Language of document :

Caingean arna tabhairt an 25 Márta 2024 – Parlaimint na hEorpa v an Coimisiún

(Cás C-225/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Parties

Iarratasóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: F. Drexler, R. Crowe, U. Rösslein, Gníomhairí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2023)9014 1 an 13 Nollaig 2023 a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún Eorpach na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena hiarratas, maíonn Parlaimint na hEorpa trí shaincheist dlí.

1. An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 9(1), Airteagal 15 agus ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán na bhForálacha Coiteanna (2021/1060) agus earráidí follasacha measúnaithe

Sháraigh an Coimisiún Airteagal 9(1), Airteagal 15 agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán na bhForálacha Coiteanna 1 agus rinne sé earráidí follasacha measúnaithe nuair a rinne sé, an 13 Nollaig 2023, measúnú dearfach ar na hathchóirithe breithiúnacha arna nglacadh san Ungáir agus nuair a chinn sé go gcomhlíontar an coinníoll cumasúcháin cothrománach dar teideal ‘3. An Chairt um Chearta Bunúsacha a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme go héifeachtach’ maidir leis na heasnaimh i neamhspleáchas breithiúnach sa Bhallstát sin, agus mar thoradh air sin gur tháinig an Ungáir i dteideal aisíocaíochtaí a fháil faoi bhun na gCistí arna gcumhdach ag an Rialachán sin.

2. An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an dualgas cúiseanna a lua

Ní dhéantar leis an measúnú atá i gceangal leis an gcinneadh atá faoi chonspóid ach amháin na leasuithe arna nglacadh ar reachtaíocht agus rialacha na hUngaire a a liostú ach ní chuirtear mínithe substainteacha ar fáil leis a chuirfeadh ar chumas an léitheora tuiscint a fháil ar na cúiseanna atá leis an measúnú dearfach ar chomhlíonadh an choinníll chumasaithe chothrománaigh.

3. An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear mí-úsáid cumhachtaí

Bhain an Coimisiún mí-úsáid as a chumhacht cinneadh a dhéanamh maidir le comhlíonadh an choinníll chumasaithe chothrománaigh faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna mar chomhbhabhtáil don Ungáir chun deireadh a chur lena cros ar chinntí práinneacha áirithe a raibh aontoilíocht ag teastáil ina leith sa Chomhairle Eorpach.

____________

1 Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2023) 9014 an 13 Nollaig 2023 maidir le measúnú an Choimisiúin a formheas agus a shíniú i gcomhréir le hAirteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2021/1060 maidir leis an coinníoll cumasúcháin cothrománach dar teideal 3. An Chairt um Chearta Bunúsacha a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme go héifeachtach’ a chomhlíonadh maidir leis na heisiamh i neamhspleáchas breithiúnach san Ungáir.

1 Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO 2021 L 231, lch. 159).