Language of document :

Caingean arna tabhairt an 19 Feabhra 2023 – Kapitan Navi Elżbieta Stramek i Waldemar Karpiński v EUIPO – Homann Feinkost (Matjesfilethappen nach “Kolberger Art”)

(Cás T-89/24)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Kapitan Navi Elżbieta Stramek i Waldemar Karpiński sp.j. (Trzebiatów, an Pholainn) (ionadaí: A. Brudnoch, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Homann Feinkost GmbH (Bad Essen, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Matjesfilethappen nach “Kolberger Art” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 17 305 947

Nós imeachta os comhair EUIPO: imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 14 Nollaig 2023 i gCás R 287/2023-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; dearbhú neamhbhailíochta

an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Matjesfilethappen nach “Kolberger Art” Uimh. 17 305 947 a dhiúltú;

mar mhalairt air sin, an cás a tharchur ar ais chuig EUIPO le haghaidh athbhreithniú; ;

a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile costais na n-imeachtaí a sheasamh agus costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 59(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 59(1)(a) i gcomhar le hAirteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 7(3) de Rialachán (AE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________