Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Bucureşti (an Rómáin) a taisceadh an 28 Samhain 2023 – S.C. Arcomet Towercranes S.R.L. v Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Bucureşti, Administraţia Fiscală pentru Contribuabili Mijlocii Bucureşti

(Cás C-726/23, Arcomet Towercranes)

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Bucureşti

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir/iarratasóir ag an gcéad chéim: S.C. Arcomet Towercranes S.R.L.

Freagróirí/Cosantóirí ag an gcéad chéim: Direcţia Generală Regională a Finanţelor Publice Bucureşti, Administraţia Fiscală pentru Contribuabili Mijlocii Bucureşti

Na ceisteanna a tharchuirtear

(1)    An gcaithfear Airteagal 2(1)(c) de Threoir 2006/112/CE1 ón gComhairle maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a léiriú sa chaoi go gciallaíonn an méid arna shonraisc ag cuideachta (an phríomhchuideachta) chuig cuideachta chomhlachaithe (an chuideachta oibriúcháin), arb ionann é agus an méid is gá chun brabús na cuideachta oibriúcháin a ailíniú leis na gníomhaíochtaí a dhéantar agus na rioscaí a ghlactar i gcomhréir le modh corrlaigh Threoirlínte ECFE maidir le Praghsáil Aistrithe, gurb ionann é agus íocaíocht as seirbhís a thagann faoi raon feidhme CBL dá bhrí sin?

(2)    Má tá freagra dearfach ar an gcéad cheist, a mhéid a bhaineann le léiriú Airteagal 168 agus Airteagal 178 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, an bhfuil na húdaráis chánach i dteideal, i dteannta an tsonraisc, doiciméid a iarraidh (e.g. tuarascálacha gníomhaíochta, tuarascálacha ar dhul chun cinn (na hoibre), etc.) lena dtugtar údar le húsáid na seirbhísí a ceannaíodh chun críocha idirbhearta inchánach an duine inchánach, nó an gá an anailís sin ar an gceart CBL a asbhaint a bheith bunaithe ar an nasc díreach amháin idir an éadáil agus na soláthairtí nó idir an éadáil agus gníomhaíocht eacnamaíoch iomlán an duine inchánach?

____________

1 Treoir 2006/112 ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. l).