Language of document : ECLI:EU:C:2023:313

Eagrán sealadach

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

CAMPOS SÁNCHEZ-BORDONA

arna tabhairt an 20 Aibreán 2023 (1)

Cás C-548/21

C. G.

v

Bezirkshauptmannschaft Landeck

(Iarraidh ar réamhrialú ó Landesverwaltungsgericht Tirol (an Chúirt Réigiúnach Riaracháin, an Tioróil, an Ostair))

(Tarchur chun réamhrialú – Teileachumarsáid – Cosaint sonraí pearsanta – Treoir (AE) 2016/680 – Imeachtaí coiriúla – Iarracht ag údaráis phoiblí rochtain a fháil ar na sonraí taifeadta ar fhón póca gan údarú ó chúirt nó údarás riaracháin neamhspleách)






1.        Go bunúsach, baineann an iarraidh ar réamhrialú seo leis na ceanglais nach mór d’údaráis forfheidhmithe dlí a chomhlíonadh d’fhonn rochtain a fháil ar shonraí arna stóráil ar fhón póca duine atá ina ábhar d’imscrúdú coiriúil.

2.        Mar a dhéanfaidh mé iarracht a mhíniú, i ndáil le hinghlacthacht tá lochtanna suntasacha ag baint leis an tarchur chun réamhrialú. Má chineann an Chúirt Bhreithiúnais, áfach, substaint an cháis a scrúdú, beidh uirthi breith a thabhairt maidir le raon feidhme Threoir 2002/58/CE (2) agus Threoir (AE) 2016/680 (3) faoi seach.

I.      An creat reachtach

A.      Dlí an Aontais

1.      Rialachán (AE) 2016/679 (4)

3.        Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 2(2) (“Raon feidhme ábhartha”):

“Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil sna cásanna seo a leanas:

[…]

d)      má dhéanann údaráis inniúla an phróiseáil ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin”.

2.      Treoir 2016/680

4.        Sonraítear mar a leanas in aithris 2:

“Ba cheart do na prionsabail agus do na rialacha maidir le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha na ndaoine nádúrtha sin a urramú [...] go háirithe a gceart go ndéanfaí sonraí pearsanta a chosaint. Leis an Treoir seo, tá sé beartaithe cur le limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhaint amach.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5.        Sonraítear mar seo a leanas in aithris 46:

“Ní mór d’aon srian ar chearta an ábhair sonraí an Chairt [um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, “an Chairt”] agus ECHR a chomhlíonadh, mar a léiríonn an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine [(5)]ina gcásdlí faoi seach iad agus, go háirithe, éirim na gceart agus na saoirsí sin a urramú.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6.        Sonraítear in aithris 49:

“I gcás ina bpróiseáiltear na sonraí pearsanta le linn imscrúdú coiriúil agus imeachtaí cúirte in ábhair choiriúla, ba chóir go mbeadh na Ballstáit in ann a chinntiú go dtabharfar faoi fheidhmiú an chirt chun faisnéis a fháil, rochtain a fháil ar shonraí pearsanta, ar cheartú agus léirscriosadh sonraí pearsanta agus srianadh ar phróiseáil i gcomhréir le rialacha náisiúnta maidir le himeachtaí breithiúnacha.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7.        Foráiltear mar a leanas in Airteagal 1 (“Ábhar agus cuspóirí”):

“1.      Sa Treoir seo leagtar síos na rialacha maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí don tslándáil phoiblí agus cosc a dhéanamh ar na bagairtí sin.

2.      I gcomhréir leis an Treoir seo, déanfaidh na Ballstáit:

a)      cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha a chosaint, go háirithe a gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint; agus

[…]

3.      Leis an Treoir seo ní chuirfear bac ar Bhallstáit coimircí níos láidre ná na coimircí a bhunaítear leis an Treoir seo chun cearta agus saoirsí an ábhair sonraí i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla a chosaint.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8.        Foráiltear mar a leanas in Airteagal 2(1) (“Raon feidhme”):

“Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 1(1).”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9.        Foráiltear mar a leanas in Airteagal 3 (“Sainmhínithe”):

“Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[…]

(2)      ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d’oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

[…]

(7)      ciallaíonn “údarás inniúil”:

(a)      aon údarás poiblí atá inniúil maidir le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n‑áirítear an coimirciú i gcoinne bagairtí don tsláinte phoiblí agus bagairtí don tsláinte phoiblí a chosc; nó

[…]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10.      Foráiltear mar a leanas i mír (1) d’Airteagal 4 (“Prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta”):

“Déanfaidh na Ballstáit foráil mar a leanas maidir le sonraí pearsanta:

(a)      déanfar iad a phróiseáil ar bhealach atá dleathach agus cothrom;

(b)      déanfar iad a bhailiú chun críocha sonraithe sainráite dlisteanacha agus ní dhéanfar iad a phróiseáil ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin;

(c)      beidh siad leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil;

[…]

(e)      déanfar iad a choinneáil i bhfoirm nach gceadaítear léi na hábhair sonraí a shainaithint ach go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na críocha sin ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil a bhaint amach;

(f)      déanfar iad a phróiseáil ar chaoi go n‑áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, lena n‑áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scrios nó damáiste de thaisme, agus úsáid á baint as bearta iomchuí teicniúla nó eagraíochtúla.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

11.      Foráiltear mar a leanas in Airteagal 8 (“Dleathacht na próiseála”):

“1.      Déanfaidh na Ballstáit foráil nach mbeidh an phróiseáil dleathach ach amháin más gá, agus a mhéid is gá, an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéanann údarás inniúil chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 1(1) agus go mbeidh sé bunaithe ar dhlí an Aontais nó ar dhlí an Bhallstáit.

2.      Sonraítear, ar a laghad, i ndlí an Bhallstáit lena rialaítear próiseáil faoi raon feidhme na Treorach seo cuspóirí na próiseála, na sonraí pearsanta a bheidh le próiseáil agus críocha na próiseála.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

12.      Foráiltear mar a leanas in Airteagal 13 (“Faisnéis atá le cur ar fáil nó le tabhairt don ábhar sonraí”):

“1.      Déanfaidh na Ballstáit foráil go gcuirfidh an rialaitheoir ar fáil don ábhar sonraí an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

[…]

(d)      an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta agus sonraí teagmhála an údaráis maoirseachta;

[…]

3.      Féadfaidh na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh lena gcuirtear moill ar sholáthar na faisnéise don ábhar sonraí, é a shrianadh nó é a fhágáil ar lár, de bhun mhír 2 a mhéid gur beart riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach é beart den sórt sin agus fad a bheidh sé riachtanach agus comhréireach, agus aird chuí á tabhairt ar chearta bunúsacha agus leasanna dlisteanacha an duine nádúrtha lena mbaineann, d’fhonn:

(a)      bac ar fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla a sheachaint;

(b)      dochar do chosc, do bhrath, d’imscrúdú nó d’ionchúiseamh cionta coiriúla, nó d’fhorghníomhú pionós coiriúil, a sheachaint;

(c)      slándáil phoiblí a chosaint;

(d)      slándáil náisiúnta a chosaint;

(e)      cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.

[…]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

13.      De réir mhír 1 d’Airteagal 15 (“Teorainneacha leis an gceart rochtana”):

“Féadfaidh na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh lena gcuirtear srian, go hiomlán nó go páirteach, le ceart rochtana an ábhair sonraí sa mhéid gur beart riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach é srian páirteach nó iomlán den sórt sin agus fad a bheidh sé riachtanach agus comhréireach, agus aird chuí á tabhairt ar chearta bunúsacha agus leasanna dlisteanacha an duine nádúrtha lena mbaineann, d’fhonn:

(a)      bac ar fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla a sheachaint;

(b)      dochar do chosc, do bhrath, d’imscrúdú nó d’ionchúiseamh cionta coiriúla, nó d’fhorghníomhú pionós coiriúil, a sheachaint;

(c)      slándáil phoiblí a chosaint;

(d)      slándáil náisiúnta a chosaint;

(e)      cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

14.      De bhua Airteagal 27 (“Measúnú tionchair ar chosaint sonraí”):

“1.      I gcás inar dóchúil go dtarlódh ardriosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha de bharr chineál na próiseála, go háirithe próiseáil ina n‑úsáidfí nuatheicneolaíochtaí, déanfaidh na Ballstáit foráil go ndéanfaidh an rialaitheoir, sula ndéanfar an phróiseáil, measúnú ar thionchar na n‑oibríochtaí próiseála a bheartaítear a dhéanamh ar chosaint na sonraí pearsanta oibríochtúla, agus cineál, raon feidhme, comhthéacs agus críocha na próiseála á gcur san áireamh.

2.      Áireofar ar a laghad sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 1 tuairisc ghinearálta ar na hoibríochtaí próiseála atá beartaithe, measúnú ar na rioscaí do chearta agus saoirsí na n‑ábhar sonraí, na bearta atá beartaithe chun dul i ngleic leis na rioscaí sin, coimircí, bearta slándála agus sásraí chun cosaint na sonraí pearsanta a áirithiú agus chun comhlíonadh na Treorach seo a léiriú, ag cur san áireamh cearta agus leasanna dlisteanacha na n‑ábhar sonraí agus daoine eile lena mbaineann.”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

15.      Foráiltear mar a leanas in Airteagal 28 (“Réamhchomhairliúchán leis an údarás maoirseachta”):

“1.      Déanfaidh na Ballstáit foráil go rachaidh an rialaitheoir nó an próiseálaí i gcomhairle leis an údarás maoirseachta sula ndéanfar an phróiseáil, rud a bheidh mar chuid de chóras comhdaithe nua atá le cruthú, sna cásanna seo a leanas:

(a)      i gcás ina léirítear i measúnú tionchair ar chosaint sonraí dá bhforáiltear faoi Airteagal 27 go mbainfeadh ardriosca leis an bpróiseáil in éagmais bearta a bheadh le glacadh ag an rialaitheoir chun an riosca sin a mhaolú; nó

(b)      i gcás ina bhfuil riosca ard do chearta agus saoirsí na n‑ábhar sonraí ag gabháil leis an gcineál próiseála, go háirithe, i gcás ina n-úsáidfear teicneolaíochtaí, sásraí nó nósanna imeachta nua.

[…]”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

16.      Bunaítear le hAirteagal 54 (“An ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i gcoinne rialaitheora nó próiseálaí”):

“Gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach atá ar fáil, lena n‑áirítear an ceart gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta de bhun Airteagal 52, déanfaidh na Ballstáit foráil go mbeidh an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil ag ábhar sonraí i gcás ina measann sé gur sáraíodh a chearta a leagtar síos i bhforálacha arna nglacadh de bhua na Treorach seo mar thoradh ar phróiseáil a shonraí pearsanta i neamh-chomhlíonadh na bhforálacha sin”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

B.      An dlí Náisiúnta

17.      Faoi Airteagal 18 den Strafprozessordnung (6) sanntar tascanna ar na póilíní i seirbhís riaracháin an cheartais choiriúil (fomhír 1). Is faoi na húdaráis slándála a bheidh imscrúduithe na bpóilíní (fomhír 2). Cuirfidh comhlachtaí na seirbhíse slándála poiblí seirbhís feidhmiúcháin na bpóilíní ar fáil, arb í sin cionta coiriúla a imscrúdú agus a ionchúiseamh (fomhír 3).

18.      Faoi Airteagal 99 de StPO, tugann na póilíní faoi imscrúduithe as a stuaim féin nó de bhun gearáin, agus ní mór dóibh orduithe Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí agus na gcúirteanna a chomhlíonadh (fomhír 1). I gcás ina bhfuil gá le hordú ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí le haghaidh imscrúdaithe, féadfaidh na póilíní an chumhacht chomhfhreagrach a fheidhmiú, cé nach bhfuil ann d’ordú den sórt sin, nuair atá garchontúirt ann. Sa chás sin, ní mór dóibh an t-údarú sin a iarraidh láithreach bonn (fomhír 2).

19.      Faoi Airteagal 111(2) de StPO, i gcás ina ndéanfar sonraí a bhailiú ó fhaisnéis arna stóráil ar iompróirí sonraí, ní mór d’aon duine rochtain ar an bhfaisnéis sin a cheadú agus, arna iarraidh sin, iompróir sonraí leictreonacha i bhformáid chomhaid arna húsáid go coiteann a chur ar fáil nó a cruthú a cheadú. Ní mór d’aon duine cead a thabhairt chun cóip chúltaca a dhéanamh den fhaisnéis arna stóráil ar na hiompróirí sonraí freisin.

II.    Na fíorais, an díospóid agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

20.      Is saoránach Gearmánach é C. G. a oibríonn agus a bhfuil cónaí air san Ostair.

21.      An 23 Feabhra 2021, agus cuardach le haghaidh támhshuanach ar bun acu, d’urghabh oifigigh ón oifig custam in Innsbruck (an Ostair) pacáiste a bhí dírithe ar C. G. agus ina raibh 85 g de channabas.

22.      An 6 Márta 2021, cheistigh beirt phóilíní C. G. faoi sheoltóir an phacáiste agus chuardaigh siad a áit chónaithe. Le linn an chuardaigh sin, urghabhadh a fhón póca (lena n‑áirítear cárta SIM agus cárta SD) agus tugadh tuarascáil na hurghabhála dó.

23.      Nuair a iarradh air rochtain a thabhairt ar na sonraí naisc ina fhón póca, dhiúltaigh C. G., agus dhiúltaigh sé freisin uimhir aitheantais phearsanta an teileafóin a chur ar fáil.

24.      Ní raibh oifigigh ag ceanncheathrú na bpóilíní dúiche in Landeck (an Ostair) in ann an fón póca a oscailt. Cuireadh chuig an Bundeskriminalamt (Oifig na bPóilíní Coiriúla) i Vín (an Ostair) é, áit a ndearnadh iarracht eile, nár éirigh léi, é a oscailt agus rochtain a fháil ar na sonraí arna stóráil ann.

25.      Tráth a bhí na póilíní ag tabhairt fúthu, ní raibh na bearta sin cumhdaithe le hordú ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí ná ordú cúirte.

26.      An 31 Márta 2021, thaisc C. G. achomharc os comhair Landesverwaltungsgericht Tirol (an Chúirt Réigiúnach Riaracháin, an Tioróil, an Ostair) i gcoinne an bhirt chomhéignigh a fhorchuirtear air agus agóid á déanamh aige i leith urghabháil a fhóin póca. Tugadh an teileafón ar ais dó an 20 Aibreán 2021.

27.      Níor cuireadh C. G. ar an eolas go raibh iarrachtaí déanta sonraí arna stóráil ar a fhón póca a phróiseáil; fuair sé sin amach toisc gur ceistíodh faoi mhionn an póilín a rinne an urghabháil agus, ina dhiaidh sin, a chuir tús leis an bpróiseáil sonraí. Ní dhearnadh aon taifead ar na hiarrachtaí sin ach oiread i gcomhad na bpóilíní.

28.      I bhfianaise an mhéid sin, tharchuir Landesverwaltungsgericht Tirol (an Chúirt Réigiúnach Riaracháin, an Tioróil) na ceisteanna seo a leanas chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“(1)      An gcaithfear Airteagal 15(1) (arna léamh, b’fhéidir, in éineacht le hAirteagal 5), de Threoir [2002/58], arna leasú le Treoir 2009/136/CE, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7 agus 8 den [Chairt] […], gurb ionann rochtain ag údaráis poiblí ar shonraí arna stóráil ar fhóin mhóibíleacha agus cur isteach ar chearta bunúsacha arna gcumhdach sna hAirteagail sin den Chairt atá tromchúiseach a dhóthain go ndéanfar an rochtain sin a theorannú, i réimsí a bhaineann le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, don choireacht thromchúiseach a chomhrac?

(2)      An gcaithfear Airteagal 15(1) de Threoir [2002/58], arna leasú le Treoir 2009/136/CE, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 11 agus Airteagal 52(1) den Chairt, a léiriú sa chaoi go ndéantar riail náisiúnta a chosc, amhail an riail arna hachtú in Airteagal 18 de [StPO], arna léamh in éineacht le hAirteagal 99(1), lena gceadaítear d’údaráis slándála rochtain iomlán gan srian a thabhairt dóibh féin ar na sonraí digiteacha go léir arna stóráil ar fhón póca le linn imscrúdú coiriúil gan údarú ó chúirt nó chomhlacht riaracháin neamhspleách?

(3)      An gcaithfear Airteagal 47 den Chairt […], arna léamh, b’fhéidir, in éineacht le hAirteagail 41 agus 52, a léiriú, ó thaobh chomhionannas na n‑arm de agus ó thaobh leigheas éifeachtúil de, sa chaoi go gcuirtear cosc ar riail náisiúnta, amhail an riail arna hachtú in Airteagal 18 de [StPO], arna léamh in éineacht le hAirteagal 99(1), lena gceadaítear anailís dhigiteach ar fhón póca gan an t‑ábhar sonraí a chur ar an eolas faoi sin roimh ré nó, ar a laghad, i ndiaidh an beart a ghlacadh?

III. Nós imeachta os comhair an Cúirte Breithiúnais

29.      Cláraíodh an tarchur chun réamhrialú ag an gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2021.

30.      An 20 Deireadh Fómhair 2021, d’iarr an Chúirt Bhreithiúnais ar thuairim ón gcúirt a rinne an tarchur i dtaobh an bhféadfadh baint a bheith ag Treoir 2016/680 leis an gcás.

31.      An 11 Samhain 2021, d’fhreagair an chúirt a rinne an tarchur nach mór feidhm a bheith ag Treoir 2016/680 maidir leis na príomhimeachtaí.

32.      Thíolaic Rialtais na Gearmáine, na hOstaire, na Cipire, na Danmhairge, na hEastóine, na Fraince, na hUngáire, na hÉireann, na hÍsiltíre, na hIorua, na Polainne agus na Sualainne, chomh maith leis an gCoimisiún Eorpach, barúlacha i scríbhinn.

33.      Bhí na páirtithe a thíolaic barúlacha i scríbhinn, seachas Rialtais na Gearmáine, na hUngáire agus na Polainne, i láthair ag an éisteacht a tionóladh an 16 Eanáir 2023, chomh maith le Rialtas na Fionlainne. D’iarr an Chúirt Bhreithiúnais orthu go léir go ndíreodh siad a n‑argóintí ar Threoir 2016/680 agus freagra ó bhéal a thabhairt ar roinnt ceisteanna faoi sin.

IV.    Anailís

A.      Do-ghlacthacht

34.      De réir na foclaíochta a bhí sna ceisteanna a bhí ag an gcúirt a rinne an tarchur ar dtús, níor bhain siad ach le léiriú ar Threoir 2002/58 amháin. Mar sin féin, tá beagnach gach páirtí a ghlac páirt sna himeachtaí den tuairim nach bhfuil feidhm ag Treoir 2002/58 leis an gcás seo agus, dá bhrí sin, nach gá í a léiriú chun an díospóid a réiteach.

35.      Foráiltear le hAirteagal 3 de Threoir 2002/58 go rialaítear léi “[…] próiseáil sonraí pearsanta maidir le seirbhisí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí ar líonraí cumarsáide poiblí [san Aontas] a sholáthar, lena n‑áirítear líonraí cumarsáide poiblí lena dtacaítear le feistí sainaitheantais agus feistí bailiúcháin sonraí”

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

36.      Tá sé cinnte ag an gCúirt Bhreithiúnais, “i gcás ina gcuireann na Ballstáit bearta chun feidhme lena maolaítear ar an riail go mbeidh cumarsáidí leictreonacha faoi rún, gan oibleagáidí próiseála a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, nach gcumhdaítear cosaint shonraí na ndaoine lena mbaineann le Treoir 2002/58 ach leis an dlí náisiúnta amháin, faoi réir chur i bhfeidhm [Threoir 2016/680]”. (7)

37.      Sa chás seo, rinne na húdaráis forfheidhmithe dlí caol díreach an iarracht rochtain a fháil ar na sonraí le linn imscrúdú coiriúil. Ní raibh páirt ag na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí ann agus níor iarradh orthu sonraí pearsanta a chur in iúl. Dá bhrí sin, níl baint ag Treoir 2002/58 leis an scéal.

38.      Is é Treoir 2016/680 an beart de dhlí an Aontais lena rialaítear an cás faoi cheist, a bhfuil feidhm aici, de bhua Airteagal 2(1), le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla “chun ciontú coiriúla […] a imscrúdú […]”.

39.      Is leor sin le tuiscint go bhfuil an tarchur chun réamhrialú, mar a scríobh an chúirt náisiúnta é, doghlactha, ós rud é nach raibh feidhm maidir leis an gcás ag an mbeart de dhlí an Aontais a raibh a léiriú á iarraidh.

40.      Mar sin féin, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, faoi Airteagal 267 CFAE, na ceisteanna a tharchuirtear chuici le haghaidh réamhrialú a athfhoirmliú nó forálacha eile de dhlí an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ábhartha a shainiú, d’fhonn freagra a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur a bheidh úsáideach di. (8)

41.      D’iarr an Chúirt Bhreithiúnais ar an gcúirt a rinne an tarchur a tuairim a thabhairt maidir le feidhm a bheith ag Treoir 2016/680. Dá bhrí sin, thug sí an deis don chúirt sin a ceisteanna a fhorlíonadh nó a chur ar bhealach eile í féin. Ina ionad sin, níor mhaígh an chúirt a rinne an tarchur ach amháin “nach mór go gcomhlíonfar ceanglais [Threoir 2016/680] ar aon chaoi sa chás seo”, ach ní dhearna sí na forálacha sa Treoir sin a bhfuil amhras uirthi ina leith a shainiú ná breithnithe níos sonraí eile a shonrú. (9)

42.      Tá sé cinnte ag an gCúirt Bhreithiúnais arís agus arís eile “go bhfuil sé fíor-riachtanach, mar atá luaite in Airteagal 94(c) de na Rialacha Nós Imeachta go mbeadh san iarraidh ar réamhrialú í féin ráiteas ar na fáthanna a spreag an chúirt nó an binse a rinne an tarchur chun léiriú nó bailíocht forálacha áirithe de dhlí an Aontais Eorpaigh a fhiosrú, agus an gaol idir na forálacha sin agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí”. (10)

43.      Dá bhrí sin, tá sé soiléir, mar gheall ar a bhfuil leagtha amach thuas, nár chomhlíonadh na ceanglais faoi Airteagal 94 de na Rialacha Nós Imeachta sa tarchur seo. Cé go bhfuil solúbthacht áirithe ag an gCúirt Bhreithiúnais ina leith sin, ní mór gur comhar cómhalartach atá sa chomhar leis an gcúirt a rinne an tarchur: i gcás ina dteipeann ar an gcúirt a rinne an tarchur, gan cúis mhaith, comhoibriú d’fhonn a héiginnteachtaí faoin léiriú ar an dlí de chuid an Aontais a mheasann sí a bheith infheidhme a leagan amach (sa chás seo, Treoir 2016/680), tá ciall leis, dar liom, go ndéanfar an iarraidh ar réamhrialú a dhiúltú toisc é a bheith doghlactha. (11)

44.      Ina theannta sin, ní mór a lua:

—      Níor shonraigh an chúirt a rinne an tarchur an cineál próiseáil a rinne na húdaráis forfheidhmithe dlí iarracht ina leith ná an cineál sonraí pearsanta sonracha arna n‑iarraidh. Ag an tús, ba chosúil go raibh sí ag rá nach raibh ach sonraí naisc i gceist (is é sin le rá, sonraí tráchta agus suímh), ach tar éis sin ní chuireann sí as an áireamh go bhféadfaí, dá ndéanfaí an teileafón a oscailt, rochtain a fháil ar “na sonraí digiteacha go léir arna stóráil [air]” (12) agus, fiú, ar inneachar na gcumarsáidí agus na ríomhphost arna malairt ar an bhfón. (13)

—      Tagraíonn sí freisin d’urghabháil an teileafóin agus do rochtain araon, nó d’iarracht ar rochtain, ar na sonraí ann agus an “úsáid” (Auswertung) arna baint astu ina dhiaidh sin, is é sin le rá, do phróiseáil agus léiriú na sonraí sin. Deir sí, in éineacht leis sin, maidir leis an úsáid sin, go gciallaíonn sin “rochtain iomlán gan srian ar na cumarsáidí digiteacha go léir a bhí ag an ábhar sonraí” agus go bhféadfaí, mar gheall air sin, “léargas mionsonraithe agus grinn ar beagnach gach gné dá shaol príobháideach a chruthú”.

45.      Sna himthosca sin, seachas na ceisteanna ón gcúirt a rinne an tarchur a athfhoirmliú, is é a bheadh ar siúl ag an gCúirt Bhreithiúnais i ndáiríre ná an tarchur chun réamhrialú a athchruthú, agus sin bunaithe, thairis sin, go páirteach, ar bhreithnithe hipitéiseacha seachas fíorais chruthaithe. Chomh maith leis sin, cuirfidh mé i dtreis é, bheadh sí ag tabhairt faoi sin cé gur thug sí deis don chúirt sin a ceisteanna a fhorlíonadh nó a athfhoirmliú.

46.      Dá bhrí sin, molaim go ndéanfar an tarchur chun réamhrialú a dhiúltú toisc é a bheith doghlactha, mar a mhol roinnt de na Ballstáit idiragartha.

47.      Ba chóir diúltú mar gheall ar dho-ghlacthacht a bheith ann chomh maith toisc, mar a tarraingíodh aird air le linn na héisteachta, nach bhfuil aon fhíordhíospóid ann anois os comhair na cúirte a rinne an tarchur a bhfuil gá le léiriú ar fhorálacha de dhlí an Aontais ina leith.

48.      Glacann Rialtas na hOstaire (a bhfuil na húdaráis forfheidhmithe dlí san imscrúdú ag teacht faoina dhlínse) leis go raibh gníomhartha na n‑údarás sin mídhleathach agus go sáraíodh cearta an ábhair sonraí. Ós rud é, de réir an ordaithe tarchuir, go ndearna an gearánaí, ina éileamh os comhair na cúirte riaracháin, agóid i leith na ngníomhartha forfheidhmithe dlí sin a mheasann an riarachán is cosantóir a bheith mídhleathach, níl ann a thuilleadh don díospóid os comhar na cúirte a rinne an tarchur.

49.      Ar aon chaoi, ar eagla nach bhfuil an Chúirt Bhreithiúnais ar aon intinn liom, díreoidh mé thíos, mar mhalairt air sin, ar na buncheisteanna a bhaineann leis an tarchur chun réamhrialú.

50.      Roimhe sin, áfach, táim den tuairim nach mór forais eile maidir le hinghlacthacht a d’ardaigh roinnt páirtithe sna himeachtaí a chur as an áireamh. (14) Dar leo, ós rud é go bhfuil sé i gceist le Treoir 2016/680 daoine nádúrtha a chosaint a mhéid a bhaineann le próiseáil a sonraí, ní rialaítear cásanna amhail an cás seo léi toisc nach raibh aon phróiseáil ann ach iarracht rochtain a fháil ar shonraí, agus sin amháin, nach rabhthas in ann a dhéanamh ag an deireadh.

51.      De réir an Choimisiúin, i gcodarsnacht leis sin, mar gheall ar an ngá éifeachtacht Threoir 2016/680 a áirithiú, ní mór a hábhar a léiriú sa chaoi nach bhfuil sí teoranta do phróiseáil, sa bhrí bheacht, ach go gcumhdaítear cúrsaí a bhfuil baint dhíreach acu leis an bpróiseáil sin freisin. Dar leis an gCoimisiún, is ionann iarracht rochtain a fháil ar shonraí chun iad a phróiseáil agus ceann de na cúrsaí sin. (15)

52.      Dar liom, tá údar leis go gcuirfear Treoir 2016/680 i bhfeidhm maidir leis sin, gan gá a bheith ann a raon feidhme a lúbadh (16), ní toisc gur urghabhadh an fón póca (17), ach mar gheall ar ghníomhartha na n‑údarás forfheidhmithe dlí ina dhiaidh sin a raibh mar aidhm leo sonraí pearsanta ábhartha de chuid an ábhair sonraí a fháil ón bhfón sin, a bhí ina chúis lena n‑iarracht é a oscailt agus rochtain a fháil ar a inneachar.

53.      I measc na n‑oibríochtaí a shainmhínítear in Airteagal 3(2) de Threoir 2016/680 mar “phróiseáil” tá “[sonraí pearsanta a] chur ar fáil ar bhealach eile” le linn imscrúdú coiriúil. Mo thuiscint ná, i gcás ina n‑urghabhann údarás forfheidhmithe dlí teileafón a bhfuil sonraí pearsanta stóráilte air agus ina láimhsíonn sé é chun na sonraí sin a bhaint as, tá sé ag cur tús le “hoibríocht” phróiseála, fiú mura n‑éiríonn leis mar gheall ar imthosca teicniúla a bhaineann le criptiú slándála.

54.      Rialaítear iarracht nár éirigh léi chun rochtain a fháil ar shonraí pearsanta arna stóráil ar fhón póca, le linn imscrúdú coiriúil, le Treoir 2016/680 de bharr cúiseanna atá comhchosúil leis na cúiseanna a raibh mar thoradh orthu gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil feidhm ag Treoir 2002/58 maidir le hiarracht – nár éirigh léi ach oiread – chun údarú cúirte a fháil chun rochtain a fháil ar shonraí áirithe de dhuine a bhí faoi imscrúdú nuair a bhí na sonraí sin i seilbh oibreora cumarsáide leictreonaí. (18)

55.      I bhfianaise an mhéid sin, dá mbeadh ar an gcúirt a rinne an tarchur breith a thabhairt i dtaobh neamhdhleathacht na ngníomhartha forfheidhmithe dlí (ghlac Rialtas na hOstaire go raibh siad mídhleathach, mar atá luaite cheana), d’fhéadfadh sí a measúnú a bhunú ar dhleathacht na haidhme a raibh sé beartaithe a bhaint amach leis sin,i gcás inar éirigh leis an mbeart agus i gcás nár cuireadh ach tús, gan sásamh, lena chur i bhfeidhm araon.

B.      Substaint an cháis

1.      An chéad cheist arna tarchur

56.      Is mian leis an gcúirt a rinne an tarchur a fháil amach an é nó nach é, faoi Airteagal 15(1) (arna léamh, b’fhéidir, in éineacht le hAirteagal 5) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7 agus 8 den Chairt, gurb ionann “rochtain ag údaráis phoiblí ar shonraí arna stóráil ar fhóin mhóibíleacha agus cur isteach ar chearta bunúsacha arna gcumhdach sna hAirteagail sin den Chairt atá tromchúiseach a dhóthain go ndéanfar an rochtain sin a theorannú, i réimsí a bhaineann le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, don choireacht thromchúiseach a chomhrac”.

57.      Toisc nach bhfuil feidhm ag Treoir 2002/58, má tá an tarchur chun réamhrialú inghlactha, bheadh gá ann an chéad cheist a athfhoirmliú ionas go ndéanfaí, le freagra na Cúirte Breithiúnais, léiriú ar Threoir 2016/680.

58.      Leis an bhfreagra sin, bheadh gá a shoiléiriú, ar dtús, an féidir labhairt faoi chur isteach i gcásanna amhail an cás seo agus, ina dhiaidh sin, más ann do chur isteach, an gceanglaítear le Treoir 2016/680 go ndéanfar rochtain ar shonraí a theorannú do chásanna a bhaineann le coireacht thromchúiseach a chomhrac.

59.      De réir sainmhínithe, is féidir le hoibríochtaí próiseála sonraí an bonn a bhaint den cheart chun meas ar an saol príobháideach (Airteagal 7 den Chairt) agus den cheart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8 den Chairt). D’fhonn údar a thabhairt le haon ionradh ar fheidhmiú na gceart sin, ní mór d’údaráis phoiblí na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52(1) den Chairt a chomhlíonadh.

60.      Ba mhó an t‑ionradh ar na cearta arna gcosaint le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt i gcás, de bhua an ionraidh sin, (a) ina n‑iarrtar rochtain ar shonraí íogaire arna dtaifeadadh de ghnáth ar fhóin mhóibíleacha a d’fhéadfadh, dá gcuirfí iad ar an eolas fúthu, léiriú a thabhairt ar ghnéithe de shaol na n‑úinéirí nár chóir do thríú páirtithe a bheith ar an eolas fúthu, agus (b) ina gcuirtear rochtain ar fáil ar inneachar na gcumarsáidí.

61.      Go ginearálta, agus i bhfianaise na dtéarmaí inti, ní féidir Treoir 2016/680 a léiriú sa chaoi nach mbaineann an phróiseáil sonraí dá dtagraítear inti ach amháin le cásanna a bhaineann le coireacht thromchúiseach a chomhrac.

62.      Cumhdaítear le Treoir 2016/680 aon oibríocht próiseála sonraí pearsanta (19) ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla de gach cineál a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh.

63.      Níl sé le tuiscint ó na prionsabail a leagtar síos i dTreoir 2016/680 i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil chun na críche sin (Airteagal 4) ná na ceanglais ionas go mbeadh an phróiseáil sonraí dleathach (Airteagal 8) nach bhféadfaí, mar riail, sonraí a phróiseáil ach amháin i gcásanna a bhaineann le coireacht thromchúiseach.

64.      Anuas air sin, níl bunús le srian lena dteorannaítear próiseáil do chásanna a bhaineann le coireacht thromchúiseach a chomhrac le fáil trí chásdlí na Cúirte Breithiúnais maidir le Treoir 2002/58 (20) a chur i bhfeidhm maidir le cásanna amhail an cás seo.

65.      Sin mar atá, dar liom, toisc, gan dochar don mhéid a leagfaidh mé amach thíos, go mbaineann an cásdlí sin le sonraí pearsanta i ngrúpa neamhshainithe cineálach a choimeád go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach ar bhonn córasach ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Le méid an chur isteach ar an tsochaí ina hiomláine mar gheall ar an gcoimeád sin léirítear an chúis go raibh an Chúirt Bhreithiúnais chomh dian sin agus bac á chur air agus eisceachtaí air sin a bhunú.

66.      Ní sin mar atá i gcás nach mbaineann an rochtain arna hiarraidh leis an bpobal go léir nó le grúpaí móra dó (is é sin le rá, na sonraí pearsanta de ghrúpa neamhshainithe cineálach) ach, ina ionad sin, leis an bhfaisnéis arna stóráil ar fhón póca ar leith le linn imscrúdú coiriúil ar leith freisin atá faoi rialú sonrach ag Treoir 2016/680.

67.      Is é an t‑ábhar cruinn díreach atá ag Treoir 2016/680 ná sonraí a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh – agus ní cionta coiriúla tromchúiseacha amháin, ach gach cineál ciona choiriúil.

68.      Thairis sin, mar a chuir roinnt páirtithe sa tarchur chun réamhrialú i dtreis, ós rud e nach bhfuil aon táscaire i dTreoir 2016/680 i dtaobh a thromchúisí is atá na cionta coiriúla, b’fhéidir nach gcuirfear an Treoir i bhfeidhm go haonfhoirmeach sna Ballstáit, toisc go bhfuil difríochtaí suntasacha ann maidir le conas a dhéantar a thromchúisí is atá iompar atá mídhleathach a mheas faoin dlí náisiúnta. (21)

69.      Go hachomair, ní cheanglaítear le Treoir 2016/680 nach bhféadfaí, d’fhonn í a bheith dleathach, tabhairt faoin bpróiseáil sonraí pearsanta arna rialú inti ach amháin chun coireacht thromchúiseach a chomhrac.

70.      Beag beann ar an méid thuasluaite, agus prionsabal na comhréireachta á chur i bhfeidhm agus ar bhonn cás ar chás, ní mór an phróiseáil sonraí a bhfuil beartaithe ag na údaráis inniúla tabhairt fúithi de bhun Threoir 2016/680 a chur in oiriúint: (a) do chineál na gcionta coiriúla arna n‑ionchúiseamh; agus (b) an cineál sonraí pearsanta atá beartaithe a phróiseáil.

71.      Chuige sin, aontaím le cuid de na haighneachtaí a rinne Rialtas na Gearmáine maidir le rochtain ar shonraí i dteileafóin arna n‑urghabháil a theorannú, i gcás inar féidir, mar gheall orthu, próifíl iomlán a chruthú de phearsantacht na n‑úinéirí i bhfianaise na sonraí arna stóráil iontu. Dar le Rialtas na Gearmáine, ba chóir an rochtain sin a theorannú do na sonraí is gá mar fhianaise i gcás ar leith agus b’fhéidir nach mbeadh sí oiriúnach, mar shampla, “nuair is mionchion an cion arna imscrúdú nó nuair nach bhfuil ach luach beag faisnéise sna sonraí arna n‑iarraidh a fháil”. (22)

72.      Go teoiriciúil, dá bhrí sin, ní chiallaíonn Treoir 2016/680 go bhfuil, ar bhonn réamhshocraithe, rochtain ar shonraí pearsanta arna stóráil ar fhón póca mídhleathach nuair is cuspóir leis sin ná imscrúduithe a éascú i ndáil le hiompar a d’fhéadfaí a shainiú mar choireacht ghinearálta nó choiteann. Sa chleachtas, áfach, is faoin údarás comhfhreagrach a mheas i ngach cás an bhfuil an rochtain sin iomchuí, ag féachaint don ghá atá leis agus don chritéar maidir le comhréireacht a luaigh mé thuas.

73.      Dar liom, leanann an méid sin thuas ó fhorálacha Threoir 2016/680 ina leagtar síos na ceanglais bhailíochta i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus coireacht á comhrac:

—      Airteagal 4(1)(a) lena bhforáiltear nach mór na sonraí “a phróiseáil ar bhealach atá dleathach agus cothrom”.

—      Airteagal 8(1) lena gcuirtear i dtreis nach mór a bheith leis an bpróiseáil agus nach mór di a bheith bunaithe ar dhlí an Aontais nó ar dhlí an Bhallstáit.

2.      An dara ceist arna tarchur  

74.      Lena dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur cé acu an é nó nach é, faoi Airteagal 15(1) de Threoir 2002/58, arna léamh i bhfianaise Airteagail 7, 8 agus 11 agus Airteagal 52(1) den Chairt, go ndéantar “riail náisiúnta a chosc, amhail an riail arna hachtú in Airteagal 18 de [StPO], arna léamh in éineacht le hAirteagal 99(1), lena gceadaítear d’údaráis slándála rochtain iomlán gan srian a thabhairt dóibh féin ar na sonraí digiteacha go léir arna stóráil ar fhón póca le linn imscrúdú coiriúil gan údarú ó chúirt nó comhlacht riaracháin neamhspleách”.

75.      Tá an fhoclaíocht sa cheist ábhairín doiléir:

—      Glacann an chúirt a rinne an tarchur leis go gceanglaítear, de réir Airteagal 110(2) de StPO, i bprionsabal, údarú ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí chun maoine a urghabháil. Ní fhéadfadh an t‑údarás forfheidhmithe dlí maoine a urghabháil gan údarú den sórt sin i gcás na n‑imthosca urghnácha dá bhforáiltear in Airteagal 110(3) (nach ndealraíonn go bhfuil ann dóibh sa chás seo).

—      Maíonn an chúirt a rinne an tarchur freisin, áfach, i ndáil le próiseáil na faisnéise arna stóráil ar fhóin mhóibíleacha, “nach rialaítear sin go heisiach [in StPO]” agus gur féidir leis na húdaráis slándála an rochtain sin a fháil as a stuaim féin, gan údarú roimh ré.

76.      Cuireann Rialtas na hOstaire leagan den reachtaíocht náisiúnta i láthair nach bhfuil ag luí leis an reachtaíocht náisiúnta a leagadh amach san ordú tarchuir. Go háirithe, maíonn sé nach féidir, de réir an dlí náisiúnta, teileafón a urghabháil (ach amháin i gcás práinne) ná na sonraí arna stóráil air a phróiseáil ach i gcás go bhfuil údarú ann ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí. (23) Gan ordú ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí, tá sé mídhleathach úsáid a bhaint as na sonraí arna stóráil ar theileafón den sórt sin.

77.      Is faoin gcúirt a rinne an tarchur téarmaí na reachtaíochta náisiúnta a scrúdú. Le linn an nós imeachta faoi Airteagal 267 CFAE, níl dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais chun an dlí náisiúnta a léiriú agus is faoin gcúirt a rinne an tarchur amháin é an raon feidhme cruinn atá ag dlíthe náisiúnta, rialacháin agus forálacha riaracháin a chinneadh. (24)

78.      Ní mian liom páirt a ghlacadh sa díospóireacht maidir leis an léiriú ar dhlí na hOstaire, ach tá sé deacair, dar liom, bunaithe ar na forálacha arna sainiú ag an gcúirt a rinne an tarchur amháin (Airteagal 18, arna léamh in éineacht le hAirteagal 99(1), de StPO), teacht ar an tuairim atá ag an gcúirt sin. Mar sin féin, mar a luaigh mé cheana, is faoin gcúirt a rinne an tarchur amháin é sin a chinneadh.

79.      Bíodh sin mar atá, tá an chúirt a rinne an tarchur den tuairim go bhféadfaí an cásdlí a bhaineann leis an mbreithiúnas in Prokuratuur (25) maidir le hathbhreithniú roimh ré ag údarás breithiúnach nó údarás rialacháin neamhspleách i ndáil le rochtain ar shonraí arna gcoimeád a chur i bhfeidhm ar chás amhail an cás seo.

80.      Dar le Rialtas na hÍsiltíre, i gcodarsnacht leis sin, ní mór an cásdlí sin a thuiscint i bhfianaise reachtaíocht náisiúnta lena gceadaíodh rochtain ghinearálta do na húdaráis inniúla ar na sonraí tráchta agus suímh go léir arna gcoimeád. Sin an chúis leis an gceanglas i ndáil le húdarú breithiúnach, ach b’fhéidir nach mbeadh gá leis sin maidir le rochtain ar shonraí ar fhón póca ar leith.

81.      Sa tslí chéanna, maíonn Rialtas na hIorua nach n‑áirítear go sainráite, i measc na gcineálacha coimirce difriúla go léir i dTreoir 2016/680 (26), gá le húdarú roimh ré ó údarás breithiúnach nó údarás riaracháin neamhspleách.

82.      Dar leis an gCoimisiún, ar an mbunús nach mór forálacha Threoir 2016/680 a léiriú i bhfianaise na Cairte, áirítear san oibleagáid a fhorchuirtear ar na Ballstáit le hAirteagal 8(1) den Treoir sin (ceanglais ionas go mbeidh an phróiseáil dleathach) an gá cloí leis na cearta bunúsacha arna ráthú faoi Airteagail 7 agus 8 den Chairt.

83.      Aontaím leis an gCoimisiún nach mór do na reachtais náisiúnta, i gcomhréir leis na forálacha sin sa Chairt, na rialacha is gá a shainiú chun a áirithiú go bhfuil údar le rochtain ar shonraí i ngach cás agus go bhfuil an rochtain sin teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach agus comhréireach.

84.      Ní gá, áfach, gurb é atá i gceist leis na rialacha náisiúnta sin ná rialacha a bhaineann go sonrach le rochtain ar shonraí pearsanta atá, mar atá sa chás seo, i bhfón póca; d’fhéadfadh gurb iad na rialacha ginearálta arna leagan síos sa dlí náisiúnta maidir le fianaise a fháil.

85.      Chuige sin, tá mír 103 den bhreithiúnas in La Quadrature du Net i dtaobh bearta de chuid na mBallstát a bhfuil tionchar acu ar rúndacht cumarsáidí leictreonacha gan oibleagáidí próiseála a fhorchur ar sholáthraithe na seirbhísí teileachumarsáide sin leagtha amach agam cheana thuas. (27)

86.      Níl gá, mar sin, rialacha nós imeachta sonracha a thuiscint ó Threoir 2016/680 chun a áirithiú go bhfuil rochtain ar na sonraí arna stóráil ar fhón póca dleathach, (28) agus beidh feidhm ag na rialacha náisiúnta lena rialaítear feidhmiú cumhachtaí cuardaigh agus gabhála le linn imscrúduithe coiriúla. (29)

87.      Chomh maith leis sin, agus tagairt á déanamh do na forálacha den dlí náisiúnta chun a áirithiú go bhfuil rochtain dleathach i gcomhréir le Treoir 2016/680, luíonn sin le cásdlí ECtHR. I gcás a bhaineann go cruinn díreach le Poblacht na hOstaire maidir le hAirteagal 8 de ECHR (ceart chun an saol príobháideach agus an saol teaghlaigh agus an áit chónaithe agus chomhfhreagras a urramú), chinn ECtHR go bhfuil feidhm ag reachtaíocht na hOstaire maidir le nithe a urghabháil, go háirithe doiciméid, maidir le sonraí arna stóráil i meáin leictreonacha a chuardach agus a urghabháil. (30)

88.      Más é, mar a mhaíonn Rialtas na hOstaire, agus é ag tagairt do chásdlí an Oberster Gerichtshof (an Chúirt Uachtarach, an Ostair), nach bhfuil na húdaráis forfheidhmithe dlí i dteideal rochtain a fháil ar na sonraí arna gcoimeád ar fhón póca ar leith gan údarú ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí, níl mórán céille a thuilleadh leis an dara ceist arna tarchur.

89.      Ar aon chaoi, ní féidir leis an bhfreagra ar an gceist sin a áirithiú nach ndéanfar “léargas mionsonraithe agus grinn ar bheagnach gach gné de shaol príobháideach an ábhair sonraí a chruthú” mar thoradh ar rochtain ar shonraí pearsanta ar an teileafón a urghabhadh. (31) Mar gheall air sin, ní féidir leis na húdaráis forfheidhmithe dlí fáil réidh leis an údarú roimh ré dá dtagraítear sa bhreithiúnas in Prokuratuur.

90.      Ar an gcéad amharc, cheapfá go bhfuil an ráiteas sin ar neamhréir leis an bhfíoras nach bhfuil feidhm, mar a mhaígh mé thuas, ag Treoir 2002/58 (atá arna léiriú sa bhreithiúnas in Prokuratuur) maidir leis an gcás seo. Creidim, áfach, go dtagann an réasúnaíocht ar a bhfuil an breithiúnas sin bunaithe leis an réiteach sin.

91.      Sa díospóid a bhí mar bhunús leis an mbreithiúnas in Prokuratuur, cé go bhfuarthas an rochtain trí shonraí (meiteashonraí) a fháil ó na soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, bhain an cás, mar atá anseo, le himscrúdú coiriúil ar leith i gcoinne duine áirithe. Ba iad na sonraí arna mbailiú ná “sonraí maidir le roinnt uimhreacha teileafóin […] agus roinnt cód IMEI dá cuid”. (32)

92.      Tá dhá thaobh, dar liom, leis an mbreithiúnas in Prokuratuur: (a) tarraingítear ceist anuas maidir leis na rialacha ginearálta atá ag Ballstát i dtaobh sonraí atá i seilbh soláthraithe seirbhísí a choimeád go ginearálta agus go neamh-idirdhealaitheach agus rochtain ar na sonraí sin ina dhiaidh sin; agus (b) an t‑athbhreithniú roimh ré, i gcás ar leith, ar rochtain ar na meiteashonraí sin lena bhféadfaí próifíl chruinn a chruthú maidir le saol príobháideach duine.

93.      Cé nach raibh na sonraí a léiríonn saol príobháideach an ghearánaí i seilbh soláthraithe seirbhísí sa chás seo agus go bhfuarthas iad (nó go raibh iarracht ann iad a fháil) ó theileafón ar leith a urghabhadh, tá fo-thábhacht ag baint leis sin i gcomparáid leis an ratio atá mar bhunús leis an gceanglas i dtaobh athbhreithniú roimh ré a mholtar sa bhreithiúnas in Prokuratuur.

94.      Tá an t‑athbhreithniú roimh ré sin bunaithe, i ndeireadh na dála, ar an gcosaint arna ráthú le hAirteagail 7 agus 8 den Chairt. Ní mór don údarás a thugann faoin athbhreithniú a bheith “in ann cothromaíocht chóir a bhaint amach idir, ar thaobh amháin, leasanna a bhaineann le riachtanais an imscrúdaithe agus an choireacht á comhrac agus, ar an taobh eile, an ceart bunúsach chun saol príobháideach agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta na ndaoine lena mbaineann an rochtain a chosaint”. (33)

3.      An tríú ceist arna tarchur

95.      Lena tríú ceist, ba mhaith leis an gcúirt a rinne an tarchur a fháil amach an gcuirtear, le hAirteagal 47 (arna léamh, b’fhéidir, in éineacht le hAirteagail 41 agus 52) den Chairt, cosc ar reachtaíocht, amhail reachtaíocht na hOstaire (34), “lena gceadaítear anailís dhigiteach ar fhón póca gan an t‑ábhar sonraí a chur ar an eolas faoi sin roimh ré nó, ar a laghad, i ndiaidh an beart a ghlacadh”.

96.      Dar liom, agus an fhoclaíocht sin inti, b’fhéidir nach bhfuil gá leis an gceist chun an díospóid a réiteach toisc go raibh an duine lena mbaineann in ann an ceart arna chumhdach in Airteagal 47 den Chairt a fheidhmiú trína iarraidh ar an gcúirt a rinne an tarchur go gcuirfear ar neamhní an beart forfheidhmithe dlí a bhaineann leis an teileafón a urghabhadh, lena n‑áirítear an úsáid ina dhiaidh sin (gan sásamh) a baineadh as na sonraí arna stóráil ann.

97.      Ní mór idirdhealú a dhéanamh idir an dá chéim sin den bheart forfheidhmithe dlí:

—      I ndáil leis an teileafón féin a urghabháil, léirítear san fhaisnéis i gcomhad an cháis go raibh an duine lena mbaineann ar an eolas faoin urghabháil agus gur dhiúltaigh sé an cód chun é a oscailt a chur ar fáil do na húdaráis forfheidhmithe dlí nuair a urghabhadh é.

      I ndáil leis an iarracht chun sonraí a phróiseáil, an chuma ar an scéal ná nár chuir rialaitheoir na sonraí an oibríocht sin in iúl don duine lena mbaineann, cé gur mháigh Rialtas na hOstaire go raibh eolas aige maidir le tuarascáil ina dtagraítear do ghníomhaíochtaí na bpóilíní i dtaobh an teileafóin. (35)

98.      Tá roinnt doiléireachtaí fós ann, dá bhrí sin, maidir le húsáid na sonraí agus eolas an duine lena mbaineann faoi sin, nárbh mhór don chúirt a rinne an tarchur, mar a luaigh mé cheana, a shoiléiriú san ordú tarchuir, agus, mar gheall air sin, ní féidir freagra a bheadh úsáideach don chúirt sin a thabhairt ar an tríú ceist arna tarchur.

99.      Ar aon chaoi, i gcás go gcinneann an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil an cheist inghlactha, cuirfidh mé mo thuairim maidir leis an gceist sin in iúl. Má chinntear go bhfuil sí inghlactha, agus toisc nach bhfuil feidhm ag Treoir 2002/58, bheadh gá ann an cheist a athfhoirmliú i bhfianaise Threoir 2016/680, agus faightear treoir in Airteagail 13, 15 agus 54 dó sin atá riachtanach chun freagra a thabhairt.

100. De réir Threoir 2016/680, is í an fhaisnéis nach mór a chur ar fáil d’ábhair sonraí i ndáil lena sonraí a phróiseáil ná an fhaisnéis is gá, inter alia: (a) d’fhonn gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta (Airteagal 13(1)(d)); agus (b) d’fhonn leigheas éifeachtach a fháil ó na cúirteanna i gcás ina sáraíodh cearta arna ráthú le Treoir 2016/680, gan dochar d’aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach atá ar fáil (Airteagal 54).

101. Ní mór a thabhairt chum cuimhne, áfach, go n‑údaraítear, le hAirteagal 13(3) agus Airteagal 15(1) de Threoir 2016/680, do na Ballstáit bearta reachtacha a ghlacadh:

—      lena gcuirtear moill ar sholáthar na faisnéise don ábhar sonraí, é a shrianadh nó e a fhágáil ar lár, de bhua Airteagal 13(2).

—      lena gcuirtear srian, go hiomlán nó go páirteach, le ceart rochtana an ábhair sonraí ar sonraí arna bpróiseáil, fad a bheidh an srian sin ina bheart riachtanach agus comhréireach, d’fhonn, inter alia, bac ar imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla nó dochar d’imscrúdú cionta coiriúla a sheachaint. (36)

102. Ar aon chaoi, ní bhraitheann dleathacht na próiseála sonraí ar cé acu ar chomhlíon na húdaráis inniúla a ndualgas (ina dhiaidh sin) faoi Airteagal 13 de Threoir 2016/680 nó nár chomhlíon, ach ar cé acu an raibh an cuspóir lenar tugadh údar don phróiseáil dleathach nó nach raibh; is é sin le rá, ar cé acu an raibh na húdaráis riaracháin sin i dteideal na sonraí pearsanta a phróiseáil nó nach raibh.

103. Ón taobh sin de, cé gur cuireadh an duine lena mbaineann ar an eolas maidir leis na hiarrachtaí chun rochtain a fháil ar na sonraí arna stóráil ar an teileafón a urghabhadh uaidh, ní bhaineann sin, ann féin, le dleathacht an iompair forfheidhmithe dlí ó thaobh cúiseanna substaintiúla de. D’fhéadfadh iarmhairtí eile a bheith le hiompar rialaitheora sonraí atá ina sárú ar a dhualgais faoi Airteagal 13 de Threoir 2016/680, ach déanfaidh mé é a athlua nach bhfuil tionchar aige sin, ann féin, ar dhleathacht nó neamhdhleathacht na próiseála sonraí sin.

104. Is faoin gcúirt a rinne an tarchur a chinneadh cé acu an féidir leis an duine lena mbaineann, faoin reachtaíocht náisiúnta, na cearta sin a fheidhmiú go héifeachtach nó nach féidir.

V.      Conclúid

105. I bhfianaise an mhéid sin thuas, molaim go ndéanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais an tarchur chun réamhrialú ó Landesverwaltungsgericht Tirol (an Chúirt Réigiúnach Riaracháin, an Tioróil, an Ostair) a dhiúltú toisc é a bheith doghlactha.

Mar mhalairt air sin, mholfainn go ndéanfar an tarchur a fhreagairt mar a leanas:

(1)      Maidir le hAirteagal 4(1)(a) agus Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle, arna léamh in éineacht le hAirteagail 7, 8 agus 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

le linn imscrúdú coiriúil, níl rochtain ag na húdaráis phoiblí ar shonraí pearsanta arna stóráil ar fhón póca, d’fhonn na sonraí sin a phróiseáil, teoranta do chásanna a bhaineann le coireacht thromchúiseach a chomhrac.

Ní mór údar a thabhairt do rochtain den sórt sin i ngach cás agus ní mór í a theorannú don mhéid atá fíor-riachtanach agus comhréireach i gcomhréir le cineál na gcionta coiriúla faoi imscrúdú agus an cineál sonraí pearsanta a bhfuil rochtain á hiarraidh ina leith.

Ní féidir le húdaráis forfheidhmithe dlí, gan údarú roimh ré ó chúirt, rochtain iomlán gan srian a thabhairt dóibh féin ar na sonraí go léir arna stóráil ar fhón póca le linn imscrúdú coiriúil i gcás go bhfuiltear in ann, leis na sonraí sin, léargas mionsonraithe a fháil ar shaol príobháideach duine.

(2)      Maidir le hAirteagail 13, 15 agus 54 de Threoir 2016/680, arna léamh in éineacht le hAirteagail 47 agus 52 den Chairt,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

gan dochar do na teorainneacha arna n‑údarú faoi Airteagal 15(1) de Threoir 2016/680 ná d’aon leigheas riaracháin nó neamhbhreithiúnach eile atá ar fáil, ní mór úinéir fóin mhóibíligh a chur ar an eolas faoi aon phróiseáil ar na sonraí pearsanta arna stóráil ar an teileafón sin faoina dtugann na húdaráis chomhfhreagracha, ag an am agus faoi na coinníollacha is gá chun feidhmiú éifeachtach an chirt atá aige chun leigheas breithiúnach a iarraidh i gcás ina sáraítear na cearta faoi Threoir 2016/680 a áirithiú.


1      Bunteanga: an Spáinnis.


2      Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO 2002 L 201, lch. 37).


3      Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO 2016 L 119, lch. 89).


4      Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1; “RGCS”).


5      “ECtHR”.


6      Cód Nós Imeachta Choiriúil na hOstaire (“stPO”) (BGBl Uimh. 631/1975, sa leagan is infheidhme don tréimhse ábhartha (BGBl I Uimh. 24/2020).


7      Breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile (C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791; “an breithiúnas in La Quadrature du Net”), mír 103.


8      Mar shampla, breithiúnas an 28 Aibreán 2016, Oniors Bio (C‑233/15, EU:C:2016:305), mír 30.


9      Bhí ar an gCúirt Bhreithiúnais a iarraidh ar na páirtithe a léiriú “cé hiad, dar leat, na forálacha ábhartha i dTreoir 2016/680 a bheidh mar bhonn le hathfhoirmliú, más iomchuí, ag an gCúirt Bhreithiúnais de na trí cheist le haghaidh réamhrialú a d’ardaigh an chúirt a rinne an tarchur” (an ceathrú ceist a seoladh le haghaidh freagra ó bhéal ag an éisteacht).


10      Breithiúnas an 6 Meán Fómhair 2021, Consorzio Italian Management agus Catania Multiservizi (C‑561/19, EU:C:2021:799), mír 69.


11      Tá Rialtas na Fraince agus mise ar aon intinn ina leith sin (míreanna 36 go 41 dá bharúlacha i scríbhinn).


12      An fhoclaíocht sa dara ceist le haghaidh réamhrialú.


13      Mhaígh an chúirt a rinne an tarchur “gur féidir, le sonraí cumarsáidí, beagnach na teagmhála go léir a athchruthú i dtaobh mhinicíocht, am agus achar na gcumarsáidí, chomh maith le hinneachar na gcumarsáidí trí SMS agus trí sheirbhísí teachtaireachta eile, agus go bhfaightear, ó phróiseáil grianghraf agus ó stair an bhrabhsálaí, tuiscint fhíorghrinn ar shaol príobháideach an ábhair sonraí”.


14      Déanaim tagairt shonrach do Rialtais na hOstaire, na Fraince, na hÍsiltíre agus na hIorua.


15      De réir an Choimisiúin, “ní bhaineann sé le hábhar cé acu ar éirigh leis na hiarrachtaí nó nár éirigh. Fiú dá mbeadh ann d’fhadhbanna teicniúla a chuireann bac ar na hiarrachtaí rochtain a fháil, sin toisc nach bhféadfaí a bheith ar an eolas faoi roimh ré agus níl tionchar aici ar na rioscaí i ndáil le cosaint sonraí”.


16      Go háirithe, táim den tuairim nach bhfuil gá dul i muinín Airteagail 27 agus 28 de Threoir 2016/680, mar a chuir an Coimisiún chun cinn ina bharúlacha i scríbhinn. Maidir leis an “measúnú tionchair ar chosaint sonraí” dá bhforáiltear in Airteagal 27, tagraítear do “chineál na próiseála” agus ní d’oibríochtaí próiseála aonair nó sonracha. Is léir sin ó aithris 58 de Threoir 2016/680: “le measúnuithe tionchair ba cheart go gcumhdaítear córais agus próisis ábhartha atá ag oibríochtaí próiseála, ach ní cásanna aonair” [aistriúchán neamhoifigiúil] (is liomsa an t-aibhsiú). Ag an éisteacht, chuir an Coimisiún leis an tagairt a rinne sé don dá Airteagal sin agus é ag maíomh nár luaigh sé iad ach chun a chur i dtreis go bhfuil sé beartaithe le Treoir 2016/680 deileáil le cásanna roimh an bpróiseáil sonraí, sa chiall dhocht, freisin.


17      Ní rialaítear le Treoir 2016/680 urghabháil fóin mhóibíligh mar fhianaise le linn imscrúdú coiriúil.


18      Breithiúnas an 2 Deireadh Fómhair 2018, Ministerio Fiscal (C‑207/16, EU:C:2018:788).


19      Tá an chatagóir i leith “oibríochtaí” faoi Airteagal 3(2) de Threoir 2016/680 an-leathan. Tá an tAirteagal sin leagtha amach i mír 9 den Tuairim seo.


20      Breithiúnas in La Quadrature du Net agus breithiúnais an 21 Nollaig 2016, Tele2 Sverige agus Watson agus páirtithe eile (C‑203/15 agus C‑698/15, EU:C:2016:970; (“breithiúnas in Tele2 Sverige agus Watson”); an 2 Deireadh Fómhair 2018, Ministerio Fiscal (C‑207/16, EU:C:2018:788); an 6 Deireadh Fómhair 2020, Privacy International (C-623/17, EU:C:2020:790); agus an 2 Márta 2021, Prokuratuur (Coinníollacha maidir le rochtain ar shonraí i ndáil le cumarsáidí leictreonacha) (C-746/18, EU:C:2021:152; “an breithiúnas in Prokuratuur”).


21      Tagraíonn Rialtas na Fraince do shealbhú drugaí agus cionta gáinneála mar shampla, nach bhfuil mar an gcéanna ó thaobh a thromchúisí is atá siad faoi dhlí coiriúil na hOstaire agus faoi dhlí coiriúil na Fraince. Cuireann Rialtas na Sualainne an tuairim sin in iúl freisin.


22      Barúlacha i scríbhinn ó Rialtas na Gearmáine, mír 20.


23      Mír 19 de bharúlacha i scríbhinn Rialtas na hOstaire. Tagraítear ann don chinneadh an 13 Deireadh Fómhair ón Oberster Gerichtshof (an Chúirt Uachtarach, an Ostair) (Cás 11 Os 56/20z) ina gcinntear go bhfuil próiseáil na sonraí ar fhón póca ag na póilíní gan údarú ó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí mídhleathach toisc go sáraítear cearta suibiachtúla an duine lena mbaineann.


24      Mar shampla, breithiúnas an 28 Aibreán 2022, SeGEC agus páirtithe eile (C‑277/21, EU:C:2022:318), mír 21.


25      Breithiúnas in Prokuratuur, mír 51: “tá sé bunriachtanach go mbeadh rochtain na n‑údarás náisiúnta inniúil ar shonraí coimeádta faoi réir athbhreithniú roimh ré arna dhéanamh ag cúirt nó comhlacht riaracháin neamhspleách agus go ndéanfaí an cinneadh ón gcúirt nó ón gcomhlacht sin i ndiaidh iarratas réasúnaithe ó na húdaráis sin a thíolaic, inter alia, mar chuid de na nósanna imeachta i ndáil le coireacht a chosc, a bhrath agus a ionchúiseamh”.


26      In éineacht le hAirteagail 4 agus 8, na coimircí a leagtar amach i gCaibidlí III (“Cearta an ábhair sonraí”, IV (“Rialaitheoir agus próiseálaí”), VI (“Údaráis maoirseachta neamhspleácha”) agus VIII (“Leigheasanna, dliteanas agus pionóis”).


27      Mír 36 den Tuairim seo.


28      Tá an deacracht a bhaineann lena leithéid soiléir ó iarrachtaí an Choimisiúin i míreanna 34 go 39 dá bharúlacha i scríbhinn cur le sainniú na rialacha soiléire agus cruinne i ndáil leis na teorainneacha agus na cineálacha coimirce iomchuí maidir le rochtain a fháil ar shonraí i bhfóin mhóibíleacha.


29      Rialacha, mar a thugann Rialtais na Danmhairge agus na hÉireann, mar shampla, chun cuimhne, nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais ach a d’fhéadfadh ceanglas faoin dlí sin a chomhlíonadh.


30      Breithiúnas ECtHR an 16 Deireadh Fómhair 2007, Wieser agus Bicos Beteiligungen v an Ostair (CE:ECHR:2007:1016JUD007433601), § 54: “níl forálacha sonracha i gCód Nós Imeachta Choiriúil na hOstaire maidir le sonraí leictreonacha a chuardach agus a urghabháil. Tá forálacha mionsonraithe ann, áfach, maidir le nithe a urghabháil agus, chomh maith leis sin, rialacha sonracha maidir le doiciméid a urghabháil. Tá sé seanbhunaithe i gcásdlí na gcúirteanna náisiúnta go bhfuil feidhm ag na forálacha sin freisin maidir le sonraí leictreonacha a chuardach agus a urghabháil.”


31      Féach, i mír 44 den Tuairim seo, ráitis na cúirte a rinne an tarchur.


32      Breithiúnas in Prokuratuur, mír 17.


33      Breithiúnas in Prokuratuur, mír 52.


34      Seo tagairt arís d’Airteagal 18, arna léamh in éineacht le hAirteagal 99, den StPO.


35      Mír 37 dá bharúlacha i scríbhinn.


36      Chuige sin, féach an breithiúnas in Tele2 Sverige agus Watson, mír 121. Is féidir an cásdlí a bunaíodh sa chás sin maidir le Treoir 2002/58 a chur i bhfeidhm maidir le Treoir 2016/680 ó thaobh cosaint bhreithiúnach a áirithiú i ndáil le cearta úinéirí na sonraí arna bpróiseáil.