Language of document :

Caingean arna tabhairt an 30 Aibreán 2024 – Emanuele agus Hansen v an Pharlaimint

(Cás T-228/24)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóirí: Gianfranco Emanuele (Ceroux-Mousty, an Bheilg), Dorte Hansen (Etterbeek, an Bheilg) (ionadaithe: L. Levi agus P. Baudoux, Dlíodóirí)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an chaingean seo inghlactha agus go bhfuil bunús maith léi;

cinneadh an chosantóra an 4 Iúil 2023 maidir le cearta pinsin na n-iarratasóirí a chur ar neamhní;

a mhéid is gá, cinneadh an chosantóra an 5 Feabhra 2024 lena ndiúltaítear do ghearáin aonair na n-iarratasóirí a chur ar neamhní;

a ordú don chosantóir na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí príomh-shaincheist dlí agus saincheist dlí mar mhalairt air sin.

Go príomha, maíonn na hiarratasóirí go ndearnadh sárú ar Airteagail 21, 22 agus 28 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (‘na Rialacháin Foirne’).

Mar mhalairt air sin, maíonn na hiarratasóirí pléadáil neamhdhleathachta ar an bhforas go sáraítear prionsabal na córa comhionainne le hAirteagal 28 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

____________