Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 1 Meán Fómhair 2023 ag CEDC International sp. z o.o. i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra) an 28 Meitheamh 2023 i gCás T-145/22, CEDC International v EUIPO – Underberg (Cruth broibh féir i mbuidéal)

(Cás C-553/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: CEDC International sp. z o.o. (ionadaithe: J. Falkowski, adwokat, M. Fijalkowski, A. MIoczkowska agus K. Tobiasz-Dumania, radcy prawni)

Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), Underberg AG

Le hordú an 25 Eanáir 2024, chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár cheart ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh an Chúirt don achomharcóir a chostais féin a íoc.

____________