Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 14 Eanáir 2022 – Österreichische Datenschutzbehörde

(Cás C-33/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgerichtshof (Ard-Chúirt Riaracháin, an Ostair)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: Österreichische Datenschutzbehörde (Údarás na hOstaire um Chosaint Sonraí, an Ostair)    

Páirtithe eile sna himeachtaí: WK agus Uachtarán an Nationalrat (an Chomhairle Náisiúnta)

Na ceisteanna a tharchuirtear

An dtagann gníomhaíochtaí de choiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint de Bhallstát, agus a ceart chun an fheidhmeannas a ghrinnscrúdú á fheidhmiú aici, faoi raon feidhme dhlí an Aontais de réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 16(2) CFAE, beag beann ar ábhar an fhiosrúcháin sin, sa chaoi is go bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2016/679 1 maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag coiste fiosrúcháin parlaiminteach de Bhallstát?

Más freagra dearfach a gheofar ar an gcéad cheist:

An dtagann gníomhaíochtaí de choiste fiosrúcháin arna bhunú ag Parlaimint de Bhallstát, agus a ceart chun an fheidhmeannas a ghrinnscrúdú á fheidhmiú aici, ag a bhfuil mar ábhar an fhiosrúcháin sin gníomhaíochtaí de chuid údarás póilíneachta um chosaint an Stáit, a bhaineann mar sin le gníomhaíochtaí i ndáil le cosaint na slándála náisiúnta de réir bhrí aithris 16 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, faoi réir raon feidhme na díolúine dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(a) den Rialachán sin?

Más freagra diúltach a gheofar ar an dara ceist:

Mura bhfuil – mar atá sá chás seo – ach údarás maoirseachta amháin curtha ar bun ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 51(1) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, an bhfuil inniúlacht ag an údarás sin maidir le gearáin de réir bhrí Airteagal 77(1), i gcomhar le hAirteagal 55(1), den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí cheana mar thoradh díreach ar an Rialachán sin?

____________

1     Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).