Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 16 Samhain 2023 ag Groz-Beckert KG i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a tugadh an 6 Meán Fómhair 2023 i gCás T-276/22, Groz-Beckert KG v Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

(Cás C-691/23 P)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Achomharcóir: Groz-Beckert KG (ionadaí: M. Nielen, Rechtsanwalt)

Páirtí eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Le hordú an 7 Feabhra 2024, chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár chóir ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh sí don achomharcóir a chostais féin a íoc.

____________