Language of document :

Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2023 – Sulberg Services v An Chomhairle

(Cás T-1084/23)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Sulberg Services Ltd (Road Town, Tortola, Oileáin Bhriotanacha na Maighdean) (ionadaí: H. Sbert Pérez, Dlíodóir)

Iarratasóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2023/1767 1 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 2 a chur ar neamhní i bpáirt, de bhun Airteagail 263 agus 264 CFAE, a mhéid a bhaineann leis an tagairt anseo thíos ón achoimre ar na “Cúiseanna” i mír 923 d’Iarscríbhinn I ina dtagraítear don smachtbhannaí ar Anastasia IGNATOVA, ‘Bhí an bád 85 mhéadar ‘Valerie’, ar fiú USD 140 milliún (níos mó ná RUB 10 billiún) é, faoi úinéireacht ag Anastasia Ignatova go foirmiúil trí chuideachta ar [Oileáin Bhriotanacha na Maighdean] ar a dtugtar Delima Services Limited.’ tríd an tagairt sin a scriosadh agus a chur ar neamhní go hiomlán.

A ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheisteanna dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 14 de Rialachán (AE) 269/2014 1 agus ar an tríú mhír d’Airteagal 6 de Chinneadh 2013/145/CBES 2 a bhaineann le smachtbhannaí i gcoinne na Rúise maidir leis an Úcráin, agus prionsabail na deimhneachta dlíthiúla, na dlíthiúlachta agus an dea-riaracháin gan mí-úsáid cumhachtaí.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na dlíthiúlachta maidir le smachtbhannaí i réimse an chomhbheartais eachtraigh agus slándála.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun comhionannais os comhair an dlí.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun maoine.

____________

1 Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 226, lch. 104).

1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 226, lch. 3).

1 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 78, lch. 6).

1 Cinneadh 2014/145/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023, L 78, lch. 16).