Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Samhain 2023 – Tradias v EUIPO – Triodos Bank (Tradias)
(Cás T-32/23)1
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra –Iarratas ar fhocalmharc an Aontais Eorpaigh ‘Tradias’ – Trádmharc an Aontais Eorpaigh a bhí ann níos luaithe ‘TRIODOS’ – Foras coibhneasta le diúltú – Easpa dóchúlacht mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Tradias GmbH (Francfort-sur-le-Main, an Ghearmáin) (ionadaí: P. Bär, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Ivanauskas, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO : Triodos Bank NV (Zeist, an Ísiltír)
Ábhar
Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir an Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 30 Samhain 2022 (Cas R 734/2022-1), a chur ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Cuirtear an Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 30 Samhain 2022 (Cás R 734/2022-1) ar neamhní.
Diúltaítear don chuid eile den chaingean.
Ordaítear do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear na costais a tabhaíodh os comhair an Bhoird Achomhairc.
____________
1 IO C 104, 20.3.2023.