Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Landesgericht für Zivilrechtssachen Graz (an Ostair) arna taisceadh an 28 Feabhra 2022 - TLL The Longevity Labs GmbH v Optimize Health Solutionsmi GmbH agus BM

(Cás C-141/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landesgericht für Zivilrechtssachen Graz

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: TLL The Longevity Labs GmbH

Cosantóir: Optimize Health Solutionsmi GmbH, BM

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 3(2)(a)(iv) de Rialachán (AE) 2015/2283 1 a léirmhíniú sa chaoi is gur bia núíosach “plúr ruáin fhásta ag a bhfuil leibhéal ard speirmidín” , a mhéid nár úsáideadh go suntasach san Aontas Eorpach ach plúr ruáin fhásta nach raibh leibhéal ard speirmidín ann mar bhia lena chaitheamh ag an duine roimh an 15 Bealtaine 1997 nó nach raibh stair úsáide sábháilte aige ach ina dhiaidh sin, beag beann ar conas a tharlaíonn sé go bhfuil an speirmidín sa phlúr ruáin fhásta?

Más freagra diúltach a thabharfar ar an gcéad cheist: An gcaithfear Airteagal 3(2)(a)(vii) de Rialachán 2015/2283 a léirmhíniú sa chaoi is go n-áirítear sa téarma “próiséas táirgthe” le haghaidh bia próisis táirgthe phríomhúil?

Más freagra dearfach a thabharfar ar an dara ceist: An mbraitheann núíosacht próisis táirgthe de réir bhrí Airteagal 3(2)(a)(vii) de Rialachán 2015/2283 ar cé acu ar úsáideadh nó nár úsáideadh roimhe sin an próiseas táirgthe féin le haghaidh bia ar bith nó ar cé acu ar úsáideadh é nó nár úsáideadh é don bhia faoi mheasúnú?

Mas freagra diúltach a thabharfar ar an dara ceist: An ionann síol ruáin a phéacadh i dtuaslagán cothaitheach ina bhfuil speirmidín agus próiseas táirgthe phríomhúil le haghaidh planda nach bhfuil feidhm ag reachtaíocht bia ina leith, lena n-áirítear Rialachán 2015/2283, mar ní bia an planda sula mbaintear é (Airteagal 2(c) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 1 )?

Mura bhfuil speirmidín nádúrtha nó sintéiseach sa tuaslagán cothaitheach, an ndéanfadh sé sin difear?

____________

1     Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (IO 2015 L 327, lch. 1).

1     Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí bia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia (IO 2002 L 31, lch. 1).