Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Flygtningenævnet København (an Danmhairg) a taisceadh an 8 Meán Fómhair 2023 – H (le cúnamh ó DRC Dansk Flygtningehjælp) v Udlændingestyrelsen

(Cás C-560/23, Tang 1 )

Teanga an cháis: an Danmhairgis

An chúirt a rinne an tarchur

Flygtningenævnet København

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: H (le cúnamh ó DRC Dansk Flygtningehjælp)

Cosantóir: Udlændingestyrelsen

An cheist a tharchuirtear:

An bhfuil na forálacha teorann ama in Airteagal 29(1) agus (2) de Rialachán Bhaile Átha Cliath III1 le léiriú sa chaoi go rithfidh an teorainn ama sé mhí a leagtar síos sa dara páirt d’Airteagal 29(1) den Rialachán sin ón gcinneadh substainteach deireanach sa chás, i gcás inar chuir an comhlacht achomhairc sa Bhallstát Iarrthach, dá dtagraítear in Airteagal 27 de Rialachán Bhaile Átha Cliath III, an cás aistrithe ar ais chuig an údarás inniúil ag an gcéad chéim, agus a rinne, ina dhiaidh sin, cinneadh aistrithe nua níos mó ná sé mhí tar éis an ghlactha ón mBallstát atá freagrach, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil an tarchur bunaithe ar an fhíoras gur chinn an Ballstát atá freagrach, a ghlac leis an aistriú ar dtús, ina dhiaidh sin na haistrithe go léir a chur ar fionraí faoi Rialachán Bhaile Átha Cliath III, agus i gcás inar tugadh éifeacht fionraíochta maidir leis an duine lena mbaineann a aistriú?

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí

1 Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna chlárú i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lch. 31).