Language of document :

Caingean arna tabhairt an 7 Meitheamh 2023 – Naturgy Energy Group v EUIPO – Global Power Service (gps global power service)

(Cás T-312/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Naturgy Energy Group, SA (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: J. Mora Cortés, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Global Power Service SpA (Verona, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “gps global power service” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 001 007

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 1 Márta 2023 i gCás R 505/2022-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

An cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní nó a chúlghairm, sa chaoi go ndíbhtear caingean R 505/2022-4, agus an marc atá faoi cheist a dheonú ina iomláine do na hearraí agus seirbhísí a iarrtar.

A ordú do EUIPO agus don idirgaraí (má thagann sé os comhair na Cúirte agus má dhéanann sé idiragairt sa chaingean seo) na costais a íoc, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na himeachtaí os comhair na Rannóige Oibríochta agus os comhair an Cheathrú Bord Achomhairc de EUIPO.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________