Caingean arna tabhairt an 23 Samhain 2023 – Lotus Bakeries v EUIPO (Meascán de na dathanna dearg agus bán)
(Cás T-1096/23)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Lotus Bakeries (Lembeke, an Bheilg) (ionadaí: C. Gommers, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (Dath a léiríonn an meascán de dhathanna dearg agus bán) – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 659 684
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 21 Meán Fómhair 2023 i gCás R 730/2023-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
an trádmharc faoi cheist a tharchur ar ais chuig EUIPO le go ndéanfar scrúdú air;
a ordú do EUIPO na costais, lena n-áirítear na costais sna himeachtaí os comhair an Chéad Bhoird Achomhairc, a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagail 4 agus 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 94 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Sárú ar phrionsabail na comhréireachta agus na córa comhionainne.
____________