Caingean arna tabhairt an 22 Samhain 2023 – Freddo Freddo v EUIPO – Krema (doffre)
(Cás T-1091/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Freddo Freddo, SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: J.F. Gallego Jiménez, E. Sanz Valls, P. Bauzá Martínez agus Y. Hernández Viñes, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Krema S.A. (Punta del Este, Uragua)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha an Aontais Eorpaigh doffre – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 365 318
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 14 Meán Fómhair 2023 i gCás R 744/2023-4
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
Seasamh leis na haighneachtaí freasúra i gcoinne an mhairc atá faoi chonspóid, trí ghlacadh leis nach bhféadfadh an dá mharc fhreasúrach cómhaireachtáil go socair;
A ordú do EUIPO agus don idiragraí na costais a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________