Language of document :

Caingean arna tabhairt an 3 Bealtaine 2024 – Euro Asia Cargo v an Chomhairle

(Cás T-232/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Euro Asia Cargo Private Ltd (Colombo, Srí Lanca) (ionadaithe: F. Wolf agus T. Ackermann, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

(i) Cinneadh (CBES) 2024/746 ón gComhairle an 23 Feabhra 2024 1 agus (ii) Rialachán (AE) 2024/745 ón gComhairle an 23 Feabhra 2024 2 a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann na gníomhartha sin leis an iarratasóir;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chomhairle earráid mheasúnaithe agus cinneadh á dhéanamh aici ainm an iarratasóra a chur le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh leasaithe 2014/512/CBES ón gComhairle agus le hIarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán leasaithe (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle (le chéile, Iarscríbhinn IV). Áitíonn an t-iarratasóir nach gcomhlíonann sé aon cheann de na critéir atá le liostú in Iarscríbhinn IV.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Chomhairle prionsabal na comhréireachta agus gur chuir sí srian neamhdhleathach ar shaoirse an iarratasóra chun gnó a sheoladh. Maíonn an t-iarratasóir gur follasach go bhfuil sé míchuí é a liostú in Iarscríbhinn IV chun an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Chomhairle ceart bunúsach nós imeachta an iarratasóra chun dea-riaracháin a chumhdaítear in Airteagal 41 den Chairt. Áitíonn an t-iarratasóir gur mhainnigh ar an gComhairle an t-iarratasóir a chur ar an eolas roimh é a liostú in Iarscríbhinn IV agus na cúiseanna leis an gcinneadh an t-iarratasóir a liostú a lua araon.

____________

1 Cinneadh (CBES) 2024/746 ón gComhairle an 23 Feabhra 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L, 2024/746).

1 Rialachán (AE) 2024/745 ón gComhairle an 23 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L, 2024/745).