Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Aibreán 2024 – NLVOW v an Coimisiún
(Cás T-331/22) 1
(Comhshaol – Plean comhtháite fuinnimh agus aeráide na hÍsiltíre lena gcumhdaítear an tréimhse 2021-2030 – Iarraidh ar athbhreithniú inmheánach – Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 – Diúltú an iarrata – Caingean le haghaidh neamhniú – Earráid mheasúnaithe – Caingean maidir le mainneachtain gníomhú – Easpa iarrata ar ghníomhaíocht – Do-ghlacthacht)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Nederlandse Vereniging Omwonenden Windturbines (NLVOW) (Annerveenschekanaal, an Ísiltír) (ionadaí: G. Byrne, Abhcóide)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. De Meester agus G. Gattinara, Gníomhairí)
Idiragraithe ag tacú leis an iarratasóir: Fédération environnement durable (Páras, an Fhrainc) (ionadaí: G. Byrne, Abhcóide), People Over Wind (POW) (Baile Átha an Róine, Éire) (ionadaí: G. Byrne, Abhcóide)
Idiragraithe ag tacú leis an gcosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: O. Denkov agus J. Etienne, Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: L. Vétillard agus J. Himmanen, Gníomhairí)
Ábhar
Lena chaingean, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos agus go príomha, de bhun Airteagal 263 CFAE, go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach ar tugadh fógra ina leith le litir dár dáta 1 Aibreán 2022 lena ndiúltaíodh an iarraidh ar athbhreithniú inmheánach a rinneadh an 15 Nollaig 2021 agus, ar an dara dul síos agus mar mhalairt air sin, de bhun Airteagal 265 CFAE, go ndearbhófaí gur mhainnigh an Coimisiún gníomhú, go neamhdhleathach, i gcomhréir le cuspóir a iarrata an 10 Nollaig 2021 maidir le plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide Ríocht na hÍsiltíre lena gcumhdaítear an tréimhse 2021-2030.
An chuid oibríochtúil
Díbhtear an chaingean.
Ordaítear do Nederlandse Vereniging Omwonenden Windturbines (NLVOW) a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc.
Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa, do Chomhairle an Aontais Eorpaigh, do Fédération environnement durable agus do People Over Wind (POW) a gcostais féin a íoc.
____________
1 IO C 311, 16.8.2022.