Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 22 Iúil 2022 ag an gCoimisiún Eorpach i gcoinne bhreithiúnais na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra) an 11 Bealtaine 2022 i gCás T-151/20, Poblacht na Seice v an Coimisiún

(Cás C-494/22 P)

Teanga an cháis: an tSeicis

Páirtithe

Achomharcóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaí: J.-P. Keppenne, T. Materne, P. Němečková, i gcáil Gníomhairí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Poblacht na Seice, Ríocht na Beilge, Poblacht na Polainne

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

mír (1) [den chuid oibríochtúil] de bhreithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 11 Bealtaine 2022, Poblacht na Seice v an Coimisiún (T-151/20, EU:T:2022:281) a chur ar neamhní;

an chaingean i gCás T-151/20 a dhíbhe nó, de réir mar a bheidh, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le cinneadh a dhéanamh ar na codanna de na saincheisteanna dlí nár breithníodh go fóill;

Sa chás go dtugann an Chúirt Bhreithiúnais breithiúnas críochnaitheach sa chás sin, a ordú do Phoblacht na Seice na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach sna himeachtaí os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh agus os comhair na Cúirte Breithiúnais a íoc, nó i gcás go dtarchuirtear ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta é, an cinneadh maidir leis na costais a fhorchoimeád.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Maíonn an t-achomharcóir dhá shaincheist dlí mar thaca lena achomharc.

Ar an gceád dul síos, maíonn sé go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus léirmhíniú á dhéanamh aici ar Airteagal 6(3)(b) agus ar Airteagal 17(2) de Rialachán ón gComhairle (CE, Euratom) Uimh. 1150/20001 an 22 Bealtaine 2000, arna leasú.

I ndáil leis sin, líomhnaítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus léirmhíniú á dhéanamh aici ar Airteagal 6(3) den Rialachán, le cinneadh nach bhfuil i gceist le taifead mhéideanna na dteidlíochtaí a chruthaítear faoi Airteagal 2 den Rialachán sin sa Chuntas B ach idirbheart cuntasaíochta agus idirbheart cuntasaíochta amháin agus mar sin go bhfuil an teorainn ama leis an taifead sin a dhéanamh le ríomh ní ón lá a raibh méideanna na dteidlíochtaí le cruthú, ach ón lá a chruthaigh údaráis inniúla de chuid na Seice na teidlíochtaí sin iarbhír.

Dá bhrí sin, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid dlí eile le cinneadh go bhféadfadh Poblacht na Seice brath ar an bhféidearthacht go ndíolmhófaí í óna hoibleagáid an méid atá faoi chonspóid a sholáthar don Choimisiún ar bhonn Airteagal 17(2) den Rialachán sin (foras a dhírítear i gcoinne míreanna 85 go 93 den bhreithiúnas atá faoi achomharc).

Ar an dara dul síos, maíonn sé go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí freisin agus léirmhíniú á dhéanamh aici ar Airteagal 2(1) agus ar Airteagal 17(1) de Rialachán Uimh. 1150/2000, i gcomhar le hAirteagal 217(1) de Rialachán (CÉ) Uimh. 2913/92 ón gComhairle1 an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail agus le hAirteagal 325 CFAE, lena ndlitear ar na Ballstáit an chalaois agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chomhrac le cinneadh nár bhunaigh Poblacht na Seice an dleacht custaim lena mbaineann go mall nuair a mhainnigh sí an dleacht custaim sin a bhunú sna laethanta beaga i ndiaidh d’ionadaí údaráis chustaim na Seice filleadh, ionadaí a ghlac páirt san imscrúdú arna dhéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) i Laos i mí na Samhna 2007 (foras a dhírítear i gcoinne míreanna 94 go 126 den bhreithiúnas atá faoi achomharc).

Mar sin, líomhnaítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus measúnú á dhéanamh ar an gcreat dlí, ar an dóigh gur chinn sí gur cuireadh Poblacht na Seice ar a cumas, leis an gcreat dlí sin, fanacht ar fhianaise arna soláthar ag OLAF a cuireadh le chéile le linn an mhisin (agus dá dheasca sin gan an oibleagáid a chomhlíonadh maidir le teidlíocht an Aontais Eorpaigh i leith a achmhainní féin a chruthú), chun dochar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh. Bhí léirmhíniú le déanamh ag an gCúirt Ghinearálta ar dhlí an Aontais is infheidhme amhail go raibh sé de cheangal ar Phoblacht na Seice, faoin dualgas cúraim, an fhianaise arna glacadh le linn an mhisin cigireachta a iarraidh ar OLAF díreach i ndiaidh dá hionadaí filleadh ón misean sin, lena gcuirfí ar a chumas é chun a chruthú go ndlífí a chuid acmhainní féin don Aontas Eorpach sna laethanta beaga i ndiaidh d’ionadaí údaráis chustaim na Seice filleadh ón misean cigireachta i Laos.

____________

1 Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1150/2000 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2000 lena gcuirtear Cinneadh 2007/436 chun feidhme ar chóras acmhainní dílse na gComhphobal Eorpach (IO 2000, L 130, lch. 1).

1     IO 1992, L 302, lch. 1.