Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 6 Nollaig 2023 – bet365 Group v EUIPO (bet365)

(Cás T-764/22) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh bet365 – Dearbhfhoras le diúltú – Cineál tuairisciúil – Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: bet365 Group Ltd (Stoke-on-Trent, an Ríocht Aontaithe) (ionadaithe: J. van Manen agus E. van Gelderen, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: M. Eberl, Gníomhaire)

Ábhar

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 19 Meán Fómhair 2022 (Cás R 622/2022-4) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)     Cuirtear an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 19 Meán Fómhair 2022 (Cás R 622/2022-4) a mhéid a bhaineann sé le ‘ábhar clóite agus foilseacháin chlóite; irisí, lámhleabhair, nuachtlitreacha, ábhair treoir agus teagaisc; féilirí; ticéid; cártaí clóite’ in Aicme 16; ‘fógraíocht; bainistíocht gnó; riarachán gnó; feidhmeanna oifige; seirbhísí próiseála sonraí ar líne; réamhaisnéis eacnamaíoch; pobalbhreitheanna; taighde margaíochta; mainicíneacht le haghaidh fógraíochta nó cur chun cinn díolacháin’ in Aicme 35; agus ‘seirbhísí comhairleacha, cúnamh  agus deartha ríomhaireachta, léasú, cíos agus fruiliú bogearraí ríomhaireachta, ríomhchlárúchán’ in Aicme 42, ar neamhní.

2)    Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

3)     Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 35, 30.1.2023.