Language of document :

Caingean arna tabhairt an 8 Lúnasa 2023 — Poblacht na Polainne v Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh

(Cás C-505/23)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na Polainne (ionadaí: B. Majczyna, Gníomhaire)

Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Treoir (AE) 2023/959 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear córas maidir le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas agus Cinneadh (AE) 2015/1814 maidir le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a oibriú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa 1 a chur ar neamhní ina iomláine;

a ordú do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

(1) Sárú ar Airteagal 192(2)(c) CFAE tríd an Treoir ina iomlán a ghlacadh ar bhunús dlíthiúil mícheart (Airteagal 192(1) CFAE)

Dar leis an bPolainn, sháraigh na hinstitiúidí is cosantóirí Airteagal 192(2)(c) CFAE toisc nár ghlac siad an Treoir atá faoi chonspóid ar bhonn na forála sin, lena gceanglaítear aontoilíocht laistigh den Chomhairle, cé go ndéanann an Treoir sin difear suntasach do rogha Ballstáit idir foinsí éagsúla fuinnimh agus struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh.

(2) Sárú ar Airteagal 192(2)(a) CFAE trí CTA dá bhforáiltear le Treoir 2023/959 a ghlacadh ar bhunús dlíthiúil mícheart (Airteagal 192(1) CFAE), cé go bhfuil bearta de chineál fioscach go príomha sa chóras sin.

Dar leis an bPolainn, sháraigh na hinstitiúidí is cosantóirí Airteagal 192(2)(a) CFAE sa mhéid is gur ghlac siad forálacha na Treorach a bhaineann leis an CTA le haghaidh tógála agus iompar de bhóthar ar bhonn Airteagal 192(1) CFAE, cé go n-áirítear sa chóras sin bearta de chineál fioscach go príomha, agus sa mhéid is gur cheart go mbeadh glacadh an chórais sin bunaithe ar Airteagal 192(2)(a) CFAE, lena n-éilítear aontoilíocht sa Chomhairle.

(3) Sárú ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 194(1)(b) CFAE trí chuspóir an leasaithe i dTreoir 2003/87 agus a raon feidhme a leathnú d’ainneoin nár cuireadh san áireamh leasanna na mBallstát (lena n-áirítear an Pholainn) agus an chothromaíocht idir iad agus leasanna an Aontais Eorpaigh.

Dar leis an bPolainn, sháraigh na hinstitiúidí is cosantóirí Airteagal 194(1)(b) CFAE sa mhéid is gur ghlac siad an Treoir atá faoi chonspóid d’ainneoin nár cuireadh san áireamh leasanna na mBallstát (lena n-áirítear an Pholainn) agus an chothromaíocht idir iad agus leasanna an Aontais Eorpaigh.

(4) Sárú ar phrionsabal na coimhdeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3) CAE trí CTA a ghlacadh le haghaidh tógála agus iompar de bhóthar cé go bhfuil córas coibhéiseach i bhfeidhm san Aontas Eorpach lena gcuirtear ar chumas na mBallstát cuspóirí na Treorach sin a bhaint amach ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil go leibhéal níos airde ná an leibhéal a ráthaítear le Treoir 2023/959.

Dar leis an bPolainn, sháraigh na hinstitiúidí is cosantóirí prionsabal na coimhdeachta ós rud é go bhfuil córas dlí i bhfeidhm cheana féin san Aontas trínar féidir na cuspóirí sonraithe do CTA maidir le tógáil agus iompar de bhóthar a bhaint amach. Ó glacadh an Treoir atá faoi chonspóid, tá dhá chóras iomaíocha ann anois, an córas atá ann faoi láthair chun spriocanna CTA a bhaint amach maidir le tógáil agus iompar de bhóthar ar an leibhéal áitiúil go leibhéal níos airde ná leibhéal an Aontais.

(5) Sárú ar phrionsabal na comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 5(4) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 191(2) CAE trí CTA a bhunú le haghaidh tógála agus iompar de bhóthar, rud nach bhfuil gá leis agus a bhfuil costais ag baint leis atá díréireach leis na cuspóirí atá á saothrú.

Dar leis an bPolainn, sháraigh na hinstitiúidí is cosantóirí prionsabal na comhréireachta sa mhéid go dtéann an Treoir atá faoi chonspóid thar a bhfuil riachtanach chun a cuspóirí a bhaint amach agus, ina theannta sin, go mbaineann costais léi atá díréireach leis na cuspóirí atá á saothrú.

(6) Sárú ar phrionsabal na córa comhionainne (toirmeasc ar idirdhealú) trí eisiamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht leithdháileadh lamháltas in aisce a úsáid chun críche astaíochtaí ó oibreoirí suiteálacha in earnálacha eile faoi CTA a ríomh le haghaidh tógála agus iompar de bhóthar.

Dar leis an bPolainn, sháraigh na hinstitiúidí is cosantóirí prionsabal na córa comhionainne sa mhéid is go ndearnadh idirdhealú sa Treoir atá faoi chonspóid in aghaidh oibreoirí suiteálacha in earnálacha eile i gcomparáid le hoibreoirí suiteálacha sna hearnálacha ar a dtugtar CTA, tríd an gceart chun leithdháileadh in aisce ar lamháltas astaíochtaí a chur as an áireamh chun críche astaíochtaí a ríomh sna hearnálacha eile, mar a thugtar orthu.

(7) Sárú ar phrionsabal an chomhair dhílis dá dtagraítear in Airteagal 4(3) CAE trí neamhaird a thabhairt, le linn an nós imeachta reachtach, ar fhorchoimeádais na Polainne.

Dar leis an bPolainn, sháraigh na hinstitiúidí is cosantóirí prionsabal an chomhair dhílis sa mhéid is go ndearna siad neamhaird, le linn an nós imeachta reachtach, ar na forchoimeádais a chuir an Pholainn in iúl maidir leis na hiarmhairtí sóisialta agus dlíthiúla a bhaineann le glacadh na Treorach agus a mhéid a ghlac siad an Treoir sin gan aird chuí a thabhairt ar na forchoimeádais a cuireadh in iúl.

____________

1     IO 2023 L 130, lch. 134.