Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Augstākā tiesa (Senāts) (an Laitvia) a taisceadh an 8 Lúnasa 2023 – A v Patērētāju tiesību aizsardzības centrs

(Cás C-507/23, Patērētāju tiesību aizsardzības centrs)

Teanga an cháis: an Laitvis

An chúirt a rinne an tarchur

Augstākā tiesa (Senāts)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir ag an gcéad chéim agus achomharcóir: A

Cosantóir ag an gcéad chéim agus freagróir: Patērētāju tiesību aizsardzības centrs

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gá Airteagal 82(1) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, 1 a léiriú amhail gurb ionann próiseáil neamhdhleathach sonraí pearsanta inti féin, a mhéid ar sárú ar an Rialachán sin é, agus cur isteach gan údar ar cheart suibiachtúil an duine maidir le cosaint sonraí agus damáiste arna déanamh don duine sin?

An gá Airteagal 82(1) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, a léiriú amhail, i gcás nach bhféadfaí cúinsí a chur ar ais mar a bhí sula ndearnadh an damáiste, go gceadaítear leis oibleagáid a fhorchur i leith leithscéal a thabhairt amháin mar chúiteamh as damáiste neamhábhartha?

An gá Airteagal 82(1) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, a léiriú amhail go gceadaítear cúiteamh níos ísle a shocrú as an damáiste arna déanamh ar bhonn imthosca is comhartha ar mheon agus spreagadh an duine a bhfuil na sonraí á bpróiseáil aige (mar shampla, an gá le cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail, gan rún a bheith ag an duine damáiste a dhéanamh don duine lena mbaineann nó deacrachtaí a bheith aige nó aici an creat dlíthiúil a thuiscint)?

____________

 1 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir Uimh. 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).