Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Wiesbaden (an Ghearmáin) a taisceadh an 31 Deireadh Fómhair 2023 – VB v RSD Reise Service Deutschland GmbH

(Cás C-648/23, RSD Reise Service Deutschland)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Amtsgericht Wiesbaden

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: VB

Cosantóir: RSD Reise Service Deutschland GmbH

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 1 le léiriú sa chaoi go leagtar síos leis an bhforáil sin, de bhreis ar rialú ar dhlínse idirnáisiúnta, riail atá le leanúint ag an gcúirt a chinneann an cás maidir le dlínse críche cúirteanna náisiúnta in ábhair a bhaineann le conarthaí taistil ina bhfuil sainchónaí thar lear ar an tomhaltóir, mar thaistealaí, agus ag an gcomhpháirtí conartha, mar tionscnóir turais, araon, agus é de thoradh air sin gur féidir leis an tomhaltóir éilimh chonarthacha a thabhairt i gcoinne an tionscnóra turais ina áit sainchónaithe mar fhorlíonadh ar na rialacha náisiúnta?

____________

1 Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (athmhúnlú) (IO 2012 L 351, lch. 1).