Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Bealtaine 2024 – VB v BCE
(Cás T-124/23) 1
(Seirbhís sibhialta – Foireann BCE – Luach saothair – Liúntas laethúil – Diúltú an liúntas laethúil a dheonú – Airteagail 4.1.1 agus 4.5.1 de Rialacha Foirne BCE – Deimhneacht dhlíthiúil – Ionchas dlisteanach – Dualgas cúraim – Dliteanas)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: VB (ionadaithe: L. Levi agus A. Champetier, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Banc Ceannais Eorpach (ionadaithe: D. Camilleri Podestà agus D. Nessaf, Gníomhairí, le cúnamh ó B. Wägenbaur, Dlíodóir)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE agus de bhun Airteagal 50a de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) an 4 Aibreán 2022 lena ndíbhtear a iarratas ar an liúntas laethúil agus, ar an dara dul síos, go gcúiteofaí an damáiste a líomhnaítear a bhain dó mar thoradh ar an gcinneadh sin.
An chuid oibríochtúil
Díbhtear an chaingean.
Ordaítear do VB na costais a íoc.
____________
1 IO C 179, 22.5.2023.