Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) arna taisceadh an 11 Márta 2022 – TR, UQ v FTI Touristik GmbH

(Cás C-193/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberster Gerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: TR, UQ

Cosantóir: FTI Touristik GmbH

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 12(2) de Threoir 2015/2302 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara a léirmhíniú:

sa chiall go gcaithfidh an measúnú ar an gcúis leis an bhfoirceannadh a bheith bunaithe ar thosca dosheachanta agus urghnácha mar a tharla tráth an fhoirceanta amháin,

nó sa chiall gur gá freisin a chur san áireamh imthosca urghnácha a tharlaíonn i ndiaidh an fhoirceanta ach roimh an tús pleanáilte leis an turas (arb é an dáta deireanach féideartha foirceanta)?

Má thugtar freagra dearfach ar (a):

(aa): An gcaithfear Airteagal 12(2) den Treoir a léirmhíniú sa chiall, i gcúrsa imeachtaí dlí maidir leis an gcúis leis an bhfoirceannadh, gur féidir le taistealaí brath ar imthosca dosheachanta urghnácha mar a tharla siad tráth an fhoirceanta ach nach raibh sé ar an eolas fúthu go dtí níos déanaí?

An gcaithfear Airteagal 12(2) den Treoir a léirmhíniú sa chiall nach bhfuil feidhm ag an gceart chun foirceanta gan táille i gcás inarbh ann do na himthosca a bhfuil an taistealaí ag brath orthu tráth na háirithinte agus go raibh siad ar eolas ag an taistealaí?

____________

1 Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO 2015 L 326, lch. 1)