Language of document :

Achomharc arna thíolacadh an 2 Feabhra 2022 ag an mBanc Eorpach Infheistíochta i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an ceathrú Dlísheomra) an 24 Samhain 2021 i gCás T-370/20, KL v Banc Eorpach Infheistíochta

(Cás C-68/22 P)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) (ionadaithe: G. Faedo, I. Zanin, Gníomhairí)

Páirtí eile sna himeachtaí: KL

An t-ordú atá á lorg

Lena achomharc, iarann BEI ar an gCúirt Bhreithiúnais:

Glacadh leis go bhfuil an t-achomharc inghlactha agus go bhfuil bunús maith leis;

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás T-370/20 a chur ar neamhní;

Má mheasann an Chúirt Bhreithiúnais gur féidir breith a dhéanamh sna himeachtaí, glacadh leis an ordú atá á lorg ag an BEI ag an gcéadchéim;

A ordú do KL na costais go léir den dá chás a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena achomharc, maíonn BEI dhá shaincheist dlí.

Tá baint ag an gcéad saincheist dlí, a leagtar amach i gceithre fho-shaincheist, le léirmhíniú mícheart ar rialacha inmheánacha BEI maidir le heasláine.

Ar an gcéad dul síos, maíonn BEI go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí maidir le coincheap na heasláine mar a leagtar síos é in Airteagal 46-1 de rialacha idirthréimhseacha an chórais pinsin atá infheidhme maidir le baill foirne BEI (RICP) agus in Airteagal 11.1 d’fhorálacha riaracháin BEI. Ós rud é gur mheas sí nach mór coincheap na heasláine, de réir bhrí na n-Airteagal thuasluaite, a léirmhíniú sa chaoi go bhfuil feidhm aige maidir le gníomhaire de BEI ar dhearbhaigh coiste easláine arna bhunú ag an BEI nach bhfuil sé de chumas aige dul i mbun a dhualgas arís nó dualgas comhionann a chur i gcrích sa chomhlacht céanna, maítear gur shaobh an Chúirt Ghinearálta focail agus substaint rialacha inmheánacha BEI agus gur ghlac sí le léirmhíniú atá neamhréireach le bunchuspóir an phinsin easláine mar bheart cosanta sóisialta.

Ar an dara dul síos, maíonn BEI go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí toisc gur chuir sí as an áireamh go mbeadh inniúlacht ag na coistí easláine arna mbunú ag BEI chun dearbhú a dhéanamh maidir le cumas gníomhaire den Bhanc chun gníomhaíochtaí a chur i gcrích lasmuigh den Bhanc, sa mhargadh saothair oscailte.

Ar an tríú dul síos, maíonn an BEI go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí agus í ag léirmhíniú Airteagal 46-1 RICP agus Airteagal 11.1 de na forálacha riaracháin ar bhonn réasúnaíochta de réir analaí le hAirteagal 78 de Rialachán Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh.

Ar an gceathrú dul síos, maíonn BEI go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí trí dhiúltú don léirmhíniú ar thacaigh BEI leis ar Airteagal 51-1 de RICP agus trí mhainneachtain an tAirteagal sin a léirmhíniú i gcomhar le hAirteagal 46-1 de RICP.

Maítear leis an dara saincheist dlí, a leagtar amach i ndá fho-shaincheist, go ndearnadh saobhadh dúbailte ar na fíorais.

Ar an gcéad dul síos, maíonn BEI go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí toisc gur mheas sí go raibh doiciméid an choiste easláine, nach raibh sínithe ag comhaltaí uile an choiste sin, ceangailteach ó thaobh an dlí de.

Ar an dara dul síos, maíonn BEI nach ndearna an Chúirt Ghinearálta measúnú ceart ar shubstaint tuairim an choiste easláine sa chaoi gur mheas sí gur dhearbhaigh an coiste easláine nach raibh sé de chumas ag an iarratasóir dul i mbun a dhualgas ag BEI cé gur dearbhaíodh ar na foirmeacha a shínigh na comhaltaí go léir den choiste sin nach raibh an t-iarratasóir ina easlán.

____________