Language of document :

Caingean arna tabhairt an 13 Samhain 2023 – Bowles agus páirtithe eile v BCE

(Cás T-1076/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Carlos Bowles (Frankfurt am Main, an Ghearmáin) agus 39 eile (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)

Cosantóir: an Banc Ceannais Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a ráitis tuarastail nó duillíní pinsin do mhí Eanáir 2023 agus na ráitis tuarastail nó duillíní pinsin arna eisiúint tar éis Eanáir 2023 a chur ar neamhní a mhéid a chuirtear chun feidhme Coigeartú Tuarastail Ginearálta 2024 socraithe ag 4.0751 % de réir Chinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Nollaig 2022;

Cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach an 8 Bealtaine ag diúltiú don athbhreithniú riaracháin a chuir na hiarratasóirí isteach i gcoinne an chinnidh thuasluaite a chur ar neamhní, más gá;

Cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach an 30 Lúnasa ag diúltiú go páirteach don nós imeachta casaoide a chuir na hiarratasóirí isteach a chur ar neamhní, más gá;

a ordú don chosantóir na costais uile a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí an tsaincheist dlí seo a leanas.

Maíonn na hiarratasóirí sárú ar mhodh ríofa an Choigeartaithe Tuarastail Ghinearálta, atá bunaithe ar mheasúnú áirithe ar na coigeartuithe tuarastail sna heagraíochtaí arb iad príomhfhoinsí earcaíochta foirne BCE iad, amhail na bainc cheannais náisiúnta (‘eagraíochtaí comparáide’), agus don ionchas dlisteanach, sa mhéid is;

–    gur socraíodh an Coigeartú Tuarastail Ginearálta ag cur san áireamh an tuairisciú ón mBanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta (eagraíocht comparáide) ar mhéadú 1.5 %, arna shloinneadh i bhfranc Eilvéiseach, cé, mar a áitíonn na hiarratasóirí, go mba chóir na figiúirí i bhfranc Eilvéiseach a thiontú in euro;

–    gur mheas BCE go bhfuil na trí sochair (cnapshuim praghas fuinnimh, uasghrádú ar phoist agus jabchártanna chomaoine) arna ndeonú d’fhostaithe an Deutsche Bundesbank (eagraíocht comparáide) lasmuigh de raon feidhme an choincheapa ‘buntuarastail chomhlána bliantúla’ dá bhforáiltear leis an modh ríofa, cé go mba chóir na tairbhí sin a chur san áireamh agus an méadú céatadáin maidir le na tuarastail ag an Deutsche Bundesbank á ríomh;

–    in éagmais, mar a áitíonn na hiarratasóirí, modheolaíochta coigeartaithe tuarastail ghinearálta ag Banc Ceannais na Cipire (eagraíocht comparáide), agus ós rud é gur aistrigh an Banc sin chuig méadaithe atá bunaithe ar bhonn feidhmíochta amháin ach le harduithe atá níos airde, ba chóir na sonraí a bhaineann leis an gcoigeartú tuarastail ag Banc Ceannais na Cipire a bheith bunaithe ar an gcoigeartú tuarastail a bhonn feidhmíochta sin.

____________