Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione (an Iodáil) a taisceadh an 8 Feabhra 2024 – Questore del Provincia di Ragusa, Ministero dell’Interno v M. A.

(Cás C-105/24, Questore della Provincia di Ragusa, Ministero dell’Interno – II)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Corte suprema di cassazione

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Questore del Provincia di Ragusa, Ministero dell’Interno

Cosantóir: M. A.

An cheist a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le hAirteagail 8 agus 9 de Threoir 2013/33/AE1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, ag féachaint freisin do na cuspóirí a leagtar amach in aithrisí 15 agus 20 de, ar fhoráil den dlí náisiúnta lena bhforáiltear, mar bheart malartach ar choinneáil an iarratasóra (nach dtugadh an pas nó doiciméad coibhéiseach eile ar láimh), maidir le hurrús airgeadais a sholáthar a bhfuil a mhéid socraithe ar ráta seasta (sa mhéid aonair socraithe le haghaidh 2023 ag EUR 4 938.00 go n-íocfar iad ina n-aonar, trí bhíthin ráthaíocht bhainc nó ráthaíocht árachais) seachas ar mhéid athraitheach, gan ligean don mhéid a choigeartú do staid aonair an iarratasóra, ná don fhéidearthacht ráthaíocht ó thríú páirtithe a sholáthar, fiú i gcomhthéacs cineálacha dlúthpháirtíochta teaghlaigh, agus ar an gcaoi sin rialacha a fhorchur a d’fhéadfadh bac a chur ar úsáid an bhirt mhalartaigh ag na daoine sin nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu, agus cosc a chur ar ghlacadh cinnidh réasúnaithe lena ndéantar réasúntacht agus comhréireacht birt den sórt sin i ndáil le staid an iarratasóra a scrúdú agus a mheasúnú ar bhonn cás ar chás?

____________

1     IO 2013 L 180, lch. 96.