Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2023 – DJO v EUIPO – Hallufix und Huber [Cléithíní (do ghéaga gortaithe)]
(Cás T-1102/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: DJO LLC (Carlsbad, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: N. Schmitz, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Hallufix AG (München, an Ghearmáin), Vitus Maria Huber (München)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an dearaidh atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Dearadh atá faoi cheist: Dearadh Comhphobail ( (Cléithíní (do ghéaga gortaithe)) – Dearadh Comhphobail Uimh. 322 557-0001
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 25 Meán Fómhair 2023 i gCás R 1499/2022-3
An t ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
seasamh leis an gcaingean agus an Cinneadh atá faoi chonspóid a leasú trí Dhearadh Comhphobail Uimh. 322 557-0001 a chur ar neamhní;
mar mhalairt air sin, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 25(1)(b) i gcomhar le hAirteagal 8(1) de Rialachán (CE) 6/2002 ón gComhairle;
Sárú ar na prionsabail arna bhforbairt i gcásdlí Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh maidir le léirmhíniú na bhforálacha sin de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle.
____________