Language of document :

Caingean arna tabhairt an 7 Bealtaine 2024 – MAZ-upravljajusaja kompanija holdinga Belavtomaz v an Chomhairle

(Cás T-240/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: OAO Minskii Avtomobilnyi Zavod upravljajusaja kompanija holdinga Belavtomaz (Mionsc, an Bhealarúis) (ionadaithe: N. Tuominen agus L. Engelen, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/768 ón gComhairle an 26 Feabhra 2024 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 8a de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin 1 , agus Cinneadh (CBES) 2024/769 ón gComhairle an 26 Feabhra 2024 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha arna thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin 2 , a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir agus a dhéanann siad difear dó, a chur ar neamhní.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear neamhdhleathacht Airteagal 2(5) de Rialachán Uimh. 765/2006 agus Airteagal 4(1)(b) de Chinneadh 2012/642, arna leasú leis na gníomhartha atá faoi chonspóid (‘Critéar 4(1)(b)’).

An dara saincheist dlí lena n-éilítear, mar mhalairt air sin, earráid mheasúnaithe i gcur i bhfeidhm Chritéar 4(1)(b) agus mainneachtain an dualgas cruthúnais a chomhlíonadh.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar chearta bunúsacha an iarratasóra.

____________

1 IO L 2024/768.

1 IO L 2024/769.