Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil) a taisceadh an 8 Lúnasa 2023 – Tiberis Holding Srl v Gestore dei servizi Energia (GSE) SpA agus páirtithe eile

(Cás C-514/23, Tiberis Holding)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Tiberis Holding Srl

Cosantóirí: Gestore dei servizi Energia (GSE) SpA, Ministero dello Sviluppo Economico, Ministero dell’ambiente e della sicurezza energetica

An cheist a tharchuirtear

An gcuirtear cosc leis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 3 de Threoir 2009/28/CE 1 agus in Airteagal 4 de Threoir (AE) 2018/20012 ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, i gcomhthéacs scéim dreasachta náisiúnta, maidir le cásanna ina ndíolann táirgeoirí fuinneamh ar an saormhargadh, do tharaif dreasachta lena ráthaítear íosphraghas, ar praghas uasta é freisin, de bhua sásra choigeartaithe/aisíoctha chun suimeanna a sháraíonn luach na dreasachta a chothromú i gcás ina bhfuil praghas an mhargaidh níos airde ná an dreasacht (“dreasacht dhiúltach”), agus nach gcuirtear an sásra coigeartaithe i bhfeidhm ach amháin i gcás ina bhfuil rochtain ag táirgeoir a dhíolann fuinneamh ar an saormhargadh ar an dreasacht trí chlárú sa chlár ábhartha agus ní fiú má tá rochtain aige ar an tionscnamh trí pháirt a ghlacadh i nós imeachta tairisceana?

____________

1     Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 2001/77/CE agus Treoir 2003/30/CE (IO 2009 L 140, lch. 16).

1     Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (athmhúnlú) (IO 2018 L 328, lch. 82).