Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Samhain 2023 – Laboratorios Normon v EUIPO – Sofar (NORMOCARE)
(Cás T-19/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí neamhbhailíochta – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “NORMOCARE” – Focalmharc náisiúnta níos luaithe “NOMOR” – Foras coibhneasta le neamhbhailíocht – Airteagal 60(1)(a) agus Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Laboratorios Normon, SA (Tres Cantos, an Spáinn) (ionadaí: I. González-Mogena González, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: N. Lamsters agus T. Frydendahl, Gníomhairí)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Sofar SpA (Trezzano Rosa, an Iodáil)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 26 Deireadh Fómhair 2022 (Cás R 916/2022-1) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Diúltaítear don chaingean.
2. Ordaítear do Laboratorios Normon, SA agus d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a gcostais féin a íoc.
____________
1 IO C 83, 6.3.2023.