Language of document :

Caingean arna tabhairt an 26 Aibreán 2024 – Smart Kid v an Coimisiún

(Cás T-227/24)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Smart Kid S.A. (Vársá, an Pholainn) (ionadaí: Z. Kiedacz, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh C(2024) 1118 ón gCoimisiún Eorpach an 15 Feabhra 2024, a glacadh sa chás arna scrúdú ag an Coimisiún Eorpach, lena ngabhann tagairt EASE 2023/2923, lena ndiúltaítear go páirteach rochtain ar dhoiciméid phoiblí a d’iarr Smart Kid an 17 Bealtaine 2023 a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún Eorpach na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ag an gCoimisiún Eorpach ar Airteagal 15(3) CFAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 1 agus 2, agus an chéad fhleasc d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 .

Maíonn an t-iarratasóir go bhforáiltear le forálacha comhcheangailte Airteagal 15(3) CFAE agus Airteagail 1 agus 2 de Rialachán Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceart aon duine dlítheanach a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát rochtain a bheith acu ar dhoiciméid chomhlachtaí an Aontais, faoi réir na bprionsabal agus na dteorainneacha ginearálta a rialaíonn feidhmiú an chirt sin atá leagtha síos sa Rialachán sin. Tá an ceart sin á shárú ag an gCoimisiún Eorpach tríd an eisceacht dá bhforáiltear sa chéad fhleasc d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm gan údar agus go mícheart, eadhon trí leasanna tráchtála údair na ndoiciméad a agairt go mícheart.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ag an gCoimisiún ar an oibleagáid cúiseanna a lua a leagtar síos in Airteagal 296(2) CFAE.

Maíonn an t-iarratasóir go bhfuil, mar is léir ó Airteagal 296(2) CFAE, gníomhartha dlí arna nglacadh ag institiúidí an Aontais faoi réir na hoibleagáide cúiseanna a lua. Ní mór an ráiteas ar chúiseanna a bheith iomchuí i leith an ghnímh lena mbaineann agus réasúnaíocht na hinstitiúide a ghlac an gníomh a thaispeáint go soiléir agus gan aon éideimhne. De bharr an ráitis ar chúiseanna a leagtar amach sa chinneadh atá faoi chonspóid, tá sé i bhfad níos deacra don iarratasóir anailís a dhéanamh ar oiriúnacht na ngníomhaíochtaí a rinne an Coimisiún Eorpach.

____________

1     Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO 2001 L 145, lch. 43).