Language of document :

Caingean arna tabhairt an 22 Samhain 2023 – Starwe Global v EUIPO – Mirus Beheer (VA VIVAIA)

(Cás T-1090/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Starwe Global Holding Inc. (Miami, Florida, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: M. Rieger-Jansen, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Mirus Beheer BV (Kaatsheuvel, an Ísiltír)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh VA VIVAIA – Iarratas ar chlárú Uimh. 18266193

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 1 Meán Fómhair 2023 i gCás R 2306/2022-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

an t-iarratas ar neamhbhailíocht a dhíbhe ina iomláine;

a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc costais an iarratasóra a íoc go comhpháirteach agus go leithleach sna himeachtaí reatha.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 60(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mheasúnú mícheart ar an gcosúlacht idir na comharthaí;

Sárú ar Airteagal 60(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tríd an gcinneadh mícheart gur dócha go mbeadh mearbhall idir na comharthaí.

____________