Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Samhain 2023 – Medela v EUIPO (THE SCIENCE OF CARE)
(Cás T-97/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Clárúchán idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach – Focalmharc “THE SCIENCE OF CARE” – Dearbhfhoras le diultú – Easpa saintréithe – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Oibleagáid cúiseanna a lua – Airteagal 94(1), an chéad abairt, de Rialachán 2017/1001)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Medela Holding AG (Baar, an Eilvéis) (ionadaithe: M. Hartmann, S. Fröhlich agus H. Lerchl, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Ringelhann agus M. Eberl, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 2 Nollaig 2022 (Cás R 1163/2022-4) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean.
2. Ordaítear do gach páirtí a gcuid costais féin a íoc.
____________
1 IO C 127, 11.4.2023.