Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado de Primera Instancia de Cartagena (an Spáinn) a taisceadh an 8 Feabhra 2022 –RTG v Tuk Tuk Traval S.L (Cás C-83/22)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado de Primera Instancia de Cartagena

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: RTG

Cosantóir: Tuk Tuk Travel S.L.

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcaithfear Airteagail 169(1), 169(2)(a), agus 114(3) de CFAE a léirmhíniú de réir an bhrí go gcuirtear cosc leo ar Airteagal 5 de Threoir 205/23021 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, toisc nach n-áirítear, i measc na faisnéise réamhchonarthaí riachtanaí atá le soláthar don taistealaí, an ceart, a aithnítear in Airteagal 12 den Treoir, chun an conradh a fhoirceannadh sula gcuirfear tús leis agus aisíoc iomlán ar an méid a íocadh a fháil, i gcás go dtarlaíonn imthosca dosheachanta agus neamhghnácha a théann i bhfeidhm ar chomhlíonadh an taistil?

An bhfuiltear ag cur cosc le hAirteagail 114 agus 169 CFAE agus le hAirteagal 15 de Threoir 2015/2302 ar chur chun feidhme an dá phrionsabal sin; prionsabal um chinnteacht ábhar na caingne arna socrú ag na páirtithe agus prionsabal um chomhghaol idir na héilimh arna ndéanamh sa chaingean agus na rialaithe atá sa chuid oibríochtúil den bhreithiúnas, a aithnítear in Airteagal 216 agus 218(1) LEC, nuair a d’fhéadfadh na prionsabail nós imeachta sin bac a chur ar chosaint iomlán an tomhaltóra is iarratasóir?

____________

1 Treoir (AE) Uimh. 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, 11.12.2015, lch. 1)