Language of document :

Caingean arna tabhairt an 1 Nollaig 2023 – Smart Kid v an Coimisiún

(Cás T-1130/23)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: Smart Kid S.A. (Vársá, an Pholainn) (ionadaí: Z. Kiedacz, Dlíodóir)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh intuigthe ón gCoimisiún Eorpach an 22 Meán Fómhair 2023 a glacadh sa chás arna scrúdú ag an gCoimisiún Eorpach, tag. EASE 2023/2923, lena ndiúltaítear d’iarratas Smart Kid an 17 Bealtaine 2023 ar rochtain ar dhoiciméid phoiblí, arna déanamh ar bhonn Rialachán Uimh. 1049/2001, a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún Eorpach na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

1.    An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ag an gCoimisiún Eorpach ar fhorálacha comhcheangailte Airteagal 15(3) CFAE agus hAirteagail 1 agus 2 de Rialachán Uimh. 1049/2001 1 .

Le forálacha comhcheangailte Airteagal 15(3) CFAE agus Airteagail 1 agus 2 de Rialachán Uimh. 1049/2001, foráiltear do cheart aon duine dhlítheanaigh a bhfuil a oifig chláraithe i mBallstát rochtain a fháil ar dhoiciméid chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na teorainneacha lena rialaítear feidhmiú an chirt sin a leagtar síos sa Rialachán sin. Sáraíonn glacadh an chinnidh intuigthe ag an gCoimisiún Eorpach lena ndiúltaítear don iarratas de réir bhrí Airteagal 8(3) de Rialachán Uimh. 1049/2001, an ceart sin go follasach.

2.     An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ag an gCoimisiún ar an oibleagáid cúiseanna a lua.

De bhun Airteagal 296(2) CFAE, ní mór do ghníomhartha dlí arna nglacadh ag institiúidí an Aontais na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe a lua. Ní mór an ráiteas ar chúiseanna a bheith iomchuí i leith an ghnímh lena mbaineann agus réasúnaíocht na hinstitiúide a ghlac an gníomh a thaispeáint go soiléir agus gan aon éideimhne. Maidir le glacadh an chinnidh diúltaithe intuigthe ag an gCoimisiún de réir bhrí Airteagal 8(3) de Rialachán Uimh. 1049/2001, ní bheidh aon ráiteas ar chúiseanna ag gabháil leis an gcinneadh sin, a sháraíonn go soiléir an oibleagáid cúiseanna a lua.

____________

1     Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO 2001 L 145, lch. 43).