaca leis sin, bhí an Coimisiún den tuairim, inter alia, nach bhféadtar foirne sliseanna atá comhoiriúnach le caighdeán GSM nó foirne sliseanna atá comhoiriúnach le caighdeán UMTS (‘foirne sliseanna UMTS’) a chur in ionad fhoirne sliseanna LTE.

3.      Ceannasacht

32      I gCuid 10 den chinneadh atá faoi chonspóid, bhain an Coimisiún de thátal as sin go raibh ceannasacht ag an iarratasóir sa mhargadh ábhartha idir an 1 Eanáir 2011 agus an 31 Nollaig 2016. Chuige sin, shonraigh an Coimisiún go raibh scaireanna móra sa mhargadh ábhartha ag an iarratasóir ó 2010 i leith, go raibh roinnt bacainní ar iontráil agus ar fhairsingiú mar shaintréithe ag an margadh sin, agus nach rabhthas ábalta cur as dá cheannasacht leis an bhfórsa tráchtála de chustaiméirí fhoirne sliseanna an iarratasóra.

4.      Mí-úsáid ceannasachta

33      I gCuid 11 den chinneadh atá faoi chonspóid, bhain an Coimisiún de thátal as sin gur bhain an t-iarratasóir mí-úsáid as a cheannasacht sa mhargadh ábhartha trí na híocaíochtaí lena mbaineann a dhéanamh. Chuige sin, shonraigh an Coimisiún gur íocaíochtaí eisiachais a bhí sna híocaíochtaí lena mbaineann, go bhféadfadh éifeachtaí frithiomaíocha a bheith ag na híocaíochtaí sin, nach ndearnadh difear do chonclúid an Choimisiúin le hanailís chorrlach criticiúil an iarratasóra agus nár léirigh an t-iarratasóir go raibh na híocaíochtaí sin frithchothromaithe nó go raibh buntáistí mar chúiteamh orthu i dtéarmaí éifeachtúlachta a rachadh chun sochair do thomhaltóirí freisin.

34      Dúirt an Coimisiún gur tharla an mhí-úsáid a rinne an t-iarratasóir le linn na tréimhse lena mbaineann.

5.      An fhíneáil

35      Chinn an Coimisiún gur cheart fíneáil a ghearradh ar an iarratasóir agus, tar éis dó í a ríomh, chinn sé gur cheart an fhíneáil a shocrú ag EUR 997 439 000.

6.      Cuid oibríochtúil

36      Seo a leanas an chuid oibríochtúil den chinneadh atá faoi chonspóid:

Airteagal 1

Tá sárú déanta ag Qualcomm Inc. ar Airteagal 102 den Chonradh [ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh] agus ar Airteagal 54 den Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch trí íocaíochtaí a dheonú do Apple Inc. ar an gcoinníoll go bhfaighidh Apple Inc. ó Qualcomm. Inc. riachtanais uile Apple Inc. maidir le foirne sliseanna bunbhanda atá comhoiriúnach leis an gcaighdeán um Éabhlóid Fhadtéarmach mar aon leis na caighdeáin um Chóras Domhanda do Chumarsáid Mhóibíleach agus um Chóras Uilíoch do Theileachumarsáid Mhóibíleach.

Mhair an sárú ón 25 Feabhra 2011 go dtí an 16 Meán Fómhair 2016.

Airteagal 2

I gcás an tsáraithe dá dtagraítear in Airteagal 1, forchuirtear fíneáil de EUR 997 439 000 ar Qualcomm Inc.

[…]

Airteagal 3

Staonfaidh Qualcomm Inc. ó aon ghníomh nó iompar a thuairiscítear in Airteagal 1 a athdhéanamh, agus ó aon ghníomh nó iompar a bhfuil an cuspóir nó an éifeacht chéanna nó chomhionann aige.

Airteagal 4

Is chuig Qualcomm Inc a dhírítear an Cinneadh seo [...]’

II.    Nós imeachta agus an t-ordú atá á lorg ag na páirtithe

A.      Príomhghnéithe nós imeachta

1.      Cuid i scríbhinn den nós imeachta

37      Trí iarratas a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 6 Aibreán 2018, thionscain an t-iarratasóir an chaingean seo.

38      An 5 Meitheamh 2018, rinne an Coimisiún iarratas ar shíneadh ar an teorainn ama chun an chosaint a thaisceadh, i bhfianaise fhad an iarratais agus líon na n-iarscríbhinní. Deonaíodh an síneadh sin.

39      An 14 Meán Fómhair 2018, thaisc an Coimisiún an chosaint i gClárlann na Cúirte.

40      An 5 Deireadh Fómhair 2018, rinne an t-iarratasóir iarratas ar shíneadh ar an teorainn ama maidir leis an bhfreagra a thaisceadh, i bhfianaise fhad na cosanta agus líon na n-iarscríbhinní. Deonaíodh an síneadh sin.

41      An 4 Eanáir 2019, thaisc an t-iarratasóir an freagra i gClárlann na Cúirte.

42      An 12 Feabhra 2019, rinne an Coimisiún iarratas ar shíneadh ar an teorainn ama chun an t-athfhreagra a thaisceadh, i bhfianaise fhad an fhreagra agus líon na n-iarscríbhinní. Deonaíodh an síneadh sin.

43      An 8 Bealtaine 2019 thaisc an Coimisiún an t-athfhreagra i gClárlann na Cúirte.

44      An 20 Bealtaine 2019, cuireadh clabhsúr leis an gcéim i scríbhinn den nós imeachta.

45      An 7 Meitheamh 2019 rinne an t-iarratasóir iarratas ar éisteacht.

2.      Iarratas Apple ar idiragairt

46      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 16 Iúil 2018, rinne Apple iarratas ar idiragairt a dhéanamh sna himeachtaí seo mar thaca leis an ordú atá á lorg ag an gCoimisiún.

47      Seirbheáladh an t-iarratas sin ar idiragairt ar na príomhpháirtithe i gcomhréir le hAirteagal 144(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.

48      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 17 Meán Fómhair 2018, dúirt an Coimisiún nach raibh aon bharúil aige maidir le hiarratas Apple ar idiragairt.

49      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 17 Meán Fómhair 2018, d’iarr an t-iarratasóir ar an gCúirt diúltú don iarratas ar idiragairt agus ordú do Apple na costais a íoc.

50      An 16 Samhain agus an 14 Nollaig 2018 agus an 13 Feabhra 2019, d’iarr an t-iarratasóir agus an Coimisiún go ndéileálfaí go rúnda le cuid den fhaisnéis atá sna doiciméid nós imeachta agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leo i ndáil le Apple, dá dtabharfaí cead do Apple idiragairt a dhéanamh.

51      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 17 Aibreán 2019, chuir Apple in iúl don Chúirt go raibh, de réir Airteagal 144(8) de na Rialacha Nós Imeachta, ag tarraingt siar a iarratais ar idiragairt sa chás seo.

52      An 5 Meitheamh 2019, d’ordaigh Uachtarán an Seachtú Dlísheomra den Chúirt Ghinearálta go ndéanfaí Apple a bhaint den Chlár sa chás seo mar iarratasóir ar idiragairt a dhéanamh agus go n-íocfadh na páirtithe a gcostas féin i ndáil leis an iarratas sin ar idiragairt.

3.      Iarraidh ar bhearta eagrúcháin nós imeachta nó fiosrúcháin

53      Trí dhoiciméad ar leith a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 16 Eanáir 2019, d’iarr an t-iarratasóir go nglacfaí beart eagrúcháin nós imeachta nó beart fiosrúcháin d’fhonn, ar dtús, na leaganacha iomlána de dhoiciméid áirithe de chuid an tríú páirtí, is é sin le rá leaganacha ‘neamhfholaithe’, a fháil agus, sa dara háit, dhá dhoiciméad ina bhfuil ‘aighneachtaí substainteacha rúnda’ a rinneadh le linn nós imeachta an tríú seomra sonraí a tionóladh an 28 Meitheamh 2016.

4.      Fianaise bhreise arna taisceadh tar éis chlabhsúir na céime i scríbhinn den nós imeachta

54      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 28 Bealtaine 2019, eadhon tar éis chlabhsúir na céime i scríbhinn den nós imeachta, thug an Coimisiún, de bhun Airteagal 85(3) de na Rialacha Nós Imeachta, fianaise bhreise ar aird ina raibh an breithiúnas de 233 leathanach a thug United States District Court for the Northern District of California (Cúirt Dúiche na Stát Aontaithe do Cheantar Thuaisceart California, na Stáit Aontaithe) (‘an Chúirt Dúiche’) an 21 Bealtaine 2019 in Federal Trade Commission v Qualcomm Incorporated.

55      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 20 Meitheamh 2019, thug an t-iarratasóir a bharúlacha faoin bhfianaise bhreise a chuir an Coimisiún ar fáil.

56      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 26 Iúil 2019, thug an t-iarratasóir ar aird, de bhun Airteagal 85(3) de na Rialacha Nós Imeachta, fianaise bhreise a bhí comhdhéanta d’aighneacht de 62 leathanach mar aon le líon mór doiciméad ó imeachtaí arna seoladh sna Stáit Aontaithe (‘an fhianaise bhreise a tugadh an 26 Iúil 2019’).

57      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 14 Lúnasa 2019, d’iarr an Coimisiún síneadh a chur leis an teorainn ama chun barúlacha a sholáthar ina leith sin i bhfianaise líon mór na ndoiciméad a bhí i gceangal leis an bhfianaise bhreise a tugadh an 26 Iúil 2019. Deonaíodh an síneadh sin.

58      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 30 Deireadh Fómhair 2019, chuir an Coimisiún a bharúlacha ar fáil maidir leis an bhfianaise bhreise a tugadh an 26 Iúil 2019, comhdhéanta d’aighneacht de 63 leathanach le hiarscríbhinní agus ag cur i gcoinne, inter alia, a n-inghlacthacht.

59      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 20 Bealtaine 2020, thaisc an t-iarratasóir a bharúlacha maidir le barúlacha an Choimisiúin an 30 Deireadh Fómhair 2019. An 3 Meitheamh 2020, chinn Uachtarán an Séú Dlísheomra den Chúirt Ghinearálta gan an doiciméad sin a áireamh sa chomhad agus chuir sé in iúl don iarratasóir go mbeadh deis aige a argóintí ina leith sin a chur ar aghaidh le linn na céime ó bhéal den nós imeachta.

60      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 25 Lúnasa 2020, thug an t-iarratasóir ar aird, de bhun Airteagal 85(3) de na Rialacha Nós Imeachta, fianaise bhreise arb éard a raibh inti ná breithiúnas de 56 leathanach arna thabhairt an 11 Lúnasa 2020 ag United States Court of Appeals for the Ninth Circuit (Cúirt Achomhairc na Stát Aontaithe don Naoú Cuarda, na Stáit Aontaithe) in Federal Trade Commission v Qualcomm Incorporated, inar cuireadh ar ceal breithiúnas na Cúirte Dúiche a luaitear i mír 54 thuas.

61      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 11 Meán Fómhair 2020, chuir an Coimisiún a bharúlacha ar fáil maidir leis an bhfianaise bhreise a chuir an t-iarratasóir ar fáil an 25 Lúnasa 2020.

62      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 9 Samhain 2020, thug an t-iarratasóir fianaise bhreise ar aird faoi Airteagal 85(3) de na Rialacha Nós Imeachta, arb éard a raibh inti ná ordú dhá leathanach dar dáta an 28 Deireadh Fómhair 2020 ó Chúirt Achomhairc na Stát Aontaithe don Naoú Cuaird in Federal Trade Commission v Qualcomm Incorporated, inar séanadh an t-iarratas ar éisteacht nua i dtaca leis an mbreithiúnas dá dtagraítear i mír 60 thuas.

63      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 20 Samhain 2020, thíolaic an Coimisiún a bharúlacha ar an bhfianaise bhreise a thug an t-iarratasóir ar aird an 9 Samhain 2020.

5.      Iarratais chun sonraí áirithe a fhágáil ar lár ón doiciméad poiblí

64      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 31 Bealtaine 2019, rinne an t-iarratasóir iarratas, faoi Airteagal 66 de na Rialacha Nós Imeachta, chun sonraí áirithe a fhágáil ar lár ón doiciméad poiblí maidir leis na doiciméid nós imeachta agus na hiarscríbhinní a ghabhann leo arna dtaisceadh suas go dtí agus tar éis dháta an iarratais sin.

65      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 6 Lúnasa 2019, rinne an t-iarratasóir iarratas, faoi Airteagal 66 de na Rialacha Nós Imeachta, chun sonraí áirithe a fhágáil ar lár ón doiciméad poiblí maidir leis an bhfianaise bhreise den 26 Iúil 2019.

66      An 28 Bealtaine 2020, ag gníomhú di ar thogra ón mBreitheamh is Rapóirtéir, chuir an Chúirt (an Séú Dlísheomra), i gcomhthéacs na mbeart eagrúchán nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 89 de na Rialacha Nós Imeachta, ceisteanna ar an iarratasóir leis na freagraí orthu le bheith tugtha i scríbhinn, ag iarraidh air an fhaisnéis i ndoiciméid nós imeachta áirithe a shainaithint go beacht agus sa chinneadh atá faoi chonspóid a raibh na hiarratais ar fhaisnéis áirithe a fhágáil ar lár i leith an phobail dírithe orthu, i gcomhréir le mír 75 de na Rialacha Cleachtais maidir le cur i bhfeidhm na Rialacha Nós Imeachta.

67      An 15 Meitheamh 2020, d’iarr an t-iarratasóir síneadh ar an teorainn ama chun ceisteanna a chuir an Chúirt an 28 Bealtaine 2020 a fhreagairt. Deonaíodh síneadh.

68      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 8 Meitheamh 2020, sheol an Coimisiún cóip chuig an gCúirt den leagan neamhrúnda den chinneadh atá faoi chonspóid a foilsíodh ar a shuíomh gréasáin an lá céanna. An 16 Meitheamh 2020, chinn Uachtarán an Séú Dlísheomra Mhéadaithe den Chúirt Ghinearálta an doiciméad sin a chur san áireamh sa chomhad.

69      An 10 Meán Fómhair 2020, d’iarr an t-iarratasóir síneadh breise ar an teorainn ama chun na ceisteanna a chuir an Chúirt Ghinearálta an 28 Bealtaine 2020 a fhreagairt. Deonaíodh síneadh deiridh.

70      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 30 Deireadh Fómhair 2020, thug an t-iarratasóir freagra ar an mbeart eagrúcháin nós imeachta.

6.      Sannadh an Bhreithimh is Rapóirtéir don Séú Dlísheomra

71      Tar éis athraithe ar chomhdhéanamh Dhlísheomraí na Cúirte Ginearálta, de bhun Airteagal 27(5) de na Rialacha Nós Imeachta, sannadh an Breitheamh is Rapóirtéir do Shéú Dlísheomra na Cúirte, ar sannadh an cás seo air dá réir sin.

7.      Tarchur an cháis chuig Dlísheomra ina shuí i bhfoirmíocht mhéadaithe

72      Ag gníomhú di ar thogra ón Séú Dlísheomra, chinn an Chúirt, an 11 Meitheamh 2020, de bhun Airteagal 28 de na Rialacha Nós Imeachta, an cás a tharchur chuig Dlísheomra a shuífidh i bhfoirmíocht mhéadaithe.

8.      Bearta eagrúchán nós imeachta agus fiosrúcháin

73      An 8 Deireadh Fómhair 2020, ag gníomhú di ar thogra ón mBreitheamh is Rapóirtéir, chuir an Chúirt (an Séú Dlísheomra Méadaithe), i gcomhthéacs na mbeart eagrúchán nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 89 de na Rialacha Nós Imeachta, ceisteanna ar an iarratasóir agus ar an gCoimisiún a fhreagairt i scríbhinn agus d’iarr sí ar an gCoimisiún doiciméid a thabhairt ar aird.

74      An 12 Deireadh Fómhair 2020, rinne an Coimisiún iarratas ar shíneadh ar an teorainn ama maidir le freagra a thabhairt ar na ceisteanna agus ar na hiarrataí a chuir an Chúirt an 8 Deireadh Fómhair 2020. Deonaíodh an síneadh don Choimisiún agus socraíodh an teorainn ama chéanna don iarratasóir.

75      An 19 agus an 20 Samhain 2020, thug an Coimisiún agus an t-iarratasóir freagra ar na bearta eagrúcháin nós imeachta.

76      Le hordú an 12 Deireadh Fómhair 2020, ag gníomhú di ar thogra ón mBreitheamh is Rapóirtéir, d’ordaigh an Chúirt (an Séú Dlísheomra Méadaithe), i gcomhthéacs na mbeart fiosrúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 91(b) de na Rialacha Nós Imeachta don Choimisiún faisnéis agus doiciméid áirithe a thabhairt ar aird.

77      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 19 Samhain 2020 (‘doiciméad an 19 Samhain 2020’), chomhlíon an Coimisiún an t-ordú sin.

78      De bhun Airteagal 103(3) de na Rialacha Nós Imeachta, d’iarr an Chúirt, trí bheart eagrúcháin nós imeachta an 10 Nollaig 2020, ar ionadaithe an iarratasóra gealltanas iomchuí a thabhairt maidir le láimhseáil rúnda dhoiciméad an 19 Samhain 2020 ag an gcéim sin de na himeachtaí.

79      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 15 Nollaig 2020, thug ionadaithe an iarratasóra freagra ar bheart eagrúcháin nós imeachta an 10 Nollaig 2020 trí ghealltanas rúndachta sínithe a sheoladh.

80      Le cinneadh an 8 Eanáir 2021, chinn an Chúirt (an Séú Dlísheomra Méadaithe) go raibh doiciméad an 19 Samhain 2020 ábhartha di rialú a thabhairt ar an díospóid i gcomhréir le hAirteagal 103(2) de na Rialacha Nós Imeachta.

81      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 26 Eanáir 2021, chuir ionadaithe an iarratasóra a thug an gealltanas rúndachta a gcuid barúlacha ar dhoiciméad an 19 Samhain 2020 in iúl.

82      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 21 Eanáir 2021, a áiríodh i gcomhad an cháis seo le cinneadh ó Uachtarán an Séú Dlísheomra Mhéadaithe den Chúirt Ghinearálta an 3 Feabhra 2021, d’iarr ionadaithe an iarratasóra a thug an gealltanas rúndachta go ndéanfaí an gealltanas rúndachta sin a tharscaoileadh agus go seolfaí doiciméad an 19 Samhain 2020 chuig an iarratasóir. Tugadh cuireadh don Choimisiún a bharúlacha ina leith sin a chur in iúl.

83      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 22 Feabhra 2021, chuir an Coimisiún a bharúlacha in iúl maidir leis an doiciméad arna thaisceadh an 21 Eanáir 2021 ag ionadaithe an iarratasóra a thug an gealltanas rúndachta.

84      I bhfianaise na mbarúlacha a thug an Coimisiún agus ionadaithe an iarratasóra a thug an gealltanas rúndachta, d’ordaigh an Chúirt (an Séú Dlísheomra Méadaithe), le hordú an 20 Aibreán 2021 agus i gcomhthéacs na mbeart fiosrúcháin de bhun Airteagal 91(b) de na Rialacha Nós Imeachta, don Choimisiún leagan neamhrúnda de dhoiciméad an 19 Samhain 2020 a thabhairt ar aird.

85      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 26 Aibreán 2021, chomhlíon an Coimisiún an t-ordú sin.

86      Seirbheáladh an leagan neamhrúnda de dhoiciméad an 19 Samhain 2020 ar an iarratasóir, agus dúradh go bhféadfadh an t-iarratasóir a bharúlacha ar an doiciméad sin a thabhairt ar aird ag an éisteacht agus, más gá, i scríbhinn tar éis na héisteachta.

87      Ag an éisteacht an 6 Bealtaine 2021, le linn an tseisiúin in camera maidir le doiciméad an 19 Samhain 2020 a tugadh ar aird de bhun Airteagal 103 de na Rialacha Nós Imeachta agus arna chumhdach ag gealltanas rúndachta arna shíniú ag ionadaithe an iarratasóra, d’iarr an Chúirt, i bhfianaise an phlé a tharla ar an ábhar sin ag an éisteacht, ar an gCoimisiún an bhféadfadh sé machnamh a dhéanamh ar rúndacht a tharscaoileadh i leith an iarratasóra i ndáil le faisnéis áirithe a bhí sa doiciméad sin a lean de bheith faoi rún maidir leis an iarratasóir. Toisc gur luaigh an Coimisiún nach raibh sé in ann freagra a thabhairt ar iarratas faisnéise den sórt sin ag an éisteacht, socraíodh teorainn ama de choicís chun freagra i scríbhinn a thabhairt.

88      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 7 Bealtaine 2021, shonraigh an Coimisiún, go bunúsach, nach bhféadfadh sé freagra a thabhairt ar an iarratas sin ar fhaisnéis mar a bhí sé agus d’iarr sé a bheith in ann freagra a thabhairt ar an iarraidh sin trí bhíthin beart fiosrúcháin de bhun Airteagal 92(3) de na Rialacha Nós Imeachta. D’iarr an Coimisiún freisin a bheith in ann éisteacht le taifead fuaime an phlé a bhí ann maidir leis an ábhar sin ag an éisteacht, de bhun Airteagal 115 de na Rialacha Nós Imeachta.

89      D’údaraigh Uachtarán na Cúirte Ginearálta don Choimisiún éisteacht le cuid de thaifead fuaime na héisteachta.

90      Tar éis don iarratasóir barúlacha a chur ar fáil maidir leis an iarratas ón gCoimisiún ar bheart fiosrúcháin, d’ordaigh an Chúirt, ar an gcéad dul síos, an chéad mhír d’Airteagal 24 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus, ar an dara dul síos, de bhun Airteagal 91( b) agus Airteagal 92(3) de na Rialacha Nós Imeachta, le hordú an 4 Meitheamh 2021, don Choimisiún a chur in iúl, laistigh de theorainn ama arna socrú ag Clárlann na Cúirte, cibé a tharscaoilfeadh sé nó nach dtarscaoilfeadh sé rúndacht i leith an iarratasóra i ndáil le faisnéis áirithe sa doiciméad den 19 Samhain 2020.

91      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 11 Meitheamh 2021, chomhlíon an Coimisiún an t-ordú sin, ag áitiú nach raibh aon fhoras ann a thug bonn cirt le rúndacht a tharscaoileadh i leith an iarratasóra maidir leis an bhfaisnéis i gceist i ndoiciméad an 19 Samhain 2020.

92      Trí dhoiciméad a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 20 Iúil 2021, chuir ionadaithe an iarratasóra a thug an gealltanas rúndachta, tar éis dóibh síneadh a iarraidh ar an teorainn ama a deonaíodh dóibh agus a fuair sé, a gcuid barúlacha maidir le freagra an Choimisiúin an 11 Meitheamh 2021 a chur in iúl.

9.      Céim ó bhéal de na himeachtaí

93      An 18 Samhain 2020, tar éis chinneadh Uachtarán an Séú Dlísheomra Mhéadaithe den Chúirt Ghinearálta, tugadh cuireadh do na páirtithe freastal ar éisteacht a socraíodh don 2, don 3 agus don 4 Feabhra 2021.

94      I gcomhréir le hAirteagal 109 de na Rialacha Nós Imeachta, i bhfianaise iarratas an iarratasóra go dtionólfar i seomra iata aon éisteacht a d’fhéadfadh tagairt a dhéanamh do chuid de na doiciméid a tugadh ar aird mar fhianaise bhreise an 26 Iúil 2019, chinn an Chúirt éisteacht a thabhairt do na páirtithe maidir le cuid den éisteacht a thionól i seomra iata.

95      Trí litir a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 10 Nollaig 2020, ar cuireadh leis an 18 Nollaig 2020, d’iarr an t-iarratasóir go gcuirfí an éisteacht ar athlá ag féachaint, ar dtús, don staid sláinte agus, ar an dara dul síos, d’iarratas a rinneadh sna Stáit Aontaithe ar rúndacht cuid den fhianaise bhreise ón 26 Iúil 2019 a tharscaoileadh.

96      Trí litir a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 15 Nollaig 2020, luaigh an Coimisiún, ar dtús, go bhféadfaí údar a thabhairt cuid den éisteacht a thionól i seomra iata maidir le roinnt d’fhianaise bhreise an 26 Iúil 2019 agus, ar an dara dul síos, chuir sé barúlacha isteach maidir le heagrú na héisteachta.

97      Trí litir a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 18 Nollaig 2020, d’iarr an t-iarratasóir, ar dtús, go dtionólfaí an éisteacht i seomra iata maidir le cuid d’fhianaise bhreise an 26 Iúil 2019 agus, sa dara háit, luaigh sé go bhféadfadh iarraidh den sórt sin éirí neamhbhríoch ag brath ar thoradh an iarratais ar tharscaoileadh rúndachta a rinneadh sna Stáit Aontaithe.

98      An 22 Nollaig 2020 chinn Uachtarán an Séú Dlísheomra Mhéadaithe den Chúirt Ghinearálta an éisteacht a chur ar athlá.

99      An 29 Eanáir 2021, tar éis chinneadh Uachtarán an Séú Dlísheomra Mhéadaithe den Chúirt Ghinearálta, tugadh cuireadh do na páirtithe freastal ar éisteacht a socraíodh don 4, don 5 agus don 6 Bealtaine 2021.

100    An 22 Márta 2021, thíolaic an Coimisiún tograí maidir le heagrú na héisteachta.

101    An 26 Márta 2021, thíolaic an t-iarratasóir dara hiarratas go gcuirfí an éisteacht ar athlá.

102    An 29 Márta 2021, thug an t-iarratasóir barúlacha ar thograí an Choimisiúin maidir le heagrú na héisteachta.

103    An 31 Márta 2021, rinne Uachtarán an Séú Dlísheomra Mhéadaithe den Chúirt Ghinearálta cinneadh diúltú don dara hiarratas ar an éisteacht a chur ar athlá.

104    An 9 Aibreán 2021, chinn an Chúirt (an Séú Dlísheomra Méadaithe) cuireadh a thabhairt do na páirtithe chuig cruinniú neamhfhoirmiúil maidir le heagrú na héisteachta.

105    An 14 Aibreán 2021, d’iarr an t-iarratasóir go nglacfadh a fhostaithe páirt san éisteacht trí fhíschomhdháil.

106    Tionóladh an cruinniú neamhfhoirmiúil an 15 Aibreán 2021.

107    An 16 Aibreán 2021, rinne Uachtarán an Séú Dlísheomra Mhéadaithe den Chúirt Ghinearálta cinneadh ar dtús, gan ceadú d’fhostaithe an iarratasóra a bheith rannpháirteach san éisteacht trí fhíschomhdháil agus, ar an dara dul síos, rinne an Chúirt (an Séú Dlísheomra Méadaithe) cinneadh socrú a dhéanamh chun cuid den éisteacht a thionól i seomra iata.

108    An 16 Aibreán 2021, chuir an t-iarratasóir tríú hiarratas isteach go gcuirfí an éisteacht ar athlá.

109    An 19 Aibreán 2021, rinne Uachtarán an Séú Dlísheomra Mhéadaithe den Chúirt Ghinearálta cinneadh diúltú don tríú hiarratas ar an éisteacht a chur ar athlá.

110    An 21 Aibreán 2021, chuir an t-iarratasóir iarratas isteach chun acmhainní teicniúla a úsáid ag an éisteacht.

111    An 22 Aibreán 2021, rinne Uachtarán an Séú Dlísheomra Mhéadaithe den Chúirt Ghinearálta cinneadh ceadú d’acmhainní teicniúla a úsáid ag an éisteacht.

112    I litir an 28 Aibreán 2021, arna háireamh i gcomhad an cháis seo le cinneadh ó Uachtarán an Séú Dlísheomra Mhéadaithe den Chúirt Ghinearálta an 29 Aibreán 2021, thaisc an Coimisiún litir i gClárlann na Cúirte maidir le raon feidhme an tseisiúin in camera agus ina léirítear comhsheasamh na bpáirtithe.

113    I litir an 3 Bealtaine 2021, dheimhnigh an t-iarratasóir comhsheasamh na bpáirtithe maidir le raon feidhme an tseisiúin i seomra iata agus thug sé liosta d’fhianaise bhreise an 26 Iúil 2019 don Chúirt maidir lenar tarscaoileadh rúndacht go hiomlán nó go páirteach ina leith.

114    Tionóladh an éisteacht an 4, an 5 agus an 6 Bealtaine 2021.

115    An 17 Meán Fómhair 2021, cuireadh clabhsúr leis an gcéim ó bhéal den nós imeachta.

B.      An t-ordú atá á lorg

116    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

–        an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

–        mar mhalairt air sin, méid na fíneála a fhorchuirtear a chur ar neamhní nó a laghdú go suntasach;

–        a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

117    Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais:

–        a dhiúltú don chaingean;

–        a ordú don iarratasóir na costais a íoc.

III. An dlí

118    Mar thaca lena chaingean, ardaíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí:

–        líomhnaítear sa chéad saincheist dlí earráidí nós imeachta follasacha;

–        líomhnaítear sa dara saincheist dlí earráidí follasacha measúnaithe, mainneachtain cúiseanna a lua agus saobhadh fianaise a bhaineann le héifeachtúlachtaí;

–        líomhnaítear sa tríú saincheist dlí earráidí follasacha dlí agus measúnaithe maidir le héifeachtaí frithiomaíocha;

–        líomhnaítear sa cheathrú saincheist dlí earráidí follasacha measúnaithe maidir le sainiú an mhargaidh ábhartha agus ar an bhfíric go bhfuil ceannasacht ann;

–        líomhnaítear sa chúigiú saincheist dlí earráidí follasacha dlí agus measúnaithe agus mainneachtain cúiseanna a thabhairt maidir le fad an tsáraithe líomhainte

–        líomhnaítear sa séú saincheist dlí earráidí follasacha measúnaithe agus na Treoirlínte maidir leis an modh chun fíneálacha a shocrú a fhorchuirtear de bhun Airteagal 23(2)(a) de Rialachán Uimh. 1/2003 (IO 2006 C 210, lch. 2) á gcur i bhfeidhm agus sárú ar phrionsabal na comhréireachta;

–        líomhnaítear sa seachtú saincheist dlí earráidí follasacha measúnaithe maidir le dlínse an Choimisiúin agus an éifeacht ar thrádáil idir na Ballstáit.

119    Ar mhaithe le riar cuí an cheartais, is iomchuí an chéad agus an tríú saincheist dlí sa chaingean a scrúdú.

120    Mar réamhphointe, is iomchuí scrúdú a dhéanamh ar inghlacthacht fhianaise bhreise an 26 Iúil 2019, rud a gcuireann an Coimisiún ina coinne.

A.      Inghlacthacht fhianaise bhreise an 26 Iúil 2019

121    Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil fianaise bhreise an 26 Iúil 2019 comhdhéanta, ar an gcéad dul síos, go mór, de shraith doiciméad a sheol Apple chuig an iarratasóir idir mí Feabhra agus mí an Mheithimh 2019 tar éis imeachtaí arna dtionscnamh ag an iarratasóir an 20 Lúnasa 2018 in aghaidh Apple os comhair na Cúirte Dúiche de bhun Alt 1782 de Theideal 28 de Chód na Stát Aontaithe, dar teideal ‘Cúnamh do bhinsí coigríche agus idirnáisiúnta agus do dhlíthithe os comhair na mbinsí sin’ (‘imeachtaí 1782’) agus, sa dara háit, mar chuid bheag, de shraith doiciméad ó imeachtaí arna dtionscnamh ag an Federal Trade Commission (Gníomhaireacht Iomaíochta Cónaidhme, Stáit Aontaithe Mheiriceá) i gcoinne an iarratasóra os comhair na Cúirte Dúiche agus a raibh mar thoradh air, i gcomhthéacs éisteacht phoiblí ar cuireadh tús léi an 4 Eanáir 2019, breithiúnas an 21 Bealtaine 2019 atá luaite i mír 54 thuas (‘imeachtaí FTC’) a bheith glactha. Ina theannta sin, áirítear leis an bhfianaise bhreise sin, go pointe teoranta, ailt phreasa áirithe.

122    Mar réamhphointe eile, ba cheart a mheabhrú freisin gur sheol an t-iarratasóir, roimh an éisteacht, liosta chuig an gCúirt de na doiciméid a tíolacadh maidir le fianaise bhreise an 26 Iúil 2019 a d’eascair as imeachtaí 1782, ina ndearnadh rúndacht ina leith a tharscaoileadh go hiomlán nó go páirteach (féach mír 113 thuas) agus gur thagair an t-iarratasóir, le linn na coda poiblí den éisteacht, do chuid de na doiciméid sin agus don fhíoras gur seoladh imeachtaí 1782.

123    Sonraíonn an t-iarratasóir nach raibh na doiciméid sin ar fáil dó ná dá dhlíodóirí Eorpacha tráth thaisceadh an iarratais nó an fhreagra agus gur thaisc sé an aighneacht lenar cuireadh ar fáil fianaise bhreise an 26 Iúil 2019 a luaithe ab fhéidir. Ar an gcéad dul síos, maidir leis na doiciméid ó imeachtaí 1782, luann an t-iarratasóir, tar éis ordú ó mhí Feabhra 2019, gur sheol Apple 2 300 doiciméad chuige idir an 23 Feabhra agus an 24 Meitheamh 2019 i naoi seachadadh ar leith agus gur scrúdaigh a dhlíodóirí na doiciméid sin agus gur shainaithin siad na doiciméid sin a bhí le tabhairt don Chúirt. Ar an dara dul síos, maidir leis na doiciméid ó imeachtaí FTC, míníonn an t-iarratasóir gur cuireadh cosc le hordú cosanta ar a dhlíodóirí Meiriceánacha na doiciméid lena mbaineann a tharchur chuig a dhlíodóirí Eorpacha.

124    Freagraíonn an Coimisiún go bhfuil fianaise bhreise an 26 Iúil 2019 do-ghlactha. Ar an gcéad dul síos, áitíonn sé go bhfuil dátaí de dhoiciméid áirithe roimh dháta an iarratais, cosúil le hailt phreasa áirithe, ríomhphoist idir an t-iarratasóir agus Apple agus cur i láthair ón iarratasóir. Ar an dara dul síos, luann an Coimisiún nár mhínigh an t-iarratasóir cén fáth, ar dtús, gur theip air iarratas a dhéanamh ar nochtadh na ndoiciméad os comhair na Cúirte Dúiche roimh an 20 Lúnasa 2018, go háirithe sular glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid nó díreach ina dhiaidh sin agus cén fáth, sa dara háit, gur theip air an Chúirt a chur ar an eolas faoin iarratas sin nó faoina stádas sa fhreagra. Ar an tríú dul síos, áitíonn an Coimisiún nach bhfuil aon mhíniú tugtha ag an iarratasóir maidir le cén fáth nach ndearna sé iarratas níos luaithe ar Apple cead a dheonú chun an fhianaise ó imeachtaí FTC a úsáid, go háirithe roimh an éisteacht a tionóladh i mí Eanáir 2019. Ar an gceathrú dul síos, luann an Coimisiún go mbaineann Airteagal 92(7) de na Rialacha Nós Imeachta le fianaise a chuirtear ar fáil mar fhreagra ar bhearta fiosrúcháin agus nach dtugann sé teideal do phríomhpháirtí fianaise bhreise a thíolacadh as a stuaim féin gan údar cuí. Ar an gcúigiú dul síos, áitíonn an Coimisiún nach ndéanann an t-iarratasóir ach tagairt d’fhianaise bhreise áirithe gan aon mhíniú a thabhairt ar na hábhair ar tugadh aghaidh orthu nó gan léiriú conas a thacaíonn an fhianaise sin lena argóintí.

125    Sa chéad áit, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbraitheann an t-iarratasóir, mar thaca le fianaise bhreise an 26 Iúil 2019 a sholáthar, ar an gcéad dul síos, ar Airteagal 85(3) de na Rialacha Nós Imeachta agus, ar an dara dul síos, go luann sé go dtugtar an fhianaise sin ar aird i bhfianaise Airteagal 92(7) de na rialacha sin.

126    Áitíonn an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 85(3) de na Rialacha Nós Imeachta á gcomhlíonadh agus go bhfuil Airteagal 92(7) de na rialacha sin, go bunúsach, neamhábhartha.

127    Ar an gcéad dul síos, ba cheart a chur in iúl go bhforáiltear le hAirteagal 85(3) de na Rialacha Nós Imeachta ‘go bhféadfaidh na príomhpháirtithe tuilleadh fianaise a thabhairt ar aird nó a thairiscint go heisceachtúil tar éis clabhsúr a chur leis an gcuid ó bhéal den nós imeachta nó sula ndéanfaidh an Chúirt Ghinearálta cinneadh breith a thabhairt gan cuid ó bhéal den nós imeachta ar choinníoll go bhfuil údar leis an moill sin agus an fhianaise sin á tíolacadh’. Go háirithe, is eisceacht í an fhéidearthacht sin ón riail ghinearálta atá leagtha amach i mír 1 den Airteagal sin nach mór fianaise a tugadh ar aird nó a thairgfear a chur isteach sa chéad mhalartú pléadálacha.

128    Leanann sé ó fhoclaíocht na forála sin, chun brath ar an bhféidearthacht sin, nach mór imthosca eisceachtúla a bheith leis an moill maidir le fianaise a thabhairt ar aird (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2019, HX v an Chomhairle, C‑540/18 P, nár foilsíodh, EU:C:2019:707, mír 67).

129    Dá réir sin, ní cheadaíonn an Chúirt Ghinearálta fianaise a thairgtear tar éis an t-athfhreagra a thaisceadh ach amháin i gcúinsí eisceachtúla, is é sin, mura raibh an duine a thairgeann an fhianaise in ann, roimh dheireadh an nós imeachta i scríbhinn, seilbh a fháil ar an bhfianaise i gceist (féach breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2019, Achemos Grupė agus Achema v an Coimisiún, T‑417/16 P, nár foilsíodh, EU:T:2019:597, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear). De bharr nádúr eisceachtúil aighneachta den sórt sin, tugtar le tuiscint go raibh sé dodhéanta fianaise den sórt sin a thabhairt ar aird níos luaithe nó nach bhféadfaí go réasúnach í a éileamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Nollaig 2016, TestBioTech agus páirtithe eile v an Coimisiún, T‑177/13, nár foilsíodh, EU:T:2016:736, mír 251).

130    Ina theannta sin, i ndáil leis sin, ní mór a chur in iúl go bhfuil an eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 85(3) de na Rialacha Nós Imeachta difriúil leis an eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 85(2), a cheadaíonn do na príomhpháirtithe fianaise a thabhairt ar aird sa fhreagra nó san athfhreagra chun tacú lena n-argóintí ar choinníoll go bhfuil bonn cirt leis an moill, agus nach n-éilítear leis an eisceacht deiridh sin go mbeidh imthosca eisceachtúla ann.

131    Ar an dara dul síos, ní mór a thabhairt faoi deara, maidir le bearta fiosrúcháin, faoi Airteagal 92(7) de na Rialacha Nós Imeachta, ‘féadfar fianaise frisnéise a thabhairt agus féadfar cur le fianaise arna tabhairt cheana’.

132    Sa chás seo, níl an t-iarratasóir ag brath, mar sin, ar an bhforáil dheireanach sin, ach braitheann sé uirthi a mhéid a mheastar leis an gcásdlí nach mór Airteagal 85 de na Rialacha Nós Imeachta a léirmhíniú i bhfianaise Airteagal 92(7) de na rialacha sin, lena bhforáiltear go bhféadfar fianaise frisnéise a thabhairt agus go bhféadfar cur le fianaise arna tabhairt cheana (breithiúnais an 22 Meitheamh 2017, Biogena Naturprodukte v EUIPO (ZUM wohl), T‑236/16, EU:T:2017:416, mír 17, agus an 9 Meán Fómhair 2020, an Ghréig v an Coimisiún, T‑46/19, nár foilsíodh, EU:T:2020:396, mír 30).

133    Sa chás seo, mar is léir ón aighneacht a ghabhann le fianaise bhreise an 26 Iúil 2019, cuireadh an fhianaise sin ar fáil chun tacú leis an gcéad, an dara, an tríú agus an cheathrú saincheist sa chaingean. Cé go luann an t-iarratasóir, i dtéarmaí ginearálta, go dtugtar an fhianaise sin ar aird chun cur leis an bhfianaise a tugadh ar aird mar thaca leis na hargóintí a cuireadh chun tosaigh san iarratas agus sa fhreagra agus chun argóintí an Choimisiúin a leagtar amach sa chinneadh atá faoi chonspóid a bhréagnú, sa chosaint agus san athfhreagra, ní mór a shonrú nach fianaise frisnéise í an fhianaise sin a bhfuil sé mar aidhm aici bréagnú a dhéanamh ar fhianaise a thug an Coimisiún ar aird, ná ní fianaise í a lorgaíonn cur le fianaise a tugadh cheana féin, ach gur fianaise nua í a bhfuil sé mar aidhm aici tacú le cuid de na saincheisteanna sa chaingean.

134    Is gá, dá bhrí sin, a scrúdú cibé an raibh nó nach raibh imthosca eisceachtúla ann, sa chás seo, chun údar a thabhairt d’fhianaise bhreise an 26 Iúil 2019 a thabhairt ar aird, i gcomhréir le hAirteagal 85(3) de na Rialacha Nós Imeachta.

135    Chuige sin, sa dara háit, is gá agóidí an Choimisiúin a scrúdú maidir lena léiriú nár comhlíonadh na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 85(3) de na Rialacha Nós Imeachta.

136    Ar an gcéad dul síos, maidir leis na doiciméid ó imeachtaí 1782, mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú gur cuid de shraith doiciméad a sheol Apple chuig an iarratasóir idir an 23 Feabhra agus an 24 Meitheamh 2019 ag deireadh imeachtaí 1782 atá sna doiciméid sin. I bhfocail eile, aontaíonn na páirtithe go bhfuair an t-iarratasóir na doiciméid sin, i roinnt seachadtaí, tar éis don fhreagra a bheith taiscthe an 4 Eanáir 2019. Ní mór a lua mar sin nach raibh na doiciméid a bhí i gceist ag an iarratasóir nuair a thaisc sé a phríomhphléadálacha i scríbhinn agus mar sin nach bhféadfadh sé iad a thabhairt ar aird i gcomhthéacs na bpléadálacha sin, ach go raibh sé in ann iad a fháil ag deireadh na n-imeachtaí 1782.

137    Ar thaobh amháin, áfach, cuireann an Coimisiún i gcoinne nach bhfuil aon mhíniú tugtha ag an iarratasóir cén fáth nár thug sé imeachtaí 1782 i gcoinne Apple os comhair na Cúirte Dúiche ní ba luaithe.

138    Mar sin féin, níl agóid an Choimisiúin ábhartha maidir leis an measúnú ar cibé an bhfuil nó nach bhfuil imthosca eisceachtúla ann dá bhforáiltear in Airteagal 85(3) de na Rialacha Nós Imeachta. Is í an cheist a thagann chun cinn ina leith sin ná cibé an raibh nó nach raibh an fhianaise lena mbaineann ar fáil ag céim thaisceadh an iarratais nó ag céim thaisceadh an fhreagra (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Nollaig 2018, Haeberlen v ENISA, T‑632/16, nár foilsíodh, EU:T:2018:957, míreanna 184 agus 185) agus ní cibé an bhféadfadh nó nach bhféadfadh an t-iarratasóir, mar ábhar tuairimíochta, bearta a ghlacadh a chuirfeadh ar a chumas, go teoiriciúil, teacht ar an bhfianaise sin ní ba luaithe.

139    Ar aon nós, ní mór a lua go bhfuil an agóid sin bunaithe ar thoimhdí míchearta.

140    Bhí sé mar aidhm ag imeachtaí 1782 a thug an t-iarratasóir i gcoinne Apple os comhair na Cúirte Dúiche fianaise a bhailiú lena bhféadfaí cinntí áirithe ón gCoimisiún sa chinneadh atá faoi chonspóid a bhréagnú i bhfianaise na n-imeachtaí breithiúnacha atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin ní raibh an t-iarratasóir in ann imeachtaí 1782 a thabhairt sular glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid agus, ina theannta sin, fiú dá bhféadfaí é sin a dhéanamh, ní raibh aon oibleagáid air déanamh amhlaidh mar bheart réamhchúraim agus tuairimeach i bhfianaise dlíthíocht fhéideartha roimh don chinneadh sin bheith glactha fiú.

141    Ní féidir an t-iarratasóir a cháineadh mar sin toisc nár thionscain sé na himeachtaí i gceist sular glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid.

142    Ina theannta sin, a mhéid a bhraitheann an Coimisiún air go bhféadfadh an t-iarratasóir na himeachtaí sin a thionscnamh ‘sna laethanta agus sna seachtainí tar éis ghlacadh chinneadh an 24 Eanáir 2018’, ní mór a lua go bhfuil argóint den sórt sin tuairimeach freisin agus, ina theannta sin, is ionann é agus oibleagáid atá míréasúnta, nó fiú dodhéanta, a fhorchur ar an iarratasóir. Os a choinne sin, bhí údar maith ag an iarratasóir, tar éis don chinneadh atá faoi chonspóid a bheith glactha, an chaingean seo a ullmhú agus a thionscain ar dtús an 6 Aibreán 2018 agus ansin, i bhfianaise ábhar an chinnidh atá faoi chonspóid agus na caingne sin, imeachtaí 1782 a thionscnamh chun tuilleadh fianaise a fháil mar thaca lena chaingean. I gcur chuige an Choimisiúin, déantar neamhaird freisin ar an tréimhse dhosheachanta de chomhordú idir an t-iarratasóir, a ionadaithe Eorpacha agus a ionadaithe ó na Stáit Aontaithe chun imeachtaí 1782 a thionscnamh sna Stáit Aontaithe chun críocha na n-imeachtaí seo. Ina theannta sin, ós rud é, ag deireadh imeachtaí 1782, go bhfuair an t-iarratasóir na doiciméid ó Apple thar thréimhse 6 go 10 mí tar éis do na himeachtaí sin tosú, fiú dá bhféadfaí, mar a áitíonn an Coimisiún, imeachtaí den sórt sin a thionscnamh nuair a bhí a iarratas á ullmhú aige (idir mí Feabhra agus mí an Mhárta 2018), is dócha nach mbeadh na doiciméid go léir faighte ag an iarratasóir in am chun iad a scrúdú agus iad a thabhairt ar aird san iarratas an 6 Aibreán 2018 nó sa fhreagra an 4 Eanáir 2019.

143    Ar an taobh eile de, áitíonn an Coimisiún nár chuir an t-iarratasóir an Chúirt ar an eolas faoin gcaingean ná faoi stádas na caingne a thug sé os comhair na Cúirte Dúiche, go háirithe sa fhreagra. Níl an agóid sin ón gCoimisiún ábhartha freisin, áfach, ós rud é nach gceanglaítear ar dhóigh ar bith le hAirteagal 85(3) de na Rialacha Nós Imeachta go dtabharfaí faisnéis roimh ré don Chúirt.

144    Ar an dara dul síos, maidir leis an tsraith doiciméad a eascraíonn as na himeachtaí FTC, mar réamhphointe, ní mór a shonrú go bhfuil na doiciméid sin mar chuid de cháschomhad na n-imeachtaí FTC os comhair na Cúirte Dúiche agus go raibh, sular cuireadh tús leis an éisteacht phoiblí roimh an gCúirt Dúiche i mí Eanáir 2019, srian ar eolas agus ar úsáid na ndoiciméad sin ag ordú cosanta den 24 Deireadh Fómhair 2017.

145    Tá comhthuiscint idir na páirtithe ar na hábhair sin, díreach mar atá, ar an dáta ar taisceadh an freagra an 4 Eanáir 2019, nach raibh na doiciméid sin ar fáil go héasca don iarratasóir, ós rud é, ar dtús, go raibh eolas faoi na doiciméid sin agus a n-úsáid srianta do líon teoranta de dhlíodóirí Meiriceánacha an iarratasóra agus dá dhlíodóirí inmheánacha, nach raibh na daoine sin in ann iad a chur chuig dlíodóirí Eorpacha an iarratasóra, nó iad a úsáid chun críocha na n-imeachtaí riaracháin ba bhun le glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid nó chun críocha na n-imeachtaí dlí seo, agus sa dara háit, tionóladh an éisteacht phoiblí os comhair na Cúirte Dúiche ina ndearnadh na doiciméid sin a phoibliú ón 4 go dtí an 29 Eanáir 2019.

146    Áitíonn an Coimisiún, áfach, go bhféadfadh an t-iarratasóir, faoi fhorálacha áirithe d’ordú cosanta an 24 Deireadh Fómhair 2017, gan fanacht go gcuirfí tús leis an éisteacht phoiblí a reáchtáladh i mí Eanáir 2019, go bhféadfadh an t-iarratasóir údarú a iarraidh ar Apple chun ligean dó na doiciméid sin a úsáid níos luaithe i gcomhthéacs na n-imeachtaí seo.

147    Ní féidir glacadh leis an agóid sin ón gCoimisiún ach an oiread, ós rud é go bhfuil sé bunaithe ar thuairimíocht ghlan nach féidir a bheith mar bhonn don athbhreithniú ag an gCúirt. Mar a luann an Coimisiún é féin, fiú dá mbeadh dlíodóirí Meiriceánach an iarratasóra agus a dhlíodóirí inmheánacha, a raibh rochtain acu ar na doiciméid sin, in ann a n-úsáidí do na himeachtaí reatha a mheas, ba ghá comhaontú Apple roimh ré le haon úsáid chun na críche sin. Níl aon rud le tabhairt le fios, in imthosca an cháis seo, go dtiocfadh an dá theagmhas sin chun cinn.

148    Ar aon chuma, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar atá luaite i mír 138 thuas, gurb í an cheist a ardaítear an raibh nó nach raibh an fhianaise lena mbaineann ar fáil ag céim thaisceadh an iarratais nó an fhreagra. I bhfianaise na fianaise dá dtagraítear i mír 145 thuas, níorbh amhlaidh é sin sa chás seo, toisc gur thaisc an t-iarratasóir a fhreagra an 4 Eanáir 2019, is é sin le rá, an lá a tháinig an teorainn ama sínte don doiciméad a thaisceadh in éag, agus toisc gur cuireadh tús leis an éisteacht phoiblí sna himeachtaí FTC, faoinar tháinig na doiciméid i gceist chun bheith ina ndoiciméid phoiblí, an 4 Eanáir 2019 freisin. Dá bhrí sin, ní mór a thabhairt le tuiscint nach bhféadfadh an t-iarratasóir na doiciméid i gceist a thabhairt ar aird ag an bpointe ar taisceadh an freagra.

149    Ina theannta sin, ní féidir a mheas, in imthosca an cháis seo, gur chuir an t-iarratasóir moill mhíchuí na doiciméid ó imeachtaí FTC a thabhairt ar aird na Cúirte. Ós rud é, i mí Eanáir 2019, go raibh imeachtaí 1782 fós ar feitheamh agus go bhfuair an t-iarratasóir na doiciméid ó na himeachtaí sin idir deireadh mhí Feabhra agus deireadh mhí an Mheithimh 2019, bhí údar maith lena scrúdú ina n-iomláine agus ansin na doiciméid ábhartha ón dá shraith imeachtaí a thabhairt ar aird le chéile i mí Iúil 2019.

150    Ar an tríú dul síos, maidir leis na doiciméid atá luaite ag an gCoimisiún, cé gur de thionscnamh imeachtaí 1782 nó imeachtaí FTC iad, a bhí ar fáil don iarratasóir sular taisceadh an t-iarratas sa chás seo, is é sin le rá ríomhphoist idir é agus Apple agus cur i láthair ag an iarratasóir, ní mór a lua go bhfuil sé fíor go raibh na doiciméid sin ar fáil don iarratasóir ar bhonn doiciméad-ar-dhoiciméad. Mar sin féin, tá na doiciméid sin mar chuid den tsraith doiciméad a sheol Apple chuig an iarratasóir ag deireadh imeachtaí 1782 nó den tsraith doiciméad a raibh an cáschomhad in imeachtaí FTC comhdhéanta díobh i gcomhthéacs éisteacht phoiblí mhí Eanáir 2019, agus mar thoradh air sin ní féidir iad a mheas ar leithligh ó na doiciméid eile sna sraitheanna sin. Dá réir sin, níor ghá go bhféadfadh an t-iarratasóir agus a dhlíodóirí a n-ábharthacht leis an gcás reatha a mheas go neamhspleách ar na doiciméid eile sna sraitheanna doiciméad sin. I bhfocail eile, i bhfianaise a tionscnaimh, ní féidir fianaise bhreise an 26 Iúil 2019 a dheighilt go saorga ach, a mhéid a eascraíonn sí ó imeachtaí 1782 nó ó na himeachtaí FTC, ní mór a hinghlacthacht a mheas maidir leis na doiciméid ina n-iomláine.

151    Ar an gceathrú dul síos, tá an rud céanna fíor maidir leis na trí alt preasa atá san áireamh i bhfianaise bhreise an 26 Iúil 2019 a foilsíodh sular taisceadh an t-iarratas, ós rud é go bhfuil údar maith le tabhairt ar aird dhéanach trí fhianaise bhreise eile a thabhairt ar aird a bhfuil siad ag iarraidh tacú léi sna fonótaí don phléadáil i scríbhinn ina dtugtar an fhianaise sin ar aird.

152    Ar an gcúigiú dul síos, maidir le líomhain ghinearálta an Choimisiúin, san aighneacht inar tugadh fianaise bhreise an 26 Iúil 2019 ar aird, nach ndéanann an t-iarratasóir ach tagairtí simplí don fhianaise sin gan mínithe a thabhairt, níl an imthoisc sin ábhartha maidir leis an measúnú a cheanglaítear le hAirteagal 85(3) de na Rialacha Nós Imeachta, ach baineann sé, i gcás inarb iomchuí, le hintuigtheacht na fianaise sin le linn scrúdú a dhéanamh ar shubstaint na saincheisteanna dlí sa chaingean.

153    I bhfianaise an mhéid sin thuasluaite, in imthosca an cháis seo, ní mór teacht ar an gconclúid go bhfuil bonn cirt le fianaise bhreise an 26 Iúil 2019 ina hiomláine a thabhairt ar aird, tar éis dheireadh na céime i scríbhinn den nós imeachta, de bharr imthosca eisceachtúla agus nach mór an fhianaise sin a ghlacadh faoi Airteagal 85(3) de na Rialacha Nós Imeachta.

B.      An chéad saincheist dlí: earráidí nós imeachta follasacha

154    Tá ceithre chuid sa chéad saincheist dlí. Líomhnaítear sa chéad chuid gur sáraíodh cearta na cosanta sa mhéid is gur baineadh an deis den iarratasóir trácht a dhéanamh ar ghnéithe tábhachtacha den chinneadh atá faoi chonspóid. Líomhnaítear sa dara cuid sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin sa mhéid is gur mhainnigh an Coimisiún imscrúdú críochnúil, oibiachtúil agus dúthrachtach a dhéanamh. Líomhnaítear sa tríú cuid sárú ar chearta na cosanta sa mhéid is gur mhainnigh an Coimisiún fianaise a bhaineann lena chosaint a nochtadh don iarratasóir. Líomhnaítear sa cheathrú cuid sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua agus sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin sa mhéid is go raibh measúnú an Choimisiúin ar na fíorais míchruinn, claonta agus neamhiomlán.

155    Is iomchuí an chéad chuid agus an tríú cuid a scrúdú, ina líomhnaítear sárú ar chearta na cosanta.

1.      Réamhbharúlacha

156    Is cearta bunúsacha iad cearta na cosanta ar cuid dhílis iad de phrionsabail ghinearálta an dlí a n-áirithíonn an Chúirt Ghinearálta agus an Chúirt Bhreithiúnais a n-urramú (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2011, Solvay v an Coimisiún (C‑109/10 P, EU:C:2011:686, mír 52).

157    Is prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais é urramú chearta na cosanta a bhfuil feidhm aige i gcás ina bhfuil ar intinn ag na húdaráis beart a ghlacadh a dhéanfaidh dochar do dhuine aonair (breithiúnas an 16 Eanáir 2019, an Coimisiún v United Parcel Service, C‑265/17 P, EU:C:2019:23, mír 28).

158    Tá an prionsabal ginearálta sin de dhlí an Aontais cumhdaithe in Airteagal 41(2)(a) agus (b) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (breithiúnas an 25 Márta 2021, Deutsche Telekom v an Coimisiún, C‑152/19 P, EU:C:2021:238, mír 105).

159    I gcomhthéacs dhlí na hiomaíochta, ciallaíonn urramú chearta na cosanta nach mór an deis a bheith tugtha, le linn an nós imeachta riaracháin, d’aon seolaí cinnidh ina gcinntear go bhfuil sárú ar na rialacha iomaíochta déanta ag an seolaí sin, a thuairimí a chur in iúl maidir le fírinne agus ábharthacht na bhfíoras agus na gcúinsí a líomhnaítear agus maidir leis na doiciméid a d’úsáid an Coimisiún chomh maith chun tacú lena éileamh go raibh sárú den sórt sin ann (breithiúnais an 25 Deireadh Fómhair 2011, Solvay v an Coimisiún, C‑109/10 P, EU:C:2011:686, mír 53, agus an 25 Márta 2021, Deutsche Telekom v an Coimisiún, C‑152/19 P, EU:C:2021:238, mír 106).

160    De réir cásdlí seanbhunaithe, sáraítear cearta na cosanta i gcás inar féidir go raibh toradh an nós imeachta riaracháin arna sheoladh ag an gCoimisiún difriúil mar thoradh ar earráid a rinne sé. Suíonn gnóthas iarratasóra go ndearnadh sárú den sórt sin nuair a thaispeánann sé go leordhóthanach nach mbeadh ábhar éagsúil i gcinneadh an Choimisiúin, ach gurbh fhearr a bheadh sé in ann a chosaint a áirithiú mura raibh aon earráid nós imeachta ann (breithiúnais an 2 Deireadh Fómhair 2003, Thyssen Stahl v an Coimisiún, C‑194/99 P, EU:C:2003:527, mír 31, agus an 13 Nollaig 2018, Deutsche Telekom v an Coimisiún, T‑827/14, EU:T:2018:930, mír 129).

161    Ní mór measúnú den sórt sin a dhéanamh i bhfianaise imthosca fíorasacha agus dlíthiúla gach cáis (breithiúnas an 18 Meitheamh 2020, an Coimisiún v RQ, C‑831/18 P, EU:C:2020:481, mír 107).

2.      An tríú cuid den chéad saincheist dlí: sárú ar chearta na cosanta, a mhéid a bhaineann le heaspa nótaí agus faisnéise a bhaineann le cruinnithe agus glaonna comhdhála le tríú páirtithe

162    Tá an tríú cuid bunaithe ar dhá ghearán. Líomhnaítear sa chéad ghearán gur theip ar an gCoimisiún rochtain leordhóthanach a sholáthar don iarratasóir ar an gcáschomhad. Líomhnaítear sa dara gearán nach bhfuil nótaí ná faisnéis sa cháschomhad maidir le hábhar na gcruinnithe agus na nglaonna comhdhála a bhí ag an gCoimisiún le tríú páirtithe.

163    Is iomchuí an dara gearán a scrúdú.

164    Áitíonn an t-iarratasóir go gceanglaítear ar an gCoimisiún nótaí a ghlacadh dá chruinnithe foirmiúla nó neamhfhoirmiúla le tríú páirtithe agus go gcaithfidh sé na nótaí sin a chur ar aghaidh chuig na páirtithe atá faoi imscrúdú. Sa chás seo, níor chuir an Coimisiún nótaí ar a chuid cruinnithe le tríú páirtithe ar fáil don iarratasóir. Tar éis don chinneadh atá faoi chonspóid a bheith glactha, tar éis iarratas ón iarratasóir, chuir an Coimisiún in iúl don iarratasóir gur tionóladh cruinnithe agus glaonna comhdhála le tríú páirtithe agus chuir sé nótaí nach raibh aon chiall leo ar aghaidh chuige. Chabhródh nótaí níos iomláine le cosaint an iarratasóra ar roinnt bealaí. Ina theannta sin, dhiúltaigh an Coimisiún a nochtadh ar bhuail sé nó nár bhuail sé le tríú páirtí ar leith le linn an imscrúdaithe, cé go bhfuil sé ábhartha maidir le cosaint an iarratasóra a fháil amach ar reáchtáladh cruinnithe den sórt sin agus cé na hábhair a pléadh.

165    Deir an t-iarratasóir nach ndéantar aon idirdhealú i Rialachán Uimh. 1/2003 idir agallaimh agus cineálacha eile cruinnithe nó glaonna comhdhála. I dtuairim an iarratasóra, níl an Coimisiún i dteideal a chinneadh, ag cruinniú nó ag glao comhdhála, cad is saorthach agus cad nach bhfuil; ina ionad sin is faoin ngnóthas lena mbaineann atá sé cinneadh a dhéanamh an bhféadfadh gnéithe sonracha den cháschomhad a bheith cabhrach chun críocha a chosanta. Sa chás seo, níl na nótaí a chuireann an Coimisiún ar aghaidh chuig an iarratasóir iomchuí, toisc nach bhfuil aon fhaisnéis úsáideach iontu maidir le hábhar an phlé nó cineál na faisnéise a cuireadh ar fáil ar na hábhair dá dtagraítear, ach nathanna atá mar a chéile agus doiléir. Séanann an t-iarratasóir go raibh sé in ann an fhaisnéis a malartaíodh ag an gcruinniú agus sna glaonna comhdhála i gceist a dhéanamh amach ar bhonn fhreagraí na dtríú páirtithe ar na hiarrataí ar fhaisnéis, ós rud é nach ndéanann na nótaí tagairt ar bith do na freagraí sin, agus vice versa. Sonraíonn an t-iarratasóir nach bhfuil sé de dhualgas ar an gCoimisiún a chinneadh ar sholáthair nó nár sholáthair tríú páirtí faisnéis shaorthach, ós rud é go bhfuil an Coimisiún faoi oibleagáid nótaí a ghlacadh agus iad a sholáthar dó.

166    Ar an gcéad dul síos, d’fhreagair an Coimisiún, tar éis dó a rá gur ghlac sé nótaí iomchuí ar na cruinnithe agus ar na glaonna comhdhála le tríú páirtithe, nach bhfuil sé faoi dhualgas ginearálta ar bith nótaí a ghlacadh le linn cruinnithe nó glaonna comhdhála le tríú páirtithe, agus go bhfuil a oibleagáidí níos teoranta. Sonraíonn an Coimisiún, ar thaobh amháin, go gceanglaítear air ‘nótaí iomlána’ a ghlacadh ar chruinnithe nó ar ghlaonna comhdhála arb ionann iad agus agallaimh de réir bhrí Airteagal 19(1) de Rialachán Uimh. 1/2003, arb é is aidhm dóibh faisnéis a bhaineann le himscrúdú a bhailiú, cé nár áitigh an t-iarratasóir sa chás seo gur ‘agallaimh’ a bhí i gcruinnithe nó i nglaonna comhdhála le tríú páirtithe. Ar an taobh eile, ceanglaítear ar an gCoimisiún ‘nótaí gonta’ a ghlacadh de chruinnithe nó de ghlaonna comhdhála arb é is aidhm dóibh faisnéis a bhaineann le himscrúdú a bhailiú ach amháin i gcás ina soláthraíonn tríú páirtithe fianaise inchoiritheach a bheartaíonn an Coimisiún a úsáid nó fianaise shaorthach a bhféadfadh an gnóthas brath uirthi. Ar an dara dul síos, áitíonn an Coimisiún gur ghlac sé ‘nótaí gonta’ i gceart de na cruinnithe agus de na glaonna comhdhála atá i gceist. Sonraíonn sé, sa chás seo, tar éis iarratas ón iarratasóir, gur chinn sé gur theip air de thaisme nótaí cruinnithe agus trí ghlao comhdhála le tríú páirtithe a sholáthar don iarratasóir, ach gur sholáthair sé ansin na nótaí sin don iarratasóir, ina luaitear na gnóthais, an t-am agus na hábhair ar tugadh aghaidh orthu. Ar an gcaoi chéanna, deir an Coimisiún nach bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid ag brath ar aon fhianaise inchoiritheach a chuir na tríú páirtithe sin ar fáil le linn na gcruinnithe agus na nglaonna comhdhála sin. Ar an tríú dul síos, áitíonn an Coimisiún nár léirigh an t-iarratasóir cén fáth a mbeadh sé ábhartha dá chosaint fios a bheith aige ar bhuail sé le tríú páirtí ar leith, a mhéid atá an cinneadh bunaithe ar fhianaise a chuir Apple ar fáil agus gur deacair a shamhlú go n-áiteodh an t-iarratasóir gur dócha go gcuirfeadh an tríú páirtí i gceist fianaise shaorthach ar fáil.

167    Deir an Coimisiún freisin nach gcuireann an t-iarratasóir san áireamh nár sholáthair an tríú páirtí a raibh cruinniú aige leis fianaise shaorthach agus gur luaigh tríú páirtithe a raibh glaonna comhdhála aige leis nár phléigh siad ábhair nach raibh san fhaisnéis a cuireadh ar fáil ina gcuid freagraí ar na hiarrataí ar fhaisnéis. De réir an Choimisiúin, tá sé inchreidte go raibh faisnéis áirithe a cuireadh ar fáil le linn na nglaonna comhdhála sin istigh cheana féin sna freagraí ar na hiarrataí ar fhaisnéis, díreach mar atá sé inchreidte go léirítear ábhar na nglaonna comhdhála leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil ina dhiaidh sin sna freagraí ar na hiarrataí ar fhaisnéis, rud atá loighciúil. Áitíonn an Coimisiún gur antráthach í argóint an iarratasóra gur agallaimh de réir bhrí Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1/2003 iad an cruinniú agus na glaonna comhdhála atá i gceist agus go bhfuil sí do-ghlactha. Ina theannta sin, deir an Coimisiún nach míníonn an t-iarratasóir cén fáth a bhfuil an fhaisnéis ar chruinnithe le tríú páirtí ábhartha.

168    Ón tús, sa chás seo, tá comhthuiscint idir na páirtithe nár chuir an Coimisiún, le linn an nós imeachta riaracháin as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, aon fhaisnéis ar aghaidh chuig an iarratasóir maidir le hábhar na gcruinnithe agus na nglaonna comhdhála a bhí aige le tríú páirtithe ná gur tharla siad.

169    Mar sin féin, chuir an Coimisiún faisnéis áirithe ar fáil don iarratasóir maidir le seacht gcruinniú nó nglao comhdhála le tríú páirtithe tar éis don chinneadh atá faoi chonspóid a bheith glactha. Go sonrach, soláthraíodh faisnéis maidir le ceithre cinn acu, tar éis iarratas ón iarratasóir, sular tionscnaíodh an chaingean seo, agus soláthraíodh faisnéis ar na trí cinn eile le linn na n-imeachtaí seo, mar fhreagra ar argóintí an iarratasóra bunaithe ar fhianaise bhreise an 26 Iúil 2019 nó mar fhreagra ar na bearta fiosrúcháin a d’ordaigh an Chúirt an 12 Deireadh Fómhair 2020.

170    Is gá, dá bhrí sin, a scrúdú ar sháraigh an Coimisiún, sna himthosca sin, cearta cosanta an iarratasóra.

(a)    An cruinniú agus glaonna comhdhála le tríú páirtithe ar seoladh faisnéis ina leith chuig an iarratasóir sular tionscnaíodh an chaingean seo

(1)    Achoimre ar an gcúlra

171    Is léir ón bhfianaise a cuireadh isteach gur iarr an t-iarratasóir, tar éis dó an cinneadh atá faoi chonspóid a fháil, ar an gCoimisiún an 25 Eanáir 2018 é a chur ar an eolas faoi chruinnithe nó agallaimh a bhí ag an gCoimisiún le tríú páirtithe agus nár cuireadh in iúl dó. An 2 Márta 2018 chuir an Coimisiún in iúl don iarratasóir trí ríomhphost go raibh sé fíoraithe cibé ar theip nó nár theip air, de thaisme, é a chur ar an eolas faoi ‘aon chruinniú nó agallamh’ a tharla ‘i gcomhthéacs Chás AT.40220’. Chuige sin, chuir an Coimisiún in iúl don iarratasóir gur mhainnigh sé, de thaisme, a chur in iúl dó go raibh cruinniú agus trí ghlao comhdhála ann le tríú páirtithe. Sa ríomhphost céanna, sheol an Coimisiún doiciméid chuig an iarratasóir ina raibh nótaí an chruinnithe sin agus na nglaonna comhdhála sin chomh maith le cur i láthair a rinneadh ag an gcruinniú sin.

172    Go sonrach, thagair an Coimisiún do chruinniú le [faoi rún] (1) an [faoi rún], glao comhdhála le [faoi rún] an [faoi rún] agus dhá ghlao comhdhála ar [faoi rún], ceann le [faoi rún] agus an ceann eile le [faoi rún].

173    I ndáil leis sin, ar dtús, ní mór a thabhairt faoi deara gur tharla an cruinniú sin agus na glaonna comhdhála sin roimh an ráiteas agóidí agus tar éis na chéad iarrata ar fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 6 agus 15 thuas a bheith seolta. Tá comhthuiscint idir na páirtithe, go deimhin, gur tharla an cruinniú sin agus na glaonna comhdhála sin, mar a dúirt an Coimisiún, ‘i gcomhthéacs Chás AT.40220’. Ar an dara dul síos, mar is léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid, is dhá iomaitheoir agus dhá chustaiméir de chuid an iarratasóra iad na tríú páirtithe sin, a thug freagra ar roinnt de na hiarrataí faisnéise sin freisin.

174    Tá [faoi rún] ina iomaitheoir de chuid an iarratasóra. Mar is léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid, tá an t-iomaitheoir sin [faoi rún]. Ina theannta sin, de réir an chinnidh atá faoi chonspóid, [faoi rún].

175    Tá [faoi rún] ina iomaitheoir de chuid an iarratasóra. Mar is léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid, tá, le [faoi rún], ceann de na [faoi rún] iomaitheoirí a [faoi rún].

176    Thairis sin, tá [faoi rún] agus [faoi rún] [faoi rún].

177    Is OEM é [faoi rún]  a fhaigheann foirne sliseanna LTE agus [faoi rún].

178    Is OEM é [faoi rún] a fhaigheann foirne sliseanna LTE [faoi rún].

(2)    An raibh earráid nós imeachta ann

179    Áitíonn an t-iarratasóir, go bunúsach, gur mhainnigh an Coimisiún a oibleagáidí a chomhlíonadh nótaí a ghlacadh faoin gcruinniú sin agus faoi na glaonna comhdhála sin agus iad a chur ar aghaidh chuige. Go háirithe, deir an t-iarratasóir nach bhfuil na nótaí a sheol an Coimisiún chuige tar éis don chinneadh atá faoi chonspóid a bheith glactha iomchuí agus nach bhfuil aon chiall leo.

180    Áitíonn an Coimisiún, mar réamhphointe, nár mhaígh an t-iarratasóir san iarratas gur ‘agallaimh’ de réir bhrí Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1/2003 a bhí sa chruinniú agus sna glaonna comhdhála atá i gceist, agus gur do-ghlactha í an argóint a cuireadh ar aghaidh sa fhreagra ina líomhnaítear gur sáraíodh an fhoráil sin. Ar aon chuma, áitíonn an Coimisiún, go bunúsach, nárbh agallaimh iad an cruinniú agus na glaonna comhdhála i gceist de réir bhrí Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1/2003 toisc nach raibh sé i gceist leo faisnéis a bhailiú maidir le hábhar imscrúdaithe. Níor ceanglaíodh air, dá bhrí sin, nótaí iomlána a ghlacadh ar an gcruinniú sin ná ar na glaonna comhdhála sin, ach nótaí gonta amháin a ghlacadh sa mhéid gur sholáthair na tríú páirtithe fianaise inchoiritheach a raibh sé beartaithe ag an gCoimisiún úsáid a bhaint aisti nó gur sholáthair sé fianaise shaorthach a bhféadfadh an gnóthas brath uirthi.

181    Maidir le hinghlacthacht argóint an iarratasóra, is fíor nár thagair an t-iarratasóir go sainráite d’Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1/2003 san iarratas. D’áitigh sé go sainráite, áfach, gur sháraigh an Coimisiún an oibleagáid nótaí a choinneáil, nó nótaí iomchuí a ghlacadh, den chruinniú sin agus de na glaonna comhdhála sin agus bhraith sé, chun na críche sin, ar mhír 91 de bhreithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún (C‑413/14 P, EU:C:2017:632), a bhaineann go sonrach leis na hoibleagáidí a eascraíonn as Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1/2003. Mar sin, ba léir go raibh sé mar aidhm ag an argóint a chuir an t-iarratasóir chun cinn san iarratas ná a mhaíomh go raibh a oibleagáidí sáraithe ag an gCoimisiún faoin bhforáil sin agus faoin gcásdlí a bhain léi. Mar sin, ní mór diúltú do phléadáil do-inghlacthachta an Choimisiúin.

182    Maidir le substaint argóint an iarratasóra, ní mór a mheabhrú gur bunús dlí é Airteagal 19(1) de Rialachán Uimh. 1/2003 lena dtugtar de chumhacht don Choimisiún agallamh a chur ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach i gcomhthéacs imscrúdú (breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún, C‑413/14 P, EU:C:2017:632, mír 86).

183    Is léir ó fhoclaíocht Airteagal 19(1) de Rialachán Uimh. 1/2003 go bhfuil feidhm ag an bhforáil sin maidir le haon agallamh a sheolfar chun faisnéis a bhailiú a bhaineann le hábhar imscrúdaithe. Níl aon rud i bhfoclaíocht na forála sin ná sa chuspóir a shaothraíonn sé a thabharfadh le tuiscint go raibh sé beartaithe ag an reachtóir agallaimh áirithe de na hagallaimh sin a eisiamh ó raon feidhme na forála sin (breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún, C‑413/14 P, EU:C:2017:632, míreanna 84 agus 87).

184    Mar is léir ó na doiciméid ullmhúcháin do Rialachán Uimh. 1/2003, tagraíonn an bunús dlí sin don fhíoras simplí maidir le héisteacht le duine nádúrtha nó dlítheanach chun faisnéis a bhailiú (féach an Togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 [CE] agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 1017/68, (CEE) Uimh. 2988/74, (CEE) Uimh. 4056/86 agus (CEE) Uimh. 3975/87 (COM(2000) 582 final) (IO 2000 C 365 E, lch. 284)).

185    Dá bhrí sin, toisc go bhféadfadh na hagallaimh a rinne an Coimisiún le tríú páirtithe a bheith i bhfoirm cruinnithe nó glaonna comhdhála, ní féidir iad a thabhairt lasmuigh de raon feidhme Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1/2003, nuair a dhéantar iad chun faisnéis a bhailiú a bhaineann le hábhar imscrúdaithe.

186    Sa chás seo, contrártha le moladh an Choimisiúin, léirítear le corpas fianaise comhsheasmhach gurbh é cuspóir an chruinnithe agus na nglaonna comhdhála i dtrácht faisnéis a bhailiú a bhaineann le hábhar an imscrúdaithe ar chúis le glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid.

187    Ar an gcéad dul síos, ó thaobh nós imeachta de, tionóladh an cruinniú agus na glaonna comhdhála i dtrácht tar éis don Choimisiún tús a chur leis an imscrúdú i mí Lúnasa 2014 (aithris 8 den chinneadh atá faoi chonspóid) agus, go háirithe, tar éis do na chéad iarratais ar fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 6 agus 15 thuas a bheith seolta. Ina theannta sin, tagraíonn na nótaí a dhréachtaigh an Coimisiún go léir don nós imeachta riaracháin as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, eadhon ‘AT.40220’. Ina theannta sin, tá an tagairt chéanna sna malartuithe a bhí ag an gCoimisiún leis an iarratasóir nuair a chuir sé na nótaí sin ar aghaidh chuige (mír 171 thuas) agus tagraíonn siad go sainráite do ‘chruinnithe nó d’agallaimh a tharla i gcomhthéacs Chás AT.40220’.

188    Ar an dara dul síos, ón taobh substaintiúil de, léirítear leis na nótaí sin go léir gur bhain an cruinniú agus na glaonna comhdhála atá i gceist leis an margadh d’fhoirne sliseanna, le seasamh an iarratasóra ar an margadh sin nó le cleachtais ghnó áirithe an iarratasóra ar an margadh sin. Go sonrach, luaitear sa nóta den chruinniú le [faoi rún] an [faoi rún] gur bhain sé le margadh d’fhoirne sliseanna agus le seasamh an iarratasóra ar an margadh sin; tugtar le tuiscint leis an nóta den ghlao comhdhála le [faoi rún] an [faoi rún] gur bhain sé le cleachtais ghnó áirithe de chuid an iarratasóra san earnáil foirne sliseanna agus nár soláthraíodh aon fhianaise nithiúil le linn an ghlao comhdhála; tugtar le tuiscint leis an nóta den ghlao comhdhála le [faoi rún] an [faoi rún] gur bhain sé leis an margadh d’fhoirne sliseanna agus cleachtais gnó áirithe de chuid an iarratasóra; agus tugtar le fios leis an nóta den ghlao comhdhála le [faoi rún] an [faoi rún] gur bhain sé leis an margadh d’fhoirne sliseanna.

189    Ó tharla gur tionóladh an cruinniú le [faoi rún] agus glaonna na comhdhála le [faoi rún], [faoi rún] agus [faoi rún] chun críocha faisnéis a bhailiú a bhaineann le hábhar an imscrúdaithe, maidir leis an margadh ábhartha, le seasamh an iarratasóra ar an margadh sin nó le cleachtais ghnó an iarratasóra ar an margadh sin, tháinig siad faoi raon feidhme Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1/2003.

190    Nuair a sheolann sé agallamh, de bhun Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1/2003, chun faisnéis a bhailiú a bhaineann le hábhar imscrúdaithe, ceanglaítear ar an gCoimisiún agallamh den sórt sin a thaifeadadh i bhfoirm a roghnaíonn sé féin. Chun na críche sin, ní leor don Choimisiún achoimre ghearr a dhéanamh ar na hábhair ar díríodh orthu le linn an agallaimh. Ní mór don Choimisiún a bheith in ann tásc a sholáthar maidir leis an méid a pléadh le linn an agallaimh, go háirithe cineál na faisnéise a cuireadh ar fáil le linn an agallaimh ar na hábhair ar díríodh orthu (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún, C‑413/14 P, EU:C:2017:632, míreanna 91 agus 92).

191    Sa chás seo, níl sna nótaí a sheol an Coimisiún chuig an iarratasóir tar éis don chinneadh atá faoi chonspóid a bheith glactha ach léiriú an-ghinearálta ina gcuirtear ar fáil, i dteannta le dáta agus ainmneacha na rannpháirtithe – teoranta, go bunúsach, do dhá nó trí líne – na hábhair a ndírítear orthu, eadhon an margadh d’fhoirne sliseanna, suíomh an iarratasóra ar an margadh sin nó cleachtais ghnó an iarratasóra ar an margadh sin. I gcodarsnacht leis sin, ní thugtar aon léiriú sna nótaí sin ar an ábhar den phlé a reáchtáladh le linn na n-agallamh, go háirithe maidir le cineál na faisnéise a cuireadh ar fáil ar na hábhair ar díríodh orthu, mar a cheanglaítear leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 190 thuas.

192    Ina theannta sin, tá an fhíric go bhfuil na nótaí sin neamhiomlán léirithe go soiléir ag dhá chúinse a leag an t-iarratasóir béim orthu.

193    Ar an gcéad dul síos, sa nóta a bhaineann leis an nglao comhdhála le [faoi rún] luaitear gur thug an tríú páirtí sin a ‘thuairimí’ maidir le ‘cleachtais ghnó áirithe [an t-iarratasóir] i réimse na foirne sliseanna bunbhanda’ agus nár cuireadh ‘fianaise nithiúil’ ar fáil. Mar a thugann an t-iarratasóir le fios i gceart, ardaítear ceisteanna i nóta den sórt sin maidir le hábhar an phlé a tharla idir an Coimisiún agus an tríú páirtí, an fhaisnéis a chuir an tríú páirtí sin ar fáil agus easpa ‘fianaise’ – thairis sin fianaise ‘nithiúil’ – maidir leis an bhfaisnéis sin. Mar sin le nóta den sórt sin, ní féidir an fhaisnéis a chuir [faoi rún] in iúl don Choimisiún a thuiscint gan fianaise nithiúil a sholáthar agus dá bhrí sin fágtar nach bhfuil a fhios ag an iarratasóir cén faisnéis a pléadh le linn an ghlao comhdhála sin agus, go háirithe, an fhéidearthacht go bhféadfadh gur luaigh an tríú páirtí sin, eadhon [faoi rún], fianaise inchoiritheach nó fiú fianaise shaorthach, gan aon fhianaise nithiúil a sholáthar.

194    Ar an dara dul síos, sa nóta a bhaineann leis an gcruinniú le [faoi rún] sonraítear gur bhain an cruinniú sin leis an margadh d’fhoirne sliseanna agus le seasamh an iarratasóra ar an margadh sin. Seachas an fhíric le cur síos den sórt sin nach féidir an fhaisnéis a chuir [faoi rún] ar aghaidh chuig an gCoimisiún ina leith sin a thuiscint, ní mór a lua nach sonraítear sa nóta sin, ag an gcruinniú sin, gur thug an tríú páirtí sin cur i láthair ó bhéal ná, a fortiori, ábhar an chur i láthair sin. Chuir an Coimisiún cóip den chur i láthair sin ar aghaidh, áfach, chuig an iarratasóir tar éis don chinneadh atá faoi chonspóid bheith glactha, an 2 Márta 2018, mar fhreagra ar iarratas an iarratasóra an 25 Eanáir 2018. Is léir ón gcur i láthair 10 leathanach sin gur bhain sé go sonrach leis an imscrúdú ba chúis le glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid (mar is léir ó leathanach clúdaigh an chur i láthair sin, inar luadh ainm agus uimhir na n-imeachtaí sin), agus gur bhain leathanach amháin le ceannasacht an iarratasóra ar mhargadh na bhfoirne sliseanna agus bhí cúig leathanach tiomanta do [faoi rún]. Léiríonn an easpa tagartha do chur i láthair den sórt sin nó dá ábhar sa nóta arna dhréachtú ag an gCoimisiún a easpa beachtais.

195    Thairis sin, i dteannta a bheith neamhiomlán, cé go léirítear leis an bhfianaise a cuireadh isteach gur dhréachtaigh an Coimisiún na doiciméid ina raibh na nótaí sin ar dhátaí na nglaonna comhdhála nó go gairid i ndiaidh dháta an chruinnithe faoi seach, léirítear freisin nach raibh na nótaí sin iomlán ar na dátaí sin agus gur forlíonadh iad nó gur cuireadh bailchríoch orthu ina dhiaidh sin, tar éis don chinneadh atá faoi chonspóid a bheith glactha. Tar éis don iarratasóir a iarraidh ar an gCoimisiún an 25 Eanáir 2018 agus mar sin timpeall trí bliana tar éis dháta na n-agallamh sin, chuaigh an Coimisiún i dteagmháil le [faoi rún], ar dtús, chun cóip a fháil den chur i láthair a rinne an tríú páirtí sin ag an gcruinniú agus, ar an dara dul síos, chuaigh sé i dteagmháil le [faoi rún], [faoi rún] agus [faoi rún] chun an t-ábhar sna nótaí a d’ullmhaigh sé de na glaonna comhdhála a dheimhniú, tar éis do [faoi rún] fiú leasuithe ar an nóta a mholadh, ar ghlac an Coimisiún leo. Is léir, ar an ábhar sin, ón bhfianaise a cuireadh isteach nach raibh an soiléiriú ‘nár tugadh aon fhianaise nithiúil ar aird le linn an ghlao [chomhdhála]’ i leagan tosaigh den nóta agus gur cuireadh isteach é tar éis an mhalartaithe sin idir an Coimisiún agus [faoi rún].

196    Dá bhrí sin, contrártha d’Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1/2003, níor thaifead an Coimisiún na hagallaimh a rinne sé le [faoi rún], [faoi rún], [faoi rún] agus [faoi rún] i gceart.

197    Thairis sin, a mhéid a áitíonn an t-iarratasóir freisin gur theip ar an gCoimisiún nótaí na n-agallamh i dtrácht a chur chuige, ar dtús, ní mór a thabhairt faoi deara, mar a mhínigh an Coimisiún os comhair na Cúirte go ndearnadh nóta an chruinnithe le [faoi rún] a thaifeadadh sa cháschomhad an [faoi rún] mar dhoiciméad neamh-inrochtana, is é sin le rá mar dhoiciméad inmheánach de chuid an Choimisiúin, agus gan cóip den chur i láthair a rinne [faoi rún] ag an gcruinniú sin. Ar an dara dul síos, níor taifeadadh nótaí na comhdhála le [faoi rún], [faoi rún] agus [faoi rún] sa cháschomhad.

198    Is cuma cad iad na cúiseanna atá leis sin, aontaíonn na páirtithe mar sin nach bhfuair an t-iarratasóir aon fhaisnéis gur tionóladh na hagallaimh sin agus faoi raon feidhme na n-agallamh sin le linn an nós imeachta riaracháin ba bhun le glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid. Ní luaitear na hagallaimh sin ach an oiread sa tuairisc ar an nós imeachta riaracháin atá sa chinneadh atá faoi chonspóid.

199    Chuige sin, is leor a thabhairt faoi deara, cé go bhfuil sé ceadaithe go deimhin fianaise a eisiamh ón nós imeachta riaracháin, ar fianaise í nach bhfuil aon bhaint aici leis na líomhaintí fíorais agus dlí sa ráiteas agóidí agus nach bhfuil aon bhaint aici leis an imscrúdú, ní hé an Coimisiún amháin a chinnfidh cén fhianaise atá úsáideach chun an gnóthas lena mbaineann a chosaint (breithiúnais an 7 Eanáir 2004, Aalborg Portland agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑204/00 P, C‑205/00 P, C‑211/00 P, C‑213/00 P, C‑217/00 P agus C‑219/00 P, EU:C:2004:6, mír 126, agus an 16 Meitheamh 2011, FMC Foret v an Coimisiún, T‑191/06, EU:T:2011:277, mír 306). Ón taobh sin de, ní mór a thabhairt faoi deara nach féidir taifead na n-agallamh a rinneadh chun críocha faisnéis a bhailiú faoi ábhar an imscrúdaithe, a thagann, dá bhrí sin, faoi raon feidhme Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1/2003, amhail na hagallaimh atá i gceist, a fhágáil ar lár sa cháschomhad.

200    Cé go n-áitíonn an Coimisiún gur tharla an mhainneachtain an fhaisnéis sin nó na nótaí sin a chur in iúl don iarratasóir ‘de thaisme’ agus gur sheol sé an fhaisnéis sin a luaithe a tháinig sé ar an eolas faoi tar éis iarraidh an iarratasóra an 25 Eanáir 2018, ní fhéadfaí an earráid nós imeachta a rinne an Coimisiún a leigheas le himthosca den sórt sin, tar éis don chinneadh atá faoi chonspóid a bheith glactha. Ar an gcéad dul síos, ní leigheas iad na nótaí a chuir an Coimisiún ar aghaidh chuig an iarratasóir, i bhfianaise a neamhiomláine, ar an mainneachtain taifead a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán Uimh. 1/2003, ós rud é nach léiríonn siad an fhaisnéis a bailíodh le linn na n-agallamh i gceist. Ar an dara dul síos, ní mór a chur in iúl nach gá le nochtadh déanach, tar éis cinneadh a ghlacadh, ar ábhar áirithe ar cheart dó a bheith curtha san áireamh sa cháschomhad go gcuirfí an gnóthas ar ais sa staid ina mbeadh sé dá mba rud é gurbh fhéidir leis brath ar an ábhar sin chun a bharúlacha i scríbhinn agus ó bhéal a thíolacadh don Choimisiún (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2011, Solvay v an Coimisiún, C‑109/10 P, EU:C:2011:686, mír 56).

201    Leanann sé ón méid thuas go léir, maidir leis an gcruinniú le [faoi rún] agus glaonna comhdhála le [faoi rún], [faoi rún] agus [faoi rún], gur theip ar an gCoimisiún na hoibleagáidí a chomhlíonadh maidir le taifead a dhéanamh a eascraíonn ó Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1/2003 agus, dá bhrí sin, taifead de na hagallaimh sin a áireamh sa cháschomhad.

(3)    Sárú ar chearta na cosanta

202    Maidir leis na tátail atá le baint ón gcinneadh a rinneadh i mír 201 thuasluaite, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 160 agus 161 thuasluaite, is gá a chinneadh an bhfuil, i bhfianaise imthosca sonracha fíorasacha agus dlíthiúla den chás seo, sé léirithe ag an iarratasóir go leordhóthanach gurbh fhearr a bheadh sé in ann a chosaint a áirithiú mura mbeadh aon earráid nós imeachta ann.

203    Is iomchuí tús a chur lena shonrú, i bhfianaise chéannacht na dtríú páirtithe i gceist, ábhar na nótaí a thug an Coimisiún ar aird agus ábhar an chinnidh atá faoi chonspóid, chuir an t-iarratasóir béim ar an bpointe go bhféadfaí gur sholáthair na tríú páirtithe sin faisnéis a d’fhéadfadh cabhrú lena chosaint, go háirithe maidir le sainiú an mhargaidh ábhartha, cumhacht an mhargaidh agus ceannasacht, iarmhairtí foriaimh agus éifeachtúlachtaí. Chuige sin, chuir an t-iarratasóir iarscríbhinn a ghabhann leis an iarratas (Iarscríbhinn A.9.7) faoi bhráid na Cúirte a bhí beartaithe chun na saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith pléite le linn na n-agallamh sin a shoiléiriú agus conas a d’fhéadfadh an t-ábhar sin a bheith ina chuidiú lena chosaint. Le linn don Choimisiún agóid a dhéanamh ar dtús faoi inghlacthacht na hiarscríbhinne sin, chuir an Coimisiún i gcoinne an ábhair a bhí inti, in iarscríbhinn a ghabhann leis an gcosaint (Iarscríbhinn B.5). Lean na páirtithe lena gcuid malartuithe ar an ábhar sin ansin in iarscríbhinn a ghabhann leis an bhfreagra (Iarscríbhinn C.12) agus iarscríbhinn leis an athfhreagra (Iarscríbhinn D.9).

204    Ar an gcéad dul síos, ba cheart a mheabhrú go gcáintear an t-iarratasóir sa chinneadh atá faoi chonspóid as dreasachtaí Apple chun aistriú chuig iomaitheoirí ar mhargadh fhoirne sliseanna LTE a laghdú, trína n-íocaíochtaí eisiacha (Codanna 11.4.1 agus 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid). Chuige sin, sa chinneadh atá faoi chonspóid, tagraíonn an Coimisiún go sainráite do [faoi rún] agus luann sé [faoi rún] freisin.

205    Dá réir sin, ba iad na tríú páirtithe ar éist an Coimisiún leo sna hagallaimh i gceist ná beirt iomaitheoirí de chuid an iarratasóra a líomhnaítear gur foriadh iad de bharr iompar an iarratasóra ([faoi rún] agus [faoi rún]) agus dhá OEM a fuair soláthairtí foirne sliseanna LTE, is é sin le rá, iomaitheoirí chustaiméir an iarratasóra a fuair na híocaíochtaí lena mbaineann ([faoi rún] agus [faoi rún]).

206    Ar an dara dul síos, ar thaobh amháin, tá comhthuiscint ann nach bhfuil aon tásc beacht ag an iarratasóir – cosúil leis an gCúirt – maidir leis an bhfaisnéis a bhailigh an Coimisiún le linn na n-agallamh atá i gceist, cé gur bhain na hagallaimh sin le hábhar an imscrúdaithe a bhí mar chúis leis an gcinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh agus, mar atá díreach ráite, go raibh iomaitheoirí an iarratasóra i measc na dtríú páirtithe i gceist, a líomhnaítear gur foriadh iad de bharr iompar an iarratasóra, lena n-áirítear, go háirithe, [faoi rún], eadhon [faoi rún].

207    Go deimhin, ní fhágann aon cheann de na doiciméid sa cháschomhad a bhaineann leis na hagallaimh sin gur féidir an fhaisnéis bheacht a bhaineann le hábhar an imscrúdaithe a chuir na tríú páirtithe i gceist ar fáil le linn na n-agallamh sin a athchruthú le cinnteacht nó a mhéid a d’fhéadfadh a n-ábhar a bheith ina fhianaise shaorthach, inchoiritheach nó neodrach fiú.

208    Chuige sin, maidir leis na glaonna comhdhála le [faoi rún], [faoi rún] agus [faoi rún], is ábhar tuairimíochta é a áitiú, mar a dhéanann an Coimisiún, go bhfuil sé ‘inchreidte’ go raibh an fhaisnéis a chuir na tríú páirtithe sin ar fáil inchomparáide leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil ina gcuid freagraí ar iarrataí áirithe ar fhaisnéis agus nach raibh aon ábhar a d’fhéadfadh a bheith saorthach san fhaisnéis dá bhrí sin. Ar an gcéad dul síos, níl aon tagairt i nótaí na n-agallamh atá i gceist d’aon doiciméad eile, lena n-áirítear na freagraí a tugadh ar iarrataí ar fhaisnéis. Mar sin ní fhéadtar a n-ábhar a athchruthú ó fhoinsí eile sa cháschomhad. Ansin, leis an bhfíric gur dheimhnigh na tríú páirtithe sin, timpeall trí bliana tar éis do na hagallaimh sin a bheith ar siúl agus tar éis don chinneadh atá faoi chonspóid a bheith glactha, don Choimisiún trí ríomhphost, tar éis a iarrata agus d’fhonn freagra a thabhairt ar iarratas an iarratasóra an 25 Eanáir 2018, ‘[gur] léiríodh’ ina gcuid freagraí ar iarrataí áirithe ar fhaisnéis ábhar an phlé sin, ní féidir teacht ar aon chonclúid chinnte maidir le hábhar an phlé sin, go háirithe maidir le cineál beacht na faisnéise a cuireadh ar fáil maidir leis na hábhair a ndírítear orthu.

209    Maidir leis an gcruinniú le [faoi rún], contrártha lena bhfuil tugtha le tuiscint ag an gCoimisiún, ní chuirtear as an áireamh ar dhóigh ar bith gur pléadh saincheisteanna seachas na cinn a luaitear sa chur i láthair sin de bharr an chur i láthair a rinne an tríú páirtí sin ag an gcruinniú sin, ós rud é nach bhfuil an cur i láthair sin luaite i nótaí an chruinnithe agus, nach bpléitear na hábhair atá luaite sa nóta sin ach i leathanach amháin den chur i láthair. Ar aon nós, fiú dá bhféadfaí an cur i láthair ag [faoi rún] a mheas mar léiriú uileghabhálach ar ábhar an chruinnithe sin agus go bhféadfaí a chur as an áireamh go bhféadfadh an tríú páirtí sin faisnéis a bhaineann le cosaint an iarratasóra a sholáthar, ní dhéanfadh sé difear do na cinntí a rinneadh i leith na n-agallamh le [faoi rún], [faoi rún] agus [faoi rún].

210    Ar an taobh eile, áfach, i bhfianaise na n-imthosca dá dtagraítear i míreanna 204 agus 205 thuas, tá sé mar aidhm ag roinnt gnéithe a thíolacann an t-iarratasóir fianaise prima facie a sholáthar chun tacú lena argóint go bhfuil an fhaisnéis a d’fhéadfadh a bheith pléite ag an gCoimisiún agus [faoi rún], [faoi rún], [faoi rún] agus [faoi rún] le linn na n-agallamh i gceist a d’fhágfadh go mbeadh cumas níos fearr aige a chosaint a áirithiú.

211    Ar an gcéad dul síos, mar is léir ó na nótaí agus ón gcur i láthair a rinne an t-iarratasóir, tá comhthuiscint ann gur bhain na hagallaimh sin go léir, i gcomhthéacs an imscrúdaithe ar chúis le glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, leis an margadh d’fhoirne sliseanna, seasamh an iarratasóra ar an margadh sin nó cleachtais ghnó an iarratasóra ar an margadh sin. Go háirithe, tá sé an-soiléir ó nótaí de phéire de na hagallaimh sin, eadhon ón agallamh le [faoi rún] agus ón agallamh le [faoi rún], gur phléigh an Coimisiún agus na tríú páirtithe sin cleachtais ghnó an iarratasóra. Cé nach ndéantar tagairt i nótaí an dá agallamh eile do chleachtais ghnó an iarratasóra, is ar éigean go bhfuil sé inchreidte, le linn an agallaimh le [faoi rún] ar an lá céanna leis an agallamh le [faoi rún], nár fhéach an Coimisiún le faisnéis a fháil freisin maidir le cleachtais ghnó an iarratasóra a chumhdaítear lena imscrúdú ó cheann de na hiomaitheoirí ar líomhnaíodh go ndearnadh é a fhoriamh. Ina theannta sin, mar is léir ón gcur i láthair a chuir an Coimisiún ar aghaidh chuig an iarratasóir, bhain an cruinniú le [faoi rún] freisin le cleachtais ghnó an iarratasóra ar an margadh d’fhoirne sliseanna. Fiú dá mbeadh faisnéis curtha ar fáil ag an tríú páirtí sin maidir le [faoi rún], níl sé inchreidte ach an oiread nár fhéach an Coimisiún le faisnéis a fháil faoi chleachtais an iarratasóra a chumhdaítear lena imscrúdú.

212    Dá bhrí sin, in imthosca den sórt sin, mar a áitíonn an t-iarratasóir, ní mór a dhearbhú go bhféadfadh an fhaisnéis a fuair an Coimisiún ó na tríú páirtithe sin le linn na n-agallamh i gceist, agus go háirithe ó na hiomaitheoirí a líomhnaítear a bheith foriata, a bheith ábhartha dá chosaint.

213    Ansin, ar mhaithe le hiomláine, ba cheart a shonrú, sna táblaí atá in Iarscríbhinn A.9.7, ag féachaint d’inneachar an chinnidh atá faoi chonspóid agus d’imthosca sonracha an cháis seo, gur chuir an t-iarratasóir chun suntais an fhíric go bhféadfaí gur pléadh saincheisteanna sonracha áirithe idir an Coimisiún agus na tríú páirtithe i gceist.

214    I dtaca leis sin, mar réamhphointe, ní mór a thabhairt faoi deara, contrártha lena n-áitíonn an Coimisiún, nach féidir Iarscríbhinn A.9.7 a ghabhann leis an iarratas arna chur isteach ag an iarratasóir a mheas mar dho-ghlactha. Féachann sé le bunús scéimreach, trí tháblaí, a thabhairt do na hargóintí a chuirtear chun cinn san iarratas maidir le gach ceann de na hagallaimh i gceist trí thagairt a dhéanamh d’ábhar gach nóta. Ina theannta sin, le fairsinge na malartuithe a tharla ina leith sin idir na páirtithe, atá i dtáblaí a thugtar ar aird in Iarscríbhinn B.5 a ghabhann leis an gcosaint, in Iarscríbhinn C.12 a ghabhann leis an bhfreagra agus in Iarscríbhinn D.9 a ghabhann leis an athfhreagra, comhdhéanta de go leor leathanach, léirítear oiriúnacht táblaí den sórt sin atá leagtha amach sna hiarscríbhinní agus nach ndéantar a atáirgeadh i gcorp na bpríomhphléadálacha.

215    Sa chás seo, baineann an soiléiriú a sholáthair an t-iarratasóir le saincheisteanna áirithe a mheasann sé a bheith ábhartha dá chosaint.

216    Ar an gcéad dul síos, d’áitigh an t-iarratasóir go bhféadfadh baint a bheith ag an nglao comhdhála le [faoi rún], inter alia, le cumas [faoi rún] foirne sliseanna LTE a sholáthar do Apple le haghaidh ghutháin iPhone agus tháibléid iPad le linn na tréimhse lena mbaineann, na cúiseanna agus an ábharthacht atá le heaspa fhoirne sliseanna LTE neamhspleácha iomaíocha ó [faoi rún], cineál agus méid na n-infheistíochtaí a bheadh riachtanach chun ceanglais Apple a chomhlíonadh agus an chosaint chonarthach ghaolmhar agus [faoi rún], chomh maith leis an bhféidearthacht nach raibh aon agóid ag [faoi rún] i gcoinne na gcomhaontuithe lena mbaineann agus nach raibh aon ghearán ag [faoi rún], rud a bheadh saorthach. De réir an iarratasóra, a mhéid, de réir an chinnidh atá faoi chonspóid, bhí [faoi rún] [faoi rún], is léir go mbeadh aon fhaisnéis arna soláthar ag [faoi rún] ábhartha do chosaint an iarratasóra.

217    Ar an dara dul síos, d’áitigh an t-iarratasóir go bhféadfadh baint a bheith ag an nglao comhdhála le [faoi rún], inter alia, le buntáistí coibhneasta dá fhoirne sliseanna LTE agus iad siúd de [faoi rún] agus [faoi rún], le riachtanais Apple maidir lena sholáthraithe ionchasacha, le cineál agus méid na n-infheistíochtaí sonracha is gá do Apple agus le cosaint chonarthach agus dinimic an mhargaidh ghaolmhair agus leis na cúiseanna [faoi rún]. De réir an iarratasóra, a mhéid, de réir an chinnidh atá faoi chonspóid, a mheas Apple gur roghanna iomaíocha féideartha eile iad foirne sliseanna LTE [faoi rún] maidir le foirne sliseanna an iarratasóra do mhúnlaí áirithe iPad, ba léir go mbeadh aon tásc tugtha ag [faoi rún] ábhartha do chosaint an iarratasóra.

218    Ar an tríú dul síos, d’áitigh an t-iarratasóir go bhféadfadh baint a bheith ag an gcruinniú le [faoi rún] agus ag an nglao comhdhála le [faoi rún] go háirithe le riachtanais Apple i leith a sholáthraithe i gcomparáid le riachtanais OEManna eile agus le buntáistí coibhneasta dá fhoirne sliseanna agus foirne sliseanna a chuid iomaitheoirí.

219    D’fhonn argóintí an iarratasóra a bhréagnú, shonraigh an Coimisiún, in Iarscríbhinn B.5 a ghabhann leis an gcosaint, le freagraí [faoi rún] ar iarrataí ar fhaisnéis ó [faoi rún] agus ó [faoi rún] deimhnítear nach nochtfaí aon fhianaise shaorthach sa nóta den ghlao comhdhála le [faoi rún] maidir leis na saincheisteanna a luaigh an t-iarratasóir, ar an bhforas, sna freagraí sin, níor thug [faoi rún] aon fhaisnéis maidir leis na nithe sin. Chuir an Coimisiún argóint chomhionann maidir leis na saincheisteanna a d’ardaigh an t-iarratasóir maidir le [faoi rún], trína bheith ag brath ar fhreagraí an tríú páirtí sin ar iarrataí ar fhaisnéis ó [faoi rún] agus ó [faoi rún], maidir le saincheisteanna a luaigh an t-iarratasóir i ndáil le [faoi rún], trína bheith ag brath ar an gcur i láthair a rinne an tríú páirtí sin ag an gcruinniú i dtrácht, agus maidir le saincheisteanna a d’ardaigh an t-iarratasóir i ndáil le [faoi rún], trína bheith ag brath ar fhreagraí an tríú páirtí sin ar iarrataí ar fhaisnéis ó [faoi rún] agus ó [faoi rún] agus ó [faoi rún].

220    I dtús báire, a mhéid a thagraíonn an Coimisiún do na freagraí ó [faoi rún], ó [faoi rún] agus ó [faoi rún] ar na hiarrataí ar fhaisnéis agus an cur i láthair ag [faoi rún] d’fhonn a áitiú nach ndearna na tríú páirtithe sin tagairt d’fhianaise shaorthach, is leor a rá nach mór diúltú do na hargóintí sin ar na cúiseanna dá dtagraítear i míreanna 208 agus 209 thuas.

221    Mar sin féin, contrártha lena bhfuil tugtha le tuiscint ag an gCoimisiún, in imthosca sonracha an cháis seo, leis na sonraí a thug an t-iarratasóir in iarscríbhinn a ghabhann leis an iarratas, d’fhéadfaí a léiriú, i dtéarmaí nithiúla, go bhféadfadh baint a bheith ag na hagallaimh a rinne an Coimisiún leis na tríú páirtithe i dtrácht le hábhair amhail na hábhair dá dtagraítear i míreanna 216 go 218 thuas, a d’fhéadfadh, ag brath ar na himthosca, cabhrú leis an iarratasóir é féin a chosaint ar bhealach níos fearr i dtaca, go háirithe, le héifeachtaí agus bonn cirt lena iompar ar an margadh d’fhoirne sliseanna LTE.

222    Ar deireadh, agus ar mhaithe le tuilleadh iomláine, mar a luann an Coimisiún, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gCodanna 11.4.1 agus 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid, sa bhreis ar an bhfaisnéis a chuir an t-iarratasóir é féin ar fáil, gur thagair an Coimisiún d’fhaisnéis agus do dhoiciméid ó Apple amháin. I gcodarsnacht leis sin, sna codanna sin den chinneadh atá faoi chonspóid, níor thagair an Coimisiún d’aon fhianaise a chuir [faoi rún], [faoi rún], [faoi rún] agus [faoi rún] ar fáil, agus go háirithe ag na hiomaitheoirí a líomhain go ndearnadh iad a fhoriamh de bharr an iarratasóra. Ní luaitear faisnéis arna soláthar ag roinnt de na tríú páirtithe sin ([faoi rún], [faoi rún] agus [faoi rún]) ach i gCuid 11.4.4 den chinneadh atá faoi chonspóid (aithrisí 475, 476 agus 478) ach amháin chun tacú leis an argóint gur ‘custaiméir tarraingteach’ é Apple.

223    Mar sin féin, i gcúinsí sonracha an cháis seo, d’fhéadfadh tuairim dá leithéid, i gcúinsí sonracha an cháis seo, i bhfad ó bhac a chur ar éifeacht dhíobhálach ar chearta cosanta an iarratasóra, a léiriú go bhféadfadh eolas ar ábhar na n-agallamh i gceist, mar a áitíonnn an t-iarratasóir go bunúsach, a bheith ábhartha dá chosaint. Dá mbeadh an t-eolas ag an iarratasóir ar an bhfíric nár thug na tríú páirtithe sin, agus go háirithe ar iomaitheoirí an iarratasóra iad a líomhnaítear gur foriadh iad de bharr iompar an iarratasóra ([faoi rún] agus [faoi rún]), don Choimisiún aon fhianaise inchoiritheach a d’fhéadfadh tacú leis an éifeacht foriaimh a líomhain an Coimisiún nuair a éisteadh iad sa nós imeachta riaracháin as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, d’fhéadfaí go gcuirfeadh ar chumas an iarratasóra a iompar a chur i láthair ar bhealach eile agus bunús a thabhairt dá chosaint ar bhealach difriúil.

224    Leanann sé ón méid sin thuasluaite, ag féachaint d’imthosca sonracha fíorasacha agus dlíthiúla an cháis seo, a mhéid (i) nach ndearna an Coimisiún taifead i gceart ar na hagallaimh atá i gceist, agus (ii) nach bhfuair an t-iarratasóir ná a chuid ionadaithe aon fhaisnéis gur tionóladh na hagallaimh sin féin go dtí go raibh an cinneadh atá faoi chonspóid glactha agus sular tionscnaíodh an chaingean seo, gur sháraigh an Coimisiún cearta cosanta an iarratasóra. Tugtar le tuiscint leis an bhfianaise a chuir an t-iarratasóir isteach go bhféadfaí leis na hagallaimh le [faoi rún] agus [faoi rún], eadhon dhá iomaitheoir de chuid an iarratasóra ar líomhnaíodh gur foriadh iad, agus le [faoi rún] agus [faoi rún], eadhon dhá OEM a fuair soláthairtí d’fhoirne sliseanna LTE, faisnéis a bheadh riachtanach do chúrsa na n-imeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ábhartha don iarratasóir a sholáthar, trí chumas níos fearr a thabhairt dó a chosaint a áirithiú.

225    I bhfianaise an tsáraithe sin ar chearta cosanta an iarratasóra, ní mór seasamh leis an tríú cuid den chéad saincheist sa chaingean a mhéid a bhaineann leis an gcruinniú le [faoi rún] agus leis na glaonna comhdhála le [faoi rún], [faoi rún] agus [faoi rún] ar tugadh faisnéis ina leith don iarratasóir sular tionscnaíodh an chaingean seo.

226    I gcúinsí an cháis seo, is iomchuí leanúint den scrúdú ar an gcuid seo den tsaincheist dlí maidir leis an gcruinniú agus leis an nglao comhdhála le tríú páirtí ar soláthraíodh faisnéis ina leith don iarratasóir le linn na n-imeachtaí seo mar fhreagra ar argóintí bunaithe ar fhianaise bhreise an 26 Iúil 2019.

(b)    An glao comhdhála agus an cruinniú le tríú páirtí ar seoladh faisnéis ina leith chuig an iarratasóir le linn na n-imeachtaí seo mar fhreagra ar argóintí a bhí bunaithe ar fhianaise bhreise an 26 Iúil 2019

(1)    Achoimre ar an gcúlra

227    Is léir ón bhfianaise a cuireadh isteach, tar éis freagra ón gCoimisiún an 2 Márta 2018 ag seoladh chuig an iarratasóir, trí ríomhphost an 5 Márta 2018, faisnéis maidir leis an gcruinniú a bheith ann le [faoi rún] agus na glaonna comhdhála le [faoi rún], [faoi rún] agus [faoi rún], gur iarr an t-iarratasóir ar an gCoimisiún a dhearbhú nár bhuail sé go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil le [faoi rún]. Trí ríomhphost an 13 Márta 2018, d’athdhearbhaigh an Coimisiún, tar éis iarratas an iarratasóra an 25 Eanáir 2018, go raibh seiceáil déanta aige ar theip nó nár theip air de thaisme é a chur ar an eolas faoi ‘aon chruinniú nó agallamh’ a tharla ‘i gcomhthéacs Chás AT.40220’ agus go raibh faisnéis ina leith sin curtha ar fáil aige don iarratasóir ina ríomhphost an 2 Márta 2018 ar chúiseanna dea-riaracháin. Chuir an Coimisiún leis freisin, ós rud é gur glacadh an cinneadh atá faoi chonspóid, nach dtabharfadh sé aghaidh a thuilleadh ar iarrataí den chineál sin.

228    D’fhéadfaí a thabhairt le tuiscint sna freagraí a thug an Coimisiún don iarratasóir an 2 agus an 13 Márta 2018 gur fhaisnéis uileghabhálach a bhí san fhaisnéis a cuireadh ar fáil maidir leis na cruinnithe nó leis na glaonna comhdhála le tríú páirtithe agus, dá bhrí sin, nach raibh cruinnithe ná glaonna comhdhála ag an gCoimisiún le [faoi rún], ach le [faoi rún], [faoi rún], [faoi rún] agus [faoi rún] amháin.

229    San iarratas, áfach, d’áitigh an t-iarratasóir nach raibh aon léiriú sainráite aige lena ndeimhnítear nó lena mbréagnaítear go raibh aon chruinniú nó glaonna comhdhála idir an Coimisiún agus [faoi rún].

230    Níor dheimhnigh agus níor bhréagnaigh an Coimisiún sa chosaint nó san athfhreagra ar reáchtáladh nó nár reáchtáladh cruinnithe nó glaonna comhdhála den sórt sin.

231    Is tar éis don iarratasóir fianaise bhreise an 26 Iúil 2019 a thabhairt ar aird, ina bharúlacha an 30 Deireadh Fómhair 2019 ar an bhfianaise sin, gur thagair an Coimisiún do ghlao comhdhála le [faoi rún] an [faoi rún] agus cruinniú le [faoi rún] an [faoi rún], agus dúirt sé go sainráite nach raibh aon nóta ná taifead aige ar an nglao comhdhála ná ar an gcruinniú sin.

232    Mar a dúirt an Coimisiún, áfach, go raibh sé sásta tuilleadh faisnéise a sholáthar maidir le comhthéacs an ghlao comhdhála le [faoi rún] an [faoi rún] i gcomhthéacs bearta fiosrúcháin, ghlac an Chúirt bearta den sórt sin arb é is aidhm dóibh an fhaisnéis sin a fháil. Mar thoradh ar láimhseáil fhreagra an Choimisiúin ar na bearta fiosrúcháin sin, tharla na céimeanna nós imeachta atá leagtha amach i míreanna 78 go 92 thuasluaite.

233    Maidir leis sin, ar an gcéad dul síos, ní mór a thabhairt faoi deara gur tharla an glao comhdhála agus an cruinniú le [faoi rún] roimh an ráiteas agóidí agus tar éis na chéad iarrata ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 15 thuasluaite a bheith seolta. Ar an dara dul síos, mar is léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid, an tríú páirtí sin [faoi rún], agus thug sé freagra ar roinnt de na hiarrataí faisnéise sin.

234    Mar sin féin, bhí seasamh ar leith ag [faoi rún] i gcomhthéacs an chinnidh atá faoi chonspóid. Go deimhin, léiríonn roinnt fachtóirí an tábhacht a bhaineann leis an tríú páirtí i loighic an chinnidh atá faoi chonspóid: [faoi rún]. Ina theannta sin, ó thaobh nós imeachta de, tá an tríú páirtí sin [faoi rún].

(2)    An raibh earráid nós imeachta ann

235    Tá sé mar aidhm ag na hargóintí a chuir an t-iarratasóir ar aghaidh a áitiú gur theip ar an gCoimisiún a oibleagáidí a chomhlíonadh chun an t-iarratasóir a chur ar an eolas faoin nglao comhdhála sin agus faoin gcruinniú sin agus nótaí a ghlacadh ina dtaobh.

236    D’áitigh an Coimisiún, nuair nach raibh an glao comhdhála agus an cruinniú sin deimhnithe fós (ag céim na cosanta agus an athfhreagra), nár léirigh an t-iarratasóir ábharthacht na faisnéise sin. Ina dhiaidh sin, tar éis dó a admháil gur tionóladh iad (ag céim na mbarúlacha ar fhianaise bhreise an 26 Iúil 2019), d’áitigh an Coimisiún, ar an gcéad dul síos, nár léirigh an t-iarratasóir go raibh an t-easnamh aiféalach de nótaí ón nglao comhdhála ó [faoi rún] chun a aimhleasa agus, sa dara háit, gur bhain an cruinniú de [faoi rún] le hábhair ghinearálta seachas le Cás AT.40220.

237    Ag an tús, maidir le nótaí an ghlao comhdhála agus an chruinnithe i dtrácht, tá comhthuiscint ann, mar a d’admhaigh an Coimisiún ina bharúlacha ar fhianaise bhreise an 26 Iúil 2019, nár thug sé nóta ar bith de ghlao comhdhála an [faoi rún] nó de chruinniú an [faoi rún]. Admhaíonn an Coimisiún freisin gur teip aiféalach ar a thaobh nach bhfuil nótaí ar an nglao comhdhála an [faoi rún].

238    Ar aon nós, a mhéid is ceart argóintí an Choimisiúin a thuiscint mar thabhairt le tuiscint nach raibh an glao comhdhála ná an cruinniú i dtrácht faoi réir na n-oibleagáidí chun taifead a dhéanamh a eascraíonn as Airteagal 19(1) de Rialachán Uimh. 1/2003 a bhfuil an t-iarratasóir ag brath air san iarratas, is leor a lua gur léir ón bhfianaise a cuireadh isteach go raibh sé mar aidhm ag glao comhdhála an [faoi rún] agus ag cruinniú an [faoi rún] araon – sa bhreis ar an bhfíric gur tionóladh iad tar éis don Choimisiún tús a chur leis an imscrúdú i mí Lúnasa 2014 (aithris 8 ar an gcinneadh atá faoi chonspóid) agus, go háirithe, tar éis na chéad iarrataí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 15 thuas a bheith seolta – faisnéis a bhailiú a bhain le hábhar an imscrúdaithe a bhí mar chúis leis an gcinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh.

239    Maidir leis, sa chéad áit, an nglao comhdhála le [faoi rún] an [faoi rún], sa leagan neamhrúnda den doiciméad ina bhfuil iontráil dialainne leictreonaí a bhaineann leis an nglao comhdhála sin, arna thabhairt ar aird ag an gCoimisiún an 26 Aibreán 2021 mar fhreagra ar bheart fiosrúcháin an 12 Deireadh Fómhair 2020, tagraítear sa réimse ábhair d’ainm an nós imeachta riaracháin as ar tháinig glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, is é sin le rá ‘Sapphire’. Ina theannta sin, ina bharúlacha ar fhianaise bhreise an 26 Iúil 2019 agus sa leagan neamhrúnda de dhoiciméad an 19 Samhain 2020, mhínigh an Coimisiún féin go raibh sé mar aidhm ag an nglao comhdhála sin faisnéis a bhailiú maidir le sainiú an mhargaidh agus maidir le dinimic an mhargaidh lena mbaineann an nós imeachta sin, d’fhonn forbhreathnú bunúsach a fháil ar an margadh sin agus chun ceisteanna ábhartha a ullmhú le bheith curtha san áireamh sna hiarrataí ar fhaisnéis. Leanann sé go raibh sé mar aidhm ag an nglao comhdhála sin faisnéis a bhailiú a bhain le hábhar an imscrúdaithe as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid.

240    Sa dara háit, maidir leis an gcruinniú le [faoi rún] an [faoi rún], dúirt an Coimisiún go raibh sé beartaithe saincheisteanna ginearálta dhlí na hiomaíochta agus cleachtais phaitinne an iarratasóra a chumhdach. Deimhnítear leis an malartú ríomhphoist maidir le heagrú an chruinnithe sin a thug an Coimisiún ar aird mar fhreagra ar bhearta eagrúcháin nós imeachta an 8 Deireadh Fómhair 2020 gur iarr [faoi rún] go dtionólfaí an cruinniú sin chun ‘ceisteanna iomaíochta reatha agus saincheisteanna [maoine intleachtúla]’ a phlé. Mar sin féin, ní chuirtear leis an bhfaisnéis sin bac ar dhóigh ar bith ar an bhféidearthacht go bhféadfaí go ndearnadh plé ar ábhar an imscrúdaithe as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid. Mhínigh an Coimisiún féin, ag an gcruinniú sin, gur áitigh [faoi rún] gur cheart go gcuirfí cuid de chleachtais maoine intleachtúla an iarratasóra san áireamh i raon feidhme an imscrúdaithe sin. Dá bhrí sin, a mhéid a luaigh an tríú páirtí go sainráite raon feidhme an imscrúdaithe as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid chun é a leathnú, ní mór a chinneadh gur bhain an cruinniú sin freisin, go hiomlán nó go páirteach, le faisnéis a bhaineann le hábhar an imscrúdaithe sin.

241    Ina theannta sin, tá fianaise bhreise an 26 Iúil 2019 ag tacú leis an gcinneadh deiridh sin.

242    I gcur i láthair tosaigh ag [faoi rún] an [faoi rún] maidir leis an iarratasóir agus roimh chruinniú an [faoi rún], arna thabhairt ar aird ag an iarratasóir mar chuid d’fhianaise bhreise an 26 Iúil 2019, sonraítear go sainráite go raibh sé beartaithe ag [faoi rún] cruinniú a bheith aige leis an gCoimisiún an tseachtain de [faoi rún] maidir le himscrúduithe an Choimisiúin ar an iarratasóir maidir le, ar an gcéad dul síos, ‘lacáistí dílseachta’, eadhon na dreasachtaí a thairgtear do chustaiméirí chun foirne sliseanna an iarratasóra amháin a cheannach, agus, ar an dara dul síos, [faoi rún]. Dúradh sa chur i láthair freisin, maidir leis na ‘lacáistí dílseachta’ sin, go [faoi rún] agus ardaíodh an cheist [faoi rún]. Ina theannta sin, bhí leathanach sa chur i láthair a bhain le [faoi rún], ina sonraítear go [faoi rún].

243    Maidir leis an dara cur i láthair ó [faoi rún] an [faoi rún] maidir leis an iarratasóir agus tar éis chruinniú [faoi rún], arna thabhairt ar aird ag an iarratasóir mar chuid d’fhianaise bhreise an 26 Iúil 2019, sa chéad áit, tugadh nuashonrú ar imscrúdú an Choimisiúin, ag tabhairt faoi deara go raibh an ráiteas agóidí ar tí teacht agus gur bhuail an Coimisiún leis an iarratasóir an [faoi rún], gur bhain an t-imscrúdú sin le lacáistí dílseachta agus coinníollacha eisiachais, go raibh sé [faoi rún] agus go raibh sé [faoi rún]. Sa dara háit, tar éis cur síos a dhéanamh ar [faoi rún], luadh sa chur i láthair sin go raibh roinnt [faoi rún], eadhon [faoi rún], dá réir [faoi rún], agus gur dócha go ngearrfaí fíneáil shuntasach de thart ar USD 1 bhilliún .

244    Maidir leis na cur i láthair sin ag [faoi rún] a tháinig roimh agus tar éis an chruinnithe a bhí ag an tríú páirtí sin leis an gCoimisiún an [faoi rún] tacaítear leo go soiléir leis an gcinneadh gur phléigh an Coimisiún agus an tríú páirtí sin, ag an gcruinniú sin, faisnéis a bhaineann le hábhar an imscrúdaithe as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid.

245    Ó tharla go raibh sé mar aidhm ag an nglao comhdhála agus ag an gcruinniú le [faoi rún] faisnéis a bhailiú a bhaineann le hábhar an imscrúdaithe as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, maidir le, inter alia, dinimic an mhargaidh, raon feidhme an imscrúdaithe, agus fiú roinnt argóintí cosanta an iarratasóra, tháinig sé faoi raon feidhme Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1/2003.

246    Sa chás seo, mar a sonraíodh i mír 237 thuas, tá comhthuiscint ann nach ndearna an Coimisiún taifead de chineál ar bith ar na hagallaimh atá i gceist.

247    Ina theannta sin, is deacair mainneachtain den sórt sin a réiteach leis na doiciméid a thug an t-iarratasóir ar aird i gcomhthéacs fhianaise bhreise an 26 Iúil 2019, ina nochtar, ina leith féin, gur ullmhaigh ar dtús an tríú páirtí a bhuail leis an gCoimisiún agus a chinntigh ansin obair leantach inmheánach ar an gcruinniú an [faoi rún] (féach míreanna 242 agus 243 thuas), a thacaíonn lena thábhacht san imscrúdú as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid.

248    Dá bhrí sin, de shárú ar Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1/2003, níor thaifead an Coimisiún i gceart na hagallaimh a rinne sé le [faoi rún].

249    Thairis sin, a mhéid a éilíonn an t-iarratasóir freisin gur theip ar an gCoimisiún é a chur ar an eolas faoi na hagallaimh i dtrácht, ní mór a mheabhrú, le linn an nós imeachta riaracháin as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, nach ndearna an Coimisiún tagairt iarbhír do na hagallaimh a raibh aige le [faoi rún]. Mar is léir ó mhír 199 thuas, ní féidir leis an gCoimisiún mainneachtain taifead d’agallaimh amhail na cinn a rinne sé le [faoi rún] a chur sa cháschomhad.

250    Ina theannta sin, ní féidir an sárú sin a leigheas leis an bhfíric gur sholáthair an Coimisiún faisnéis áirithe maidir leis na hagallaimh a rinne sé le [faoi rún] le linn na n-imeachtaí seo. Tá an scrúdú a dhéanann an Chúirt teoranta d’athbhreithniú ar na saincheisteanna dlí a cuireadh ar aghaidh, níl sé d’aidhm ná d’éifeacht aige teacht in ionad an imscrúdaithe iomláin ar an gcás i gcomhthéacs nós imeachta riaracháin (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Deireadh Fómhair 2011, Solvay v an Coimisiún, C‑109/10 P, EU:C:2011:686, mír 56). Ina theannta sin, ar an gcéad dul síos, sna himeachtaí seo, níl aon taifead curtha ar fáil ag an gCoimisiún lena léirítear an fhaisnéis a bailíodh le linn na n-agallamh atá i gceist. Ar an dara dul síos, mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 200 thuas, leis an nochtadh faoi mhoill d’ábhar áirithe ar cheart a bheith curtha san áireamh sa cháschomhad, ní chuirfear an gnóthas, a thionscain caingean i gcoinne cinneadh ón gCoimisiún, ar ais sa staid ina mbeadh sé dá mbeadh sé de chumas air brath ar an ábhar sin chun a bharúlacha i scríbhinn agus ó bhéal a thíolacadh don institiúid sin.

251    Leanann sé ón méid thuas go léir, maidir leis an nglao comhdhála agus leis an gcruinniú le [faoi rún], gur theip ar an gCoimisiún a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le taifead a dhéanamh faoi Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1/2003 agus, dá bhrí sin, taifead de na hagallaimh sin a áireamh sa cháschomhad.

(3)    Sárú ar chearta na cosanta

252    Maidir leis an méid atá le tuiscint ón gcinneadh a rinneadh i mír 251 thuasluaite, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 160 agus 161 thuasluaite, is gá a chinneadh an bhfuil, i bhfianaise imthosca sonracha fíorasacha agus dlíthiúla an cháis seo, sé léirithe ag an iarratasóir go leordhóthanach gurbh fhearr a bheadh sé in ann a chosaint a áirithiú mura mbeadh aon earráid nós imeachta ann.

253    Chuige sin, ba cheart a thabhairt faoi deara i dtús báire, i bhfianaise chéannacht an tríú páirtí sin agus ábhar an chinnidh atá faoi chonspóid, gur luaigh an t-iarratasóir go mbeadh sé ábhartha go soiléir dá chosaint fios a bheith aige cad a pléadh idir an Coimisiún agus an tríú páirtí sin. Go háirithe, chuir an t-iarratasóir béim ar an bhfíric go gcabhródh nótaí cuí na n-agallamh sin maidir le gnéithe éagsúla dá chosaint, agus sholáthair sé sonraí breise ina leith sin in Iarscríbhinn A.9.7 a ghabhann leis an iarratas. Dar leis an iarratasóir, ní hionann go raibh an tríú páirtí sin naimhdeach ina leith agus gur féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh sé faisnéis a sholáthar a bhain le cosaint an iarratasóra, toisc go bhféadfadh an fhaisnéis sin a bheith ina faisnéis shaorthach nó toisc go bhféadfadh sé a bheith ina faisnéis inchoiritheach a bhí neamhiomlán nó mícheart.

254    Ar an gcéad dul síos, ba cheart a mheabhrú go gcáintear an t-iarratasóir sa chinneadh atá faoi chonspóid as dreasachtaí Apple chun aistriú chuig iomaitheoirí ar mhargadh na bhfoirne sliseanna LTE a laghdú (mír 204 thuas).

255    Dá réir sin, d’éist an Coimisiún an tríú páirtí i gcomhthéacs an dá agallamh atá i gceist [faoi rún]. Ina theannta sin, ó thaobh nós imeachta de, tá an tríú páirtí sin [faoi rún].

256    Ar an dara dul síos, ar thaobh amháin, tá comhthuiscint ann nach bhfuil aon tásc beacht ag an iarratasóir – cosúil leis an gCúirt – maidir leis an bhfaisnéis a bhailigh an Coimisiún le linn na n-agallamh atá i gceist, cé gur bhain na hagallaimh sin le hábhar an imscrúdaithe as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid agus, mar atá díreach ráite, go raibh an tríú páirtí i gceist [faoi rún].

257    Ní fhágann aon cheann de na doiciméid sa cháschomhad a bhaineann leis na hagallaimh sin gur féidir an fhaisnéis a bhaineann le hábhar an imscrúdaithe a chuir an tríú páirtí i gceist ar fáil le linn na n-agallamh sin a athchruthú le cinnteacht nó a mhéid a d’fhéadfadh a n-ábhar a bheith ina fhianaise shaorthach, inchoiritheach nó neodrach.

258    I ndáil leis sin, níl in argóintí an Choimisiúin – maidir leis an nglao comhdhála [faoi rún], ar dtús, nach bhfuil sé ‘sochreidte’ go bhféadfadh [faoi rún] fianaise shaorthach a thabhairt agus, ar an dara dul síos, go bhfuil sé ‘inchreidte’ go mbeadh na hábhair ar díríodh orthu le linn an ghlao comhdhála sin le fáil i bhfreagraí [faoi rún] ar na hiarrataí ar fhaisnéis – ach argóintí amhantracha, ós rud é go mbraitheann an Coimisiún ar thoimhdí glana agus nach raibh sé de chumas air ábhar na faisnéise a thug [faoi rún] le linn an agallaimh sin a leagan amach go beacht.

259    Ní fhéadtar ach an oiread go n-éireodh le hargóint an Choimisiúin nár iarr an t-iarratasóir ar an gCúirt éisteacht le fostaithe de chuid [faoi rún] a ghlac páirt sa ghlao comhdhála sin, agus nach ndearna teagmháil dhíreach leis na fostaithe sin chun a dhearbhú cibé ar thug nó nár thug siad fianaise shaorthach. Seachas an fíoras gur tháinig an t-iarratasóir ar an eolas faoi ábharthacht an ghlao comhdhála sin ag céim an-déanach sna himeachtaí seo agus, thairis sin, nár shonraigh an Coimisiún céannacht na bhfostaithe ná na n-ionadaithe de [faoi rún] a ghlac páirt sa ghlao sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, in aon chás, nach faoin iarratasóir atá sé – ná, fiú amháin faoin gCúirt – agallaimh a dhéanamh le tríú páirtí (nó lena fhostaithe nó lena ionadaithe) ar éist an Coimisiún leo le linn imscrúdaithe d’fhonn an fhaisnéis a cuireadh ar fáil don Choimisiún a shuíomh, tar éis na hócáide, an fhaisnéis a cuireadh ar fáil don Choimisiún mar chúiteamh ar mhainneachtain an Choimisiúin taifead a dhéanamh, ós rud é gur faoin gCoimisiún atá sé na hoibleagáidí a eascraíonn as Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1/2003 a chomhlíonadh. Thairis sin, sa chás seo, níl aon doiciméad ag an iarratasóir – ná ag an gCúirt – atá in ann an fhaisnéis a sholáthair an tríú páirtí i dtrácht a athchruthú, murab ionann agus an cás dá dtagraítear i míreanna 99 go 101 de bhreithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún (C‑413/14 P, EU:C:2017:632), a bhfuil an Coimisiún ag brath air, arb iad is sainairíonna é go bhfuair an gnóthas iarratasóra, sa chás sin, le linn an nós imeachta riaracháin, leagan neamhrúnda de nóta inmheánach arna dhréachtú ag an gCoimisiún maidir leis an agallamh i gceist agus doiciméad leantach ina raibh freagraí i scríbhinn ar cheisteanna ó bhéal a cuireadh le linn an agallaimh sin.

260    Ar an taobh eile, áfach, i bhfianaise na n-imthosca dá dtagraítear i míreanna 254 agus 255 thuas, tugtar le tuiscint le roinnt gnéithe a chuir an t-iarratasóir isteach chun fianaise prima facie a sholáthar chun tacú lena argóint go bhfuil an fhaisnéis a d’fhéadfadh an Coimisiún agus [faoi rún] a phlé le linn na n-agallamh i gceist a d’fhágfadh go mbeadh cumas níos fearr aige a chosaint a áirithiú.

261    Ar an gcéad dul síos, mar a luaigh an t-iarratasóir sa doiciméad inar tugadh fianaise bhreise an 26 Iúil 2019, d’fhéadfadh fios ar an bhfaisnéis arna soláthar ag [faoi rún] maidir le sainiú margaidh le linn an ghlao comhdhála ar [faoi rún] a bheith ábhartha dá chosaint. Mar a luadh i mír 239 thuas, mhínigh an Coimisiún féin go raibh sé mar aidhm ag an nglao comhdhála sin na bunchoincheapa maidir le sainiú an mhargaidh agus dinimic an mhargaidh a shoiléiriú chun go bhféadfaí ceisteanna ábhartha a chur san áireamh sa dara babhta d’iarrataí ar fhaisnéis. Leanann sé gur rannchuidiú [faoi rún], ag céim luath sna himeachtaí, le soiléiriú na mbunchoincheap is bun leis na ceisteanna a chuir an Coimisiún sna hiarrataí ar fhaisnéis a seoladh ina dhiaidh sin chuig an iarratasóir, chuig a chuid iomaitheoirí agus chuig a chuid chustaiméirí, gan a bheith indéanta an fhaisnéis a tugadh a shuíomh i ndáiríre chuige sin agus gan deis a bheith ag an iarratasóir a thuairim a thabhairt ar na bunchoincheapa a chuidigh [faoi rún] lena soiléiriú.

262    Ansin, sa doiciméad ina sonraítear fianaise bhreise an 26 Iúil 2019, d’áitigh an t-iarratasóir, go bunúsach, go raibh an Coimisiún agus [faoi rún] tar éis gnéithe rúnda áirithe den imscrúdú a phlé, maidir le [faoi rún]. Ina bharúlacha ar fhianaise bhreise an 26 Iúil 2019, chuir an Coimisiún in iúl nár nocht sé faisnéis rúnda do [faoi rún], go háirithe maidir le [faoi rún] luaite sa dara cur i láthair ag [faoi rún] an [faoi rún] (féach mír 243 thuas). Mar sin féin, beag beann ar rúndacht na faisnéise sin, ní mór a thabhairt faoi deara, a mhéid, le linn an agallaimh an [faoi rún] a tharla roimh an gcur i láthair sin, phléigh an Coimisiún agus [faoi rún] [faoi rún], d’fhéadfaí go mbeadh sé de chumas níos fearr ar an iarratasóir a áirithiú de bharr eolas a bheith aige ar an bhfaisnéis a bhailigh an Coimisiún le linn an phlé sin.

263    Ar deireadh, in Iarscríbhinn A.9.7 a ghabhann leis an iarratas, shonraigh an t-iarratasóir go bhféadfadh na nótaí a bhaineann le hagallaimh a d’fhéadfadh an Coimisiún a bheith aige le [faoi rún], a bheith cabhrach dá chosaint d’fhonn, ar an gcéad dul síos, a léiriú nár foriadh leis na comhaontuithe lena mbaineann iomaitheoirí atá chomh héifeachtúil céanna agus gur ghin siad éifeachtúlachtaí ar son an iomaíochais agus, ar an dara dul síos, d’fhonn faisnéis bhreise a fháil maidir le cinneadh an Choimisiúin, in éagmais na gcomhaontuithe lena mbaineann, [faoi rún].

264    Chuige sin, mar réamhphointe, a mhéid a fhéachann argóintí an Choimisiúin le hinghlacthacht na hiarscríbhinne sin a cheistiú a mhéid a bhaineann sé le hagallaimh le [faoi rún], ní féidir glacadh le hargóintí den sórt sin. Seachas an fíoras go bhfuil sé beartaithe ag an iarscríbhinn atá i gceist tacú leis na hargóintí a rinneadh san iarratas (míreanna 214 agus 253 thuas), ní mór é a mheabhrú, maidir leis na hagallaimh le [faoi rún], nach raibh aon fhaisnéis ag an iarratasóir, ag céim an iarratais, go raibh siad ann. Dá réir sin, in imthosca sonracha an cháis seo, ní féidir an t-iarratasóir a cháineadh as sonraí den sórt sin a thabhairt san iarscríbhinn a ghabhann leis an iarratas chun tacú lena argóintí maidir le cruinnithe agus glaonna comhdhála le tríú páirtithe.

265    Mar a mhaíonn an t-iarratasóir dá bhrí sin san iarscríbhinn sin, i bhfianaise chéannacht an tríú páirtí i dtrácht agus ábhar an chinnidh atá faoi chonspóid, d’fhéadfadh an Coimisiún, le linn na n-agallamh i dtrácht, faisnéis a fháil a bhaineann lena chosaint, maidir le buntáistí coibhneasta a fhoirne sliseanna agus foirne sliseanna a chuid iomaitheoirí, riachtanais Apple i gcomparáid le riachtanais OEManna eile nó fiú cumas Apple soláthairtí a fháil óna chuid iomaitheoirí le haghaidh gach ceann dá shamhlacha nó cuid dá shamhlacha. Ina theannta sin, in aithris 322 den chinneadh atá faoi chonspóid, rinne an Coimisiún an cinneadh, gan aon sonraí nó tagairtí a sholáthar, nach raibh aon rogha eile teicniúil ag Apple seachas an t-iarratasóir maidir lena riachtanais um fhoirne sliseanna LTE le haghaidh iPhone idir 2011 agus 2015.

266    Leanann sé ón méid sin thuasluaite, ag féachaint d’imthosca sonracha fíorasacha agus dlíthiúla an cháis seo, a mhéid (i) nár dhréachtaigh an Coimisiún nótaí ar na hagallaimh i gceist agus (ii) nach bhfuair an t-iarratasóir ná a chuid ionadaithe aon fhaisnéis gur tharla na hagallaimh sin go dtí na himeachtaí seo mar fhreagra ar na hargóintí a bhí bunaithe ar an fhianaise bhreise an 26 Iúil 2019, sháraigh an Coimisiún cearta cosanta an iarratasóra. Tugtar le tuiscint leis an bhfianaise a chuir an t-iarratasóir isteach go bhfuil na hagallaimh le [faoi rún], atá [faoi rún], go bhféadfaí go dtabharfadh faisnéis a bheadh riachtanach do chúrsa na n-imeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ábhartha don iarratasóir, trína chur lena chumas níos fearr a chosaint a áirithiú.

267    I bhfianaise an tsáraithe sin ar chearta cosanta an iarratasóra, ní mór seasamh leis an tríú cuid den chéad saincheist dlí sa chaingean a mhéid a bhaineann leis an nglao comhdhála agus leis an gcruinniú le [faoi rún], ar cuireadh faisnéis ina leith in iúl don iarratasóir le linn na n-imeachtaí seo mar fhreagra ar argóintí a bhí bunaithe ar fhianaise bhreise an 26 Iúil 2019.

268    In imthosca an cháis seo, is iomchuí leanúint den scrúdú ar an gcuid seo den tsaincheist dlí freisin maidir leis an gcruinniú le tríú páirtí ar cuireadh faisnéis ina leith in iúl don iarratasóir le linn na n-imeachtaí seo mar fhreagra ar bhearta fiosrúcháin an 12 Deireadh Fómhair 2020.

(c)    An cruinniú le tríú páirtí ar cuireadh faisnéis ina leith in iúl don iarratasóir le linn na n-imeachtaí seo mar fhreagra ar bhearta fiosrúcháin an 12 Deireadh Fómhair 2020

(1)    Achoimre ar an gcúlra

269    Is léir ón bhfianaise a cuireadh isteach, mar fhreagra ar bhearta fiosrúcháin an 12 Deireadh Fómhair 2020 ag féachaint do thuilleadh faisnéise a fháil ar chomhthéacs an ghlao comhdhála le [faoi rún] an [faoi rún], go ndearna an Coimisiún, sa leagan rúnda de dhoiciméad an 19 Samhain 2020, tagairt do chruinniú le faisnéiseoir tríú páirtí a d’iarr anaithnideacht, gur eagraíodh an cruinniú sin ar iarratas ón tríú páirtí sin agus gur tionóladh é sular chuir an Coimisiún tús leis an imscrúdú dá dtagraítear i mír 5 thuas agus, go háirithe, sular seoladh na hiarrataí ar fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 6 agus 15 thuas.

270    Thug an Coimisiún ar aird freisin os comhair na Cúirte iontráil dialainne leictreonaí ina dtaifeadtar dáta an chruinnithe sin agus dhá ríomhphost inmheánacha, a raibh, go bunúsach, ábhar comhionann iontu a bhain leis an gcruinniú sin (‘na ríomhphoist inmheánacha’).

271    Ní mór a mheabhrú gur díríodh aird ionadaithe an iarratasóra ar an leagan rúnda de dhoiciméad an 19 Samhain 2020, faoi réir gealltanas rúndachta a bheith tugtha ar dtús, lena n-áirítear maidir leis an iarratasóir, agus gur díríodh aird an iarratasóra ar leagan neamhrúnda de dhoiciméad an 19 Samhain 2020, a thug an Coimisiún ar aird an 26 Aibreán 2021.

272    Tar éis na doiciméid sin a thaisceadh, d’áitigh an t-iarratasóir, trína ionadaithe a shínigh an gealltanas rúndachta, go bunúsach gur ceanglaíodh ar an gCoimisiún nótaí an chruinnithe a bhí i gceist a ghlacadh agus iad a sholáthar dó, i gcomhréir le breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún (C‑413/14 P, EU:C:2017:632), ionas nach ndéanfar dochar do chearta cosanta an ghnóthais a bhí faoi imscrúdú. Sa chás seo, áfach, theip ar an gCoimisiún taifead a choinneáil ar an gcruinniú a bhí i gceist, cé go raibh dualgas seanbhunaithe ann nótaí a ghlacadh agus iad a sholáthar don ghnóthas lena mbaineann. Dúirt an t-iarratasóir, trína ionadaithe a shínigh an gealltanas rúndachta, go raibh an ceart rochtana ar an gcomhad mar chuid de na cearta nós imeachta bunúsacha agus de na ráthaíochtaí is gá chun a chearta cosanta a fheidhmiú i gceart agus, sa chás seo, bhain dochar dó de bharr gur theip ar an gCoimisiún nótaí a ghlacadh den chruinniú a bhí i gceist agus nár nocht sé gur tharla an cruinniú ach amháin nuair a bhí sé os comhair na Cúirte.

273    D’fhreagair an Coimisiún nach raibh feidhm ag an oibleagáid taifead a dhéanamh a leagtar síos in Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1/2003 maidir leis an gcruinniú sin.

(2)    An raibh earráid nós imeachta ann

274    Mar réamhphointe, is léir ón bhfianaise a cuireadh isteach agus tá comhthuiscint ann idir na páirtithe, le linn an nós imeachta riaracháin as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, nár chuir an Coimisiún an t-iarratasóir ná a chuid ionadaithe ar an eolas gur tharla an cruinniú sin ná, a fortiori, faoi ábhar an chruinnithe sin. Tá comhthuiscint ann freisin nár taifeadadh an iontráil dialainne leictreonaí maidir le dáta an chruinnithe ná na ríomhphoist inmheánacha a thug an Coimisiún os comhair na Cúirte sa cháschomhad.

275    D’áitigh an Coimisiún, áfach, ag an éisteacht gur tionóladh an cruinniú leis an bhfaisnéiseoir tríú páirtí sular ghlac an Coimisiún a chéad ghníomh imscrúdaithe agus, dá bhrí sin, nach raibh sé faoi réir na n-oibleagáidí taifead a dhéanamh a leagtar síos in Airteagal 19 de. Rialachán Uimh. 1/2003, arna dheimhniú le breithiúnais an 5 Deireadh Fómhair 2020, Casino, Guichard-Perrachon agus AMC v an Coimisiún (T‑249/17, faoi achomharc, EU:T:2020:458), agus an 5 Deireadh Fómhair 2020, Les Mousquetaires agus ITM Entreprises v an Coimisiún (T‑255/17, faoi achomharc, EU:T:2020:460).

276    Ar thaobh amháin, is fíor, mar a dúirt an Coimisiún ag an éisteacht, gur léir ó chásdlí na Cúirte dá dtagraítear i mír 275 thuas nach bhfuil feidhm ag an oibleagáid taifead a dhéanamh a leagtar síos in Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1/2003 maidir le hagallaimh roimh an gcéad ghníomh imscrúdaithe (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Deireadh Fómhair 2020, Casino, Guichard-Perrachon agus AMC v an Coimisiún, T‑249/17, faoi achomharc, EU:T:2020:458, míreanna 193 agus 195).

277    Ar an taobh eile, áfach, beag beann ar Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1/2003, ní mór a mheabhrú, mar a thugann an t-iarratasóir le fios trína bheith ag brath ar (i) oibleagáid ar an gCoimisiún na nótaí ar chóir dóibh a bheith glactha ag an gcruinniú sin a sholáthar dó agus (ii) a thábhachtaí atá an ceart rochtana ar an gcomhad chun a chearta cosanta a fheidhmiú (féach mír 272 thuas), go gceanglaítear ar an gCoimisiún na hoibleagáidí atá air maidir leis an gceart rochtana ar an gcáschomhad a chomhlíonadh (féach, mutatis mutandis, breithiúnais an 25 Deireadh Fómhair 2005, Groupe Danone v an Coimisiún, T‑38/02, EU:T:2005:367, mír 67, agus an 5 Deireadh Fómhair 2020, HeidelbergCement agus Schwenk Zement v an Coimisiún, T‑380/17, EU:T:2020:471, mír 652 (nár foilsíodh)), arb éard atá sa cheart sin ná comhthoradh ar an bprionsabal go n-urramófar cearta na cosanta (breithiúnas an 7 Eanáir 2004, Aalborg Portland agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑204/00 P, C‑205/00 P, C‑211/00 P, C‑213/00 P, C‑217/00 P agus C‑219/00 P, EU:C:2004:6, mír 68).

278    Chuige sin, ba cheart a mheabhrú go bhfuil an ceart chun rochtain a fháil ar an gcomhad i gcásanna iomaíochta beartaithe chun a chur ar chumas na ndaoine ar díríodh ráitis agóidí orthu eolas a chur ar an bhfianaise atá i gcomhad an Choimisiúin ionas go bhféadfaidh siad, ar bhonn na fianaise sin, a dtuairimí a nochtadh go héifeachtach ar na conclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu ina ráiteas agóidí (breithiúnas an 30 Meán Fómhair 2003, Atlantic Container Line agus páirtithe eile v an Coimisiún, T‑191/98 agus T‑212/98 go T‑214/98, EU:T:2003:245, mír 334).

279    Go háirithe, leanann sé ó na hoibleagáidí sin, má tá sé ar intinn ag an gCoimisiún úsáid a bhaint ina chinneadh as fianaise inchoiritheach a thug faisnéiseoir nó gearánaí tríú páirtí ó bhéal, nach mór dó í a chur ar fáil do na gnóthais ar a ndírítear an ráiteas agóidí, i gcás inar gá sin, trí dhoiciméad i scríbhinn a chruthú a bheidh le cur sa chomhad. Ní fhéadtar an cleachtas a cheadú d’úsáid a bhaint as faisnéis a thug tríú páirtithe ó bhéal chun cearta na cosanta a shárú (féach, chuige sin, breithiúnais an 30 Meán Fómhair 2003, Atlantic Container Line agus páirtithe eile v an Coimisiún, T‑191/98 agus T‑212/98 go T‑214/98, EU:T:2003:245, mír 352; an 25 Deireadh Fómhair 2005, Groupe Danone v an Coimisiún, T‑38/02, EU:T:2005:367, mír 67; agus an 5 Deireadh Fómhair 2020, HeidelbergCement agus Schwenk Zement v an Coimisiún, T‑380/17, EU:T:2020:471, mír 652 (nár foilsíodh)).

280    Ina theannta sin, d’áitigh an Coimisiún féin, i gcomhthéacs na n-imeachtaí seo, go raibh sé, beag beann ar Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1/2003, faoi oibleagáid, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 279 thuas, ‘nótaí gonta’ de chruinnithe le tríú páirtithe a ghlacadh nuair a chuir siad fianaise inchoiritheach ar fáil a bhí beartaithe ag an gCoimisiún a úsáid (féach mír 166 thuas).

281    Bhí sé sin amhlaidh sa chás seo maidir leis an gcruinniú leis an bhfaisnéiseoir tríú páirtí. Is léir ó na ríomhphoist inmheánacha a thug an Coimisiún os comhair na Cúirte go ndearna an faisnéiseoir tríú páirtí líomhaintí i gcoinne an iarratasóra a d’aontaigh, go bunúsach, le teoiric an Choimisiúin ag deireadh an nós imeachta riaracháin, as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, mar atá leagtha amach i dteideal Chuid 11.4.1 agus i bhfoclaíocht aithris 412 den chinneadh sin, ina sonraítear ‘gur laghdaigh íocaíochtaí eisiachais [an iarratasóra] dreasachtaí Apple chun aistriú chuig soláthraithe d’fhoirne sliseanna LTE is iomaitheoirí’.

282    Sa chás seo, áfach, ní dhearna an Coimisiún taifead, fiú taifead achomair, in aon doiciméad ná in aon mheán eile den ábhar a d’fhéadfadh a bheith curtha ar fáil ag an bhfaisnéiseoir tríú páirtí maidir lena líomhaintí nó fiú na freagraí ar cheisteanna a d’fhéadfadh a bheith curtha ag an gCoimisiún air chuige sin. Ina theannta sin, ní dhéantar tagairt sna ríomhphoist inmheánacha ach oiread d’fhianaise dá leithéid.

283    Mar thoradh air sin, theip ar an gCoimisiún a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh gan aon tuairisc a dhéanamh ar an gcruinniú a bhí aige leis an bhfaisnéiseoir tríú páirtí agus trí mhainneachtain doiciméad i scríbhinn a chur isteach sa cháschomhad lena gcuirtear ar fáil an fhianaise inchoiritheach a chuir an faisnéiseoir tríú páirtí ar fáil ó bhéal.

284    Thairis sin, mar is léir ó mhír 250 thuas, ní fhéadtar an sárú sin a leigheas leis an bhfíoras gur thug an Coimisiún eolas faoin gcruinniú sin le linn na n-imeachtaí breithiúnacha seo.

285    Ina theannta sin, más fíor nár mhian leis an bhfaisnéiseoir tríú páirtí, sa chás seo, gearán foirmiúil a chur isteach ná páirt a ghlacadh san imscrúdú mar ghearánaí, agus d’iarr sé go ndéileálfaí lena rannpháirtíocht ar bhonn anaithnid agus rúnda, ní chiallaíonn sin go bhféadfar an Coimisiún a dhíolmhú óna oibleagáidí a chomhlíonadh agus ní fhéadtar é a cheadú dochar a dhéanamh do chearta cosanta an ghnóthais lena mbaineann.

286    Maidir le haon chosaint a fhéadfaidh an Coimisiún, in imthosca áirithe, a dheonú go dlisteanach do dhuine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann líomhaintí maidir le hiompar frithiomaíoch gnóthais, ní mór an chosaint sin a réiteach le hurraim do na cearta cosanta sin agus, de réir mar is iomchuí, ní mór í a dheonú ar bhealach nach bhfágann go bhfuil feidhmiú na gceart sin gan éifeacht, go háirithe in imthosca sonracha an cháis seo, trí leagan neamhrúnda agus anaithnid den doiciméad i scríbhinn a ullmhú nó, mar gheall ar imthosca fíorasacha an-sonracha, fiú uathúla sa chás seo, trí rochtain ar an leagan rúnda den doiciméad i scríbhinn sin a cheadú d’ionadaithe an ghnóthais lena mbaineann amháin a bhfuil gealltanas rúndachta sínithe acu.

287    Leanann sé ón méid thuasluaite go léir, maidir leis an gcruinniú leis an bhfaisnéiseoir tríú páirtí, in imthosca an cháis seo, gur theip ar an gCoimisiún a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh chun an fhianaise inchoiritheach a thug an faisnéiseoir tríú páirtí ó bhéal a chur ar fáil.

(3)    Sárú ar chearta na cosanta

288    Maidir leis na conclúidí atá le baint ón gcinneadh a rinneadh i mír 287 thuas, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 160 agus 161 thuas, ní mór a chinneadh an bhfuil, i bhfianaise imthosca sonracha fíorasacha agus dlíthiúla an cháis seo, sé léirithe ag an iarratasóir go leordhóthanach gurbh fhearr a bheadh sé in ann a chosaint a áirithiú mura mbeadh aon earráid nós imeachta ann.

289    Ba cheart a thabhairt faoi deara ag an tús gur mhaígh an t-iarratasóir, trína ionadaithe a shínigh an gealltanas rúndachta, go raibh a chearta cosanta sáraithe ag an gCoimisiún, sa mhéid (i) go bhféadfadh fianaise shaorthach a bheith i dtaifead leordhóthanach ar an gcruinniú i dtrácht, lena n-áirítear faisnéis a bhaineann le spreagadh an fhaisnéiseora tríú páirtí, (ii) gur ghlac an Coimisiún go neamhchriticiúil le ráitis an fhaisnéiseora tríú páirtí agus gur thóg sé a chás ar bhonn na ráiteas sin, agus (iii) nach raibh údar le cosaint anaithnideachta an fhaisnéiseora tríú páirtí sin. Dúirt an t-iarratasóir, trína ionadaithe a shínigh an gealltanas rúndachta, dá mba rud é go raibh sé ar an eolas faoin gcruinniú i gceist le linn an nós imeachta riaracháin, go mbeadh sé de chumas air é féin a chosaint ar bhealach difriúil, argóintí breise a chur ar aghaidh, soiléiriú a sholáthar maidir leis an mbailíocht agus leis an gcreidiúnacht d’iarraidh anaithnideachta an fhaisnéiseora tríú páirtí, an cheist a ardú leis an Oifigeach Éisteachta, leis an gCoimisinéir um Iomaíocht nó leis an Ombudsman Eorpach agus rochtain a iarraidh ar dhoiciméid inmheánacha an Choimisiúin.

290    Ar an gcéad dul síos, a mhéid, mar atá ráite i mír 281 thuas, a thagraíonn na ríomhphoist inmheánacha do líomhaintí a rinne an faisnéiseoir tríú páirtí ag an gcruinniú i dtrácht, ar thaobh amháin, ba cheart a mheabhrú gur léir ón bhfianaise a cuireadh isteach go bhfuil an teoiric a chuir an Coimisiún i bhfeidhm sa chinneadh atá faoi chonspóid – mar atá leagtha amach i dteideal Chuid 11.4.1 agus i bhfoclaíocht aithris 412 den chinneadh sin – ag teacht leis na líomhaintí inchoiritheacha a rinne an faisnéiseoir tríú páirtí ag an gcruinniú atá i gceist. Ar an taobh eile de, tá comhthuiscint ann nach bhfuil aon léiriú beacht ag an iarratasóir – ná ag an gCúirt ach an oiread – maidir leis an bhfianaise inchoiritheach a chuir an faisnéiseoir tríú páirtí ar fáil ó bhéal chun tacú leis na líomhaintí sin. Sna himthosca sin, ní féidir leis an gCúirt a chinneadh, dá bhrí sin, a mhéid a bhí an Coimisiún, sa chinneadh atá faoi chonspóid, ag brath ar fhaisnéis den sórt sin, nó, mar a áitíonn an t-iarratasóir trína ionadaithe a shínigh an gealltanas rúndachta, faoi thionchar míchuí ag ráitis an fhaisnéiseora tríú páirtí.

291    Mar sin féin, in imthosca sonracha an cháis seo, ní fhéadtar a chur ina choinne, mar a áitíonn an t-iarratasóir, go bunúsach, trína ionadaithe a shínigh an gealltanas rúndachta, go raibh tionchar ag an gcruinniú sin i gcomhthéacs an nós imeachta riaracháin as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, agus nach raibh deis ar bith ag an iarratasóir a thuairimí a chur in iúl maidir le tionscnamh, bunús agus creidiúnacht na líomhaintí inchoiritheacha a rinne an faisnéiseoir tríú páirtí, a thagann le gné lárnach de réasúnaíocht an Choimisiúin sa chinneadh atá faoi chonspóid i gcoinne an iarratasóra. Ina theannta sin, ní féidir glacadh le hargóint an Choimisiúin nár úsáideadh an fhaisnéis a chuir an faisnéiseoir tríú páirtí ar fáil ag an gcruinniú i dtrácht sa chinneadh atá faoi chonspóid agus gur cruthaíodh agóidí sa chinneadh le fianaise eile. Leis an argóint sin, tugtar le tuiscint gur sholáthair an faisnéiseoir tríú páirtí faisnéis eile, a d’fhéadfadh a bheith inchoiritheach, nár thagair an Coimisiún di fós. Ar aon chuma, ní fios fós an fhaisnéis bheacht a chuir an tríú páirtí sin ar fáil ag an gcruinniú atá i gceist.

292    Anois, ba cheart a thabhairt faoi deara go dtugtar tásc éigin freisin sna ríomhphoist inmheánacha maidir leis na cúiseanna dár dheonaigh an Coimisiún anaithnideacht agus rúndacht don fhaisnéiseoir tríú páirtí. Mar a luann an t-iarratasóir go hábhartha, trína ionadaithe a shínigh an gealltanas rúndachta, bheadh sé de chumas níos fearr air a chosaint a áirithiú dá gcuirfí i staid é, i gcás inarb iomchuí, in imthosca an-sonracha an cháis seo, trí bhíthin a chuid ionadaithe a ghníomhaíonn faoi ghnóthas rúndachta, ina mbeadh sé ábalta a chuid tuairimí a thabhairt, ag céim an nós imeachta riaracháin, maidir leis an bhfianaise ar a mbraitheann an faisnéiseoir tríú páirtí chun tacú lena iarratas ar anaithnideacht agus rúndacht. Go deimhin, d’fhéadfadh go mbeadh tionchar ag aon diúltú don iarraidh sin ar chosaint an iarratasóra i gcomhthéacs a fhreagra ar an ráiteas agóidí, nó i gcomhthéacs sheoladh an nós imeachta riaracháin, trí, inter alia, fíorú inter partes na líomhaintí inchoiritheacha a rinne an faisnéiseoir tríú páirtí.

293    Ar deireadh, seachas an fhaisnéis sna ríomhphoist inmheánacha a bhaineann, ar an gcéad dul síos, leis na líomhaintí inchoiritheacha a rinne an faisnéiseoir tríú páirtí agus, ar an dara dul síos, leis na cúiseanna ar thug an Coimisiún anaithnideacht agus rúndacht dó (míreanna 290 agus 292 thuas), tá comhthuiscint ann nach bhfuil aon tásc ag an iarratasóir – ná ag an gCúirt ach an oiread – i dtaobh ar phléigh nó nár phléigh an faisnéiseoir tríú páirtí agus an Coimisiún ag an gcruinniú i dtrácht saincheisteanna eile atá ábhartha don imscrúdú as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid.

294    Dá réir sin, ní féidir leis an gCúirt a chinneadh le cinnteacht cad a d’fhéadfadh a bheith pléite ag an gcruinniú sin agus a mhéid a chuir an faisnéiseoir tríú páirtí fianaise shaorthach, fianaise neodrach nó fiú ábhar fíorasach ar fáil don Choimisiún ó bhéal (féach, mutatis mutandis, míreanna 207 agus 257 thuas).

295    Ní mór a shonrú, dá bhrí sin, in imthosca sonracha an cháis seo, ag féachaint freisin don soiléiriú a chuir an Coimisiún ar fáil sa leagan rúnda de dhoiciméad an 19 Samhain 2020, ar a raibh rochtain ag ionadaithe an iarratasóra a shínigh an gealltanas rúndachta ina leith, go bhféadfadh eolas ar an gcruinniú i gceist a bheith ann agus ar an bhfaisnéis a chuir an faisnéiseoir tríú páirtí ar fáil don Choimisiún a bheith ábhartha maidir le cosaint an iarratasóra.

296    Leanann sé ón méid sin thuasluaite, ag féachaint d’imthosca sonracha fíorasacha agus dlíthiúla an cháis seo, a mhéid nach ndearna an Coimisiún aon taifead ar an gcruinniú leis an bhfaisnéiseoir tríú páirtí agus a mhéid nach ndearna an Coimisiún aon taifead ar an gcruinniú leis an bhfaisnéiseoir tríú páirtí agus a mhéid nach bhfuair ionadaithe aon fhaisnéis maidir le cibé ar tharla nó nár tharla an cruinniú sin fiú amháin, seachas le linn na n-imeachtaí seo tar éis bhearta fiosrúcháin an 12 Deireadh Fómhair 2020, gur sháraigh an Coimisiún cearta cosanta an iarratasóra. Tugtar le tuiscint leis an bhfianaise a cuireadh isteach tar éis bheart fiosrúcháin an 12 Deireadh Fómhair 2020 go bhféadfadh an cruinniú sin faisnéis a sholáthar a bheadh riachtanach do chúrsa na n-imeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ábhartha don iarratasóir, trí chumas níos fearr a thabhairt dó a chosaint a áirithiú.

297    I bhfianaise an tsáraithe sin ar chearta cosanta an iarratasóra, ní mór seasamh leis an tríú cuid den chéad saincheist dlí sa chaingean a mhéid a bhaineann sé leis an gcruinniú le tríú páirtí ar soláthraíodh faisnéis don iarratasóir ina leith le linn na n-imeachtaí seo mar fhreagra ar bhearta fiosrúcháin an 12 Deireadh Fómhair 2020.

298    I gcúinsí an cháis seo, is iomchuí leanúint den scrúdú tríd an gcéad chuid den chéad saincheist dlí a athbhreithniú.

3.      An chéad chuid den chéad saincheist dlí: sárú ar chearta na cosanta, maidir leis na difríochtaí idir an ráiteas agóidí agus an cinneadh atá faoi chonspóid

299    Líomhnaítear sa chéad chuid den chéad saincheist dlí sárú ar chearta na cosanta, a mhéid atá difríocht idir an ráiteas agóidí agus an cinneadh atá faoi chonspóid maidir le príomhghnéithe na hanailíse agus na ngearán a ardaíodh i gcoinne an iarratasóra.

300    Tá an chuid sin comhdhéanta, go bunúsach, de chúig ghearán. Go háirithe, líomhnaítear sa chéad ghearán gur thagair an ráiteas agóidí do mhí-úsáid ar na margaí maidir le foirne sliseanna UMTS agus maidir le foirne sliseanna LTE, ach tagraíonn an cinneadh atá faoi chonspóid do mhí-úsáid ar an margadh maidir le foirne sliseanna LTE amháin. Líomhnaítear sa cheathrú gearán, trí raon feidhme na mí-úsáide a chaolú, go raibh ‘difríocht bhunúsach idir an sciar ‘inchonspóide’ d’éileamh Apple a glacadh sa [ráiteas agóidí] agus an sciar a glacadh sa [chinneadh atá faoi chonspóid]’.

301    Ina theannta sin, i gcomhthéacs an tríú cuid den tríú saincheist dlí sa chaingean, agus go háirithe a séú gearán, rinne an t-iarratasóir, agus é ag tagairt don chéad chuid den chéad saincheist dlí, líomhain sárú ar a chearta cosanta agus ar a cheart chun éisteacht a fháil mar gheall ar an bhfíric go raibh an cinneadh atá faoi chonspóid difriúil ón teoiric de dhochar a leagtar amach sa ráiteas agóidí.

302    Is iomchuí mar sin an chéad agus an cheathrú gearán a scrúdú le chéile sa chéad chuid den chéad saincheist dlí, agus i bhfianaise an séú gearán sa tríú cuid den tríú saincheist dlí freisin.

303    Ina leith sin, áitíonn an t-iarratasóir go mbaineann na comhaontuithe lena mbaineann agus na híocaíochtaí lena mbaineann le dhá chineál foirne sliseanna a úsáidtear i ngléasanna Apple (UMTS agus LTE), ach go dtagraíonn an cinneadh atá faoi chonspóid, murab ionann agus an ráiteas agóidí, do mhí-úsáid ar an margadh maidir le foirne sliseanna LTE amháin. Sonraíonn an t-iarratasóir gur diúltaíodh deis dó trácht a dhéanamh ar anailís an chorrlaigh chriticiúil a cuireadh i láthair sa chinneadh atá faoi chonspóid i bhfianaise na sciartha inchonspóide éagsúla d’éileamh Apple, cé nach bhfuil raon feidhme níos cúinge an chinnidh atá faoi chonspóid ag oibriú chun a shochair chuige sin agus go bhfuil na fachtóirí sin bunúsach chun an acmhainn foriaimh a mheas i gcomhréir le mír 140 de bhreithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún (C‑413/14 P, EU:C:2017:632). Sonraíonn an t-iarratasóir, in ainneoin go bhfuil difríocht shuntasach idir an cinneadh atá faoi chonspóid agus an ráiteas agóidí, nach raibh an deis aige aghaidh a thabhairt ar na cáintí a rinneadh ar anailís an chorrlaigh chriticiúil ná anailís athbhreithnithe an Choimisiúin a cheartú.

304    Cuireann an t-iarratasóir leis nach bhfuil leasú ar an ordú atá á lorg maidir leis na foirne sliseanna lena mbaineann agus an sciar inchonspóide d’éileamh Apple ina fhabhar. Tharraing an Coimisiún siar na hagóidí ón gcinneadh atá faoi chonspóid maidir le soláthar ar a laghad foirne sliseanna UMTS [faoi rún], dá bhrí sin tá na híocaíochtaí a bhaineann leis na foirne sliseanna sin dleathach. Mar sin féin, sonraíonn an t-iarratasóir, gur thug an Coimisiún neamhaird ar na haonaid sin sa chinneadh atá faoi chonspóid, rud a rinne an anailís a shaobhadh chun aimhleasa an iarratasóra, ós rud é gur cheart na híocaíochtaí a bhaineann le foirne sliseanna UMTS a bheith eisiata ón anailís corrlaigh chriticiúil.

305    Freagraíonn an Coimisiún gur bhain na difríochtaí a d’aithin an t-iarratasóir leis an iompar céanna agus nár spreag siad ceart breise chun éisteacht a fháil agus nár ceanglaíodh ar an gCoimisiún ráiteas forlíontach agóidí a chur chuig an iarratasóir. Go háirithe, is fabhrach don iarratasóir é teorannú a agóidí d’fhoirne sliseanna LTE amháin agus léirítear leis gur urramaigh an Coimisiún a cheart chun éisteacht a fháil. Ina theannta sin, níor ceanglaíodh ar an gCoimisiún a chuid amhrais a phlé leis an iarratasóir maidir leis na toimhdí ar a raibh an anailís ar chorrlach criticiúil an iarratasóra bunaithe. Ní raibh an Coimisiún ag brath ar aon samhail eacnamaíoch chun teacht ar an gconclúid go bhféadfadh na híocaíochtaí eisiachais éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu agus tháinig sé ar an gconclúid amháin nár baineadh an bonn dá chonclúid le hanailís corrlaigh chriticiúil an iarratasóra. Ní fhéadtar sárú ar bith ar an gceart chun éisteacht a fháil a aimsiú, a mhéid (i) gur thug an t-iarratasóir an anailís corrlaigh chriticiúil ar aird agus (ii) nach raibh an Coimisiún ag brath ar leagan eile den anailís sin. Thairis sin, ní cheanglaítear ar an gCoimisiún deis a thabhairt do ghnóthas barúlacha a thabhairt ar mheasúnú deiridh an Choimisiúin ar chosaint an ghnóthais sula nglacfaidh sé a chinneadh.

306    Cuireann an Coimisiún leis go bhfuil an argóint ina líomhnaítear go bhféadfadh soláthraí iomaíoch a bheith tar éis na costais a bhaineann le cúiteamh as na híocaíochtaí eisiachais a scaipeadh thar foirne sliseanna UMTS [faoi rún] (i) do-ghlactha, ós rud é nár cuireadh ar aghaidh san iarratas é, agus (ii) neamhábhartha, ós rud é gur gléasanna atá ann cheana féin iad gléasanna UMTS Apple agus nach raibh siad inchonspóide chun críocha anailís an chorrlaigh chriticiúil, agus seoladh an ceann deireanach de na gléasanna sin in 2011, agus ba í 2012 an chéad bhliain tagartha don anailís corrlaigh chriticiúil. Mar an gcéanna, níl aon bhunús leis an argóint go raibh sé neamhfhabhrach na hagóidí a tharraingt siar maidir le foirne sliseanna UMTS, chomh maith lena bheith do-ghlactha ar na cúiseanna céanna, toisc nár léirigh an t-iarratasóir an chaoi a raibh iarmhairtí neamhfhabhracha aige sin, go háirithe ó tharla gur áitigh an t-iarratasóir, ina fhreagra ar an ráiteas agóidí, gur cheart don Choimisiún a chuid agóidí maidir le foirne sliseanna UMTS a tharraingt siar.

307    Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú go bhfuil sé beartaithe le hAirteagal 27(1) de Rialachán Uimh. 1/2003 go seolfar ráiteas agóidí chuig na páirtithe. Ní mór na heilimintí riachtanacha uile a bhfuil an Coimisiún ag brath orthu ag an gcéim sin den nós imeachta a leagan amach go soiléir sa ráiteas sin (ordú an 7 Iúil 2016, Panasonic v an Coimisiún, C‑608/15 P, nár foilsíodh, EU:C:2016:538, mír 20).

308    Féadfar an fhaisnéis sin a thabhairt i bhfoirm achomair, áfach, agus ní gá gur cóip den ráiteas agóidí é an cinneadh ón gCoimisiún trína gcinnfidh sé go bhfuil sárú ann, ós rud é gur doiciméad ullmhúcháin é an ráiteas agóidí sin ina bhfuil measúnaithe fíorais agus dlí nach bhfuil ach sealadach ina nádúr. Ceanglaítear ar an gCoimisiún éisteacht leis na seolaithe de ráiteas agóidí agus, i gcás inarb ábhartha, aon bharúil a tugadh mar fhreagra ar na hagóidí ar seasadh leo a chur san áireamh trína anailís a leasú go sonrach chun a gcearta cosanta a urramú (ordú an 7 Iúil 2016, Panasonic v an Coimisiún, C‑608/15 P, nár foilsíodh, EU:C:2016:538, mír 21).

309    Thairis sin, is beart nós imeachta é an ráiteas agóidí a glacadh mar ullmhúchán don chinneadh arb ionann é agus toradh an nós imeachta riaracháin. Dá bhrí sin, go dtí go nglacfar cinneadh críochnaitheach, féadfaidh an Coimisiún, i bhfianaise, go háirithe, na mbarúlacha i scríbhinn nó ó bhéal de chuid na bpáirtithe, roinnt de na hagóidí nó fiú amháin gach agóid a rinneadh i dtosach ina gcoinne a thréigean agus ar an gcaoi sin a sheasamh a athrú ina bhfabhar nó, os a choinne sin, cinneadh a dhéanamh gearáin nua a chur leis, ar choinníoll go dtugann sé deis do na gnóthais lena mbaineann a dtuairimí a chur in iúl ina leith sin (breithiúnas an 27 Meitheamh 2012, Microsoft v an Coimisiún, T‑167/08, EU:T:2012:323, mír 184).

310    Ní gá agóidí breise a chur in iúl do na páirtithe lena mbaineann ach amháin i gcás ina spreagann toradh na n-imscrúduithe an Coimisiún fíorais nua i gcoinne na ngnóthas a chur san áireamh nó chun an fhianaise ar na sáruithe atá faoi chonspóid a athrú go hábhartha agus ní i gcás ina gcomhlíonfaidh an Coimisiún a dhualgais na hagóidí sin a thréigean, mar a léiríodh, i bhfianaise na bhfreagraí ar an ráiteas agóidí, nach bhfuil aon bhunús leo (breithiúnas an 27 Meitheamh 2012, Microsoft v an Coimisiún, T‑167/08, EU:T:2012:323, mír 191).

311    Is gá argóintí an iarratasóra a mheasúnú i bhfianaise na bprionsabal sin.

312    Baineann na hargóintí sin, go bunúsach, le trí shaincheist ar leith.

313    Ar an gcéad dul síos, a mhéid a dhéantar tagairt ghinearálta in argóintí an iarratasóra don fhíric gur chinn an Coimisiún, in aithris 388 den chinneadh atá faoi chonspóid, aimsíodh go raibh mí-úsáid ar an margadh le haghaidh fhoirne sliseanna LTE amháin, ach, in aithrisí 254 agus 256 den ráiteas agóidí, bhí an Coimisiún ag smaoineamh ar mhí-úsáid ar an margadh le haghaidh fhoirne sliseanna LTE agus ar an margadh le haghaidh fhoirne sliseanna UMTS, cé go bhfuil an fíoras sin ceart, ní thugtar le tuiscint earráid nós imeachta ann féin, ná sárú a fortiori ar chearta cosanta an iarratasóra.

314    Sa chinneadh atá faoi chonspóid, chuir an Coimisiún teorainn leis na sáruithe ar chinneadh a bheith déanta ag an iarratasóir i gcomparáid leis na sáruithe a bhí i gceist sa ráiteas agóidí, tríd an sárú ar mhargadh fhoirne sliseanna UMTS a thréigean. I bhfocail eile, níor chuir an Coimisiún agóidí nó fianaise nua i gcoinne an iarratasóra, ach thréig sé agóidí áirithe ar léiríodh, i bhfianaise na bhfreagraí ar an ráiteas agóidí, nach raibh aon bhunús leo. I gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 309 agus 310 thuas, le hathrú den sórt sin ní chuirtear aon oibleagáid ar an gCoimisiún ráiteas forlíontach agóidí a sholáthar don iarratasóir.

315    Ar an dara dul síos, in argóintí an iarratasóra tagraítear don fhíoras nár thug an Coimisiún an deis dó a thuairimí a chur in iúl ar na cúiseanna a d’fhág, sa chinneadh atá faoi chonspóid, gur dhiúltaigh sé don anailís corrlaigh chriticiúil a chuir sé i láthair ina fhreagra ar an ráiteas agóidí. Ba cheart a thabhairt faoi deara nár ceanglaíodh ar an gCoimisiún, sular ghlac sé an cinneadh atá faoi chonspóid, deis a thabhairt don iarratasóir barúil a thabhairt ar an bhfáth go raibh sé beartaithe aige diúltú don anailís sin sa chinneadh atá faoi chonspóid. Cumhdaítear leis an gceart chun éisteacht a fháil gach ábhar fíorais agus dlí atá mar bhonn don ghníomh cinnteoireachta ach ní an seasamh deiridh atá beartaithe ag an riarachán a ghlacadh (féach breithiúnas an 15 Márta 2006, BASF v an Coimisiún, T‑15/02, EU:T:2006:74, mír 94 agus an cásdlí dá dtagraítear; breithiúnais an 19 Bealtaine 2010, IMI agus páirtithe eile v an Coimisiún, T‑18/05, EU:T:2010:202, mír 109, agus an 9 Márta 2015, Deutsche Börse v an Coimisiún, T‑175/12, nár foilsíodh, EU:T:2015:148, mír 344).

316    Ar an tríú dul síos, cáineann an t-iarratasóir an fíoras nár chuir an Coimisiún san áireamh, cé gur thréig sé na hagóidí a bhaineann le foirne sliseanna UMTS, go ndearna sé amhlaidh le linn a scrúdaithe ar an anailís corrlaigh chriticiúil agus nár thug sé deis don iarratasóir trácht a dhéanamh ar na tátail atá le baint as imthosca den sórt sin maidir leis an anailís corrlaigh chriticiúil, a bhí neamhfhabhrach ina leith. Mar is léir ó aighneachtaí i scríbhinn an iarratasóra agus ó na mínithe a thug sé ag an éisteacht, tá an t-iarratasóir ag cáineadh an fhíric nár cheadaigh an Coimisiún dó éisteacht a fháil maidir leis na sonraí a úsáideadh san anailís corrlaigh chriticiúil, i bhfianaise gur tréigeadh na hagóidí maidir le foirne sliseanna UMTS agus níor lig sé dó na sonraí sin a leasú dá réir.

317    Mar réamhphointe, ní mór a mheabhrú, mar a leanann ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 159 thuas, go gciallaíonn urraim ar chearta na cosanta nach mór an deis a bheith tugtha d’aon seolaí de chinneadh ina gcinntear go bhfuil sárú ar na rialacha iomaíochta déanta aige le linn an nós imeachta riaracháin a chuid barúlacha ar na hagóidí a rinneadh ina choinne a chur in iúl.

318    Go háirithe, féadfaidh an gnóthas lena mbaineann a rá, le linn an nós imeachta riaracháin, ar bhonn fianaise thacaíochta, nach raibh an cumas ag a iompar iomaíocht a shrianadh agus, go háirithe, na héifeachtaí líomhainte foriaimh a chruthú (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún, C‑413/14 P, EU:C:2017:632, mír 138).

319    Sa chás seo, tá comhthuiscint ann go ndearnadh machnamh sa ráiteas agóidí a chuir an Coimisiún chuig an iarratasóir ar mhí-úsáid ceannasachta ar an margadh le haghaidh fhoirne sliseanna LTE agus ar an margadh le haghaidh fhoirne sliseanna UMTS. I bhfocail eile, bhí mí-úsáid in dhá mhargadh i gceist sa ráiteas agóidí.

320    Tá comhthuiscint ann freisin, ina fhreagra ar an ráiteas agóidí, gur thíolaic an t-iarratasóir ‘anailís corrlaigh chriticiúil’ a d’fhéach lena léiriú nach raibh sé de chumas ag an iompar a cuireadh ina leith éifeachtaí foriaimh a bheith aige ar an dá mhargadh sin.

321    Mar a dheimhnigh an t-iarratasóir go sainráite mar fhreagra ar bheart eagrúcháin nós imeachta de chuid na Cúirte, gan bheith contrártha ag an gCoimisiún, gur bhain an anailís corrlaigh chriticiúil a tíolacadh mar fhreagra ar an ráiteas agóidí le foirne sliseanna UMTS agus le foirne sliseanna LTE arna gcumhdach ag na comhaontuithe lena mbaineann agus go raibh sé bunaithe ar na sonraí a bhaineann leis an dá chineál foirne sliseanna.

322    Tá cur síos ar an anailís corrlaigh chriticiúil a chuir an t-iarratasóir i láthair in aithris 487 den chinneadh atá faoi chonspóid agus déantar achoimre uirthi i dTábla 16 san aithris sin.

323    Go bunúsach, is anailís eacnamaíoch í a fhéachann lena léiriú go bhféadfadh iomaitheoir teoiriciúil chomh héifeachtach agus a d’fhéadfadh an t-iarratasóir a bheith san iomaíocht leis an iarratasóir chun foirne sliseanna LTE agus UMTS a sholáthar do Apple, ós rud go mbeadh cumas ag an iomaitheoir sin praghas a thairiscint lena gcumhdófaí a chostais agus ag an am céanna é in ann Apple a chúiteamh freisin as caillteanas na n-íocaíochtaí lena mbaineann.

324    Is comhdhearcadh freisin é, sa chinneadh atá faoi chonspóid, sular tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár bhain an t-iarratasóir mí-úsáid as a sheasamh ceannasach ach ar margadh fhoirne sliseanna LTE amháin, dhiúltaigh an Coimisiún don anailís corrlaigh chriticiúil chéanna a chuir an t-iarratasóir isteach mar fhreagra ar an ráiteas agóidí. Mar a luaigh an Coimisiún go sainráite ina chuid aighneachtaí i scríbhinn, níor léirigh sé tuairim ar leagan eile den anailís sin.

325    Go háirithe, sa chinneadh atá faoi chonspóid, rinne an Coimisiún an anailís sin a leagan amach, shonraigh sé na cúiseanna nach bhféadfaí glacadh léi agus thíolaic sé anailís ‘athbhreithnithe’ lena n-áirítear a chuid ceartúchán.

326    Is léir freisin ón gcinneadh atá faoi chonspóid gur dhiúltaigh an Coimisiún don anailís corrlaigh chriticiúil a chuir an t-iarratasóir isteach mar gheall go raibh trí thoimhde a líomhnaítear a bheith mícheart inti, a cheartaigh an Coimisiún iad ina anailís ‘athbhreithnithe’, agus nár cheistigh an Coimisiún ar dhóigh ar bith an fíoras gurb uirlis í an anailís sin, mar sin, a d’fhág gur féidir a cheistiú cumas na n-íocaíochtaí lena mbaineann éifeachtaí foriaimh a bheith acu.

327    I bhfocail eile, sa chinneadh atá faoi chonspóid, dhiúltaigh an Coimisiún, ar dtús, don anailís corrlaigh chriticiúil a tíolacadh mar fhreagra ar an ráiteas agóidí lena n-áirítear sonraí a bhaineann le foirne sliseanna LTE agus foirne sliseanna UMTS agus, ar an dara dul síos, rinne sé anailís corrlaigh chriticiúil ‘athbhreithnithe’ inar leanadh de bheith ag brath ar shonraí maidir le foirne sliseanna LTE agus foirne sliseanna UMTS araon, cé gur tagairt earráideach amháin a rinne sé in aithrisí 487, 491, 492, 498, 499 agus 503 den chinneadh atá faoi chonspóid agus ag tagairt don anailís sin.

328    Sa chinneadh atá faoi chonspóid, thíolaic, scrúdaigh agus d’athbhreithnigh an Coimisiún mar sin anailís corrlaigh chriticiúil (a bhain leis an margadh d’fhoirne sliseanna UMTS agus leis an margadh d’fhoirne sliseanna LTE araon) nach raibh ábhartha, nó nach raibh ábhartha a thuilleadh don mhí-úsáid a aimsíodh sa chinneadh sin (a bhain leis an margadh le haghaidh fhoirne sliseanna LTE amháin).

329    Trí dhul ar aghaidh ar an mbealach sin, beag beann ar shubstaint na dtrí agóid i gcoinne na dtoimhdí a rinneadh in anailís corrlaigh chriticiúil an iarratasóra agus ar na ceartuithe comhfhreagracha a rinneadh air san anailís corrlaigh chriticiúil ‘athbhreithnithe’, sháraigh an Coimisiún cearta cosanta an iarratasóra.

330    Mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 318 thuas, bhí an t-iarratasóir i dteideal brath ar fhianaise ar nós anailís an chorrlaigh chriticiúil a cuireadh i láthair mar fhreagra ar an ráiteas agóidí chun a chur in iúl nach raibh sé de chumas ag a iompar srian a chur ar iomaíocht. agus, go háirithe, éifeachtaí foriaimh a chruthú.

331    Bhraith an t-iarratasóir ar an bhféidearthacht sin trí anailís a dhéanamh ar an gcorrlach criticiúil (Cuid VII.F) sa chuid dá fhreagra ar an ráiteas agóidí a d’fhéach le léiriú nach raibh aon éifeachtaí foriaimh (Cuid VII). Mar sin bhí ról tábhachtach ag an anailís corrlaigh chriticiúil sin i gcosaint an iarratasóra i gcoinne na n-agóidí a chuir an Coimisiún ar aghaidh. Thairis sin, sa chuid den chinneadh atá faoi chonspóid maidir le mí-úsáid ceannasachta a bheith ann (Cuid 11), rinne an Coimisiún roinn den anailís corrlaigh chriticiúil sin a scrúdú agus a bhréagnú (Cuid 11.5).

332    Níl aon éifeacht phraiticiúil ag an bhféidearthacht do ghnóthas a áitiú go bhfuil sé de chumas ag an iompar sin srian a chur ar iomaíocht agus, go háirithe, éifeachtaí foriaimh a bheith aige trína bheith ag brath ar anailís eacnamaíoch amhail an anailís corrlaigh chriticiúil a thug an t-iarratasóir ar aird sa chás seo má dhéanann an Coimisiún raon feidhme an iompair lena mbaineann a mhodhnú tar éis an ráitis agóidí, go háirithe, maidir leis na margaí lena mbaineann.

333    Leis an sainmhíniú ar raon feidhme an iompair lena mbaineann déantar difear do na sonraí eacnamaíocha a úsáidtear san anailís sin, go háirithe maidir le costais agus praghsanna aonaid na dtáirgí lena mbaineann, sciar inchonspóide an mhargaidh nó fiú na costais a bheidh le híoc ag iomaitheoir a bheadh chomh héifeachtach céanna.

334    Ní hionann anailís corrlaigh chriticiúil a bhaineann le dhá mhargadh táirgí a líomhnaítear a bheith ar leith agus gan bheith inionadaithe (amhail, de réir an chinnidh atá faoi chonspóid, na margaí le haghaidh fhoirne sliseanna UMTS agus le haghaidh fhoirne sliseanna LTE) agus anailís a bhaineann le ceann amháin den dá mhargadh sin (amhail an margadh le haghaidh fhoirne sliseanna LTE amháin).

335    Sa chás seo, go háirithe, tá éifeacht ag an mí-úsáid a líomhnaítear a bheith teoranta do mhargadh fhoirne sliseanna LTE amháin ar na paraiméadair bhunúsacha d’anailís amhail an anailís corrlaigh chriticiúil. Is éard atá i bparaiméadar sár-riachtanacha den sórt sin, go háirithe, (i) méid na n-íocaíochtaí lena mbaineann, ós rud é, mar a luann an t-iarratasóir, gur cheart íocaíochtaí a fhreagraíonn d’fhoirne sliseanna UMTS a bheith eisiata ón anailís corrlaigh chriticiúil, (ii) an sciar inchonspóide a chuirtear san áireamh san anailís corrlaigh chriticiúil, is é sin le rá, an sciar d’éileamh Apple ar a bhféadfadh iomaitheoir chomh héifeachtach agus a d’fhéadfadh a bheith an t-iarratasóir dul san iomaíocht agus faoina bhféadfadh sé na costais is gá a scaipeadh chun Apple a chúiteamh as caillteanas na n-íocaíochtaí lena mbaineann, agus (iii) costais agus praghsanna foirne sliseanna a cuireadh san áireamh san anailís corrlaigh chriticiúil, ós rud é gur chinn an Coimisiún, go háirithe, sa chinneadh atá faoi chonspóid, nach raibh meánphraghsanna fhoirne sliseanna UMTS agus LTE comhchosúil (aithris 217 den chinneadh atá faoi chonspóid).

336    Dá bhrí sin, a mhéid a bhí éifeacht ag modhnú an Choimisiúin ar na hagóidí ar ábharthacht na sonraí atá mar bhunús leis an anailís corrlaigh chriticiúil a chuir an t-iarratasóir isteach mar fhreagra ar an ráiteas agóidí d’fhonn a áitiú nach raibh sé de chumas ag a iompar éifeachtaí foriaimh a bheith aige, níor mhór don ghnóthas sin, chun a chearta cosanta a fheidhmiú go héifeachtach, é féin a chur i staid chun éisteacht a fháil agus, más iomchuí, an anailís eacnamaíoch sin a oiriúnú, fiú amháin más rud é, i gcás den sórt sin, nár ceanglaíodh ar an gCoimisiún ‘agóidí breise’ a chur in iúl dó i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 310 thuas agus na cinntí a rinneadh i míreanna 313 agus 314 thuas.

337    Is ráiteas sealadach é an ráiteas agóidí agus beidh sé faoi réir leasuithe a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún ina mheasúnú breise ar bhonn na mbarúlacha a chuir na páirtithe faoina bráid agus na cinntí fíorais ina dhiaidh sin. Toisc gur ráiteas sealadach é, ní chuirtear cosc leis an ráiteas agóidí ar an gCoimisiún a dhearcadh i bhfabhar na ngnóthas lena mbaineann a athrú agus níl sé de cheangal air, le linn dó déanamh amhlaidh, aon difríocht a mhíniú maidir lena mheasúnuithe sealadacha mar atá leagtha amach sa ráiteas sin (breithiúnas an 16 Eanáir 2019, an Coimisiún v United Parcel Service, C‑265/17 P, EU:C:2019:23, mír 36).

338    Mar sin féin, ní cheadaítear leis na breithnithe sin an tátal a bhaint as go bhféadfaidh an Coimisiún, tar éis an ráitis agóidí, raon feidhme na n-agóidí a mhodhnú a ndearna an gnóthas lena mbaineann anailís eacnamaíoch a thíolacadh i bhfianaise an ráitis sin, amhail an anailís corrlaigh chriticiúil arna cur isteach ag an iarratasóir sa chás seo, gan aird an ghnóthais sin a tharraingt ar an modhnú sin agus ligean dó a chuid barúlacha a thíolacadh ina leith sin, i gcás inar gá sin tríd an anailís eacnamaíoch a tíolacadh roimhe sin a oiriúnú. Bheadh léirmhíniú den sórt sin contrártha le prionsabal urramú chearta na cosanta agus le hAirteagal 27(1) de Rialachán Uimh. 1/2003, lena gceanglaítear go dtabharfaí deis don ghnóthas lena mbaineann a thuairim a chur in iúl go héifeachtach ar na hábhair a bhfuil an Coimisiún ag cur ina gcoinne (féach, mutatis mutandis, breithiúnas an 16 Eanáir 2019, an Coimisiún v United Parcel Service, C‑265/17 P, EU:C:2019:23, míreanna 31 agus 37).

339    Go deimhin, cé go raibh an Coimisiún, sa chinneadh atá faoi chonspóid, ábalta diúltú don anailís corrlaigh chriticiúil a thíolaic an t-iarratasóir a bhain leis an margadh le haghaidh fhoirne sliseanna LTE agus leis an margadh le haghaidh fhoirne sliseanna UMTS, agus é den tuairim nár tugadh a chonclúidí maidir leis an margadh le haghaidh fhoirne sliseanna LTE amháin faoi cheist, ní féidir a thuiscint ón méid sin go bhféadfadh sé, ar an mbealach céanna, diúltú d’anailís corrlaigh chriticiúil maidir leis an margadh le haghaidh fhoirne sliseanna LTE amháin.

340    Ní foláir a dhearbhú, dá bhrí sin, sa chás seo, gur chóir deis a bheith tugtha don iarratasóir éisteacht a fháil chun a bharúlacha ar an éifeacht foriaimh líomhainte a chur in iúl go héifeachtach agus dá bhrí sin chun go mbeidh cumas níos fearr aige a chosaint a áirithiú, agus, i gcás inar gá, a anailís corrlaigh chriticiúil a oiriúnú chun tarraingt siar na n-agóidí a bhaineann le foirne sliseanna UMTS, nár cháin an Coimisiún an soláthar díobh a thuilleadh, a chur san áireamh.

341    Ní fhéadtar amhras a chaitheamh ar an gcinneadh sin le dearbhuithe an Choimisiúin ina gcuirtear i gcoinne inghlacthacht agus ábharthacht argóint an iarratasóra maidir le cainníocht fhoirne sliseanna UMTS nár cuireadh san áireamh, chun a aimhleasa (mír 306 thuas). Ar an gcéad dul síos, chuir an t-iarratasóir an argóint sin chun cinn sa fhreagra chun tacú leis an ngearán a rinneadh san iarratas go raibh leasú ar raon feidhme na mí-úsáide chun foirne sliseanna UMTS a eisiamh neamhfhabhrach dó maidir lena anailís corrlaigh chriticiúil. Dá bhrí sin, tá an argóint sin inghlactha. Ar an dara dul síos, chuir an t-iarratasóir foirne sliseanna UMTS san áireamh san anailís corrlaigh chriticiúil a cuireadh i láthair mar fhreagra ar an ráiteas agóidí, ós rud é go raibh sé beartaithe freisin sa ráiteas agóidí mí-úsáid ar an margadh le haghaidh fhoirne sliseanna UMTS agus, chuige sin, sonraíodh go sainráite, ar bhonn na sonraí a chuir Apple ar fáil, go raibh foirne sliseanna UMTS faighte ag Apple ón iarratasóir ó 2011 go 2014 le haghaidh líon iomlán aonad a fhreagraíonn, go bunúsach, don líon ar bhraith an t-iarratasóir air (féach Tábla 14 den ráiteas agóidí). Níl argóint an iarratasóra neamhábhartha, dá bhrí sin.

342    Leanann sé mar sin gur sháraigh an Coimisiún cearta cosanta an iarratasóra, sa mhéid nár éist sé leis an iarratasóir maidir leis na hiarmhairtí a bhí le teacht orthu maidir le tarraingt siar na n-agóidí a bhaineann leis an margadh le haghaidh fhoirne sliseanna UMTS maidir leis an anailís corrlaigh chriticiúil a chuir an t-iarratasóir isteach d’fhonn a léiriú nach raibh an t-iompar a cáineadh in ann srian a chur ar an iomaíocht ná, go háirithe, éifeachtaí foriaimh a bheith aige.

343    I bhfianaise an tsáraithe sin ar chearta cosanta an iarratasóra, ní mór seasamh freisin leis an gcéad chuid den chéad saincheist dlí sa chaingean.

4.      Conclúid

344    Leanann sé ón scrúdú a rinneadh ar an gcéad saincheist sa chaingean, agus go háirithe sa chéad chuid agus sa tríú cuid di, go bhfuil an nós imeachta riaracháin as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid curtha ó bhail ag roinnt earráidí nós imeachta a rinne difear do chearta cosanta an iarratasóra.

345    Ar na cúiseanna sin, i bhfianaise sáruithe ar chearta cosanta an iarratasóra a bunaíodh i gcomhthéacs scrúdú a dhéanamh ar an gcéad chuid agus ar an tríú cuid den chéad saincheist dlí, cibé acu a ghlactar ina n-aonar nó i gcomhpháirt, agus gan gá a bheith ann rialú a thabhairt ar na codanna eile den tsaincheist sin a d’ardaigh an t-iarratasóir, ní mór seasamh leis an gcéad saincheist dlí sa chaingean agus, ar an mbonn sin, ní mór an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú.

346    In imthosca an cháis seo, ar mhaithe le riar cuí an cheartais, is iomchuí freisin an tríú saincheist dlí sa chaingean a scrúdú.

C.      An tríú saincheist dlí: earráidí follasacha dlí agus measúnaithe maidir leis an gcinneadh go bhféadfadh éifeachtaí frithiomaíocha a bheith ag na comhaontuithe lena mbaineann

347    Tá an tríú saincheist dlí comhdhéanta de trí chuid. Líomhnaítear leis an gcéad saincheist dlí earráid fhollasach dlí agus sárú ar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus na n-ionchas dlisteanach sa mhéid nár chuir an Coimisiún an caighdeán dlíthiúil ceart i bhfeidhm. Líomhnaítear leis an dara saincheist earráidí follasacha dlí agus measúnaithe sa mhéid is gur theip ar an gCoimisiún an cásdlí maidir le cleachtais phraghsála a chur i bhfeidhm. Líomhnaítear leis an tríú saincheist earráid fhollasach measúnaithe a mhéid is gur chinn an Coimisiún go bhféadfadh éifeachtaí frithiomaíocha a bheith ag na comhaontuithe lena mbaineann.

348    Is iomchuí an tríú cuid a scrúdú.

1.      Réamhbharúlacha

(a)    Achoimre ar phrionsabail an chásdlí

349    Ba cheart a mheabhrú nach é cuspóir Airteagal 102 CFAE ar dhóigh ar bith cosc a chur ar ghnóthas ceannasacht a fháil, ar a thuillteanas féin, ar mhargadh. Ní fhéachtar leis an bhforáil sin ach an oiread lena áirithiú go mbeidh iomaitheoirí nach bhfuil chomh héifeachtach leis an ngnóthas a bhfuil ceannasacht aige fós ar an margadh (breithiúnais an 27 Márta 2012, Post Danmark, C‑209/10, EU:C:2012:172, mír 21, agus an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún, C‑413/14 P, EU:C:2017:632, mír 133).

350    Toirmisctear le hAirteagal 102 CFAE ar ghnóthas ceannasach, i measc nithe eile, cleachtais phraghsála a ghlacadh a bhfuil éifeacht eisiatach acu ar iomaitheoirí a mheastar a bheith chomh héifeachtach agus atá sé féin agus a cheannasacht a neartú trí mhodhanna seachas na cinn sin atá mar chuid den iomaíocht trí fhiúntais (féach breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún, C‑413/14 P, EU:C:2017:632, mír 136 agus an cásdlí dá dtagraítear).

351    Mar sin, ní gá go ndéanfadh gach iarmhairt eisiatach dochar don iomaíocht. Féadfaidh iomaíocht de bhua tuillteanas a bheith mar chúis, de réir sainmhínithe, le himeacht ón margadh nó imeallú iomaitheoirí nach bhfuil chomh héifeachtúil agus nach bhfuil chomh tarraingteach sin do thomhaltóirí ó thaobh, i measc nithe eile, praghas, rogha, cáilíocht nó nuálaíocht de (breithiúnais an 27 Márta 2012, Post Danmark, C‑209/10, EU:C:2012:172, mír 22, agus an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún, C‑413/14 P, EU:C:2017:632, mír 134).

352    Sa chomhthéacs sin, áfach, tá freagracht ar leith ar ghnóthas ceannasach gan ligean dá iompar lagú a dhéanamh ar fhíoriomaíocht neamhshaofa ar an margadh inmheánach (breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún, C‑413/14 P, EU:C:2017:632, mír 135).

353    Chuige sin, cinneadh cheana féin maidir le gnóthas atá i suíomh ceannasach ar an margadh agus a cheanglaíonn ceannaitheoirí – fiú má dhéanann sé amhlaidh arna iarraidh sin acu – trí oibleagáid nó gealltanas ar a dtaobh a gcuid riachtanas go léir nó an chuid is mó díobh a fháil go heisiach ón ngnóthas sin, go mbaineann an gnóthas sin mí-úsáid as a cheannasacht de réir bhrí Airteagal 102 CFAE, cibé acu a shonraítear nó nach sonraítear an oibleagáid gan a thuilleadh cáilíochta nó a dhéantar nó nach ndéantar í mar chomaoin ar lacáiste a dheonú. Tá an rud céanna i gceist má chuireann an gnóthas i dtrácht, gan na ceannaitheoirí a cheangal le hoibleagáid fhoirmiúil, téarmaí comhaontuithe i bhfeidhm arna dtabhairt i gcrích leis na ceannaitheoirí sin nó go haontaobhach, córas lacáistí dílseachta, is é sin le rá, lascainí atá coinníollach ar an gcustaiméir a riachtanais ar fad nó a bhformhór – cibé acu mór nó beag é méid na gceannachán – a fháil ón ngnóthas a bhfuil cumhacht cheannasach aige (féach breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún, C‑413/14 P, EU:C:2017:632, mír 137 agus an cásdlí dá dtagraítear).

354    Mar sin féin, i gcás ina n-áitíonn an gnóthas lena mbaineann, le linn an nós imeachta riaracháin, ar bhonn fianaise thacaíochta, nach bhféadfadh a iompar an iomaíocht a shrianadh agus, go háirithe, na héifeachtaí líomhainte foriaimh a bheith aige, is faoin gCoimisiún a bheidh sé anailís a dhéanamh ar chumas foriaimh ar na hiomaitheoirí atá chomh héifeachtach céanna ar a laghad (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún, C‑413/14 P, EU:C:2017:632, míreanna 138 go 140).

355    Go deimhin, más rud é go n-ainmnítear iompar den sórt sin mar iompar mí-úsáideach, glactar leis go raibh an cumas ag an iompar sin an iomaíocht a shrianadh agus, go háirithe, na héifeachtaí foriaimh líomhainte a chruthú, agus ní mór an measúnú sin a dhéanamh ag féachaint do na fíorais ábhartha uile a bhaineann leis an iompar sin (féach breithiúnas an 30 Eanáir 2020, Generics (UK) agus páirtithe eile, C‑307/18, EU:C:2020:52, mír 154 agus an cásdlí dá dtagraítear).

356    Más rud é, i gcinneadh, go ndéanann an Coimisiún anailís den sórt sin, ní mór don Chúirt scrúdú a dhéanamh ar argóintí uile an iarratasóra ag iarraidh amhras a chur faoi bhailíocht thorthaí an Choimisiúin maidir le cumas foriaimh iomaitheoirí atá chomh héifeachtach céanna ar a laghad, a bhaineann leis an gcleachtas féin atá i gceist (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2017, Intel v an Coimisiún, C‑413/14 P, EU:C:2017:632, mír 141).

357    Ina theannta sin agus i ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú go mbaineann raon feidhme an athbhreithnithe dá bhforáiltear in Airteagal 263 CFAE leis na heilimintí go léir de chinntí an Choimisiúin a bhaineann le himeachtaí faoi Airteagal 102 CFAE, atá faoi réir athbhreithniú domhain ag an gCúirt Ghinearálta, ó thaobh dlí agus go deimhin, i bhfianaise na saincheisteanna dlí a d’ardaigh an t-iarratasóir agus ag cur san áireamh na n-eilimintí go léir a thíolaic an t-iarratasóir, cibé acu an bhfuil na heilimintí sin roimh dháta nó tar éis dháta an chinnidh atá faoi chonspóid, cibé acu ar tíolacadh roimhe sin iad i gcomhthéacs an nós imeachta riaracháin nó, den chéad uair, i gcomhthéacs na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta, a mhéid a bhaineann na heilimintí sin le hathbhreithniú ar dhlíthiúlacht an chinnidh ón gCoimisiún (breithiúnas an 21 Eanáir 2016, Galp Energía España agus páirtithe eile v an Coimisiún, C‑603/13 P, EU:C:2016:38, mír 72).

358    Fiú amháin i réimsí as a n-eascraíonn measúnuithe casta, ní mór do Chúirteanna an Aontais, i measc nithe eile, a shuíomh, ní hamháin cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an fhianaise a chuirtear ar aghaidh cruinn, iontaofa agus comhsheasmhach, ach ní mór dóibh a chinneadh freisin cé acu an bhfuil nó nach bhfuil san fhianaise sin na sonraí ábhartha uile nach mór a chur san áireamh agus an staid á meas agus cé acu an dtugtar nó nach dtugtar bunús do na conclúidí a baineadh astu (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Iúil 2014, Telefónica agus Telefónica de España v an Coimisiún, C‑295/12 P, EU:C:2014:2062, mír 54).

359    Ar deireadh, i réimse dhlí na hiomaíochta, i gcás ina bhfuil díospóid ann maidir le sárú, is faoin gCoimisiún atá sé an sárú arna chinneadh aige a chruthú agus fianaise a thabhairt ar aird trína bhféadfar a thaispeáint de réir an chaighdeáin dhlíthiúil is gá go bhfuil imthosca ann arb ionann iad agus sárú. I gcás ina bhfuil amhras fós ar an gCúirt, ní mór tairbhe an amhrais sin a thabhairt don ghnóthas atá cúisithe i leith an tsáraithe (breithiúnas an 22 Samhain 2012, E.ON Energie v an Coimisiún, C‑89/11 P, EU:C:2012:738, míreanna 71 agus 72).

(b)    Achoimre ar struchtúr an chinnidh atá faoi chonspóid

360    I gCuid 11 den chinneadh atá faoi chonspóid, atá roinnte ina ocht gcuid, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur bhain an t-iarratasóir mí-úsáid as a cheannasacht (féach mír 33 thuas).

361    Go háirithe, i gCuid 11.3 den chinneadh atá faoi chonspóid, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur íocaíochtaí eisiachais a bhí sna híocaíochtaí lena mbaineann (aithris 395 den chinneadh atá faoi chonspóid).

362    I gCuid 11.4 den chinneadh atá faoi chonspóid, shonraigh an Coimisiún gur deimhníodh in imthosca an cháis seo an toimhde gurbh ionann deonú íocaíochtaí eisiachais ag an iarratasóir agus mí-úsáid ceannasachta san anailís ar chumas na n-íocaíochtaí i gceist éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu (aithris 406 den chinneadh atá faoi chonspóid). Tá ceithre fhochuid sa chuid sin.

363    Ar an gcéad dul síos, chinn an Coimisiún gur laghdaigh na híocaíochtaí lena mbaineann dreasachtaí Apple chun aistriú chuig soláthraithe iomaíocha d’fhoirne sliseanna LTE (Cuid 11.4.1 den chinneadh atá faoi chonspóid).

364    Ar an dara dul síos, shonraigh an Coimisiún gur deimhníodh le doiciméid agus mínithe inmheánacha Apple gur laghdaigh na híocaíochtaí lena mbaineann dreasachtaí Apple chun aistriú chuig soláthraithe d’fhoirne sliseanna LTE iomaíocha (Cuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid).

365    Ar an tríú dul síos, chinn an Coimisiún gur cumhdaíodh leis na híocaíochtaí lena mbaineann sciar suntasach den mhargadh le haghaidh fhoirne sliseanna LTE le linn na tréimhse lena mbaineann (Cuid 11.4.3 den chinneadh atá faoi chonspóid).

366    Ar an gceathrú dul síos, mheas an Coimisiún gur chustaiméir tarraingteach a bhí in Apple mar gheall ar a thábhachtaí atá sé chun dul isteach sa mhargadh ábhartha nó leathnú amach ann (Cuid 11.4.4 den chinneadh atá faoi chonspóid).

367    I gCuid 11.5 den chinneadh atá faoi chonspóid, bhain an Coimisiún de thátal as nár léiríodh in anailís chorrlach criticiúil an iarratasóra nach raibh an cumas ag a chuid íocaíochtaí eisiachais éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu (aithris 488 den chinneadh atá faoi chonspóid).

(c)    Achoimre ar ghearáin an iarratasóra

368    Mar is léir ó mhíreanna 361 agus 362 thuas, ní hé nach ndearna an Coimisiún ach tréithriú ar na híocaíochtaí lena mbaineann mar íocaíochtaí eisiachais, ach rinne sé anailís ar chumas na n-íocaíochtaí sin éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu chomh maith. Dá bhrí sin, de réir an chásdlí dá dtagraítear i mír 356 thuas, ní mór don Chúirt argóintí an iarratasóra a scrúdú chun bailíocht na hanailíse sin a cheistiú.

369    Chuige sin, sa tríú cuid den tríú saincheist dlí, cuireann an t-iarratasóir ocht ngearán agus réamhargóintí áirithe ar aghaidh trína gcáineann sé an Coimisiún, go bunúsach, as earráidí measúnaithe a bheith déanta aige san anailís a rinne sé ar chumas na n-íocaíochtaí lena mbaineann éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu agus ina mheasúnú ar an anailís corrlaigh chriticiúil a chuir an t-iarratasóir i láthair.

370    Maidir leis an anailís ar chumas na n-íocaíochtaí lena mbaineann éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu, is iomchuí na chéad trí ghearán sa tríú cuid den tríú saincheist dlí agus na réamhargóintí gaolmhara a scrúdú.

2.      An chéad ghearán sa tríú cuid den tríú pléadáil: mainneachtain na himthosca ábhartha go léir a chur san áireamh

371    Áitíonn an t-iarratasóir nach dtugtar fianaise leis an gcinneadh atá faoi chonspóid go bhféadfadh na comhaontuithe lena mbaineann a bheith ina gcúis le foriamh frithiomaíoch d’iomaitheoirí. Áitíonn an t-iarratasóir freisin gur theip ar an gCoimisiún a chruthú go raibh Intel nó aon ghnóthas iomaitheora eile ábalta riachtanais theicniúla agus sceidealaithe dhiana Apple a chomhlíonadh. Os a choinne sin, áitíonn an t-iarratasóir go n-admhaíonn an cinneadh atá faoi chonspóid nach raibh aon iomaitheoir ábalta foirne sliseanna LTE a sholáthar lena n-úsáid ar iPhone ar feadh na tréimhse lena mbaineann agus nach bhfuil aon líomhain ann go raibh aon tionchar ag na híocaíochtaí lena mbaineann ar chinntí soláthair Apple do iPads a seoladh in 2011 go dtí 2013 agus in 2016. Féachtar leis an gcinneadh atá faoi chonspóid a léiriú go bhfuil iomaitheoir aonair (Intel) foriata maidir le soláthar do tháibléid iPad a bhí le seoladh in 2014 agus 2015, arb ionann é agus níos lú ná 1 % den mhargadh ábhartha agus nach bhféadfadh na híocaíochtaí lena mbaineann aon iomaitheoir a fhoriamh.

372    Áitíonn an t-iarratasóir gur theip ar an gCoimisiún fíorais ríthábhachtacha áirithe a shainaithint, a anailísiú nó a léirmhíniú agus go bhfuil míchruinneas sa chinneadh atá faoi chonspóid maidir leis na gléasanna agus na hiomaitheoirí lena mbaineann. Sonraíonn sé, mar a admhaíonn an Coimisiún sa chinneadh atá faoi chonspóid, nach bhféadfadh na comhaontuithe lena mbaineann bac a chur ar iomaitheoir ar bith ó fhoirne sliseanna LTE a sholáthar a úsáideadh i samhlacha iPhone a seoladh fad is a bhí na comhaontuithe sin i bhfeidhm. Go háirithe, mar is léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid, idir 2011 agus 2015 ní raibh aon rogha eile theicniúil ag Apple maidir lena riachtanais le haghaidh fhoirne sliseanna LTE dá ghutháin iPhone. Ina theannta sin, níor líomhain an Coimisiún go raibh an cumas ag na comhaontuithe lena mbaineann aon iomaitheoir maidir le soláthar fhoirne sliseanna LTE a úsáidtear sna samhlacha iPad a seoladh in 2011, 2012, 2013, agus 2016 a fhoriamh. Mar sin, go bunúsach, ní líomhnaíonn an Coimisiún ach foriamh féideartha de Intel ó sholáthairtí fhoirne sliseanna LTE atá beartaithe lena n-úsáid i dtáibléid iPad a seoladh in 2014 agus in 2015.

373    Cuireann an t-iarratasóir leis go n-admhaíonn an Coimisiún sa chosaint nár mheas Apple gur sholáthraí inchreidte d’fhoirne sliseanna LTE é Intel le húsáid ar ghutháin phóca. Léirigh an t-iarratasóir gur amhlaidh é sin i gcás aon iomaitheoir eile. Ar deireadh, áitíonn an t-iarratasóir nár thug an Coimisiún aghaidh ar aon cheann de na hargóintí gur cheart go gcinnfí an cumas foriaimh trí thagairt do na custaiméirí foirne sliseanna go léir sa mhargadh ábhartha níos leithne. Ní líomhnaítear sa chinneadh atá faoi chonspóid foriamh frithiomaíoch féideartha ón margadh fiú amháin, murab ionann is cosc a chur ó chustaiméir áirithe a sholáthar.

374    Ina choinne sin, áitíonn an Coimisiún go bhfuil argóintí an iarratasóra bunaithe ar mhíthuiscint bhunúsach ar an gcinneadh atá faoi chonspóid. Chinn an Coimisiún, le linn na tréimhse lena mbaineann, go raibh íocaíochtaí eisiachais déanta ag an iarratasóir le Apple i leith ghutháin iPhone agus tháibléid iPad araon a d’fhéadfadh éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu, nach raibh in Intel ach sampla inláimhsithe den chumas sin. Áirítear le torthaí an Choimisiúin mar sin, go háirithe, ach níl siad teoranta dóibh, go ndearna na híocaíochtaí lena mbaineann difear iarbhír do chinntí soláthair Apple le haghaidh tháibléid iPad a bhí beartaithe le seoladh in 2014 agus 2015. Áitíonn an Coimisiún, i bhfianaise mhíthuiscint an iarratasóra, nach gá don Chúirt an tríú cuid den tríú saincheist dlí a bhreithniú tuilleadh ach, in aon chás, cuireann an Coimisiún argóintí chun cinn chun argóintí an iarratasóra a bhréagnú.

375    Dá réir sin, ar an gcéad dul síos, áitíonn an Coimisiún nár shainaithin an t-iarratasóir go soiléir na himthosca ábhartha nó na cúiseanna go ndearna an Coimisiún earráid trí aird a thabhairt ar na fachtóirí a raibh sé ag brath orthu. Ansin, tagraíonn an Coimisiún do na himthosca a leagtar amach in aithris 411 den chinneadh atá faoi chonspóid. Go háirithe, sonraíonn sé gur fachtóirí atá le cur san áireamh iad (i) méid ceannasachta an iarratasóra, cumhdach an mhargaidh agus na coinníollacha faoinar deonaíodh íocaíochtaí, (ii) soiléiríonn sé nach dtugtar aghaidh sa tríú cuid den tríú saincheist dlí ar an tsaincheist maidir le ré na gcomhaontuithe lena mbaineann, (iii) sonraíonn sé go raibh méid na n-íocaíochtaí lena mbaineann suntasach, agus (iv) míníonn sé nach bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid bunaithe ar straitéis um fhoriamh a bheith ann. Ar deireadh, míníonn an Coimisiún, de réir an chinnidh atá faoi chonspóid, go raibh na híocaíochtaí lena mbaineann in ann éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu ar feadh na tréimhse lena mbaineann ar fad agus go raibh éifeachtaí frithiomaíocha i ndáiríre acu ar na cinntí soláthair d’fhoirne sliseanna LTE le haghaidh tháibléid iPad a bhí beartaithe ag Apple a sheoladh in 2014 agus 2015.

376    Ar an dara dul síos, luann an Coimisiún nár admhaigh sé gur iomaitheoir nach bhfuil chomh héifeachtach sin é Intel. Áitíonn sé go mainníonn an t-iarratasóir an cinneadh in aithris 464 den chinneadh atá faoi chonspóid gur fhéach Apple ar Intel mar fhoinse tharraingteach fhoirne sliseanna LTE dá tháibléid iPad. Ar chaoi ar bith, níl an cinneadh a rinneadh in aithris 486 bunaithe go hiomlán ar glacadh leis go raibh Intel ina iomaitheoir chomh héifeachtach céanna, ó chuir an Coimisiún san áireamh cumas na n-íocaíochtaí lena mbaineann éifeachtaí foriaimh a bheith acu ar aon iomaitheoir a bheadh chomh héifeachtach céanna, in aithris 426 den chinneadh atá faoi chonspóid tugadh faoi deara go ndearna Apple machnamh ar thrí sholáthraí eile do na táibléid iPad a bhí beartaithe aige a sheoladh in 2014.

377    Cuireann an Coimisiún freisin leis nach bhfuil aon fhiúntas ag áitiú an iarratasóra nach bhféadfaí Intel a mheas mar iomaitheoir chomh héifeachtach céanna, ós rud é go mbaineann an chonclúid maidir le cumas na n-íocaíochtaí lena mbaineann éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu le hiomaitheoir atá chomh héifeachtach céanna.

378    Mar réamhphointe, agus ag glacadh leis nach mór argóintí an Choimisiúin – nach bhfuil aon aidhm leis an scrúdú ar an tríú cuid den tríú saincheist dlí – a thuiscint sa chaoi go bhfuil an chuid sin neamhéifeachtúil, ní mór diúltú dóibh mar argóintí gan bhunús. I gcomhthéacs na coda sin den tsaincheist dlí, easaontaíonn na páirtithe, go bunúsach, maidir le bailíocht léiriú an Choimisiúin sa chinneadh atá faoi chonspóid maidir le cumas na n-íocaíochtaí lena mbaineann éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu. Dá bhrí sin, dá gcruthófaí go bhfuil bunús maith leis an tríú cuid den tríú saincheist dlí, chuirfí an cinneadh atá faoi chonspóid ar ceal mar thoradh air.

379    Sa chomhthéacs sin, chun argóintí an iarratasóra a scrúdú, ní mór gnéithe áirithe a bhaineann le struchtúr agus le hábhar an chinnidh atá faoi chonspóid a mheabhrú ar dtús.

380    Ar an gcéad dul síos, ní mór a chur in iúl, cé gurb é an margadh ábhartha a shocraigh an Coimisiún sa chinneadh atá faoi chonspóid an margadh domhanda le haghaidh fhoirne sliseanna LTE (féach mír 31 thuas), go dtagann iompar an iarratasóra faoi raon feidhme a chaidrimh chonarthaigh le Apple agus sin amháin. Go sonrach, chinn an Coimisiún gurbh éard a bhí i gceist leis an iompar neamhdhleathach ná an t-iarratasóir ag deonú na n-íocaíochtaí lena mbaineann do Apple (Airteagal 1 den chuid oibríochtúil den chinneadh atá faoi chonspóid).

381    Ansin, ní mór a mheabhrú, i gCuid 11.4 den chinneadh atá faoi chonspóid, gur tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur mí-úsáid ceannasachta a bhí sna híocaíochtaí lena mbaineann ar an bhforas gur íocaíochtaí eisiachais iad a bhféadfadh éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu (aithris 406 den chinneadh atá faoi chonspóid), sa mhéid is gur laghdaigh siad dreasachtaí Apple chun aistriú go hiomaitheoirí an iarratasóra (aithris 407 den chinneadh atá faoi chonspóid).

382    Go háirithe, léirigh an Coimisiún laghdú ar dhreasachtaí Apple chun aistriú chuig iomaitheoirí an iarratasóra i gCodanna 11.4.1 agus 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid (aithrisí 407 agus 408 den chinneadh atá faoi chonspóid).

383    Ar deireadh, ba cheart a thabhairt faoi deara, chun teacht ar chonclúid go bhféadfadh éifeachtaí frithiomaíocha a bheith ag na híocaíochtaí lena mbaineann, sa chinneadh atá faoi chonspóid, gur luaigh an Coimisiún gur chuir sé san áireamh freisin an sciar suntasach den mhargadh ábhartha a chumhdaítear leis na híocaíochtaí lena mbaineann dá dtagraítear i gCuid 11.4.3 den chinneadh atá faoi chonspóid (aithrisí 409 agus 411 den chinneadh atá faoi chonspóid), an tábhacht a bhaineann le Apple mar chustaiméir chun dul isteach nó leathnú ar an margadh ábhartha dá dtagraítear i gCuid 11.4.4 den chinneadh atá faoi chonspóid (aithrisí 410 agus 411 den chinneadh atá faoi chonspóid) chomh maith le méid cheannasacht an iarratasóra dá dtagraítear i gCuid 10 den chinneadh atá faoi chonspóid, na coinníollacha chun na híocaíochtaí lena mbaineann dá dtagraítear i gCuid 11.3 den chinneadh atá faoi chonspóid a dheonú agus fad agus méid na n-íocaíochtaí sin dá dtagraítear i gCuid 11.4.1 agus i gCuid 11.8 den chinneadh atá faoi chonspóid (aithris 411 den chinneadh atá faoi chonspóid). I gcodarsnacht leis sin, mar is léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid agus mar a dheimhnigh an Coimisiún ina chuid aighneachtaí i scríbhinn, ní raibh sé ag brath ar straitéis foriata a bheith ann chun, is é sin le rá, rún frithiomaíoch ar thaobh an iarratasóra.

384    A mhéid, mar is léir ó mhír 381 thuas, atá conclúid an Choimisiúin go raibh an cumas ag na híocaíochtaí lena mbaineann éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu, bunaithe, thar aon rud eile, ar an measúnú gur laghdaigh na híocaíochtaí sin dreasachtaí Apple chun aistriú go hiomaitheoirí an iarratasóra, is iomchuí tosú trí scrúdú a dhéanamh ar cé acu an ndearna an Coimisiún, mar a áitíonn an t-iarratasóir, measúnú den sórt sin gan na himthosca ábhartha go léir a chur san áireamh.

385    Sa chéad áit, ní mór a mheabhrú, mar a tugadh faoi deara i mír 382 thuas, gur tháinig an Coimisiún ar an measúnú gur laghdaigh na híocaíochtaí lena mbaineann dreasachtaí Apple chun aistriú go hiomaitheoirí an iarratasóra i gcomhréir leis an anailís atá i gCodanna 11.4.1. agus 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid.

386    Ar an gcéad dul síos, i gCuid 11.4.1 den chinneadh atá faoi chonspóid, tháinig an Coimisiún ar an measúnú sin (aithris 412 den chinneadh atá faoi chonspóid) ar bhonn anailís chomparáideach ar mhéid na n-íocaíochtaí lena mbaineann a fuarthas le linn na tréimhse lena mbaineann (aithris 413 den chinneadh atá faoi chonspóid), ar mhéid na n-íocaíochtaí lena mbaineann a bheadh caillte ag Apple dá seolfadh sé gléas a chuimseodh foireann sliseanna LTE ó iomaitheoir an iarratasóra le linn na tréimhse lena mbaineann ar fad (aithris 414 den chinneadh atá faoi chonspóid) agus méid na n-aisíocaíochtaí a bheadh ar Apple a dhéanamh dá seolfadh sé gléas a chuimseodh foireann sliseanna LTE d’iomaitheoir an iarratasóra in 2013, 2014 agus 2015 (aithris 416 den chinneadh atá faoi chonspóid) agus tionchar carnach ionchasach an chaillteanais sin agus aisíocaíocht na n-íocaíochtaí lena mbaineann (aithris 417 den chinneadh atá faoi chonspóid).

387    Ar an dara dul síos, i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid, chinn an Coimisiún gur deimhníodh an measúnú sin le doiciméid inmheánacha agus mínithe Apple (aithris 423 den chinneadh atá faoi chonspóid). Tá ceithre chuid i gCuid 11.4.2: sa chéad chuid tá anailís an Choimisiúin ar dhoiciméid inmheánacha agus mínithe Apple (Cuid 11.4.2.1 den chinneadh atá faoi chonspóid); féachann an dara cuid le freagra a thabhairt ar argóint an iarratasóra nach bhfuil na doiciméid agus na mínithe inmheánacha sin iontaofa (Cuid 11.4.2.2 den chinneadh atá faoi chonspóid); féachann an tríú cuid le freagra a thabhairt ar argóint an iarratasóra gur iarr Apple an t-eisiachas (Cuid 11.4.2.3 den chinneadh atá faoi chonspóid); agus féachann an ceathrú cuid le freagra a thabhairt ar argóint an iarratasóra gur roghnaigh Apple é, ar aon nós, mar gheall ar chaighdeán níos airde a chuid foirne sliseanna LTE agus tá measúnú an Choimisiúin ann, contrártha le hargóintí an iarratasóra, go raibh tionchar ag na híocaíochtaí lena mbaineann ar straitéis foinsithe Apple (Cuid 11.4.2.4 den chinneadh atá faoi chonspóid).

388    Sa dara háit, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar is léir óna n-ábhar agus ó na míniúcháin a chuir an Coimisiún faoi bhráid na Cúirte, go bhfuil raon feidhme éagsúil ag an réasúnaíocht a thugtar i gCúid 11.4.1 agus i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid.

389    Ar an gcéad dul síos, féachann Cuid 11.4.1 den chinneadh atá faoi chonspóid lena léiriú gur laghdaigh na híocaíochtaí lena mbaineann dreasachtaí Apple chun aistriú chuig iomaitheoirí an iarratasóra le linn na tréimhse lena mbaineann chun foirne sliseanna LTE a fháil dá ghléasanna go léir, eadhon gutháin iPhone agus táibléid iPad. Sa chomhthéacs sin, mar is léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid agus mar a shoiléirigh an Coimisiún os comhair na Cúirte, bhí sé ag brath ar anailís a dhéanamh ar chumas na n-íocaíochtaí lena mbaineann éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu.

390    Ina theannta sin, maidir le héileamh Apple ar fhoirne sliseanna LTE dá dtagraítear in anailís an Choimisiúin, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gCuid 11.4.3 den chinneadh atá faoi chonspóid, chun clúdach margaidh na n-íocaíochtaí lena mbaineann a chinneadh, gur thagair an Coimisiún freisin do na foirne sliseanna LTE uile a fuair Apple ón iarratasóir, gan idirdhealú a dhéanamh idir gutháin iPhone agus táibléid iPad. Mar an gcéanna, i gCuid 11.4.4 den chinneadh atá faoi chonspóid, chinn an Coimisiún gur chustaiméir tarraingteach é Apple do sholáthraithe foirne sliseanna LTE, gan idirdhealú a dhéanamh idir gutháin iPhone agus táibléid iPad.

391    Dá réir sin, baineann Cuid 11.4.1 den chinneadh atá faoi chonspóid, amhail Codanna 11.4.3 agus 11.4.4 den chinneadh atá faoi chonspóid, le héileamh iomlán d’fhoirne sliseanna LTE Apple le haghaidh gutháin iPhone agus táibléid iPad. Dheimhnigh an Coimisiún, ina theannta sin, ina chuid aighneachtaí scríofa gur chinn sé, le linn na tréimhse lena mbaineann, go raibh na híocaíochtaí lena mbaineann in ann éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu maidir leis na foirne sliseanna LTE atá beartaithe le haghaidh ghutháin iPhone agus tháibléid iPad araon.

392    Ar an dara dul síos, féachtar le Cuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid lena dhearbhú, go bunúsach, ar bhonn dhoiciméid agus mhínithe inmheánacha Apple, an measúnú i gCuid 11.4.1 den chinneadh atá faoi chonspóid agus, go sonrach, mar is léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid agus mar a shoiléirigh an Coimisiún os comhair na Cúirte, chun a léiriú gur laghdaigh na híocaíochtaí lena mbaineann dreasachtaí Apple chun aistriú chuig iomaitheoirí an iarratasóra d’fhonn foirne sliseanna LTE a aimsiú le haghaidh cuid dá ghléasanna.

393    Chuige sin, sa chosaint, dheimhnigh an Coimisiún go sainráite gur fhéach an chuid sin den chinneadh atá faoi chonspóid le léiriú go ndearnadh ‘difear i ndáiríre’ de bharr na n-íocaíochtaí lena mbaineann, nó go raibh ‘an éifeacht iarbhír acu difear a dhéanamh’ do chinntí Apple maidir le soláthar fhoirne sliseanna LTE le haghaidh ‘tháibléid iPad a raibh beartaithe aige a sheoladh in 2014 agus in 2015’. Dá réir sin, mhínigh an Coimisiún gur bhain an chonclúid ar thángthas uirthi ina leith sin le ‘héifeachtaí iarbhír’ na n-íocaíochtaí lena mbaineann.

394    Ina theannta sin, maidir le héileamh Apple ar fhoirne sliseanna LTE dá dtagraítear san anailís a rinne sé atá i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid, nuair a ceistíodh é faoi bheart eagrúcháin nós imeachta maidir le raon feidhme na bhfocal agus na n-abairtí ‘gléasanna’, ‘seoladh’ (in 2014 agus 2015) agus ‘le seoladh’ (in 2014 agus 2015) a úsáidtear sa chuid sin, dheimhnigh an Coimisiún go sainráite nár bhain an chuid sin le gutháin iPhone ach le táibléid iPad amháin, luaigh sé gur tharla ‘earráid chléireachais’ aiféalach sa mhéid is a thagair an chuid sin do tháibléid iPad ‘seolta’ go hiarbhír in 2014 agus 2015 agus lean sé chun a dhearbhú go sainráite gur bhain an chuid sin le táibléid iPad ‘neamh-CDMA’ áirithe amháin a bhí ‘le seoladh’ ag Apple in 2014 agus 2015.

395    Dá bhrí sin, mar is léir ó ábhar an chinnidh atá faoi chonspóid agus mar a dheimhnigh an Coimisiún ina aighneachtaí i scríbhinn agus ag an éisteacht araon, ar dtús, baineann anailís iomlán an Choimisiúin atá le fáil i gCuid 11.4.1 den chinneadh atá faoi chonspóid le cumas na n-íocaíochtaí lena mbaineann éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu i ndáil le gutháin iPhone agus táibléid iPad araon, mar a mholtar, thairis sin faoi theideal Chuid 11.4 den chinneadh atá faoi chonspóid a mhéid a thagraíonn sé go ginearálta d’éifeachtaí frithiomaíocha ‘féideartha’ na n-íocaíochtaí sin. Tá an anailís sin cumhdaithe ag an gcéad ghearán sa tríú cuid den tríú saincheist dlí. Ar an dara dul síos, baineann anailís an Choimisiúin atá i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid leis na héifeachtaí a bheadh ag na híocaíochtaí lena mbaineann i ndáiríre maidir le samhlacha iPad áirithe a bhí beartaithe ag Apple a sheoladh in 2014 agus 2015. Cumhdaítear an anailís sin sa dara agus sa tríú gearán sa tríú cuid den tríú saincheist dlí (féach mír 429 et seq. thíos).

396    Sa tríú háit, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 355 thuas, ní mór anailís a dhéanamh i dtaobh an raibh nó nach raibh an cumas ag na híocaíochtaí lena mbaineann an iomaíocht a shrianadh agus, go háirithe, iomaitheoirí atá chomh héifeachtach céanna ar a laghad a fhoriamh i bhfianaise na gcúinsí fíorasacha ábhartha uile a bhaineann leis an iompar sin.

397    Dá bhrí sin, ós rud é nach mór na himthosca ábhartha go léir a bhaineann leis an iompar a bhfuil gearán á dhéanamh a chur san áireamh, ní féidir an anailís ar chumas frithiomaíoch an iompair sin a bheith teoiriciúil amháin (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2015, Post Danmark, C‑23/14, EU:C:2015:651, míreanna 65 agus 68).

398    Sa cheathrú háit, i bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, is gá a scrúdú ar tháinig nó nár tháinig an Coimisiún, mar a áitíonn an t-iarratasóir, ar an measúnú gur laghdaigh na híocaíochtaí lena mbaineann dreasachtaí Apple chun aistriú chuig iomaitheoirí an iarratasóra chun foirne sliseanna LTE a aimsiú le haghaidh ghutháin iPhone agus táibléid iPad le seoladh le linn na tréimhse lena mbaineann gan na cúinsí fíorasacha ábhartha go léir a chur san áireamh i gceart.

399    Ar an gcéad dul síos, tá sé soiléir ón gcinneadh atá faoi chonspóid, maidir le samhlacha iPhone agus iPad a seoladh roimh 2011, go bhfuair Apple foirne sliseanna UMTS ó Infineon, a fuair Intel a ngníomhaíochtaí soláthair d’fhoirne sliseanna in 2011 (aithrisí 89 agus 90 den chinneadh atá faoi chonspóid). Idir 2011 agus 2015, agus suas go dtí an 16 Meán Fómhair 2016, is é sin le linn na tréimhse lena mbaineann, ní bhfuair Apple foirne sliseanna LTE le haghaidh ghutháin iPhone agus tháibléid iPad ach ón iarratasóir amháin (aithris 168 den chinneadh atá faoi chonspóid). Ag tosú ón iPhone 7 a seoladh an 16 Meán Fómhair 2016, d’ionchorpraigh Apple foirne sliseanna LTE Intel i leaganacha áirithe den tsamhail sin (aithrisí 91 agus 169 den chinneadh atá faoi chonspóid).

400    Ar an dara dul síos, mar a shonraíonn an t-iarratasóir, ba cheart a thabhairt faoi deara, in aithris 322 den chinneadh atá faoi chonspóid, i gcomhthéacs Chuid 10 den chinneadh sin maidir le ceannasacht an iarratasóra, gur chinn an Coimisiún, idir 2011 agus 2015, ‘nach raibh rogha eile ag Apple maidir lena riachtanais d’fhoirne sliseanna LTE dá ghléasanna iPhone’.

401    I dtaca leis sin, ar dtús, ba cheart a thabhairt faoi deara, sa chinneadh atá faoi chonspóid, nár luaigh an Coimisiún an bonn leis an toradh ar thángthas air in aithris 322 den chinneadh sin. Maidir le fonóta gaolmhar 392, sa leagan den chinneadh atá faoi chonspóid a cuireadh in iúl don iarratasóir, do chuid den chinneadh atá faoi chonspóid nach bhfuil ann (Cuid 0) agus, sa leagan poiblí den chinneadh atá faoi chonspóid, tagraítear, gan aon mhíniú breise, do Chuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid. Mar sin féin, ba cheart a mheabhrú, mar a dheimhnigh an Coimisiún mar fhreagra ar na bearta eagrúchán nós imeachta, nach mbaineann Cuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid le gutháin iPhone, ach go mbaineann sé le samhlacha iPad áirithe amháin a bhí le seoladh in 2014 agus in 2015 (mír 394 thuas). Nuair a ceistíodh é ina leith sin ag an éisteacht, mhínigh an Coimisiún gur earráid theicniúil a bhí sa tagairt do Chuid 0 sa leagan den chinneadh atá faoi chonspóid a cuireadh in iúl don iarratasóir agus b’éigean an tagairt do Chuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid sa leagan poiblí den chinneadh atá faoi chonspóid, a thuiscint mar chodarsnacht, rud a chiallaigh, cé nach raibh aon rogha eile ag Apple seachas foirne sliseanna LTE an iarratasóra le haghaidh ghutháin iPhone a bhí le seoladh idir 2011 agus 2015 de réir aithris 322 den chinneadh atá faoi chonspóid, bhí a leithéid de rogha eile aige le haghaidh táibléid iPad áirithe a bhí le seoladh in 2014 agus 2015, de réir Chuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid.

402    Ar an dara dul síos, is léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid go dtagraíonn an toradh ar thángthas air in aithris 322 den chinneadh sin don easpa rogha theicniúil mhalartach maidir le riachtanais Apple d’fhoirne sliseanna LTE le haghaidh ghutháin iPhone. In aithris 447 den chinneadh atá faoi chonspóid, ag brath ar thuairimí Apple ar fhreagra an iarratasóra ar an ráiteas agóidí, luaigh an Coimisiún, maidir le gléasanna a bhí le seoladh in 2016, go bhféadfaí breithniú a dhéanamh ar Intel le haghaidh ghutháin iPhone agus ní hamháin do tháibléid iPad de bharr feabhsúchán ar ‘phríomhtheicneolaíochtaí’. Ar an gcaoi chéanna, in aithrisí 491, 492 agus 495 den chinneadh atá faoi chonspóid, luaigh an Coimisiún nach raibh riachtanais Apple maidir le foirne sliseanna LTE le haghaidh ghutháin iPhone inchonspóide idir 2012 agus 2015, ag cur béime, inter alia, ar an bhfíoras nach raibh feidhmiúlachtaí teicniúla áirithe ag foirne sliseanna LTE de chuid Intel.

403    Mar fhreagra ar na ceisteanna a chuir an Chúirt ag an éisteacht maidir leis an mbonn atá leis an gcinneadh in aithris 322 den chinneadh atá faoi chonspóid, dheimhnigh an Coimisiún agus an t-iarratasóir go sainráite, ar an gcéad dul síos, gur cheart a thuiscint i ndáiríre go dtagraíonn an toradh ar thángthas air nach raibh aon rogha eile theicniúil ann i bhfianaise riachtanais Apple maidir le foirne sliseanna LTE le haghaidh ghutháin iPhone a bhí le seoladh idir 2011 agus 2015 agus, ar an dara dul síos, go raibh an toradh sin ceart ón taobh fíorasach de.

404    Thairis sin, i gcomhthéacs na díospóide atá ann faoi láthair, ní gá an fheidhmiúlacht theicniúil ná na feidhmiúlachtaí teicniúla a bhunú a bhaineann leis an easpa rogha eile do na samhlacha éagsúla iPhone a bhí ar Apple a sheoladh idir 2011 agus 2015, agus go háirithe cé acu a bhí i gceist (i) an caighdeán ‘Ilrochtain chódroinnte’ (CDMA) dá dtagraítear sna ráitis a atáirgeadh in aithris 187(2), agus in aithrisí 454 agus 461 den chinneadh atá faoi chonspóid, (ii) teicneolaíocht ‘Guthú LTE’ (VoLTE) dá dtagraítear sa ráiteas atá leagtha amach i bhfonóta 586 leis an gcinneadh a ghabhann leis an gcinneadh atá faoi chonspóid a bhaineann (trí thagairt d’fhonóta 587) le haithris 447 den chinneadh sin, (iii) ‘nascacht gutha’ nó ‘feidhmiúlacht gutha’ dá dtagraítear in aithris 492 den chinneadh atá faoi chonspóid, nó feidhmiúlachtaí eile.

405    Cibé míniú teicniúil atá ar an gcinneadh fíorais a thug an Coimisiún in aithris 322 den chinneadh atá faoi chonspóid, tá comhthuiscint idir na páirtithe nach raibh aon rogha eile theicniúil ag Apple seachas foirne sliseanna LTE an iarratasóra maidir lena riachtanais do ghutháin iPhone a bhí le seoladh idir 2011 agus 2015.

406    Ina theannta sin, níl aon rud sa chinneadh atá faoi chonspóid a thabharfadh le fios, ar an gcéad dul síos, go raibh sé beartaithe ag Apple soláthairtí a fháil, le haghaidh ghutháin iPhone a bhí le seoladh idir 2011 agus 2015, d’fhoirne sliseanna LTE nár chomhlíon a riachtanais theicniúla agus, ar an dara dul síos, go raibh easpa rogha eile ann do ghutháin iPhone, a tugadh faoi deara in aithris 322 den chinneadh atá faoi chonspóid, ar chúiseanna seachas ar chúiseanna teicniúla.

407    Ar an tríú dul síos, in aithrisí 491, 493 agus 495 den chinneadh atá faoi chonspóid, thug an Coimisiún faoi deara freisin nach raibh ach thart ar leath de riachtanais Apple maidir le foirne sliseanna LTE le haghaidh ghutháin iPhone a seoladh in 2016 inchonspóide. Chuige sin, in aithris 493 den chinneadh atá faoi chonspóid, bhí an Coimisiún ag brath ar ráiteas ó Apple, a bhí i dtuairimí Apple ar fhreagra an iarratasóra ar an ráiteas agóidí, ag tabhairt le fios nach raibh sé in ann ach níos lú ná leath dá riachtanais toirte le haghaidh ghutháin iPhone a bhí le seoladh in 2016 a fháil ó Intel. Tagraíonn an fhaisnéis sa chinneadh atá faoi chonspóid ina leith sin freisin do chúinsí teicniúla. Léirítear le fonóta 586 a ghabhann leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, ina ndéantar atáirgeadh ar bharúlacha Apple ar fhreagra an iarratasóra ar an ráiteas agóidí, go bhféadfadh Apple soláthairtí a fháil ó Intel amháin don ‘chuid neamh-CDMA’ dá riachtanais maidir le foirne sliseanna LTE le haghaidh ghutháin iPhone a bhí le seoladh in 2016, rud a thugann le tuiscint nach bhfuil Apple ábalta soláthairtí a fháil ó Intel don chuid CDMA de na riachtanais sin.

408    Ar an gceathrú dul síos, de réir na meastachán sa chinneadh atá faoi chonspóid, b’ionann gutháin iPhone agus thart ar 90 % de dhíolacháin ghléasanna LTE Apple le linn na tréimhse lena mbaineann, agus mar sin dá riachtanais le haghaidh fhoirne sliseanna LTE, agus b’ionann táibléid iPad agus thart ar 10 % de dhíolacháin ghléasanna LTE Apple le linn na tréimhse lena mbaineann, agus mar sin de na riachtanais sin (féach aithris 421 den chinneadh atá faoi chonspóid).

409    Mar thoradh air sin, le haghaidh cuid mhór de riachtanais Apple maidir le foirne sliseanna LTE le haghaidh gléasanna a bhí le seoladh le linn na tréimhse lena mbaineann, is é sin gach iPhone a bhí le seoladh idir 2011 agus 2015 agus níos mó ná leath de na gutháin iPhone a bhí le seoladh in 2016, ní raibh aon rogha theicniúil eile seachas foirne sliseanna LTE an iarratasóra agus dá bhrí sin níorbh fhéidir leis aistriú chuig soláthraithe iomaíocha.

410    Is imthosca fíorasacha ábhartha nach mór a chur san áireamh agus anailís á déanamh ar chumas na n-íocaíochtaí lena mbaineann éifeachtaí foriaimh a bheith acu ná an fíoras nach bhfuil faoi chonspóid, nach raibh aon rogha theicniúil ar an margadh ábhartha, ar fhoirne sliseanna LTE an iarratasóra le haghaidh cuid mhór de riachtanais Apple le linn na tréimhse lena mbaineann, ós rud é gur shocraigh an Coimisiún an cumas sin i bhfianaise riachtanais iomlána Apple maidir le foirne sliseanna LTE agus, go háirithe, i bhfianaise an laghdaithe ar dhreasachtaí Apple chun aistriú chuig iomaitheoirí an iarratasóra dá riachtanais go léir.

411    Sa chúigiú háit, i bhfianaise an mhéid sin thuasluaite, ní mór a thabhairt le fios gur tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh an cumas ag na híocaíochtaí lena mbaineann srian a chur ar an iomaíocht sa mhéid is gur laghdaigh siad dreasachtaí Apple chun aistriú chuig iomaitheoirí an iarratasóra chun foirne sliseanna LTE a fhoinsiú dá éileamh go léir maidir le gutháin iPhone agus táibléid iPad ar bhonn anailís inar theip ar an gCoimisiún na himthosca fíorasacha ábhartha uile a bhain leis an iompar lena mbaineann a chur san áireamh i gceart.

412    Cé gur chinn an Coimisiún nach raibh aon rogha eile theicniúil ag Apple ar fhoirne sliseanna LTE an iarratasóra do gach iPhone a bhí le seoladh idir 2011 agus 2015 agus do níos mó ná leath de na gutháin iPhone le seoladh in 2016, ní dhearna sé nasc idir na himthosca fíorasacha ábhartha sin, rud a thug le tuiscint nach raibh aon iomaitheoir ábalta foirne sliseanna LTE a sholáthar do Apple le haghaidh na nguthán iPhone sin, agus laghdú líomhainte ar dhreasachtaí Apple aistriú chuig iomaitheoirí an iarratasóra chun foirne sliseanna LTE a fhoinsiú dá riachtanais uile, lena n-áirítear mar sin do ghutháin iPhone, cé gur sheas na gléasanna sin do chuid an-mhór de na riachtanais sin.

413    Thairis sin, i gCuid 11.5 den chinneadh atá faoi chonspóid, bhí an Coimisiún, go frithráiteach, ag brath inter alia ar na himthosca sin chun anailís chorrlach criticiúil an iarratasóra a dhiúltú, ar an bhforas nár cuireadh san áireamh sa sciar inchonspóide d’éileamh Apple ar bhraith an t-iarratasóir air, an fíoras nach bhféadfadh Apple soláthraí eile a roghnú le haghaidh fhoirne sliseanna LTE le haghaidh ghutháin iPhone a bhí le seoladh in 2012, 2013, 2014 agus 2015 agus le haghaidh níos mó ná leath de na gutháin iPhone a bhí le seoladh in 2016 (aithris 491 agus aithris 495(2) den chinneadh atá faoi chonspóid).

414    Sna himthosca sin, a mhéid a theip ar an gCoimisiún a chur san áireamh nach bhféadfadh Apple aistriú chuig aon soláthraí eile chun a riachtanais theicniúla a chomhlíonadh maidir le cuid an-mhór dá éileamh ar fhoireann sliseanna LTE (a fhreagraíonn do ghutháin iPhone, cé is moite de níos lú ná leath de na gutháin iPhone a bhí le seoladh in 2016), ní fhéadfadh sé teacht ar an gconclúid go dlisteanach gur laghdaigh na híocaíochtaí lena mbaineann dreasachtaí Apple chun aistriú chuig iomaitheoirí an iarratasóra chun a riachtanais go léir maidir le gach iPhone agus iPad a bhí le seoladh le linn na tréimhse lena mbaineann, agus go raibh sé de chumas ag na híocaíochtaí sin, dá réir sin, srian a chur ar an iomaíocht sa mhargadh ábhartha d’fhoirne sliseanna LTE ina iomláine. D’fhéadfadh an fíoras – nár cuireadh san áireamh i gceart sa chinneadh atá faoi chonspóid – go bhfuair Apple foirne sliseanna LTE ón iarratasóir, agus ní ó iomaitheoirí an iarratasóra, i bhfianaise easpa roghanna eile a chomhlíon a riachtanais theicniúla féin teacht faoi chuimsiú na hiomaíochta de bhua tuillteanais, agus nach bhfuil éifeacht fhrithiomaíoch foriaimh de thoradh na n-íocaíochtaí lena mbaineann.

415    Is fíor go dtoirmisctear le hAirteagal 102 CFAE iompar ag gnóthas a bhfuil ceannasacht a bhfuil sé d’aidhm aige an seasamh sin a neartú agus mí-úsáid a bhaint as, go háirithe nuair atá sé beartaithe ag iompar den sórt sin rochtain éifeachtach ar mhargadh a bhaint de pháirtithe a d’fhéadfadh bheith ina n-iomaitheoirí ionchasacha (féach, chuige sin, breithiúnas an 30 Eanáir 2020, Generics (UK) agus páirtithe eile, C‑307/18, EU:C:2020:52, mír 151). Sa chás seo, i bhfianaise theoiric an dochair a leagtar amach sa chinneadh atá faoi chonspóid, atá bunaithe ar laghdú ar dhreasachtaí Apple chun aistriú chuig iomaitheoirí an iarratasóra dá riachtanais uile d’fhoirne sliseanna LTE le linn na tréimhse lena mbaineann, ní fhéadfadh an Coimisiún neamhaird a dhéanamh ar an imthoisc nach bhféadfadh Apple, mar gheall ar a riachtanais theicniúla féin, aistriú chuig iomaitheoirí an iarratasóra le haghaidh cuid mhór dá éileamh ar fhoireann sliseanna LTE le linn na tréimhse sin.

416    Ina theannta sin, ní mór a shonrú, sa chinneadh atá faoi chonspóid, nár mhaígh an Coimisiún ar dhóigh ar bith gur chuir iompar an iarratasóra bac ar iomaitheoirí nach raibh chomh héifeachtach céanna agus an t-iarratasóir ó tháirgí a fhorbairt a chomhlíon riachtanais Apple, ach mhaígh sé gur laghdaíodh dreasachtaí Apple aistriú chuig iomaitheoirí an iarratasóra dá riachtanais uile d’fhoirne sliseanna LTE. Ar aon chuma, ba cheart a chur in iúl, mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 351 thuas, go bhféadfadh iomaíocht de bhua tuillteanas a bheith mar chúis le himeacht ón margadh nó imeallú d’iomaitheoirí nach bhfuil chomh héifeachtach céanna agus nach bhfuil chomh tarraingteach sin dá bharr do thomhaltóirí ó thaobh, i measc nithe eile, praghais, rogha, cáilíochta nó nuálaíochta.

417    Leanann sé ón méid sin go léir thuasluaite go bhfuil conclúid an Choimisiúin maidir le cumas na n-íocaíochtaí lena mbaineann éifeachtaí foriaimh a bheith acu ar an bhforas gur laghdaigh siad dreasachtaí Apple chun aistriú chuig iomaitheoirí an iarratasóra d’fhonn foirne sliseanna LTE a fhoinsiú dá éileamh go léir bunaithe ar anailís nach ndearnadh i bhfianaise na gcúinsí fíorasacha ábhartha go léir agus atá, ar an bhforas sin, neamhdhleathach.

418    Níl aon tionchar ag argóintí eile an Choimisiúin ar an gcinneadh sin.

419    Ar an gcéad dul síos, ag an éisteacht, mar fhreagra ar cheisteanna a chuir an Chúirt, bhí an Coimisiún ag brath ar aithris 421 den chinneadh atá faoi chonspóid chun a mhaíomh go ndearna sé cur síos ar an éifeacht ‘ghiarála’ a raibh an léiriú ar cumas na n-íocaíochtaí lena mbaineann éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu bunaithe air. Go bunúsach, de réir an Choimisiúin, fiú mura raibh sé indéanta go teicniúil d’iomaitheoirí an iarratasóra soláthar a chur ar fáil le haghaidh ghutháin iPhone, d’fhág na comhaontuithe lena mbaineann gur féidir leis an iarratasóir an sciar neamh-inchonspóide sin d’éileamh Apple a bhaineann le gutháin iPhone ‘a ghiaráil’ d’fhonn iomaitheoirí a fhoriamh maidir leis an sciar inchonspóide den éileamh sin a bhaineann le táibléid iPad agus, dá réir sin, bac a chur ar iomaitheoirí ó leathnú agus fás ar an margadh.

420    I dtaca leis sin, ar an gcéad dul síos, ní mór a thabhairt faoi deara nach bhfuil argóint an Choimisiúin ag teacht leis an teoiric maidir le dochar a leagtar amach sa chinneadh atá faoi chonspóid, ina dtagraítear do chumas na n-íocaíochtaí lena mbaineann éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu ar an margadh ábhartha ina iomláine le haghaidh fhoirne sliseanna LTE ar an bhforas gur díspreagadh Apple ó fhoinsiú ó iomaitheoirí an iarratasóra le haghaidh a riachtanais uile d’fhoirne sliseanna LTE le haghaidh ghutháin iPhone agus tháibléid iPad. I bhfocail eile, tagraíonn an cinneadh atá faoi chonspóid d’éifeacht foriaimh maidir le gach foireann sliseanna LTE do ghutháin iPhone agus tháibléid iPad araon gan idirdhealú, agus ní d’éifeacht foriaimh atá teoranta go hiomlán d’fhoinsiú Apple d’fhoirne sliseanna LTE do tháibleid iPad. Thairis sin, ar an gcéad dul síos, sa chinneadh atá faoi chonspóid, níl an sárú a líomhnaítear a rinne an t-iarratasóir a sainmhíníodh trí thagairt d’éileamh iomlán Apple do ghutháin iPhone agus táibléid iPad agus, sa dara háit, an coincheap féin go n-úsáidfeadh an t-iarratasóir ‘giaráil’ maidir leis na gléasanna éagsúla Apple, le feiceáil sa réasúnaíocht a chuir an Coimisiún ar aghaidh i gCuid 11.4 den chinneadh atá faoi chonspóid.

421    Ansin, ní mór a thabhairt faoi deara, cé go bhfuil sí mar chuid de Chuid 11.4.1 den chinneadh atá faoi chonspóid, go bhféachtar le haithris 421 den chinneadh sin freagra a thabhairt, mar aon le haithrisí 419 agus 420 den chinneadh sin, ar argóint a chuir an t-iarratasóir ar aghaidh le linn an nós imeachta riaracháin maidir le cumas iomaitheoirí an iarratasóra dreasachtaí comhionanna a thairiscint do Apple. Ní fhéadtar a chinneadh, dá bhrí sin, go bhfuil an teoiric maidir le dochar atá mar bhonn agus taca ag cumas na n-íocaíochtaí éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu mínithe san aithris sin. Ina theannta sin, in aon chás, contrártha leis an méid atá tugtha le tuiscint ag an gCoimisiún, níl aon léiriú soiléir in aithris 421 den chinneadh atá faoi chonspóid go bhfuair an t-iarratasóir, tríd an sciar neamh-inchonspóide d’éileamh Apple ar fhoirne sliseanna LTE, ‘giaráil’ ar an sciar inchonspóide den éileamh sin.

422    Ar deireadh, ar mhaithe le hiomláine, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil argóint an Choimisiúin a tógadh as aithris 421 den chinneadh atá faoi chonspóid bunaithe ar an mbonn go léiríonn an cinneadh atá faoi chonspóid cumas frithiomaíoch na n-íocaíochtaí lena mbaineann i ndáil le táibléid iPad. Ar an gcéad dul síos, mar atá tugtha faoi deara i mír 391 thuas, i gCodanna 11.4.1, 11.4.3 agus 11.4.4 den chinneadh atá faoi chonspóid, rinne an Coimisiún anailís ghinearálta ar chumas na n-íocaíochtaí lena mbaineann éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu, gan aon anailís ar leith a dhéanamh maidir le táibléid iPad. Ar an dara dul síos, mar atá tugtha faoi deara i míreanna 392 go 394 thuas, maidir le táibléid iPad, i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid, ní dhearna an Coimisiún ach scrúdú ar éifeachtaí iarbhír líomhainte na n-íocaíochtaí lena mbaineann i ndáil le samhlacha iPad neamh-CDMA a bhí le seoladh in 2014 agus 2015, anailís atá cumhdaithe leis an dara agus an tríú gearán a scrúdaítear thíos.

423    Ar an dara dul síos, mar a luadh i mír 375 thuas, braitheann an Coimisiún ar na fachtóirí a luaitear in aithris 411 den chinneadh atá faoi chonspóid agus dá dtagraítear i mír 383 thuas chun a léiriú gur chuir sé imthosca ábhartha an cháis seo san áireamh.

424    Ar an gcéad dul síos, a mhéid a bhraitheann an Coimisiún ar na coinníollacha chun na híocaíochtaí lena mbaineann dá dtagraítear i gCuid 11.3 den chinneadh atá faoi chonspóid a dheonú, ba cheart a mheabhrú nach ndearna an Coimisiún, sa chuid sin, ach teacht ar an tátal go raibh na híocaíochtaí lena mbaineann ina n-íocaíochtaí eisiachais, agus go bhfuarthas an anailís ar chumas líomhainte na n-íocaíochtaí sin éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu i gCuid 11.4 den chinneadh sin. Ina theannta sin, ní mór a thabhairt faoi deara, in imthosca an cháis seo, nár leor na híocaíochtaí lena mbaineann a shainiú mar íocaíochtaí eisiachais chun teacht ar an gconclúid gurbh ionann na híocaíochtaí sin agus mí-úsáid ceannasachta. I gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 354 thuas, i bhfianaise na n-agóidí a chuir an t-iarratasóir ar aghaidh le linn an nós imeachta riaracháin, ceanglaíodh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar (i) cumas na n-íocaíochtaí lena mbaineann éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu agus, go háirithe, (ii) an cumas foriaimh d’iomaitheoirí a bheadh chomh héifeachtach céanna ar a laghad.

425    Ar an dara dul síos, cé go bhfuil an ceart ag an gCoimisiún agus é á rá, go bunúsach, nár cheart neamhaird a thabhairt ar na fachtóirí dá dtagraítear i mír 383 thuas, fágann sé sin fós go bhfuil na fachtóirí sin, cé go bhféadfaidís a bheith ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar chumas iompair a éifeachtaí frithiomaíocha a bheith aige, ní léirítear leo féin, sa chás seo, éifeacht fhrithiomaíoch agus, go háirithe, éifeacht foriaimh. Is amhlaidh freisin i leith méid cheannasacht an iarratasóra (dá dtagraítear i gCuid 10 den chinneadh atá faoi chonspóid), fad agus méid na n-íocaíochtaí lena mbaineann (dá dtagraítear i gCuid 11.4.1 agus Cuid 11.8 den chinneadh atá faoi chonspóid), an sciar den mhargadh atá cumhdaithe ag na híocaíochtaí sin (dá dtagraítear i gCuid 11.4.3 den chinneadh atá faoi chonspóid) agus an tábhacht a bhaineann le Apple mar chustaiméir (dá dtagraítear i gCuid 11.4.4 den chinneadh atá faoi chonspóid). Trí thagairt a dhéanamh do na fachtóirí sin ní féidir amhras a chaitheamh ar an bhfíoras go bhfuil, sa chás seo, léiriú an Choimisiúin ar chumas na n-íocaíochtaí lena mbaineann éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu, go háirithe a mhéid a bhaineann le cumas an chleachtais atá i gceist d’iomaitheoirí a bheadh chomh héifeachtach céanna ar a laghad a fhoriaimh, i bhfianaise na gcúinsí fíorasacha ábhartha go léir a bhain leis an iompar lena mbaineann i bhfianaise an laghdaithe líomhainte ar dhreasachtaí Apple chun aistriú chuig iomaitheoirí an iarratasóra maidir lena riachtanais uile d’fhoirne sliseanna LTE do ghutháin iPhone agus táibléid iPad.

426    Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar is léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid agus mar a shonraigh an Coimisiún go sainráite os comhair na Cúirte, sa chinneadh céanna sin nach raibh sé ag brath ar shamhail eacnamaíoch, amhail tástáil iomaitheoirí a bheadh chomh héifeachtach céanna, chun teacht ar an gconclúid go bhféadfadh éifeachtaí frithiomaíocha a bheith ag na híocaíochtaí lena mbaineann agus, i gCuid 11.5 den chinneadh atá faoi chonspóid, nár luaigh an Coimisiún ach nár baineadh an bonn dá chonclúidí leis an anailís corrlaigh chriticiúil a thíolaic an t-iarratasóir.

427    Ar an tríú dul síos, ní féidir glacadh le hargóintí an Choimisiúin maidir le haithrisí 426, 464 agus 486 den chinneadh atá faoi chonspóid. Ní bhaineann aithrisí 426 agus 464, a bhaineann le Cuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid, ach le samhlacha iPad áirithe a bhí le seoladh in 2014 agus 2015 agus ní féidir leo, mar sin, an bonn a bhaint de na cinntí i mír 409 thuas maidir le gutháin iPhone. Ar deireadh, contrártha leis an méid a thugann an Coimisiún le tuiscint, ní féidir leis an gconclúid in aithris 486 den chinneadh atá faoi chonspóid an bonn a bhaint de na cinntí sin.

428    I bhfianaise an mhéid sin go léir, ní mór seasamh leis an gcéad ghearán sa tríú cuid den tríú saincheist dlí sa chaingean.

3.      An dara agus an tríú gearán sa tríú cuid den tríú saincheist dlí: mainneachtain a léiriú go raibh tionchar ag na comhaontuithe lena mbaineann ar chinntí foinsithe Apple maidir le táibléid iPad ‘2014’ agus ‘2015’

429    Féachann an dara agus an tríú gearán sa tríú cuid den tríú saincheist dlí le cur i gcoinne na réasúnaíochta i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid.

430    Cuireann an t-iarratasóir i gcoinne thorthaí an Choimisiúin in aithrisí 424 agus 451 den chinneadh atá faoi chonspóid, ag maíomh nach gcruthaítear leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, maidir leis an gcéad aithris de na haithrisí sin, gur laghdaigh na comhaontuithe lena mbaineann dreasachtaí Apple chun aistriú chuig soláthraithe iomaíocha le haghaidh ‘gléasanna a seoladh in 2014 agus 2015’ nó, maidir leis an dara ceann de na haithrisí sin, go raibh tionchar acu ar straitéis foinsithe Apple maidir le ‘gléasanna a bhí le seoladh in 2014 agus 2015’.

431    Ar an gcéad dul síos, maidir le táibléid iPad ‘2014’, áitíonn an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, nach bhfuil aon fhianaise sa chinneadh atá faoi chonspóid gur bheartaigh Apple úsáid a bhaint as foirne sliseanna Intel i dtáibléid iPad ‘a seoladh i ndáiríre i mí Dheireadh Fómhair 2014’. Ansin, déanann an Coimisiún roinnt tagairtí do shamhail iPad a dhéanann Apple ‘[faoi rún]’, ar a dtugtar ‘[faoi rún]’, ach ní léiríonn sé go raibh tionchar ag na comhaontuithe lena mbaineann ar chinneadh Apple maidir leis an tsamhail sin a fhoinsiú. Níor bheartaigh Apple i ndáiríre riamh foirne sliseanna Intel a úsáid don tsamhail sin, ach thuig sé nach bhféadfaí foireann sliseanna Intel a úsáid, rud atá deimhnithe ag tuarascáil an iarratasóra atá i gceangal lena fhreagra ar an ráiteas agóidí. Ar deireadh, ba é neamhábaltacht fhoirne sliseanna Intel riachtanais theicniúla agus sceideal Apple a shásamh a mhíníonn cén fáth nár roghnaíodh iad le húsáid i dtáibléid iPad ‘2014’.

432    Cuireann an t-iarratasóir leis go bhfuil dearbhú an Choimisiúin go raibh sé ar an eolas faoi na gléasanna a raibh Apple ag smaoineamh ar sholáthairtí a fháil ó Intel mícheart. Ina theannta sin, níl aon anailís sa chinneadh atá faoi chonspóid maidir le roghnú an tsoláthraí don tsamhail ‘[faoi rún]’ agus ní bhunaítear leis nasc cúisíoch idir an chéad leasú ar an gcomhaontú idirthréimhseach agus an cinneadh foirne sliseanna an iarratasóra a úsáid don tsamhail ‘[faoi rún]’.

433    Sonraíonn an Coimisiún, ar an gcéad dul síos, go mbaineann an cinneadh atá faoi chonspóid le gléasanna ‘a bhí le seoladh in 2014’, agus ní le gléasanna ‘a scaoiltear i ndáiríre’. Áitíonn sé gur mhaith ab eol don iarratasóir na gléasanna a raibh Apple ag smaoineamh a fháil ó Intel. Dhearbhaigh Apple freisin go raibh sé ag iarraidh a sholáthairtí a éagsúlú. Ansin, maidir leis an tsamhail ‘[faoi rún]’, sonraíonn an Coimisiún go léirítear le haithrisí 428 go 435 den chinneadh atá faoi chonspóid tionchar na gcomhaontuithe lena mbaineann. Ina theannta sin, bhí tionchar ag an gcaibidlíocht idir an t-iarratasóir agus Apple maidir leis an gcéad leasú ar an gcomhaontú idirthréimhseach ar chinneadh ceannacháin Apple a glacadh ag tús na bliana 2013. Ba leor an comhaontú idirthréimhseach in aon chás chun tionchar a imirt ar Apple, a bhí ag smaoineamh ar Intel a thabhairt isteach do chuid de na táibléid iPad a bhí le seoladh in 2014. Ina theannta sin, níl bunús ann do líomhain an iarratasóra nár bheartaigh Apple riamh i ndáiríre úsáid a bhaint as foirne sliseanna Intel sa tsamhail ‘[faoi rún]’. Ar deireadh, maidir leis an tuarascáil a chuir an t-iarratasóir isteach mar iarscríbhinn lena fhreagra ar an ráiteas agóidí, tagraíonn an Coimisiún d’fhreagairt Apple ina leith sin ina bharúlacha ar fhreagra an iarratasóra ar an ráiteas agóidí.

434    Sonraíonn an Coimisiún freisin go raibh cinneadh déanta ag Apple [faoi rún] agus go raibh tionchar ar an gcinneadh sin ag an gcaibidlíocht ar an gcéad leasú ar an gcomhaontú idirthréimhseach agus ag cailliúint na n-íocaíochtaí lena mbaineann mar thoradh ar an gcomhaontú idirthréimhseach. Léirítear i ndoiciméid Apple go raibh tionchar iarbhír ag na híocaíochtaí lena mbaineann ar an gcinneadh foirne sliseanna LTE a cheannach le haghaidh ‘tháibléid iPad a raibh sé beartaithe [aige] a sheoladh in 2014’.

435    Ar an dara dul síos, maidir le táibléid iPad ‘2015’, maíonn an t-iarratasóir nach ndéanann an Coimisiún tagairt do na samhlacha iPad a ‘seoladh’ san earrach nó i mí Mheán Fómhair agus i mí na Samhna 2015, ná dóibh siúd a ‘[bhí] le seoladh san earrach 2015’, ach tagraíonn sé do shamhail neamhshainithe ‘a bhí le seoladh faoi dheireadh na bliana 2015’. I dtuairim an iarratasóra, chun bunús a thabhairt leis an dearbhú go ndearnadh breithniú dáiríre ar fhoirne sliseanna Intel, tá an cinneadh atá faoi chonspóid ag brath ar ríomhphost amháin ó innealtóir Apple amháin a luann an Coimisiún go mícheart. Níl aon fhianaise sa chomhad, go háirithe ó fhostaithe Apple a rinne cinntí ceannacháin d’fhoirne sliseanna i ndáiríre, lena léirítear gur fíor-rogha a bhí i bhfoireann sliseanna Intel. Ina theannta sin, léiríonn an fhianaise sa chomhad gur theip ar fhoirne sliseanna Intel riachtanais theicniúla agus sceidealaithe Apple a chomhlíonadh.

436    Sonraíonn an t-iarratasóir freisin go ndearna an Coimisiún léirmhíniú ar dhoiciméid inmheánacha áirithe Apple den chéad uair sa chosaint.

437    Tugann an Coimisiún dá aire, maidir le héifeachtaí iarbhír na n-íocaíochtaí lena mbaineann ar cheannacháin foirne sliseanna, go léiríonn ríomhphoist inmheánacha Apple spéis Apple in úsáid a bhaint as soláthraí eile. Ansin, sa ríomhphost ó innealtóir Apple dá dtagraítear in aithris 436 den chinneadh atá faoi chonspóid níl aon éiginnteacht ann maidir le foireann sliseanna Intel, rud a dheimhnítear le ríomhphost ó fhostaí Apple eile. Ar deireadh, tagraíonn an Coimisiún d’aithris 437 den chinneadh atá faoi chonspóid, ina bhfuil ráiteas ó fhostaí Apple ag cur síos, ó thaobh na tráchtála de, ar aistriú chuig foireann sliseanna Intel mar rud dodhéanta, i bhfianaise na n-íocaíochtaí lena mbaineann, agus tagraíonn sé freisin do ráiteas ina bhfuil barúlacha Apple ar fhreagra an iarratasóra ar an ráiteas agóidí. I dtuairim an Choimisiúin, tá argóintí an iarratasóra maidir le sceidealú fhoireann sliseanna Intel neamhábhartha agus, ar aon nós, earráideach.

438    Cuireann an Coimisiún leis go bhfuil an tuarascáil a chuir an t-iarratasóir faoi bhráid mar iarscríbhinn lena fhreagra ar an ráiteas agóidí bunaithe ar thástálacha a rinneadh ar na foirne sliseanna a úsáidtear i ngléasanna monaróirí eile agus nach ábhar iontais dá bhrí sin a chonclúidí. Ina theannta sin, ní mhíníonn an t-iarratasóir cén fáth go bhfuil léirmhíniú an Choimisiúin ar ríomhphost fhostaí Apple dá dtagraítear in aithris 437 den chinneadh atá faoi chonspóid míchruinn agus ní cheistíonn sé ráiteas Apple a rabhthas ag brath air sa chosaint. Ina theannta sin, i dtuairim an Choimisiúin, déantar argóintí an iarratasóra a shéanadh lena fhianaise féin sna himeachtaí FTC.

(a)    Réamhbharúlacha

439    Ní mór a mheabhrú, mar is léir ó mhíreanna 392 go 394 thuas, go bhfuil sé mar aidhm ag Cuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid a léiriú, de réir an Choimisiúin, go ndearbhaítear i ndoiciméid agus mínithe inmheánacha Apple gur laghdaigh na híocaíochtaí lena mbaineann dreasachtaí Apple chun aistriú chuig iomaitheoirí an iarratasóra d’fhonn foirne sliseanna LTE a fháil go sonrach maidir lena riachtanais le haghaidh roinnt dá ghléasanna go sonrach. Mar a dheimhnigh an Coimisiún go sainráite os comhair na Cúirte, baineann an léiriú sin le ‘héifeachtaí iarbhír’ na n-íocaíochtaí lena mbaineann i ndáil leis na gléasanna sin.

440    I bhfocail eile, féachtar sa chuid sin lena dhearbhú go bhféadfadh éifeachtaí frithiomaíocha a bheith ag na híocaíochtaí lena mbaineann trína n-éifeachtaí iarbhír i ndáil le gléasanna áirithe a léiriú.

441    Go háirithe, maidir le héileamh Apple a chumhdaítear le hanailís an Choimisiúin i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid, ba cheart a mheabhrú nach dtagraíonn an Chuid sin ach d’éifeachtaí iarbhír líomhainte na n-íocaíochtaí lena mbaineann i ndáil le leaganacha áirithe neamh-CDMA de roinnt samhlacha iPad áirithe a ‘seoladh’ nó ‘a bhí le seoladh’ in 2014 agus 2015. Ní thagraítear sa chuid sin, áfach, do tháibléid iPad eile a ‘seoladh’ nó ‘a bhí le seoladh’ le linn na tréimhse lena mbaineann.

442    Ag an tús, ba cheart a thabhairt faoi deara nach féidir le léiriú sonrach den sórt sin ar éifeachtaí líomhainte iarbhír na n-íocaíochtaí lena mbaineann, atá teoranta do leaganacha áirithe de shamhlacha iPad 2014 agus 2015, leigheas a chur ar an mainneachtain na himthosca fíorasacha ábhartha ar fad i léiriú ginearálta an Choimisiúin a chur san áireamh, a scrúdaíodh le linn scrúdú a dhéanamh ar an gcéad ghearán sa tríú cuid den tríú saincheist dlí, ar chumas na n-íocaíochtaí lena mbaineann éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu le linn na tréimhse lena mbaineann maidir le riachtanais Apple go léir d’fhoirne sliseanna LTE do ghutháin iPhone agus táibléid iPad araon.

443    I bhfocail eile, fiú mura raibh aon bhunús leis an dara agus an tríú gearán sa tríú cuid den tríú saincheist dlí sa chaingean agus nár baineadh an bonn den anailís i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid, dá bhrí sin, ní fhéadfadh an chuid sin, ós rud é go bhfuil a raon feidhme teoranta do roinnt tháibléid iPad áirithe ó 2014 agus 2015, tacú go bailí leis an gconclúid ar thángthas air sa chinneadh atá faoi chonspóid maidir le nádúr frithiomaíoch na n-íocaíochtaí lena mbaineann le linn na tréimhse iomláine lena mbaineann maidir le riachtanais Apple go léir d’fhoirne sliseanna LTE do ghutháin iPhone agus táibléid iPad araon.

444    Is ar mhaithe le hiomláine, in imthosca an cháis seo, atá substaint na coda sin le scrúdú agus, dá bhrí sin, an amhlaidh, mar a chuireann an t-iarratasóir ina choinne, nár léirigh an Coimisiún i gceart éifeachtaí iarbhír na n-íocaíochtaí lena mbaineann ar dhreasachtaí Apple aistriú chuig iomaitheoirí an iarratasóra do na samhlacha iPad atá cumhdaithe ag an gcuid sin.

445    Sa chás seo, is éard atá sa dara agus sa tríú gearán sa tríú cuid den tríú saincheist dlí, go bunúsach, ná trí fhoghearán, a bhaineann le (i) sainaithint na ngléasanna a scrúdaíodh i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid, (ii) an fhianaise a chuir an Coimisiún san áireamh sa chuid sin, agus (iii) an mhainneachtain fachtóirí ábhartha eile a chur san áireamh.

446    In imthosca an cháis seo, ar dtús, scrúdófar an chéad fhoghearán, ansin an tríú foghearán agus, ar deireadh, an dara foghearán, i bhfianaise an chásdlí dá dtagraítear i míreanna 357 go 359 thuas.

(b)    Bhain an chéad fhoghearán le gléasanna arna gcumhdach i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid

447    Áitíonn an t-iarratasóir, go bunúsach, mar réamhphointe, gur theip ar an gCoimisiún na gléasanna lena mbaineann a anailís a shonrú. Tá an gearán sin ar aon dul leis an gcéad ghearán sa tríú cuid den tríú saincheist dlí, inar luaigh an t-iarratasóir go raibh réasúnaíocht an Choimisiúin míchruinn, sa mhéid gur thagair sé go cineálach do ‘ghléasanna’ agus gur thagair sé go hearráideach don ‘iPad [faoi rún]’ mar an ‘[faoi rún]’.

448    Chuige sin, mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú go bhfuil ceithre chuid i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid: sa chéad chuid (11.4.2.1) tá an anailís ar dhoiciméid inmheánacha Apple agus na mínithe a thug ar an gCoimisiún teacht ar an gconclúid gur laghdaigh na híocaíochtaí lena mbaineann dreasachtaí Apple chun aistriú chuig soláthraithe iomaíocha, agus tá na trí cinn deiridh (11.4.2.2, 11.4.2.3 agus 11.4.2.4), teoranta, go bunúsach, d’aghaidh a thabhairt ar argóintí an iarratasóra nach ndéanann difear don chonclúid sin (féach aithris 423 den chinneadh atá faoi chonspóid agus mír 387 thuas).

449    Ar an gcéad dul síos, tá Cuid 11.4.2.1 den chinneadh atá faoi chonspóid comhdhéanta d’aithrisí 424 go 439 den chinneadh sin agus, mar is léir ó aithris 424, féachtar lena léiriú gur laghdaigh na híocaíochtaí lena mbaineann dreasachtaí Apple chun aistriú chuig iomaitheoirí an iarratasóra, go háirithe Intel, a ndearna Apple measúnú dáiríre ar a gcuid foirne sliseanna lena n-úsáid i ‘ngléasanna a seoladh in 2014 agus 2015’.

450    I gcorp na coda sin, ní dhéanann an Coimisiún tagairt a thuilleadh do ghléasanna den sórt sin ach don fhianaise a thagraíonn do ‘shamhlacha iPad neamh-CDMA’ (aithris 425 den chinneadh atá faoi chonspóid), don ‘seoladh in 2014 de na leaganacha neamh-CDMA de tháibléid iPad’ (aithris 426 den chinneadh atá faoi chonspóid), do ‘ghléasanna moibíleacha 2014’ (aithris 427 den chinneadh atá faoi chonspóid), do ‘[faoi rún]’ agus ‘[faoi rún]’ (aithris 428 den chinneadh atá faoi chonspóid), do ‘cuid dá tháibléid iPad in 2014’ agus ‘a phunann de tháibléid iPad ceallacha ina hiomláine in 2015’ (aithris 430 den chinneadh atá faoi chonspóid), do ‘shamhlacha iPad 2014 agus 2015 chomh maith le samhail iPhone 2015’ (aithris 431 den chinneadh atá faoi chonspóid), do ‘[faoi rún]  pleanáilte ar dtús le seoladh san earrach 2014’ agus ‘a seoladh ar deireadh san Fhómhar de 2013’ (aithris 433 don chinneadh atá faoi chonspóid agus fonóta 558 a ghabhann leis), do ‘ghléasanna móibíleacha 2014 agus 2015’ (aithris 435 den chinneadh atá faoi chonspóid), do ‘shamhail iPad fhómhar 2015’ (aithris 436 den chinneadh atá faoi chonspóid), do ‘sheoladh iPad … in 2015’ (aithris 437 den chinneadh atá faoi chonspóid), do ‘riachtanais Apple d’fhoirne sliseanna neamh-CDMA’ (aithris 438 den chinneadh atá faoi chonspóid), do ‘shamhlacha ghléas 2015’ agus do ‘líne de ghléasanna soghluaiste fhómhar 2015’ (aithris 439 den chinneadh atá faoi chonspóid). Ní mór a thabhairt faoi deara, dá bhrí sin, nach raibh an Coimisiún comhsheasmhach ina chur síos ar na gléasanna agus na tréimhsí dá dtagraítear san fhianaise ar a rabhthas ag brath.

451    Ina dhiaidh sin, maidir le Codanna 11.4.2.2 agus 11.4.2.3 den chinneadh atá faoi chonspóid, tá sé beartaithe acu freagairt a thabhairt d’argóintí an iarratasóra ag iarraidh, ar an gcéad dul síos, iontaofacht dhoiciméid agus mhínithe inmheánacha Apple a cheistiú agus, ar an dara dul síos, a mhaíomh go raibh eisiachas iarrtha ag Apple.

452    Sa chéad cheann de na ranna sin, thagair an Coimisiún do ‘ghléasanna a seoladh in 2014 agus in 2015’ (aithris 442 den chinneadh atá faoi chonspóid) agus do ‘ghléasanna a bhí le seoladh in 2014’ (aithris 445 den chinneadh atá faoi chonspóid) agus, in abairt amháin, do ‘ghléasanna le seoladh in 2015’ agus do ‘ghléasanna a seoladh in 2015’ (aithris 446 den chinneadh atá faoi chonspóid).

453    Ar deireadh, maidir le Cuid 11.4.2.4 den chinneadh atá faoi chonspóid, ag freagairt d’argóintí an iarratasóra go roghnódh Apple, ar aon nós, soláthairtí a fháil ón iarratasóir i bhfianaise bharrchéimíocht a chuid foirne sliseanna (aithris 423 den chinneadh atá faoi chonspóid), bhain an Coimisiún de thátal as go raibh tionchar ag na híocaíochtaí lena mbaineann ar straitéis foinsithe Apple maidir le ‘gléasanna a bhí le seoladh in 2014 agus 2015’ (aithris 451 den chinneadh atá faoi chonspóid).

454    Cé i gcorp na coda sin gur thagair an Coimisiún do ‘ghléasanna a bhí le seoladh in 2014 agus 2015’ (aithris 455 den chinneadh atá faoi chonspóid) agus do ‘tháibléid iPad a bhí le seoladh in 2014 agus 2015’ (aithris 464 den chinneadh atá faoi chonspóid), thagair sé roinnt uaireanta do ‘ghléasanna a seoladh in 2014 agus 2015’ (aithrisí 456 go 458, 462 agus 463 den chinneadh atá faoi chonspóid) agus do ‘leagan CDMA den iPhone 4 a seoladh i mí Feabhra 2011’ (aithris 460 den chinneadh atá faoi chonspóid) agus do ‘[faoi rún]’ (aithris 465 den chinneadh atá faoi chonspóid).

455    Leanann sé ón méid sin thuasluaite, i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid, gur chuir an Coimisiún chun cinn réasúnaíocht ghinearálta maidir le ‘gléasanna’ ar roinnt ócáidí, agus ar ócáidí eile, ‘iPad’, agus thug sé aghaidh orthu le chéile, arna n-aithint go héagsúil mar, inter alia, iad siúd ó ‘2014 agus 2015’, iad siúd ‘a seoladh in 2014 agus 2015’ nó iad siúd a bhí ‘le seoladh in 2014 agus 2015’, gan raon feidhme na nathanna cainte sin a shonrú ná míniú a thabhairt ar an ngaol eatarthu.

456    Go háirithe, in aithris 424 den chinneadh atá faoi chonspóid, agus an chonclúid a baineadh as Cuid 11.4.2.1 den chinneadh sin á leagan amach aige, thagair an Coimisiún do ghléasanna ‘a seoladh’ in 2014 agus in 2015, ach, in aithris 451 den chinneadh sin, agus an chonclúid a baineadh as Cuid 11.4.2.4 den chinneadh sin á leagan amach, thagair an Coimisiún do ghléasanna ‘a bhí le seoladh’ in 2014 agus in 2015. Mar sin féin, i gcorp gach ceann de na ranna sin, thagair an Coimisiún freisin do ghléasanna eile, nach bhfreagraíonn a bhfoclaíocht do na gléasanna a chumhdaítear lena réasúnaíocht.

457    Is fíor, maidir leis an gcosaint, agus mar fhreagra ar na bearta eagrúchán nós imeachta, gur luaigh an Coimisiún, ní hamháin nár bhain an léiriú d’éifeachtaí iarbhír na n-íocaíochtaí lena mbaineann, atá i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid le gutháin iPhone, ach níor bhain sé ach le samhlacha iPad ‘neamh-CDMA’ áirithe a ‘bhí le seoladh’ in 2014 agus 2015, agus ní na táibléid iPad a ‘seoladh’ i ndáiríre in 2014 agus 2015, agus b’oth leis an gCoimisiún aon mhíthuiscint a tharla de bharr na ‘hearráide cléireachais’ sin.

458    Mar sin féin, contrártha leis an méid atá tugtha le tuiscint ag an gCoimisiún, ní féidir breathnú ar shainaithint earráideach na ngléasanna dá dtagraítear i léiriú éifeachtaí iarbhír na n-íocaíochtaí lena mbaineann mar ‘earráid chléireachais’ amháin. Mar sin, go háirithe, tá an tsamhail [faoi rún] arna sainaithint ag an acrainm ‘[faoi rún]’ dá dtagraítear in aithrisí 433 agus 465 den chinneadh atá faoi chonspóid, ag freagairt, ó thaobh na tráchtála de, don tsamhail ‘[faoi rún]’ agus ‘seoladh’ na samhla sin, mar a luann an Coimisiún féin sa chinneadh atá faoi chonspóid, i bhfómhar 2013. Ó ‘seoladh’ an tsamhail sin in 2013, níl sé ábhartha maidir le léiriú amhail an ceann i gCuid 11.4.2.1 den chinneadh atá faoi chonspóid a fhéachann le scrúdú a dhéanamh ar éifeachtaí iarbhír na n-íocaíochtaí lena mbaineann ar na samhlacha a ‘seoladh’ in 2014 agus in 2015.

459    Ina theannta sin, ní mór a mheabhrú go mbaineann an t-athbhreithniú ar dhlíthiúlacht faoi Airteagal 263 CFAE leis an gcaingean atá faoi chonspóid agus ní le hábhar na bpléadálacha i scríbhinn a thaisc an cosantóir le Cúirteanna an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Iúil 2018, Orange Polska v an Coimisiún, C‑123/16 P, EU:C:2018:590, mír 85).

460    Sa bhreis air sin agus i ndáil leis sin, ní bhaineann le hábhar an argóint de chuid an Choimisiúin go raibh an t-iarratasóir ar an eolas faoi na gléasanna dá raibh sé beartaithe ag Apple soláthairtí a fháil ó Intel ina leith, toisc, mar is léir ó mhír 459 thuas go mbaineann athbhreithniú na Cúirte le hábhar an chinnidh atá faoi chonspóid. Ina theannta sin, ag féachaint do na téarmaí a úsáideadh sa chinneadh atá faoi chonspóid, chinn an t-iarratasóir go raibh gá agóid a dhéanamh i gcoinne réasúnaíocht an Choimisiúin maidir leis na gléasanna a ‘seoladh’ agus na gléasanna ‘a bhí le seoladh’ (mír 430 thuas).

461    Ar deireadh, ní mór a shonrú, in éagmais aon sonraí ina leith sin sa chinneadh atá faoi chonspóid, nach faoin gCúirt atá sé a chinneadh, a posteriori, cad iad na gléasanna a chumhdaítear le gach ceann de na téarmaí a úsáideann an Coimisiún i ngach aithris i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid.

462    Ní mór a thabhairt faoi deara, mar sin, go bhfuil an fhianaise a raibh an Coimisiún ag brath uirthi chun tacú lena chinntí i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid ag teacht salach ar a chéile agus ar na cinntí a bhfuil an fhianaise sin ceaptha tacú léi i gCodanna 11.4. 2.1, 11.4.2.2 agus 11.4.2.4 den chinneadh sin, a bhfuil, sa bhreis air sin, éifeacht aige ar chomhsheasmhacht inmheánach de Chuid 11.4.2 den chinneadh sin.

463    Leanann sé mar sin gur cuireadh ó bhail measúnú an Choimisiúin i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid ar éifeachtaí iarbhír frithiomaíocha na n-íocaíochtaí lena mbaineann, is é sin le rá, dreasachtaí Apple a laghdú go hiarbhír chun aistriú chuig soláthraithe iomaíocha d’fhoirne sliseanna LTE le haghaidh gléasanna áirithe, de bharr easpa comhsheasmhachta san fhianaise a rabhthas ag brath uirthi chun tacú lena chinntí.

(c)    An tríú foghearán, a bhaineann le mainneachtain fianaise ábhartha áirithe a chur san áireamh sa réasúnaíocht i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid

464    Áitíonn an t-iarratasóir, go bunúsach, nár roghnaigh Apple foirne sliseanna Intel toisc gur theip orthu riachtanais theicniúla agus sceidealaithe Apple maidir leis na gléasanna sin a chomhlíonadh, agus ní mar gheall ar na híocaíochtaí a bhí i gceist, fíoras ar theip ar an gCoimisiún a chur san áireamh.

465    Chuige sin, cé go bhfuil easpa comhsheasmhachta ag baint leis an gcinneadh atá faoi chonspóid cheana féin a tugadh faoi deara i gcomhthéacs an chéad fhoghearáin (féach mír 463 thuas), is gá a chinneadh ar chuir nó nár chuir an Coimisiún, ina theannta sin, san áireamh ina anailís na fachtóirí ábhartha go léir a bhí le breithniú. Chuige sin, is iomchuí leanúint leis an anailís ar an toimhde, mar a luaigh an Coimisiún sa chosaint agus ag an éisteacht, gurb iad na gléasanna a chumhdaítear leis an anailís sin na leaganacha ‘neamh-CDMA’ de shamhail 2014 ‘[faoi rún]’ (nó ‘[faoi rún]’) agus samhlacha 2015 ‘[faoi rún]’ agus ‘[faoi rún]’ (‘na samhlacha a líomhnaítear a mbaineann leis’), agus ní gá aghaidh a thabhairt a thuilleadh ar an gceist cé acu an sainaithnítear nó nach sainaithnítear na gléasanna sin go soiléir agus go haonchiallach sa chinneadh atá faoi chonspóid.

466    I dtús báire, agus anailís á déanamh ar éifeachtaí iarbhír na n-íocaíochtaí lena mbaineann ar chinntí foinsithe Apple maidir lena riachtanais d’fhoirne sliseanna LTE do na samhlacha a líomhnaítear a bheith i gceist, ní mór a lua gur fachtóir ábhartha a chur san áireamh, in imthosca an cháis seo, í an cheist cibé an raibh nó nach raibh foirne sliseanna LTE de chuid iomaitheoirí an iarratasóra ábalta i ndáiríre riachtanais theicniúla agus sceidealaithe Apple a chomhlíonadh maidir leis na samhlacha a líomhnaítear a bheith i gceist. Más rud é, mar a áitíonn an t-iarratasóir, nach raibh aon rogha eile theicniúil ná rogha eile a bhaineann le sceideal ag Apple seachas foirne sliseanna LTE an iarratasóra do na samhlacha a líomhnaítear a bheith i gceist, bhí tionchar ag imthosca den sórt sin ar a chinntí foinsithe do na samhlacha sin agus dá réir sin ar éifeachtaí féideartha na n-íocaíochtaí lena mbaineann faoi chinntí den sórt sin.

467    Leis an bhfianaise ar bhraith an t-iarratasóir air, cruthaítear amhras ina leith sin.

468    Ar an gcéad dul síos, maidir leis an tsamhail a líomhnaítear a bheith i gceist ‘a bhí le seoladh’ in 2014, arna sainaithint leis an acrainm ‘[faoi rún]’, mar a tharraingíonn an t-iarratasóir aird air, is léir ón bhfianaise a cuireadh isteach go bhfuil forbairt fhoireann sliseanna Intel ([faoi rún]) a rinne Apple a mheas le húsáid fhéideartha sa tsamhail ‘[faoi rún]’ ‘[faoi rún]’.

469    Go háirithe, i gcur i láthair inmheánach Apple ar [faoi rún], a luann an Coimisiún i bhfonóta 612 a ghabhann leis an gcinneadh atá faoi chonspóid maidir le haithris 464 den chinneadh sin, sonraítear [faoi rún].

470    Tá fianaise bhreise an 26 Iúil 2019 ag tacú leis na cinntí sin. I ríomhphost inmheánach Apple an [faoi rún] sonraítear, maidir le húsáid an fhoireann sliseanna [faoi rún] don iPad beartaithe do [faoi rún], eadhon an samhail ‘[faoi rún]’, go [faoi rún] agus go [faoi rún]. I ríomhphost inmheánach Apple eile de [faoi rún] tugtar le fios go raibh an fhoireann sliseanna sin [faoi rún] agus sin, má [faoi rún].

471    Ina theannta sin, a mhéid a bheartaigh Apple samhlacha iPad a sheoladh seachas an tsamhail ‘[faoi rún]’ in 2014, ní mór a thabhairt faoi deara, ar aon nós, go nochtar sna doiciméid sa chomhad nár chomhlíon foirne sliseanna iomaitheoirí an iarratasóra riachtanais theicniúla agus sceidealaithe Apple. Dá réir sin, sa tábla dar teideal [faoi rún] maidir le 2014, a cuireadh i gceangal le ríomhphost inmheánach Apple an [faoi rún], taispeántar nár shásaigh foirne sliseanna iomaitheoirí an iarratasóra, agus go háirithe iomaitheoirí Intel, riachtanais theicniúla nó sceidealaithe Apple go hiomlán, mar is léir ó [faoi rún].

472    Go háirithe, mar a dheimhnigh an Coimisiún ina theannta sin mar fhreagra ar na bearta eagrúcháin nós imeachta, ba cheart gur chomhlíon foireann sliseanna Intel a bhí beartaithe don tsamhail ‘[faoi rún]’ [faoi rún] ‘i bpáirt’ ‘riachtana[i]s Apple’, bhain an tréith a bhí in easnamh le héagmais theicneolaíocht [faoi rún]. I ndáil leis sin, is leor a thabhairt faoi deara go sonraítear i ríomhphost inmheánach Apple an [faoi rún], arbh é an t-ábhar a bhí ann [faoi rún], go bunúsach, go bhfuil [faoi rún], go, áfach, [faoi rún] agus, sa chomhthéacs nua sin, [faoi rún]. Ón dearcadh sin, i ríomhphost inmheánach Apple an [faoi rún] déantar tagairt do [faoi rún]. Ina theannta sin, ní féidir tábhacht na teicneolaíochta sin do na táibléid iPad eile a raibh sé beartaithe ag Apple a sheoladh in 2014 a thabhairt faoi cheist le hargóintí an Choimisiúin bunaithe ar ráitis fhostaithe Apple maidir le ‘[faoi rún]’ nó maidir leis an staid a bhí i réim nuair nach raibh tábhacht ag baint leis an teicneolaíocht sin, toisc go bhfuil argóintí den sórt sin neamhábhartha.

473    Ar an dara dul síos, maidir leis na samhlacha a líomhnaítear a bheith i gceist ‘a bhí le seoladh’ in 2015, mar a thugann an t-iarratasóir le fios, tá sé soiléir ó na doiciméid sa chomhad nár comhlíonadh riachtanais theicniúla agus sceidealaithe Apple le foirne sliseanna iomaitheoirí an iarratasóra, agus go háirithe le foirne sliseanna Intel a smaoinigh Apple ar a n-úsáid fhéideartha i dtáibléid iPad a bhí beartaithe aige a sheoladh in 2015.

474    Ar an gcéad dul síos, bhí an t-iarratasóir ag brath ar an tábla dar teideal [faoi rún] maidir le 2015, a cuireadh i gceangal le ríomhphost inmheánach Apple an [faoi rún]. Léirítear sa tábla sin nár comhlíonadh go hiomlán riachtanais theicniúla agus sceidealaithe Apple le foirne sliseanna Intel, mar is léir ó [faoi rún].

475    Ar an dara dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara, i malartú ríomhphoist inmheánacha Apple dar dáta an 18 Feabhra 2014 a lean ríomhphost inmheánach Apple dá dtagraítear in aithris 436 den chinneadh atá faoi chonspóid agus ar nochtadh a bhí ann mar chuid d’fhianaise bhreise an 26 Iúil 2019, dúirt beirt innealtóirí Apple maidir leis an bhfoireann sliseanna Intel a bhí beartaithe le haghaidh iPad a bhí le seoladh i bhfómhar 2015 nach raibh sé; cothrom ‘i ndáiríre’ ó thaobh feidhmiúlachtaí de le foireann sliseanna an iarratasóra. Ba cheart a thabhairt faoi deara gur luaigh an bheirt innealtóirí sin go raibh an difríocht sin bunaithe ar easpa teicneolaíochta [faoi rún] i bhfoireann sliseanna Intel, a measadh a bheith [faoi rún].

476    Leanann sé ón méid sin thuas go bhfuil roinnt gnéithe fíorasacha a bhí ar fáil don Choimisiún, a deimhníodh, ina theannta sin, ag an bhfianaise a cuireadh isteach, ina gcúis le hamhras faoi chumas fhoirne sliseanna Intel, nó faoi chumas iomaitheoirí eile an iarratasóra, chun riachtanais theicniúla agus sceidealaithe Apple a chomhlíonadh maidir leis na samhlacha a líomhnaítear a bheith i gceist agus, nuair is ábhartha, do shamhlacha iPad eile a bhí beartaithe ag Apple a sheoladh thar an tréimhse sin.

477    Níorbh fhéidir leis an gCoimisiún teacht ar an gconclúid go dlisteanach gur laghdaigh na híocaíochtaí lena mbaineann dreasachtaí Apple chun aistriú chuig soláthraithe iomaíocha d’fhoirne sliseanna LTE gan a chur san áireamh, i gcás riachtanais Apple do na samhlacha a líomhnaítear a bheith i gceist, nach raibh aon rogha eile theicniúil ná sceidealaithe ann seachas foirne sliseanna an iarratasóra.

478    Is fíor, in aithris 464 den chinneadh atá faoi chonspóid, gur luaigh an Coimisiún go raibh sé beartaithe ag Apple úsáid a bhaint as foirne sliseanna Intel do na ‘táibléid iPad a bhí le seoladh in 2014 agus 2015 ag cur san áireamh na bparaiméadar go léir, ní hamháin barrchéimíocht, agus lena n-áirítear na riachtanais shonracha do na gléasanna sin’ agus ansin chinn sé nach raibh Intel chomh tarraingteach agus an t-iarratasóir, do na samhlacha sin ar a laghad. Mar sin féin, níl raon feidhme an dearbhaithe sin ón gCoimisiún soiléir óna fhoclaíocht, maidir leis an ‘mbarrchéimíocht theicniúil’ sin go háirithe.

479    Ina theannta sin, fiú dá dtuigfí go gciallaíonn an dearbhú sin go raibh, de réir an Choimisiúin, foirne sliseanna LTE Intel ina rogha mhalartach inmharthana do na samhlacha a líomhnaítear a bheith i gceist, ó thaobh teicniúil agus sceidealú de, ní mór a thabhairt faoi deara, mar thaca leis an measúnú sin, i bhfonóta 612 leis an gcinneadh atá faoi chonspóid maidir le haithris 464 den chinneadh sin, níor thagair an Coimisiún ach, mar shampla, do thrí dhoiciméad inmheánacha Apple nárbh fhéidir a chinneadh leo, áfach, gur chomhlíon foirne sliseanna Intel riachtanais theicniúla nó sceidealaithe Apple do na samhlacha a líomhnaítear a bheith i gceist. Is éard atá sa chéad doiciméad, dá dtagraíonn an Coimisiún, gan ach a leathanach clúdaigh a lua, ná cur i láthair Apple [faoi rún] ina ndéantar tagairt don [faoi rún] d’fhoirne sliseanna Intel (féach freisin, chuige sin, mír 469 thuas); is éard atá sa dara doiciméad ná ríomhphost inmheánach Apple ó mhí Dheireadh Fómhair 2012, dá dtagraítear freisin in aithris 433 den chinneadh atá faoi chonspóid, cé go n-admhaítear gur ‘plean maith’ a bheadh in Intel don tsamhail ‘[faoi rún]’, ach níl aon leid ann maidir le hindéantacht ‘plean’ den sórt sin maidir le huainiú; agus is éard atá sa tríú doiciméad ná ríomhphost inmheánach Apple ó Mheitheamh 2012, dá dtagraítear freisin in aithris 428 den chinneadh atá faoi chonspóid, ina ndéantar tagairt do thogra Intel nach raibh sásúil i dtéarmaí praghais. Dá réir sin, ní hamháin nach dtacaíonn na trí dhoiciméad sin le dearbhú an Choimisiúin nach raibh Intel níos lú tarraingtí agus mar a bhí an t-iarratasóir maidir leis na samhlacha a líomhnaítear a bheith i gceist, ach ní fhéadtar teacht ar an gconclúid go bhféadfadh Apple soláthairtí a fháil ó iomaitheoirí an iarratasóra i ndáiríre le haghaidh na samhlacha a líomhnaítear a bheith i gceist i bhfianaise a riachtanas teicniúil agus sceidealaithe.

480    Ní mór a thabhairt le tuiscint, dá bhrí sin, nach ndearna an Coimisiún, i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid, scrúdú ceart ar sholáthróirí iomaíocha fhoirne sliseanna LTE a bheith ann a bhféadfadh Apple soláthairtí a fháil uathu do na samhlacha a líomhnaítear a bhí i gceist i bhfianaise a riachtanas teicniúil, lena n-áirítear riachtanais sceidealaithe.

481    Leanann sé mar sin maidir le measúnú an Choimisiúin i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid ar éifeachtaí iarbhír frithiomaíocha na n-íocaíochtaí lena mbaineann, is é sin le rá, tar éis dó dreasachtaí Apple a laghdú go hiarbhír chun aistriú chuig soláthraithe iomaíocha d’fhoirne sliseanna LTE le haghaidh samhlacha a líomhnaítear a bheith i gceist, nach ndearnadh é i bhfianaise na fianaise ábhartha go léir a bhí le cur san áireamh.

(d)    An dara foghearán, a bhaineann leis an bhfianaise a cuireadh san áireamh sa léiriú i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid

482    Áitíonn an t-iarratasóir, go bunúsach, nach bhfuil sé cruthaithe ag an gCoimisiún, maidir leis na gléasanna a chumhdaítear lena anailís, gur laghdaigh na híocaíochtaí lena mbaineann dreasachtaí Apple chun soláthairtí a fháil óna chuid iomaitheoirí.

483    Chuige sin, cé go bhfuil easpa comhsheasmhachta cheana féin sa chinneadh atá faoi chonspóid, a tugadh faoi deara maidir leis an gcéad fhoghearán (féach mír 463 thuas) agus mainneachtain na fachtóirí ábhartha go léir a tugadh faoi deara maidir leis an tríú foghearán a chur san áireamh (féach mír 481 thuas), is gá a scrúdú an bhfuil nó nach bhfuil sé, sa bhreis air sin, de chumas ag an bhfianaise a raibh an Coimisiún ag brath uirthi bunús a thabhairt do na conclúidí a baineadh aisti maidir leis na samhlacha a líomhnaítear a bheith i gceist.

484    Mar réamhphointe, ar dtús, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé is moite den tsamhail ‘[faoi rún]’, ní luaitear go sainráite i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid aon cheann de na samhlacha a líomhnaítear a bheith i gceist. Is léir ón gcuid sin nár thug an Coimisiún réasúnaíocht shonrach maidir le gach samhail lena mbaineann, ach gur chuir sé réasúnaíocht ghinearálta ar fáil a ceapadh chun gach iPad a ‘seoladh’ nó ‘a bhí le seoladh’ in 2014 agus 2015 a chumhdach, agus ar ócáidí áirithe scrúdú a dhéanamh ar an dá bhliain le chéile.

485    Ar an dara dul síos, ní mór a thabhairt faoi deara, i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid, go raibh an Coimisiún ag brath, go bunúsach, ar fhianaise ó Apple, ós rud é go bhfuil Cuid 11.4.2.1 den chinneadh sin bunaithe go heisiach ar fhreagra Apple ar cheist [faoi rún] den iarratas ar fhaisnéis ó [faoi rún] agus ar dhoiciméid inmheánacha Apple atá i gceangal leis an bhfreagra sin.

486    Sa chéad áit, maidir leis an tsamhail lena mbaineann ‘a bhí le seoladh’ in 2014, eadhon, de réir an Choimisiúin, an tsamhail a shainaithnítear leis an acrainm ‘[faoi rún]’ (nó ‘[faoi rún]’), mar is léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid agus mar a mhínigh an Coimisiún ina chosaint, léirítear in aithrisí 428 go 435 den chinneadh éifeachtaí líomhainte na n-íocaíochtaí lena mbaineann ar chinneadh Apple foirne sliseanna LTE a cheannach.

487    Ar an gcéad dul síos, maidir leis sin, ní mór a lua gur leag an Coimisiún, go bunúsach, in aithrisí 425 go 433 den chinneadh atá faoi chonspóid an fhianaise lena léirítear, ina thuairim, go raibh sé beartaithe ag Apple, sular tugadh an chéad leasú ar an gcomhaontú idirthréimhseach chun críche, aistriú chuig iomaitheoirí an iarratasóra do na samhlacha a líomhnaítear a bheith i gceist agus go bhféadfadh sé sin a bheith ina ábhar spéise do Apple ó thaobh eacnamaíoch de ós rud é ‘gur mó an deis coigiltis fhadtéarmaigh ná na híocaíochtaí [faoin gcomhaontú idirthréimhseach]’.

488    Dá réir sin, cé gur fíor go léirítear leis na measúnuithe in aithrisí 425 go 433 den chinneadh atá faoi chonspóid gur chuir Apple san áireamh íocaíochtaí a d’eascair as an gcomhaontú idirthréimhseach a bheith ann, ní thugtar le fios go raibh na híocaíochtaí lena mbaineann mar thoradh ar an gcomhaontú idirthréimhseach iarbhír mar chúis le laghdú a chur ar dhreasachtaí Apple chun aistriú chuig iomaitheoirí an iarratasóra do na samhlacha a líomhnaítear a bheith i gceist, agus go háirithe i gcás na samhla ‘[faoi rún]’.

489    Mar is léir ó aithrisí 434 agus 435 den chinneadh atá faoi chonspóid, chinn an Coimisiún gur míníodh leis an gcéad leasú ar an gcomhaontú idirthréimhseach an fáth ar scoir Apple de mhachnamh a dhéanamh ar sholáthraithe iomaíocha do na samhlacha a líomhnaítear a bheith i gceist agus a bheartaigh sé a sheoladh in 2014 agus in 2015.

490    Dá bhrí sin, contrártha le dearbhú an Choimisiúin, ní léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid gur laghdaíodh leis an gcomhaontú idirthréimhseach, ann féin, dreasachtaí Apple chun aistriú chuig iomaitheoirí an iarratasóra do na samhlacha a líomhnaítear a bheith i gceist.

491    Ar an dara dul síos, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil an measúnú in aithris 435 ar an gcinneadh atá faoi chonspóid, ‘mar thoradh ar an [gcéad leasú ar an gcomhaontú idirthréimhseach, “gur scoir Apple de mhachnamh a dhéanamh ar dhíoltóirí fhoirne sliseanna bunbhanda mar rogha mhalartach ar an iarratasóir do ghléasanna móibíleacha 2014 agus 2015”’, bunaithe go heisiach ar ráiteas i bhfreagra Apple ar cheist [faoi rún] den iarratas ar fhaisnéis ó [faoi rún].

492    Ní mór a rá nach mbaineann an freagra sin leis an tsamhail ‘[faoi rún]’ (nó ‘[faoi rún]’), arb í, de réir an Choimisiúin, an t-aon samhail a líomhnaítear a bheith i gceist do 2014 dá dtagraítear i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid. Maidir le samhlacha neamh-CDMA 2014, ní thagraíonn an freagra sin ach do na samhlacha [faoi rún]. Ina theannta sin, tagann ráiteas Apple a atáirgeadh in aithris 435 den chinneadh atá faoi chonspóid ón gcuid dá fhreagra maidir leis an dá shamhail deiridh sin. Dealraíonn sé, dá bhrí sin, nach bhfuil baint ar bith ag an ráiteas sin ó thaobh na réasúnaíochta sa chinneadh atá faoi chonspóid maidir leis an tsamhail ‘[faoi rún]’.

493    Ar an tríú dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara, in aithris 465 den chinneadh atá faoi chonspóid, i gcomhthéacs Chuid 11.4.2.4 den chinneadh sin, gur luaigh an Coimisiún [faoi rún] agus, chuige sin, bhí sé ag brath ar dhá ráiteas a rinne Apple, a tógadh ón tríú fleasc de mhír 52 dá chuid barúlacha ar fhreagra an iarratasóra ar an ráiteas agóidí.

494    Mar a thugann an t-iarratasóir le fios i gceart, áfach, ní thugtar le fios [faoi rún] leis na ráitis sin mar gheall ar na híocaíochtaí lena mbaineann. Go háirithe, ní thugtar le fios leis na ráitis sin cén fáth [faoi rún]. In éagmais fianaise dhochloíte a thug an Coimisiún ar aird sa chinneadh atá faoi chonspóid, ní faoin gCúirt atá sé na cúiseanna a bhí mar thoradh ar [faoi rún] a chinneadh.

495    Sa dara háit, maidir leis na samhlacha a líomhnaítear a bheith i gceist a bhí beartaithe ag Apple a sheoladh in 2015, eadhon, de réir an Choimisiúin, na samhlacha ‘[faoi rún]’ agus ‘[faoi rún]’, mar is léir ón gcinneadh atá faoi chonspóid agus mar a mhínigh an Coimisiún ina chosaint, tá an léiriú d’éifeachtaí líomhainte na n-íocaíochtaí lena mbaineann bunaithe ar an bhfianaise dá dtagraítear in aithrisí 436 agus 437 den chinneadh atá faoi chonspóid.

496    Mar réamhphointe, a mhéid a thagraíonn ráiteas Apple a atáirgeadh in aithris 435 den chinneadh atá faoi chonspóid go ginearálta do ‘ghléasanna móibíleacha 2014 agus 2015’ i gcomhpháirt, is leor a thabhairt chun cuimhne go ndearnadh an ráiteas sin maidir le samhlacha iPad 2014 áirithe seachas ‘[faoi rún]’ (mír 492 thuas). Dá bhrí sin, níor léiríodh ábharthacht an ráitis sin do shamhlacha 2015 a líomhnaítear a bheith i gceist.

497    Ar an gcéad dul síos, in aithris 436 den chinneadh atá faoi chonspóid, bhí an Coimisiún ag brath ar dhoiciméad inmheánach Apple ina raibh malartú ríomhphoist inmheánach dar dáta an 18 Feabhra 2014, ina luaitear go raibh sé molta ag innealtóir Apple úsáid a bhaint as foireann sliseanna Intel le haghaidh shamhail iPad don ‘fhómhar 2015’ ó bhí ‘cothroime ó thaobh feidhmiúlachtaí de’ le foireann sliseanna an iarratasóra.

498    Ar thaobh amháin, ní shonraítear in aithris 436 den chinneadh atá faoi chonspóid ná sa mhalartú ríomhphoist inmheánach an tsamhail iPad a bheartaigh Apple a sheoladh in 2015 agus atá cumhdaithe ag dearbhú innealtóir Apple. Ar an láimh eile, i gcomhthéacs fhianaise bhreise an 26 Iúil 2019, chuir an t-iarratasóir malartú eile ar ríomhphoist inmheánacha Apple ar fáil ar an dáta céanna, ina dtaispeántar gur cheistigh ceann fhoireann innealtóireachta Apple i ndáiríre dearbhú fhostaí Apple leagtha amach in aithris 436 den chinneadh atá faoi chonspóid. Shonraigh an duine sin, mar fhreagra, maidir le foireann sliseanna Intel ‘[nach] raibh sé cothrom ó thaobh feidhmiúlachtaí de’ le foireann sliseanna an iarratasóra, agus bhí an focal ‘not’, i mBéarla, scríofa i gceannlitreacha sa ríomhphost inmheánach sin. Ina theannta sin, dheimhnigh fostaí Apple eile an measúnú sin sa mhalartú ríomhphoist céanna.

499    Dá bhrí sin leis na fachtóirí sin ceistítear substaint an mheasúnaithe in aithris 436 den chinneadh atá faoi chonspóid, ós rud é go bhfuil an measúnú sin bunaithe ar ríomhphost inmheánach aonair Apple a bhfuil dhá cheann eile ag teacht salach air.

500    Ar an dara dul síos, in aithris 437 den chinneadh atá faoi chonspóid, tagraíonn an Coimisiún do mhalartú ar ríomhphoist inmheánacha Apple dar dáta an 20 Feabhra 2014, ag freagairt don ríomhphost inmheánach dá dtagraítear in aithris 436 den chinneadh sin, ina (i) luann fostaí Apple go raibh ‘roinnt imní maidir le pionós tráchtála i ndáil le huainiú’ ar fhostaí eile maidir le seoladh iPad ina n-ionchorpraítear foireann sliseanna soláthraí eile agus (ii) deimhníonn an fostaí deiridh go raibh seoladh den sórt sin ‘dodhéanta ar bhonn tráchtála’.

501    Ní mór a lua, áfach, nach ndéantar aon tagairt shonrach sna ríomhphoist sin ná in aithris 437 den chinneadh atá faoi chonspóid d’aon samhail iPad nó do na híocaíochtaí agus na comhaontuithe lena mbaineann. Níl aon bhunús mar sin le teacht ar an gconclúid le cinnteacht gur thagair na ríomhphoist inmheánacha sin do chaillteanais agus d’aisíoc na n-íocaíochtaí lena mbaineann.

502    Ina theannta sin, a mhéid a bhí an Coimisiún, ina chosaint, ag brath ar ráiteas a rinne Apple ina bharúlacha ar fhreagra an iarratasóra ar an ráiteas agóidí chun nasc a bhunú idir na ríomhphoist inmheánacha sin agus na híocaíochtaí lena mbaineann, ní foláir a shonrú nach bhfuil an ráiteas sin le fáil in aithris 437 den chinneadh atá faoi chonspóid agus, ina theannta sin, nach mbaineann sé leis na ríomhphoist inmheánacha dá dtagraítear san aithris sin.

503    Ar an tríú dul síos, in aithris 438 den chinneadh atá faoi chonspóid, thagair an Coimisiún d’anailís eacnamaíoch arna déanamh ag foireann soláthair Apple dar dáta an 29 Eanáir 2014, maidir leis an tionchar eacnamaíoch a bheadh ag aistriú soláthraí in 2015 maidir le riachtanais d’fhoirne sliseanna neamh-CDMA, arna tíolacadh ag Apple mar fhreagra ar cheist [faoi rún] den iarratas ar fhaisnéis ó [faoi rún].

504    Maidir leis sin, is leor a lua, mar a mhíníonn Apple ina fhreagra ar cheist [faoi rún] den iarratas ar fhaisnéis ó [faoi rún], nach raibh an anailís eacnamaíoch sin ‘mar bhunús le haon chinneadh soláthair ó bhainistíocht Apple’, agus ba é an toradh a bhí air, beag beann ar na cúiseanna nach raibh bainistíocht Apple ag brath ar anailís den sórt sin, nach faoin gCúirt atá sé a chinneadh, nach bhféadtar aon chonclúid a bhaint as an anailís eacnamaíoch sin maidir leis na héifeachtaí iarbhír a bhí ag na híocaíochtaí lena mbaineann ar chinntí Apple maidir le foinsiú d’fhoirne sliseanna LTE.

505    Leanann sé as sin go raibh an Coimisiún, i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid, i gcomhthéacs anailís ghinearálta ina measctar samhlacha agus blianta, ag brath ar fhianaise nach bhfuil ábhartha, atá contrártha le fianaise eile nó nach bhfuil in ann bunús a thabhairt dá chonclúidí maidir leis na samhlacha a líomhnaítear a bheith i gceist agus, dá bhrí sin, nach féidir a léiriú gur laghdaigh na híocaíochtaí lena mbaineann dreasachtaí Apple chun aistriú chuig iomaitheoirí an iarratasóra chun soláthairtí fhoirne sliseanna LTE a fháil do na samhlacha sin.

506    Leanann sé ón méid thuas go léir, ar dtús, nach féidir leigheas a chur le Cuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid ar an neamhdhleathacht a fuarthas mar thoradh ar an scrúdú ar an gcéad ghearán sa tríú cuid den tríú saincheist dlí (míreanna 442 agus 443 thuas) agus, sa dara háit, nár chuir an Coimisiún, in aon chás, i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid, anailís ar fáil a d’fhéadfadh tacú leis an gcinneadh gur laghdaigh na híocaíochtaí lena mbaineann dreasachtaí Apple i ndáiríre chun aistriú chuig iomaitheoirí an iarratasóra d’fhonn soláthairtí fhoirne sliseanna LTE a fháil do na samhlacha iPad neamh-CDMA a líomhnaítear bheith i gceist a raibh sé beartaithe ag Apple iad a sheoladh in 2014 agus in 2015.

507    Tháinig an Coimisiún ar chonclúid den sórt sin tar éis réasúnaíochta (i) atá curtha ó bhail de bharr easpa comhsheasmhachta san fhianaise a rabhthas ag brath uirthi chun tacú lena thorthaí (mír 463 thuas); (ii) a rinneadh, sa bhreis air sin, gan na fachtóirí ábhartha go léir chun na críche sin a chur san áireamh (mír 481 thuas); agus (iii) a rinneadh, ina theannta sin, ag brath ar fhianaise nárbh fhéidir tacú lena thorthaí (mír 505 thuas).

508    Dá bhrí sin, is neamhdhleathach é cinneadh an Choimisiúin go raibh éifeachtaí frithiomaíocha i ndáiríre ag na híocaíochtaí lena mbaineann chun a gcumas éifeachtaí den sórt sin a chruthú.

509    Thairis sin, ar na cúiseanna céanna sin, agus contrártha le dearbhuithe an Choimisiúin, ní léirítear leis an réasúnaíocht i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid ach an oiread, mar mhalairt air sin, go raibh sé de chumas ag na híocaíochtaí lena mbaineann éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu i ndáil leis na samhlacha a líomhnaítear a bheith i gceist. Ar aon nós, fiú amháin dá mbeadh sé sin amhlaidh, ba cheart a mheabhrú nach mbaineann teoiric an dochair a glacadh sa chinneadh atá faoi chonspóid le cumas frithiomaíoch na n-íocaíochtaí lena mbaineann a bheith teoranta do riachtanais Apple do na samhlacha a líomhnaítear a bheith i gceist amháin, ach ina áit sin cumhdaítear riachtanais uile Apple le linn na tréimhse lena mbaineann maidir le gutháin iPhone agus táibléid iPad (féach míreanna 420, 442 agus 443 thuas).

510    I bhfianaise an mhéid thuasluaite, ní mór seasamh leis an dara agus an tríú gearán sa tríú cuid den tríú saincheist dlí sa chaingean.

4.      Conclúid

511    Leanann sé ón scrúdú ar an gcéad, an dara agus an tríú gearán sa tríú cuid den tríú saincheist dlí, toisc nach gá na gearáin eile sa chuid sin den tsaincheist dlí a scrúdú, go bhfuil sé neamhdhleathach na híocaíochtaí lena mbaineann a thréithriú mar mhí-úsáid ceannasachta, sa mhéid is, ar an gcéad dul síos, go bhfuil an scrúdú ar chumas na n-íocaíochtaí lena mbaineann éifeachtaí frithiomaíocha a bheith acu bunaithe ar anailís nach ndearnadh i bhfianaise na gcúinsí fíorasacha ábhartha go léir agus, ar an dara dul síos, go bhfuil an scrúdú ar na héifeachtaí iarbhír de na híocaíochtaí lena mbaineann bunaithe ar anailís a fhágann nach féidir tacú leis na cinntí a rinne an Coimisiún.

512    Ar na forais sin, i bhfianaise na neamhdhleathachta a bunaíodh le linn don tríú cuid den tríú saincheist dlí a scrúdú, agus nach gá rialú a thabhairt ar na codanna eile a d’ardaigh an t-iarratasóir, ní mór seasamh leis an tríú saincheist dlí sa chaingean agus, ar an mbonn sin freisin, ní mór an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú.

D.      Conclúid fhoriomlán

513    Ós rud é gur seasadh leis an gcéad saincheist dlí (an chéad agus an tríú cuid) agus an tríú saincheist dlí sa chaingean (tríú cuid), ní mór an cinneadh atá faoi chonspóid a neamhniú, gan aon ghá le rialú a thabhairt ar na saincheisteanna dlí eile sa chaingean, nó maidir leis na hiarrataí ar bhearta eagrúcháin nós imeachta nó bearta fiosrúcháin arna dtíolacadh ag an iarratasóir a mhéid a théann na hiarrataí sin thar na bearta arna gcinneadh nó arna n-ordú ag an gCúirt, nó maidir le fianaise bhreise seachas fianaise bhreise an 26 Iúil 2019.

IV.    Costais

514    De réir théarmaí Airteagal 134(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór a ordú don pháirtí caillteach na costais a íoc, má iarrtar iad i bpléadálacha an pháirtí a n-éireoidh leis.

515    Ós rud é nár éirigh leis an gCoimisiún, ní mór a ordú dó a chostais féin a iompar agus costais an iarratasóra a íoc, de réir an ordaithe atá á lorg ag an iarratasóir.

Ar na forais sin,

rialaíonn agus ordaíonn an CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Séú Dlísheomra Méadaithe)

mar seo a leanas:

1.      Cuirtear Cinneadh C(2018) 240 final ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2018 maidir le himeachtaí faoi Airteagal 102 [CFAE] agus Airteagal 54 de [Comhaontú LEE] (Cás AT.40220 – Qualcomm (Íocaíochtaí eisiachais) ar neamhní);

2.      Ordaítear don Choimisiún Eorpach na costais a íoc.

Marcoulli

Frimodt Nielsen

Schwarcz

Iliopoulos

 

Norkus

Fógraíodh amhlaidh i gcúirt phoiblí i Lucsamburg, an 15 Meitheamh 2022.

Sínithe


Clár


I. Cúlra na díospóide

A. An t-iarratasóir

B. An nós imeachta riaracháin

1. An nós imeachta a bhaineann leis an iarratasóir

2. Na gnóthais eile agus páirtithe leasmhara

3. Rochtain ar an gcomhad

C. An cinneadh atá faoi chonspóid

1. Na comhaontuithe idir an t-iarratasóir agus Apple

2. Sainiú an mhargaidh

3. Ceannasacht

4. Mí-úsáid ceannasachta

5. An fhíneáil

6. Cuid oibríochtúil

II. Nós imeachta agus an t-ordú atá á lorg ag na páirtithe

A. Príomhghnéithe nós imeachta

1. Cuid i scríbhinn den nós imeachta

2. Iarratas Apple ar idiragairt

3. Iarraidh ar bhearta eagrúcháin nós imeachta nó fiosrúcháin

4. Fianaise bhreise arna taisceadh tar éis chlabhsúir na céime i scríbhinn den nós imeachta

5. Iarratais chun sonraí áirithe a fhágáil ar lár ón doiciméad poiblí

6. Sannadh an Bhreithimh is Rapóirtéir don Séú Dlísheomra

7. Tarchur an cháis chuig Dlísheomra ina shuí i bhfoirmíocht mhéadaithe

8. Bearta eagrúchán nós imeachta agus fiosrúcháin

9. Céim ó bhéal de na himeachtaí

B. An t-ordú atá á lorg

III. An dlí

A. Inghlacthacht fhianaise bhreise an 26 Iúil 2019

B. An chéad saincheist dlí: earráidí nós imeachta follasacha

1. Réamhbharúlacha

2. An tríú cuid den chéad saincheist dlí: sárú ar chearta na cosanta, a mhéid a bhaineann le heaspa nótaí agus faisnéise a bhaineann le cruinnithe agus glaonna comhdhála le tríú páirtithe

(a) An cruinniú agus glaonna comhdhála le tríú páirtithe ar seoladh faisnéis ina leith chuig an iarratasóir sular tionscnaíodh an chaingean seo

(1) Achoimre ar an gcúlra

(2) An raibh earráid nós imeachta ann

(3) Sárú ar chearta na cosanta

(b) An glao comhdhála agus an cruinniú le tríú páirtí ar seoladh faisnéis ina leith chuig an iarratasóir le linn na n-imeachtaí seo mar fhreagra ar argóintí a bhí bunaithe ar fhianaise bhreise an 26 Iúil 2019

(1) Achoimre ar an gcúlra

(2) An raibh earráid nós imeachta ann

(3) Sárú ar chearta na cosanta

(c) An cruinniú le tríú páirtí ar cuireadh faisnéis ina leith in iúl don iarratasóir le linn na n-imeachtaí seo mar fhreagra ar bhearta fiosrúcháin an 12 Deireadh Fómhair 2020

(1) Achoimre ar an gcúlra

(2) An raibh earráid nós imeachta ann

(3) Sárú ar chearta na cosanta

3. An chéad chuid den chéad saincheist dlí: sárú ar chearta na cosanta, maidir leis na difríochtaí idir an ráiteas agóidí agus an cinneadh atá faoi chonspóid

4. Conclúid

C. An tríú saincheist dlí: earráidí follasacha dlí agus measúnaithe maidir leis an gcinneadh go bhféadfadh éifeachtaí frithiomaíocha a bheith ag na comhaontuithe lena mbaineann

1. Réamhbharúlacha

(a) Achoimre ar phrionsabail an chásdlí

(b) Achoimre ar struchtúr an chinnidh atá faoi chonspóid

(c) Achoimre ar ghearáin an iarratasóra

2. An chéad ghearán sa tríú cuid den tríú pléadáil: mainneachtain na himthosca ábhartha go léir a chur san áireamh

3. An dara agus an tríú gearán sa tríú cuid den tríú saincheist dlí: mainneachtain a léiriú go raibh tionchar ag na comhaontuithe lena mbaineann ar chinntí foinsithe Apple maidir le táibléid iPad ‘2014’ agus ‘2015’

(a) Réamhbharúlacha

(b) Bhain an chéad fhoghearán le gléasanna arna gcumhdach i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid

(c) An tríú foghearán, a bhaineann le mainneachtain fianaise ábhartha áirithe a chur san áireamh sa réasúnaíocht i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid

(d) An dara foghearán, a bhaineann leis an bhfianaise a cuireadh san áireamh sa léiriú i gCuid 11.4.2 den chinneadh atá faoi chonspóid

4. Conclúid

D. Conclúid fhoriomlán

IV. Costais


*      Teanga an cháis: an Béarla.


1 Sonraí rúnda fágtha ar lár.