Language of document :

Caingean arna tabhairt an 10 Samhain 2023 – BT GS Belgium v an Coimisiún

(Cás T-1081/23)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: BT Global Services Belgium (Machelen, an Bheilg) (ionadaithe: V. Dor, A. Lepièce agus M. Vilain XIIII, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh maidir le dáta anaithnid, mar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 18 Lúnasa 2023, lena bhfógraítear modhnú an chonartha leis an uimhir thagartha DIGIT/A3/PN/2019/026 Seirbhísí Tras-Eorpacha le haghaidh Teileamaitice idir Riaracháin — Síneadh na Glúine Nua (Síneadh TESTA-ng II), gan nós imeachta nua soláthair a sheoladh a chur ar neamhní;

aon fhaoiseamh eile is cuí leis an gCúirt sna himthosca a dheonú;

agus, in aon chás, a ordú don Choimisiún costais dlí an iarratasóra agus táillí agus caiteachais eile a tabhaíodh i ndáil leis an iarratas seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí, as a n-eascraíonn sé go ndearna an Coimisiún earráid dlí trí uasluach an chonartha a mhéadú gan nós imeachta nua soláthair a sheoladh.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún earráid dlí toisc nár comhlíonadh na coinníollacha chun an conradh a mhodhnú de réir Airteagal 72(1)(c) de Threoir 2014/24/AE 1 , ós rud é nach bhfuil an gá le modhnú mar thoradh ar imthosca nach bhféadfadh údarás conarthach dícheallach foráil a dhéanamh ina leith agus go raibh na modhnuithe a rinneadh as a chéile ar an gconradh tosaigh dírithe ar dhul timpeall ar an Treoir.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún earráid dlí toisc nár comhlíonadh na coinníollacha chun an conradh a mhodhnú de réir Airteagal 172(3)(a) den Rialachán Airgeadais 1 ach oiread, ós rud é go rabhthas in ann conraitheoir a athrú gan dúbailt shuntasach costas don údarás conarthach dá mba rud é gur ghníomhaigh sé go dícheallach.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Coimisiún earráid dlí toisc nár ceadaíodh dó in aon chás luach uasta an chreat-chomhaontaithe a mhéadú, i gcomhréir le bunphrionsabail an chomhionannais agus na trédhearcachta mar a chumhdaítear in Airteagal 18(1) de Threoir 2014/24/AE agus i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais.

____________

1 Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO 2014 L 94, lch. 65).

1 Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO 2018 L 193, lch. 1).