Caingean arna tabhairt an 24 Samhain 2023 – AQ v ECHA
(Cás T-1101/23)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: AQ (ionadaithe: C. Mereu agus I. Zonca, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh a d’eisigh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán an 14 Meán Fómhair 2023 i nós imeachta ATD/040/2023 a chur ar neamhní. 1
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an cosantóir earráid fhollasach measúnaithe agus é á mheas an mbainfí an bonn de leasanna tráchtála an iarratasóra dá nochtfaí faisnéis rúnda áirithe de réir Airteagal 4(2) de Rialachán 1049/2001. 1
An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an cosantóir prionsabal na comhréireachta tríd an gcinneadh atá faoi chonspóid a bhunú go heisiach ar phrionsabal na trédhearcachta gan na leasanna éagsúla atá i bhfeidhm a chothromú.
____________
1 Is nós imeachta maidir le rochtain ar dhoiciméid é seo.
1 Rialachán (CE) 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO 2001 L 145, lch. 43).