Language of document :

Caingean arna tabhairt an 9 Eanáir 2023 – UA v EUAA

(Cás T-3/23)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: UA (ionadaí: É. Boigelot, Dlíodóir)

Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an chaingean inghlactha agus bunús maith leis agus mar gheall air sin;

Cinneadh Uimh. 99 dá dtagraítear (faoi rún)1 arna ghlacadh ag Bord Bainistíochta Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann an (faoi rún), arna chur in iúl trí phost an [faoi rún] ag rúnaíocht an Bhoird Bainistíochta, agus, a mhéid is gá, gach gníomh agus cinneadh ullmhúcháin agus/nó cur chun feidhme lena gcinn an Bord Bainistíochta “go n-ordófar do (faoi rún) an damáiste a d’fhulaing an Ghníomhaireacht mar thoradh ar mhí-iompar pearsanta tromchúiseach is bun lena dliteanas airgeadais pearsanta i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh a chúiteamh. Cuirfear na bearta agus na socruithe lena gcuirfear an cúiteamh seo i bhfeidhm in iúl go leithleach chuig (faoi rún)” a chur ar neamhní;

a ordú don chosantóir cúiteamh sealadach de EUR 25 000 a íoc mar chúiteamh ar an damáiste ábhartha agus neamhábhartha go léir, faoi réir leasuithe le linn na n-imeachtaí;

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar Airteagal 22 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (“na Rialacháin Foirne”) is infheidhme de réir analaí maidir le seirbhísigh i gcomhréir le hAirteagal 11 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, go ndearnadh sárú ar na Treoirlínte maidir le hAirteagal 22 de na Rialacháin Foirne (freagracht airgeadais oifigeach) a chur i bhfeidhm agus go háirithe Airteagail 2.1, 2.3.2 agus 3.2 dóibh, go ndearnadh sárú ar chearta cosanta, go háirithe Airteagail 3, 4 agus 22 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis na Rialacháin Foirne (ceart chun éisteachta) arna déanamh infheidhme le hAirteagal 22 de na Rialacháin Foirne, go ndearnadh sárú ar Airteagail 41(1) agus (2)(a), 48 agus 51(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráidí follasacha measúnaithe, easpa ábharthachta na bhfíricí líomhnaithe, ráiteas ar chúiseanna neamhleor, sárú ar an bprionsabal non bis in idem, sárú ar an dualgas cúraim i leith oifigigh, sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, an dea-riaracháin agus na comhréireachta, prionsabal na seirbhíse poiblí amháin agus na córa comhionainne, sárú ar an bprionsabal go gcaithfear doiciméid a fhorléiriú de réir a dtéarmaí iarbhír agus mí-úsáid cumhachtaí.

____________

1 Sonraí rúnda fágtha ar lár.