Language of document :

Caingean arna tabhairt an 21 Samhain 2023 – Barbato v EUIPO – Hightouch (Steve Jobs)

(Cás T-1087/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Vincenzo Barbato (Napoli, an Iodáil) (ionadaithe: M. Andreolini agus F. Andreolini, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Hightouch Ltd (Ashtead, an Ríocht Aontaithe)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist:  Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “Steve Jobs” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 11 687 316

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí neamhbhailíochta

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 7 Meán Fómhair 2023 i gCás R 78/2022-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus, i gcás inarb iomchuí, a leasú;

a ordú don chosantóir na costais a íoc i bhfábhar an iarratasóra.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 58(1)(a) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 18(1), agus le hAirteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________