Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil) a taisceadh an 23 Márta 2022 – Research Consorzio Stabile Scarl, ag gníomhú ar a chuntas féin agus mar ghníomhaire don chomhlachas gnóthas a chomhdhéanfar (Research-Cisa) agus páirtithe eile v Invitalia - Agenzia Nazionale per l’Attrazione degli Investimenti e lo Sviluppo di Impresa agus páirtithe eile

(Cás C-215/22)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtí sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Research Consorzio Stabile Scarl, ag gníomhú ar a chuntas féin agus mar ghníomhaire don chomhlachas gnóthas a chomhdhéanfar (Research-Cisa); C.I.S.A. SpA, ag gníomhú ar a chuntas féin agus mar ghníomhaire don chomhlachas gnóthas a chomhdhéanfar (Research-Cisa); Debar Costruzioni SpA, ag gníomhú ar a chuntas féin agus mar ghníomhaire don chomhlachas a chomhdhéanfar le Consorzio Stabile COM Scarl, C.N. Costruzioni Generali SpA agus Edil.Co. Srl; Invitalia – Agenzia Nazionale per l’Attrazione degli Investimenti e lo Sviluppo di Impresa

Cosantóirí: Invitalia – Agenzia Nazionale per l’Attrazione degli Investimenti e lo Sviluppo di Impresa; Debar Costruzioni SpA, ag gníomhú ar a chuntas féin agus mar ghníomhaire don chomhlachas a chomhdhéanfar le Consorzio Stabile COM Scarl, C.N. Costruzioni Generali SpA agus Edil.Co. Srl; Consorzio Stabile Scarl, ag gníomhú ar a chuntas féin agus mar ghníomhaire don chomhlachas gnóthas a chomhdhéanfar (Research-Cisa); C.I.S.A. SpA, ag gníomhú ar a chuntas féin agus mar ghníomhaire don chomhlachas gnóthas a chomhdhéanfar (Research-Cisa)

An cheist a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le hAirteagal 63 agus le hAirteagal 71 de Threoir 2014/24 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014,1 mar aon le prionsabail na saoirse bunaíochta agus na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a leagtar síos in Airteagail 49 agus 56 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), léirmhíniú ar dhlí náisiúnta na hIodáile maidir le fochonraitheoireacht a bhfuil gá leis faoi nach féidir le tairgeoir nach bhfuil an cháilíocht shainordaitheach aige i gceann amháin nó níos mó d’fhochatagóirí tánaisteacha an ceanglas neamhchomhlíonta a chomhlíonadh trí dhul i muinín roinnt fochonraitheoireachta gnóthais nó trí na méideanna a bhfuil na gnóthais sin cáilithe ina leith a chomhiomlánú?

____________

1 Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO 2014, L 94, lch. 65)