Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Düsseldorf (an Ghearmáin) a taisceadh an 6 Deireadh Fómhair 2023 – TA agus páirtithe eile v British Airways plc

(Cás C-616/23, British Airways)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Düsseldorf

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: TA, ET, VB, CI

Cosantóir: British Airways plc

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 5(1)(c) agus Airteagal 7(1) den Rialacháin maidir le Cearta Aerphaisinéirí 1 le léiriú sa chaoi go bhfuil paisinéir i dteideal cúitimh as moill fhada ag an gceann scríbe deireanach más rud é, ar aistriú dó, gur chaill an paisinéir an nasc eitilte cé go raibh an eitilt fhriothálach in am agus gurbh é an chúis leis an moill ag an gceann scríbe deireanach ná nár leor an t-am aistrithe iarbhír ag an aerfort idir doirse an eitleáin a oscailt agus dúnadh na bordála chun go bhféadfaí an nasceitilt a shroicheadh in am trátha, ag féachaint don achar idir na geataí teachta agus imeachta agus seiceálacha pas agus slándála?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1: i gcásanna ina bhfuil díospóid ann an bhfuil locht ar an bpaisinéir toisc gur chaill sé an nasceitilt (mar gheall ar mhoilleadóireacht, mar shampla), an bhfuil an t-ualach fianaise ar an aeriompróir oibriúcháin nó an bhfuil ar an bpaisinéir é féin a shaoradh ón locht líomhainte? Sa chomhthéacs sin, cén tábhacht a bhaineann leis an am íosta nasctha (MCT) idir an eitilt fhriothálach agus an nasceitilt?

An bhfuil Airteagal 8(1)(b) den Rialachán maidir le Cearta Aerphaisinéirí le léiriú sa chaoi go bhfuil an ceart ag paisinéir dá bhfuil ionchas réasúnta ann go mbeidh moill trí uair an chloig nó níos mó ar a eitilt ag an gceann scríbe, sa tslí chéanna agus a bhfuil ag paisinéirí ar eitiltí a cuireadh ar ceal, ag dul thar raon feidhme fhoclaíocht Airteagal 6(1) den Rialachán maidir le Cearta Aerphaisinéirí, chun athródú, faoi choinníollacha iompair inchomparáide, chuig a cheann scribe deiridh a luaithe is féidir agus, i gcás nach gcomhlíontar na hoibleagáidí sin, go mbeidh ar an aeriompróir oibriúcháin an paisinéir a aisíoc as costas na heitilte a thabhaigh sé?

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu lena leasaítear (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).